|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo ( CUID 7 Leasú ar Acht 2001 ) | Ar Aghaidh ( CUID 9 Mianaigh a Athshlánú ) |
An tAcht Fuinnimh (Forálacha Ilghnéitheacha) 2006
[EN] | ||
[EN] |
CUID 8 An Éifeacht atá le Leasuithe Áirithe arna nDéanamh ar an Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 | |
Ceaduithe forbartha áirithe faoi Chuid XI den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000. |
22 .— (1) San alt seo— | |
[EN] | ciallaíonn “Acht 2000” an tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000; | |
[EN] | ciallaíonn “Acht 2006” an tAcht um Pleanáil agus Forbairt (Bonneagar Straitéiseach) 2006. | |
[EN] | (2) I bhfo-ailt (3) go (5), aon tagairt d’alt uimhrithe gan cháiliú, is tagairt í don alt arna uimhriú amhlaidh agus a cuireadh isteach in Acht 2000 le hAcht 2006. | |
[EN] | (3) Ní gá aon cheadú— | |
[EN] | (a) faoi alt 181B, | |
[EN] | (b) faoi alt 182B, nó | |
[EN] | (c) faoi alt 182D, | |
[EN] | i ndáil le forbairt dá dtagraítear in alt 181A, 182A nó 182C, faoi seach, más rud é— | |
[EN] | (i) i gcás forbartha dá dtagraítear in alt 181A, go mbeifear tar éis fógra i leith na forbartha a fhoilsiú, roimh thosach feidhme an ailt seo, de réir rialachán faoi alt 181(1)(b) d’Acht 2000 (cibé acu ar tosaíodh nó nár tosaíodh nó ar críochnaíodh nó nár críochnaíodh an fhorbairt roimh thosach feidhme an ailt seo), | |
[EN] | (ii) i gcás forbartha dá dtagraítear in alt 182A, gur forbairt í ab ábhar— | |
[EN] | (I) do dheonú ceada faoi alt 34 d’Acht 2000 roimh thosach feidhme an ailt seo agus go bhfuil an cead sin i bhfeidhm díreach roimh an tosach feidhme sin, nó | |
[EN] | (II) d’iarratas arna dhéanamh, roimh thosach feidhme an ailt seo, de réir Acht 2000 agus rialachán faoin Acht sin, ar dheonú ceada den sórt sin, agus nach bhfuil an t-iarratas sin arna tharraingt siar roimh thosach feidhme an ailt seo, | |
[EN] | (iii) i gcás forbartha dá dtagraítear in alt 182C, gur forbairt í ab ábhar— | |
[EN] | (I) do dheonú toilithe faoi alt 39A nó 40 d’Acht 1976 roimh thosach feidhme an ailt seo agus go bhfuil an toiliú sin i bhfeidhm díreach roimh an tosach feidhme sin, nó | |
[EN] | (II) d’iarratas arna dhéanamh, roimh thosach feidhme an ailt seo, de réir Acht 1976 agus rialachán faoin Acht sin, ar dheonú toilithe den sórt sin agus nach bhfuil an t-iarratas sin arna tharraingt siar roimh thosach feidhme an ailt seo. | |
[EN] | (4) D’ainneoin an cheada a deonaíodh faoi alt 34 d’Acht 2000 i leith an teirminéil sin roimh an tosach feidhme sin, ní léifear aon ní in alt 182C nó in aon fhoráil eile d’Acht 2000 mar ní a chiallaíonn go bhfuil gá le cead— | |
[EN] | (a) faoi alt 34 nó 37G d’Acht 2000, agus | |
[EN] | (b) cead arna dheonú tar éis thosach feidhme na leasuithe ar an Acht sin arna ndéanamh le hAcht 2006, | |
[EN] | in imthosca i gcoitinne nó sna himthosca dá dtagraítear i bhfo-alt (5), i leith an teirminéil dá dtagraítear i bhfo-alt (6). | |
[EN] | (5) Is é atá sna himthosca a luaitear i bhfo-alt (4) ná go ndéantar iarratas faoi alt 182C i ndáil le forbairt arb é a bheidh inti, má dhéantar í, athrú nó modhnú ar théarmaí na forbartha bonneagair straitéisigh gáis dá dtagraítear i bhfo-alt (6) seachas téarmaí na forbartha sin arb é atá iontu ná an teirminéal dá dtagraítear san fho-alt sin. | |
[EN] | (6) Maidir leis an teirminéal a luaitear i bhfo-ailt (4) agus (5), is teirminéal é a chuimsítear i bhforbairt bonneagair straitéisigh gáis (de réir bhrí Acht 2000) a raibh an phíblíne a chuimsítear san fhorbairt sin ina hábhar do thoiliú dá dtagraítear i bhfo-alt (3)(iii)(I). |