An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (An tAcht um Chistí Infheistíochta, Cuideachtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha 2006) Ar Aghaidh ( CUID 2 Leasuithe ar Achtanna na gCuideachtaí )

41 2006

An tAcht um Chistí Infheistíochta, Cuideachtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha 2006

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

1 .— (1) Féadfar an tAcht um Chistí Infheistíochta, Cuideachtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha 2006 a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar Achtanna na gCuideachtaí agus Codanna 2 agus 3 a léamh le chéile mar aon ní amháin.

Tosach feidhme.

2 .— (1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3), tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

(2) Tiocfaidh alt 1, an t-alt seo agus ailt 3 go 6 agus 9, 10, 13, 14, 15 agus 35 i ngníomh tráth rite an Achta seo.

(3) Measfar gur tháinig ailt 7 agus 8 i ngníomh an 1 Iúil 2005.

Mínithe.

3 .— San Acht seo—

ciallaíonn “ Acht 1990 ” Acht na gCuideachtaí 1990;

ciallaíonn “Acht 1997” an tAcht um Painéal Táthcheangail na hÉireann 1997;

ciallaíonn “ Acht 2005 ” an tAcht um Chistí Infheistíochta, Cuideachtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha 2005;

ciallaíonn “ Aire ” an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta;

ciallaíonn “Rialacháin 2006” Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Tairiscintí Táthcheangail (Treoir 2004/25/CE)) 2006 (I.R. Uimh. 255 de 2006).

Orduithe agus rialacháin.

4 .— Déanfar gach ordú nó rialachán a dhéanfar faoin Acht seo (seachas ordú a dhéanfar faoi alt 224) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó an rialacháin, beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú nó faoin rialachán.

Caiteachais.

5 .— Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.