An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 2 Leasuithe ar Achtanna na gCuideachtaí ) Ar Aghaidh ( CUID 4 Ilghnéitheach )

41 2006

An tAcht um Chistí Infheistíochta, Cuideachtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha 2006

CUID 3

Ceanglais Trédhearcachta maidir le hEisitheoirí Urrús a Ligtear Isteach chun a dTrádála ar Mhargaí Áirithe

Léiriú (Cuid 3).

19 .— (1) Sa Chuid seo—

ciallaíonn “ Treoir Trédhearcachta (Margaí Rialáilte) ” Treoir 2004/109/CE an 15 Nollaig 2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 1 maidir le comhchuibhiú a dhéanamh ar cheanglais trédhearcachta i ndáil le faisnéis faoi eisitheoirí a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE, lena n-áirítear an Treoir chéadluaite mar atá sí arna leasú de thuras na huaire;

ciallaíonn “ dlí trédhearcachta (margaí rialáilte)”—

(a) na bearta arna nglacadh de thuras na huaire ag an Stát chun an Treoir Trédhearcachta (Margaí Rialáilte) agus aon Treoir fhorlíontach (cibé acu is Acht den Oireachtas, rialacháin faoi alt 3 d’Acht na gComhphobal Eorpach 1972, rialacháin faoi alt 20 nó aon achtachán eile (seachas an Chuid seo, ach amháin mar a gceadaítear a mhalairt sa chomhthéacs) atá i gceist) a chur i ngníomh,

(b) aon bhearta is infheidhme go díreach sa Stát de dhroim na Treorach Trédhearcachta (Margaí Rialáilte) agus, gan dochar do ghinearáltacht na míre seo, folaíonn sé aon Rialachán nó Cinneadh arna dhéanamh ag an gCoimisiún de bhun an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 27(2) den Treoir chéadluaite i mír (a), agus

(c) aon bhearta forlíontacha agus iarmhartacha arna nglacadh de thuras na huaire ag an Stát i leith aon Rialacháin nó Cinnidh a dhéanfaidh an Coimisiún de dhroim na Treorach Trédhearcachta (Margaí Rialáilte) de bhun an nós imeachta sin roimhe seo;

ciallaíonn “ Treoir fhorlíontach ” aon Treoir arna déanamh ag an gCoimisiún de dhroim na Treorach Trédhearcachta (Margaí Rialáilte) de bhun an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 27(2) den Treoir sin.

(2) Beidh le focal nó le habairt a úsáidtear sa Chuid seo agus a úsáidtear freisin sa Treoir Trédhearcachta (Margaí Rialáilte) an bhrí chéanna sa Chuid seo atá leis nó léi sa Treoir sin.

Cumhacht chun rialacháin áirithe a dhéanamh.

20 .— (1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh—

(a) chun éifeacht a thabhairt don Treoir Trédhearcachta (Margaí Rialáilte) nó d’aon Treoir fhorlíontach, agus

(b) chun aon Rialachán nó Cinneadh arna dhéanamh ag an gCoimisiún de dhroim na Treorach céadluaite i mír (a) a fhorlíonadh, agus foráil iarmhartach a dhéanamh ina leith, de bhun an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 27(2) den Treoir sin.

(2) Féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha a bheith i rialacháin faoin alt seo is dóigh leis an Aire a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun críocha na rialachán sin, lena n-áirítear—

(a) forálacha lena gcruthaítear cionta (ach ní fhéadfar foráil a dhéanamh leis na rialacháin ach amháin maidir le pionóis i leith ciontú achomair in aon chion den sórt sin), agus

(b) forálacha lena gcruthaítear dliteanas sibhialta maidir le sáruithe ar na rialacháin chun a chumasú d’aon duine a fhulaingíonn caillteanas dá mbarr cúiteamh a ghnóthú i leith an chaillteanais sin.

(3) Ní chruthófar dliteanas sibhialta le rialacháin faoi fho-alt (2) i leith sáraithe ar rialacháin faoin alt seo ach amháin i leith sáraithe den sórt sin lena ngabhann ceachtar díobh seo a leanas —

(a) ráiteas bréagach nó míthreorach, nó

(b) aon ní a cheanglaítear a bheith san áireamh i ráiteas a fhágáil ar lár,

ar ráiteas é, i gceachtar cás —

(i) atá i bhfoilseachán arna dhéanamh i gcomhlíonadh airbheartaithe forála den dlí trédhearcachta (margaí rialáilte) a shonraítear sna rialacháin, agus

(ii) ar ina leith a fhulaingíonn duine caillteanas de dheasca an duine d’fháil urrús (nó d’fháil leasa in urrúis), nó do dhéanamh conartha chun urrúis (nó leas in urrúis) a fháil, ar iontaoibh an fhoilseacháin sin tráth a bhí sé réasúnach, agus in imthosca ina raibh sé réasúnach, don duine dul ar iontaoibh an fhoilseacháin sin,

agus go gcomhlíontar an coinníoll sin ina dhiaidh seo i leith an fhoilseacháin sin.

(4) Is é atá sa choinníoll sin ná gurbh eol don duine a raibh freagrachtaí á gcomhlíonadh aige nó aici laistigh d’eisitheoir na n-urrús dá dtagraítear i bhfo-alt (3) i ndáil leis an bhfoilseachán sin (ar freagrachtaí iad de chineál a shonrófar i rialacháin faoin alt seo) —

(a) go raibh an ráiteas lena mbaineann bréagach nó míthreorach nó go raibh an duine sin meargánta i dtaobh é a bheith bréagach nó míthreorach, nó

(b) gurbh ionann an fhágáil ar lár lena mbaineann agus ceilt mhímhacánta fíorais ábhartha.

(5) Féadfar, le rialacháin faoin alt seo, foráil a dhéanamh freisin, chun críocha na rialachán sin, ar foráil í atá ar aon dul leis an bhforáil a dhéantar le Cuid IV d’Acht 1990.

(6) Ní dochar an t-alt seo d’alt 3 d’Acht na gComhphobal Eorpach 1972.

Ciontú ar díotáil i gcionta faoin dlí trédhearcachta (margaí rialáilte).

21 .— Aon duine a bheidh ciontach i gcion arna chruthú leis an dlí trédhearcachta (margaí rialáilte) (ar cion é a bhfuil sé sainráite ina leith leis an dlí sin gur cion é lena mbaineann an t-alt seo), dlífear, gan dochar d’aon phionóis dá bhforáiltear leis an dlí sin i leith ciontú achomair sa chion, ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €1,000,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

Rialacha forlíontacha, etc., arna ndéanamh ag an údarás inniúil.

22 .— (1) San alt seo ciallaíonn “údarás inniúil” an t-údarás inniúil arna ainmniú faoin dlí trédhearcachta (margaí rialáilte) chun críocha fhorálacha na Treorach Trédhearcachta (Margaí Rialáilte) (seachas Airteagal 24(4)(h) den Treoir sin).

(2) Féadfaidh an t-údarás inniúil rialacha a dhéanamh lena bhforchuirfear ceanglais, nó lena gcumasófar don údarás inniúil ceanglais a fhorchur, ar dhaoine a bhforchuirtear oibleagáid nó oibleagáidí orthu leis an dlí trédhearcachta (margaí rialáilte), ar ceanglais iad lena gceanglaítear—

(a) rudaí sonraithe a dhéanamh, nó gan iad a dhéanamh, chun a áirithiú go gcomhlíontar forálacha an dlí trédhearcachta (margaí rialáilte) agus, go háirithe (gan teorannú a dhéanamh ar ghinearáltacht na míre seo), nósanna imeachta sonraithe a ghlacadh agus foirmeacha sonraithe a úsáid le linn faisnéis a sholáthar don údaráis inniúil,

(b) rudaí sonraithe a dhéanamh, nó gan iad a dhéanamh, chun a áirithiú go ndéanann an t-údarás inniúil maoirseacht éifeachtach ar ghníomhaíochtaí den chineál lena mbaineann an dlí trédhearcachta (margaí rialáilte) agus, go háirithe (gan teorannú a dhéanamh ar ghinearáltacht na míre seo), cibé tuarascálacha a thabhairt nó cibé nithe a nochtadh don údarás inniúil nó do dhaoine sonraithe eile, ag cibé tráthanna agus i cibé slí, dá bhforáiltear leis na rialacha nó a shonróidh an t-údarás inniúil de bhun na rialacha, ar tuarascálacha iad nó ar nochtadh nithe é a éileofar de bhua nó de dhroim oibriú an dlí trédhearcachta (margaí rialáilte).

(3) Go háirithe, féadfaidh rialacha a bhfuil gá leo chun go gcomhlíonfaidh an t-údarás inniúil na feidhmeanna faoi Airteagal 24 den Treoir Trédhearcachta (Margaí Rialáilte), seachas mír (4)(h) den Airteagal sin, a bheith san áireamh i rialacha faoin alt seo.

(4) Féadfaidh cibé forálacha iarmhartacha, teagmhasacha nó forlíontacha is dóigh leis an údarás inniúil a bheith riachtanach nó fóirsteanach a bheith san áireamh i rialacha faoin alt seo.

(5) Maidir le rialacha faoin alt seo, ní bheidh aon fhoráil iontu atá ar neamhréir leis an dlí trédhearcachta (margaí rialáilte) ná ní cheanglófar leo go soláthrófar faisnéis d’aon duine ar faisnéis í nach bhfuil baint réasúnach ag a soláthar leis na críocha ar ina leith a glacadh na forálacha infheidhme den Treoir Trédhearcachta (Margaí Rialáilte).

(6) Maidir leis na forálacha den dlí trédhearcachta (margaí rialáilte) a bhfuil sé sainráite ina leith leis an dlí sin gur forálacha iad arna ndéanamh chun a chumasú smachtbhannaí riaracháin a fhorchur, beidh feidhm acu i ndáil le sárú—

(a) ar rialacha faoin alt seo, agus

(b) ar rialacha arna nglacadh ag Údarás Maoirseachta Iniúchóireachta agus Cuntasaíochta na hÉireann faoi alt 10(3) d’Acht na gCuideachtaí (Iniúchadh agus Cuntasaíocht) 2003 i ndáil leis na nithe a bhaineann lena fheidhmeanna faoi alt 9(2)(ma) den Acht sin,

mar atá feidhm acu i ndáil le sárú ar fhoráil den dlí trédhearcachta (margaí rialáilte) agus, dá réir sin, féadfar smachtbhanna a fhéadfar a fhorchur de bhun fhorálacha céadluaite an dlí trédhearcachta (margaí rialáilte) i leith sáraithe ar fhoráil den dlí sin a fhorchur, de réir an dlí sin, i leith sáraithe ar rialacha dá dtagraítear i gceachtar de na míreanna sin roimhe seo.

(7) Féadfaidh an t-údarás inniúil treoirlínte i scríbhinn a eisiúint maidir leis na bearta a fhéadfar a dhéanamh chun an dlí trédhearcachta (margaí rialáilte) a chomhlíonadh.

Leasú ar alt 33AK d’Acht an Bhainc Cheannais 1942.

23 .— Leasaítear an míniú ar “Treoracha Maoirseachta” i bhfo-alt (10) d’alt 33AK (a cuireadh isteach le hAcht an Bhainc Ceannais agus Údarás Seirbhísí Airgeadais na hÉireann 2003) d’Acht an Bhainc Cheannais 1942 trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (h) (a cuireadh isteach le hAcht 2005):

“(h) Treoir Réamheolairí 2003 (de réir bhrí Chuid 5 den Acht um Chistí Infheistíochta, Cuideachtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha 2005),

(i) an Treoir Trédhearcachta (Margaí Rialáilte) (de réir bhrí an Chuid 3 den Acht um Chistí Infheistíochta, Cuideachtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha 2006);”.

Feidhm an dlí trédhearcachta (margaí rialáilte) maidir le margaí áirithe.

24 .— (1) Féadfaidh an tAire, le hordú sealadach, tar éis dul i gcomhairle leis an údarás inniúil dá dtagraítear in alt 22(1), a fhoráil, maidir le foráil amháin nó níos mó den dlí trédhearcachta (margaí rialáilte) ag a bhfuil feidhm i ndáil le margadh lena mbaineann an Treoir Trédhearcachta (Margaí Rialáilte), go mbeidh feidhm aici nó acu, fara cibé modhnuithe, más ann, a shonrófar san ordú, maidir le margadh a shonrófar san ordú..

(2) Ní bheidh éifeacht le hordú sealadach faoin alt seo mura rud é go ndaingneofar é, nó go dtí go ndaingneofar é, le hAcht den Oireachtas.

class="0 0 0 justify 1 0"class="0 0 0 justify 1 0"