An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 3 Ceanglais Trédhearcachta maidir le hEisitheoirí Urrús a Ligtear Isteach chun a dTrádála ar Mhargaí Áirithe )

41 2006

An tAcht um Chistí Infheistíochta, Cuideachtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha 2006

CUID 4

Ilghnéitheach

Leasú ar alt 1 d’Acht 1997.

25 .— Leasaítear alt 1 d’Acht 1997—

(a) trí “(seachas tairiscint dá dtagraítear san fho-alt sin)” a chur isteach i ndiaidh “idirbheart iomchuí eile” sa mhíniú ar “ag gníomhú de chomhbheart” i bhfo-alt (1), agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) (a) Chun críocha an Achta seo, measfar beirt duine nó níos mó a bheith ag gníomhú de chomhbheart maidir le táthcheangal nó idirbheart iomchuí eile (nach tairiscint, i gceachtar cás, lena mbaineann Rialacháin 2006) más rud é go gcomhoibríonn siad ar bhonn comhaontaithe, cibé acu sainráite nó intuigthe, ó bhéal nó i scríbhinn, ar comhaontú é arb é is aidhm leis:

(i) (I) go bhfaighidh aon duine amháin nó níos mó díobh urrúis sa chuideachta iomchuí, nó

(II) aon ghníomh a dhéanamh, nó a chur faoi deara aon ghníomh a dhéanamh, ar gníomh é arb é a leanfaidh as, nó a bhféadfadh sé tarlú gurb é a leanfaidh as, ná méadú ar chion na n-urrús sa chuideachta iomchuí atá ar seilbh ag aon duine amháin nó níos mó díobh;

(ii) (I) rialú a fháil ar an gcuideachta iomchuí lena mbaineann, nó

(II) bac a chur ar thoradh rathúil tairisceana arna déanamh d’fhonn rialú a fháil ar an gcuideachta iomchuí lena mbaineann;

agus forléireofar “ag gníomhú de chomhbheart” dá réir sin.

(b) Chun críocha an fho-ailt seo agus gan dochar d’aon rialacha faoi alt 8, measfar, maidir le daoine atá faoi rialú ag duine eile de réir bhrí Airteagal 87 de Threoir 2001/34/CE an 28 Bealtaine 2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, gur daoine iad atá ag gníomhú de chomhbheart, maidir leis na nithe a luaitear i mír (a), in éineacht leis an duine eile sin agus lena chéile.

(c) San fho-alt seo—

ciallaíonn ‘tairiscint lena mbaineann Rialacháin 2006’ tairiscint táthcheangail, de réir bhrí Rialacháin 2006, ar tairiscint í a bhfuil dlínse ag an bPainéal, de bhua Rialachán 6 de na Rialacháin sin, maoirseacht a dhéanamh ina leith ;

ciallaíonn ‘Rialacháin 2006’ Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Tairiscintí Táthcheangail (Treoir 2004/25/CE)) 2006 (I.R. Uimh. 255 de 2006).”.

Leasú ar alt 2 d’Acht 1997.

26 .— Leasaítear alt 2 (arna leasú le hAcht 2005) d’Acht 1997 trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (c):

“(c) cuideachta phoiblí theoranta—

(i) a n-údaraítear, de thuras na huaire, ceann amháin nó níos mó dá cuid urrús a ar aon cheann de na margaí seo a leanas, eadhon—

(I) ceann amháin nó níos mó de na margaí arna n-oibriú ag Stocmhalartán Londan nó ag aon chomharba de chuid an Mhalartáin sin (cibé acu a chruthaítear é trí chumasc 2 mhalartán nó níos mó, nó ar shlí eile),

(II) Stocmhalartán Nua-Eabhrac,

(III) an margadh ar a dtugtar Nasdaq arna oibriú ag Nasdaq Stock Market, Incorporated.

(ii) a thagann faoi réim aon aicme cuideachta poiblí teoranta arna forordú ag an Aire chun críocha na míre seo, tar éis dul i gcomhairle leis an bPainéal, d’fhonn cosaint scairshealbhóirí a áirithiú ar mhodh níos iomláine,

seachas cuideachta phoiblí theoranta (dá ngairtear ‘cuideachta eiscthe’ in alt 2B) arb iad na hurrúis sin a shonraítear in alt 2B na hurrúis amháin dá cuid a údaraítear, de thuras na huaire, a thrádáil ar mhargadh dá dtagraítear in aon cheann de na clásail sin roimhe seo,

(d) cuideachta phoiblí theoranta nach n-údaraítear, de thuras na huaire, ceann amháin nó níos mó dá cuid urrús a thrádáil ar mhargadh dá dtagraítear i gclásal (I), (II) nó (III) de mhír (c)(i) ach a údaraíodh a thrádáil ar mhargadh dá dtagraítear in aon cheann de na clásail sin laistigh den tréimhse 5 bliana roimh an dáta a ndearnadh an tairiscint iomchuí i ndáil leis an táthcheangal nó leis an idirbheart iomchuí eile seachas cuideachta phoiblí theoranta (dá ngairtear ‘cuideachta eiscthe’ freisin in alt 2B) arb iad na hurrúis sin a shonraítear in alt 2B na hurrúis amháin dá cuid a údaraíodh a thrádáil, laistigh den tréimhse sin roimhe seo, ar mhargadh dá dtagraítear in aon cheann de na clásail sin,”.

Leasú eile ar alt 2 d’Acht 1997.

27 .— Déantar alt 2 (arna leasú le hAcht 2005) d’Acht 1997 a leasú tuilleadh tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (II) de mhír (iii):

“(II) nach cuideachta dá dtagraítear i mír (c)(i) nó (ii) nó dá dtagraítear den chéad uair i mír (d).”.

Leasú ar Acht 1997— alt nua 2B a chur isteach.

28 .— Cuirtear an t-alt seo a leanas isteach i ndiaidh alt 2A (a cuireadh isteach le hAcht 2005) d’Acht 1997:

“Urrúis chun críocha alt 2(c) agus (d) agus feidhm na bhforálacha sin.

2B.— (1) Na hurrúis dá dtagraítear i míreanna (c) agus (d) d’alt 2 i ndáil le cuideachta eiscthe is bintiúir nó bannaí nó urrúis eile de chineál bintiúr nó bannaí iad, cibé ainm a thugtar orthu, nach dtugann cearta vótála sa chuideachta nó in aon chomhlacht corpraithe eile.

(2) Na cásanna lena mbaineann na cáilithe atá i míreanna (c) agus (d) d’alt 2 i dtaobh cuideachta eiscthe folaíonn siad an cás ina ndearnadh an t-údarú chun trádáil a dhéanamh sna hurrúis lena mbaineann a thabhairt roimh thosach feidhme alt 28 den Acht um Chistí Infheistíochta, Cuideachtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha 2006.”.

Leasú ar alt 8 d’Acht 1997.

29 .— Leasaítear alt 8 d’Acht 1997—

(a) i bhfo-alt (1), trí “d’fho-ailt (2), (3), (4) agus (7A) go (7D)” a chur in ionad “d’fho-ailt (2), (3) agus (4)”, agus

(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7):

“(7A) Folaíonn an chumhacht chun rialacha a dhéanamh faoin alt seo an chumhacht chun foráil a dhéanamh sna rialacha sin chun éifeacht a thabhairt—

(a) d’fhoráil de chonarthaí na gComhphobal Eorpach, nó

(b) d’ionstraim arna glacadh ag institiúid de na Comhphobail sin.

(7B) Maidir le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Tairiscintí Táthcheangail) (Treoir 2004/25/CE)) 2006 (I.R. Uimh. 255 de 2006) (dá ngairtear ‘na Rialacháin’ ina dhiaidh seo san alt seo)—

(a) ní dochar aon ní iontu d’fheidhmiú todhchaí chumhacht an Phainéil chun rialacha a dhéanamh faoin alt seo d’fhonn éifeacht a thabhairt do Threoir 2004/25/CE an 21 Aibreán 2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2 maidir le tairiscintí táthcheangail (nó d’fhonn éifeacht a thabhairt d’aon ionstraim eile arna glacadh ag institiúid de na Comhphobail Eorpacha),

(b) ní chuireann aon ní iontu cosc ar an bPainéal foráil a dhéanamh i rialacháin faoin alt seo ar foráil í den tsamhail chéanna a rinneadh le Rialachán 11 de na Rialacháin agus leis an Sceideal a ghabhann leo.

(7C) Féadfaidh an Painéal, le rialacha faoin alt seo, an méid seo a leanas a chúlghairm—

(a) Rialachán 11 de na Rialacháin, agus ar an Sceideal a ghabhann leo, agus

(b) na focail ‘(arb iad na rialacha sin iad mar atá siad arna leasú le Rialachán 11)’ gach áit a bhfuil siad i Rialacháin 16(3), 18(4) agus 18(6) de na Rialacháin.

(7D) (a) Maidir le rialacha faoi aon cheann de na fo-ailt sin roimhe seo, féadfaidh cibé forálacha forlíontacha, teagmhasacha nó iarmhartacha a bheith iontu ar dóigh don Phainéal a bheith riachtanach nó inmhianaithe i leith na nithe a luaitear san fho-alt áirithe lena mbaineann na rialacha atá i gceist.

(b) Féadfar rialacha éagsúla a dhéanamh faoin alt seo i ndáil le haon ní dá dtagraítear san alt seo maidir le cuideachta faoi threoir an bhfuil nó nach bhfuil an chuideachta ina cuideachta a bhfuil dlínse ag an bPainéal, de bhua Rialachán 6 de na Rialacháin, maoirseacht a dhéanamh ar thairiscint ina leith (ar tairiscint í dá ngairtear ‘tairiscint Treorach’ i mír (c)).

(c) Ní dochar mír (b) do chumhacht an Phainéil foráil aonfhoirmeach a dhéanamh i rialacha faoin alt seo i ndáil le gach cuideachta a bhfuil dlínse ag an bPainéal—

(i) maidir le tairiscint Treorach, nó

(ii) maidir táthcheangal nó idirbheart iomchuí eile,

maoirseacht a dhéanamh ina leith.”.

Leasú ar an Sceideal a ghabhann le hAcht 1997.

30 .— Cuirtear an Sceideal seo a leanas in ionad an Sceidil a ghabhann le hAcht 1997:

“AN SCEIDEAL

Prionsabail is Infheidhme maidir le Stiúradh Táthcheangal, Etc.

1. Ní mór cóir choibhéiseach a chur ar gach sealbhóir ar urrúis tairgí den aicme chéanna; ina theannta sin, má fhaigheann duine rialú ar chuideachta, ní mór na sealbhóirí eile urrús a chosaint.

2. Ní mór am agus faisnéis atá leordhóthanach a bheith ag na sealbhóirí ar urrúis tairgí chun a chumasú dóibh cinneadh atá bunaithe go cuí ar an bhfaisnéis a bhaineann le hábhar a dhéanamh i dtaobh na tairisceana; i gcás ina ndéanann bord an tairgí comhairle a thabhairt do shealbhóirí urrús, ní mór dó a chuid tuairimí a thabhairt i dtaobh éifeachtaí chur i ngníomh na tairisceana ar fhostaíocht, ar choinníollacha fostaíochta agus ar shuímh áiteanna gnó an tairgí.

3. Ní mór do bhord tairgí gníomhú ar mhaithe le leasanna na cuideachta ina hiomláine agus ní cheadaítear dó deis a cheilt ar shealbhóirí urrús cinneadh a dhéanamh i dtaobh thuillteanais na tairisceana.

4. Ní cheadaítear margaí bréagacha in urrúis an tairgí, an tairgeora nó aon chuideachta eile lena mbaineann a chruthú leis an tairiscint ar shlí ina dtiocfaidh ardú nó titim ar phraghsanna na n-urrús chun bheith saorga agus ina saobhtar gnáthfheidhmiú na margaí.

5. Ní cheadaítear do thairgeoir tairiscint a fhógairt go dtí go gcinntítear gur féidir leis nó léi aon chomaoin airgid a chomhlíonadh ina hiomláine, má thairgtear a leithéid, agus go dtí go ndéantar gach beart réasúnach chun a áirithiú go gcuirtear aon chineál eile comaoine i ngníomh.

6. Maidir le tairiscint le haghaidh urrús tairgí, ní cheadaítear treampán a chur ar sheoladh a ghnóthaí ar feadh tréimhse is faide ná mar is réasúnach tar éis an tairiscint a dhéanamh.

7. Ní dhéanfar fáil shubstaintiúil urrús (cibé acu atá an fháil sin le déanamh le hidirbheart amháin nó le sraith idirbheart) a chur i gcrích ach amháin ar luas inghlactha agus beidh sí faoi réir a nochta go leormhaith agus go tráthúil.”.

I.R. Uimh. 87 de 2001 a chúlghairm.

31 .— Cúlghairtear na Rialacháin fán Acht um Painéal Táthcheangail na hÉireann 1997 (Cuideachta Iomchuí) 2001 (I.R. Uimh. 87 de 2001).

Leasú ar Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Tairiscintí Táthcheangail (Treoir 2004/25/CE)) 2006.

32 .— (1) Cuirtear an Rialachán seo a leanas in ionad Rialachán 7 de Rialacháin 2006:

“7.— Cinnteoidh an Painéal go ndéantar de réir na bprionsabal atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann le hAcht 1997 le linn a fheidhmeanna a chomhlíonadh de réir na Rialachán seo.”.

(2) Cuirtear na míreanna seo a leanas in ionad mhír (1) de Rialachán 8 de Rialacháin 2006:

“(1) I mír (1A), an tagairt d’fho-alt (3) d’alt 1 d’Acht 1997 (mar atá sé arna leasú ar shlí seachas leis na Rialacháin seo) is tagairt í don fho-alt (3) arna chur isteach san alt sin leis an Acht um Chistí Infheistíochta, Cuideachtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha 2006.

(1A) Gan dochar d’fheidhm leanúnach fho-alt (3) d’alt 1 d’Acht 1997 (mar atá sé arna leasú ar shlí seachas leis na Rialacháin seo) maidir le cuideachtaí dá dtagraítear i Rialachán 4(2), tá éifeacht le mír (2) i ndáil le feidhm Acht 1997 de bhua Rialachán 4(1).”.

Leasú ar an Acht um Fhaisnéis do Thomhaltóirí 1978.

33 .— Aisghairtear alt 9(11)(b) den Acht um Fhaisnéis do Thomhaltóirí 1978 (arna leasú leis an Acht um Fhorfheidhmiú Dlí Cuideachtaí 2001).

Leasú ar ailt 33C agus 33AN d’Acht an Bhainc Cheannais 1942 agus ar Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht sin.

34 .— (1) Leasaítear alt 33C(1) d’Acht an Bhainc Cheannais 1942 (a cuireadh isteach le hAcht an Bhainc Ceannais agus Údarás Seirbhísí Airgeadais na hÉireann 2003) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a):

“(ab) na feidhmeanna a chomhlíonadh atá ag an mBanc faoi rialacháin atá i bhfeidhm de thuras na huaire faoi alt 20 den Acht um Chistí Infheistíochta, Cuideachtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha 2006;”.

(2) Leasaítear alt 33AN d’Acht an Bhainc Cheannais 1942 (a cuireadh isteach le hAcht an Bhainc Ceannais agus Údarás Seirbhísí Airgeadais na hÉireann 2004)—

(a) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “achtachán ainmnithe” (a cuireadh isteach le hAcht 2005):

“ní fholaíonn ‘achtachán ainmnithe’ Cuid 4 nó 5 den Acht um Chistí Infheistíochta, Cuideachtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha 2005 nó Cuid 3 den Acht um Chistí Infheistíochta, Cuideachtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha 2006;”,

agus

(b) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “ionstraim reachtúil ainmnithe” (a cuireadh isteach le hAcht 2005):

“ní fholaíonn ‘ionstraim reachtúil ainmnithe’ na Rialacháin um Mí-Úsáid Margaidh (Treoir 2003/6/CE) 2005 (I.R. Uimh. 342 de 2005), na Rialacháin Réamheolaire (Treoir 2003/71/CE) 2005 (I.R. Uimh. 324 de 2005) nó rialacháin atá i bhfeidhm de thuras na huaire faoi alt 20 den Acht um Chistí Infheistíochta, Cuideachtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha 2006;”.

(3) Leasaítear Sceideal 2 a ghabhann le hAcht an Bhainc Cheannais 1942 (a cuireadh isteach le hAcht an Bhainc Ceannais agus Údarás Seirbhísí Airgeadais na hÉireann 2003) tríd an ítim seo a leanas a chur isteach i gCuid 1 i ndiaidh na hítime a bhaineann leis an Acht um Chistí Infheistíochta, Cuideachtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha 2005 (a cuireadh isteach le hAcht 2005):

Uimh. - de 2006

An tAcht um Chistí Infheistíochta, Cuideachtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha 2006

An tAcht iomlán

”.

Leasú ar an Acht um Líonrúchán Conarthaí Airgeadais 1995.

35 .— Leasaítear alt 1 den Acht um Líonrúchán Conarthaí Airgeadais 1995 tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “páirtí:

“ciallaíonn ‘páirtí’ duine arb é nó í atá ann ná duine de na páirtithe i gcomhaontú agus folaíonn sé agus measfar gur fholaigh sé riamh—

(a) aon líon daoine a chomhroinneann leas aonair comhionann sa chomhaontú dá dtagraítear ina dhiaidh seo sa mhíniú seo más rud é nach bhfuil aon idirdhealú ann idir cearta agus oibleagáidí gach duine díobh sa chomhaontú sin,

(b) na comhpháirtithe i gcomhpháirtíocht nó i gcomhpháirtíocht theoranta, lena n-áirítear aon chomhpháirtíocht theoranta arna bunú faoin Acht um Chomhpháirtíochtaí Teoranta Infheistíochta 1994 nó faoin Limited Partnerships Act 1907, agus

(c) na rannpháirtithe—

(i) i gcomhchiste conarthach arna údarú de bhun an Achta um Chistí Infheistíochta, Cuideachtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha 2005, faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Gnóthais le haghaidh Comhinfheistíochta in Urrúis Inaistrithe) 2003 (I.R. Uimh. 211 de 2003) nó faoi dhlíthe Ballstáit (seachas an Stát) arna nglacadh chun Treoir Uimh. 86/611/CEE an 20 Nollaig 1985 ón gComhairle, arna leasú, a chur i ngníomh, nó

(ii) fochiste de chuid comhchiste chonarthaigh dá dtagraítear i bhfomhír (i),

(cibé acu atá nó nach bhfuil an ciste ag gníomhú trí bhainisteoir nó trí thoscaire de chuid bainisteora),

in imthosca ina ndéanann aon duine de na daoine sin nó de na comhpháirtithe sin (ag gníomhú dóibh ina gcáil mar dhaoine den sórt sin) nó an ciste nó an fochiste sin comhaontú.”.

class="0 6 0 justify 1 0"class="0 6 0 justify 1 0"