1 2007

/images/harp.jpg


Uimhir 1 de 2007


AN tACHT SLÁINTE (TITHE BANALTRAIS) (LEASÚ) 2007

[An tiontú oifigiúil]


RIAR NA nALT

Alt

1 . Ceannteideal Coda a chur isteach roimh alt 1.

2 . Leasú ar alt 2 den Acht Sláinte (Tithe Banaltrais) 1990.

3 . Alt nua a chur in ionad alt 7 den Acht Sláinte (Tithe Banaltrais) 1990.

4 . Ceannteideal Coda a chur isteach roimh alt 8.

5 . Ceannteideal Coda a chur isteach roimh alt 11.

6 . Alt nua a chur in ionad alt 14 den Acht Sláinte (Tithe Banaltrais) 1990.

7 . Alt 3 den Acht Sláinte (Forálacha Ilghnéitheacha) 2001 a aisghairm.

8 . Leasú ar Sceideal 7 a ghabhann leis an Acht Sláinte 2004.

9 . Na Rialacháin um Thithe Banaltrais (Fóirdheontas) 1993 a chúlghairm.

10 . Leasú ar alt 2 den Acht Sláinte (Scéim Aisíoca) 2006.

11 . Leasú ar an Acht Sláinte 1970.

12 . Gearrtheideal, forléiriú, comhlua agus tosach feidhme.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Airgeadais 2002

2002, Uimh. 5

An tAcht Sláinte 2004

2004, Uimh. 42

An tAcht Sláinte 1970

1970, Uimh. 1

Na hAchtanna Sláinte 1947 go 2006

An tAcht Sláinte (Forálacha Ilghnéitheacha) 2001

2001, Uimh. 14

An tAcht Sláinte (Tithe Banaltrais) 1990

1990, Uimh. 23

An tAcht Sláinte (Scéim Aisíoca) 2006

2006, Uimh. 17

An tAcht Comhdhlúite Cánacha 1997

1997, Uimh. 39

/images/harp.jpg


Uimhir 1 de 2007


AN tACHT SLÁINTE (TITHE BANALTRAIS) (LEASÚ) 2007

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO LEASÚ AN ACHTA SLÁINTE (TITHE BANALTRAIS) 1990 AGUS DO DHÉANAMH AISGHAIRM IARMHARTACH AR ALT 3 DEN ACHT SLÁINTE (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA) 2001, DO LEASÚ SCEIDEAL 7 A GHABHANN LEIS AN ACHT SLÁINTE 2004, DO CHÚLGHAIRM NA RIALACHÁN SLÁINTE (SEIRBHÍSÍ D’OTHAIR CHÓNAITHE) 1993 AGUS NA RIALACHÁN UM THITHE BANALTRAIS (FÓIRDHEONTAS) 1993, DO LEASÚ ALT 2 DEN ACHT SLÁINTE (SCÉIM AISÍOCA) 2006 AGUS DO LEASÚ AN ACHTA SLÁINTE 1970.

[19 Feabhra, 2007]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Ceannteideal Coda a chur isteach roimh alt 1.

1 .— Leasaítear an tAcht Sláinte (Tithe Banaltrais) 1990 tríd an méid seo a leanas a chur isteach díreach roimh alt 1:

“CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta”.

Leasú ar alt 2 den Acht Sláinte (Tithe Banaltrais) 1990.

2 .— Leasaítear alt 2 den Acht Sláinte (Tithe Banaltrais) 1990—

(a) i bhfo-alt (1)(h)—

(i) trí “faoi réir fho-alt (3),” a chur isteach roimh “áitreabh a bhfuil”, agus

(ii) trí “(seachas áitreabh a mbeidh íocaíocht déanta ina leith faoi alt 7)” a scriosadh;

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) Ní dhéanfar aon fhóirdheontas forordaithe, de réir bhrí alt 7(1), a íoc le duine cleithiúnach atá á chothabháil nó á cothabháil in áitreabh dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(h) mura rud é gur teach banaltrais cláraithe an t-áitreabh.”.

Alt nua a chur in ionad alt 7 den Acht Sláinte (Tithe Banaltrais) 1990.

3 .— Leasaítear an tAcht Sláinte (Tithe Banaltrais) 1990 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 7:

“CUID 2

Fóirdheontais le haghaidh Daoine Cleithiúnacha i dTithe Banaltrais

Léiriú ar Chuid 2.

7.— (1) Sa Chuid seo—

ciallaíonn ‘fóirdheontas ionadúil ’ fóirdheontas ionadúil níos airde dá dtagraítear in alt 7C(1)(b);

ciallaíonn ‘iarratas’ iarratas faoi alt 7A(1);

ciallaíonn ‘iarratasóir’ , i ndáil le hiarratas, an duine cleithiúnach a rinne an t-iarratas;

ciallaíonn ‘ Feidhmeannacht ’ Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte;

folaíonn ‘teach banaltrais’ teach banaltrais i dTuaisceart Éireann atá cláraithe faoin dlí sin de chuid Thuaisceart Éireann, nó faoin dlí sin is infheidhme maidir le Tuaisceart Éireann, atá comhionann leis an Acht seo;

ciallaíonn ‘méid forordaithe’ , i ndáil le foráil den Chuid seo, an méid a bheidh forordaithe i rialacháin arna ndéanamh faoi alt 7H i leith na forála sin;

ciallaíonn ‘céatadán forordaithe’ , i ndáil le halt 7B(3)(b)(ii) nó (4), an céatadán a bheidh forordaithe i rialacháin arna ndéanamh faoi alt 7H i leith alt 7B(3)(b)(ii) nó (4), de réir mar is gá sa chás;

ciallaíonn ‘fóirdheontas forordaithe’ méid an fhóirdheontais is iníoctha faoi alt 7C(1)(a) de réir mar a fhorordaítear in alt 7H(4);

ciallaíonn ‘fóirdheontas iomchuí’ —

(a) fóirdheontas forordaithe, nó

(b) fóirdheontas ionadúil;

ciallaíonn ‘fóirdheontas’ íocaíocht faoi chomhair na gcostas a bhaineann le cúram agus cothabháil duine chleithiúnaigh i dteach banaltrais.

(2) Ní oibreoidh aon fhoráil den Chuid seo chun cosc a chur ar ionadaí pearsanta (nó ionadaí eile) duine chleithiúnaigh, is duine nach bhfuil láninniúil, gníomhú don duine cleithiúnach nó thar a cheann nó thar a ceann i ndáil le haon ní lena mbaineann aon fhoráil den Chuid seo.

Iarratas ar fhóirdheontas forordaithe.

7A.— (1) Faoi réir fho-alt (2), féadfaidh duine cleithiúnach iarratas a dhéanamh chuig an bhFeidhmeannacht ar fhóirdheontas forordaithe.

(2) Maidir le hiarratas—

(a) beidh sé i scríbhinn i bhfoirm a cheadóidh an Fheidhmeannacht,

(b) déanfar é a chomhlánú de réir cibé ordacháin agus treoracha a bheidh sonraithe san iarratas, agus

(c) beidh cibé doiciméid (lena n-áirítear dearbhuithe reachtúla) a bheidh sonraithe san iarratas ag gabháil leis.

(3) Féadfaidh an Fheidhmeannacht diúltú iarratas a bhreithniú nó a bhreithniú tuilleadh más rud é—

(a) nach gcomhlíonann an t-iarratas fo-alt (2), nó

(b) nach ndéanfaidh an t-iarratasóir cibé faisnéis, de bhreis ar an bhfaisnéis a sholáthraítear leis an iarratas, a éileoidh an Fheidhmeannacht le réasún chun a chumasú di an t-iarratas a chinneadh faoi alt 7C(1), a sholáthar don Fheidhmeannacht,.

(4) I gcás ina ndiúltaíonn an Fheidhmeannacht faoi fho-alt (3) iarratas a bhreithniú nó a bhreithniú tuilleadh, déanfaidh sí, a luaithe is indéanta tar éis an diúltaithe, fógra i scríbhinn a thabhairt don iarratasóir faoin gcinneadh agus faoi na cúiseanna atá leis an gcinneadh.

(5) Aon duine a dhéanann faisnéis atá bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha a thabhairt go feasach don Fheidhmeannacht in iarratas, le hiarratas nó i dtaca le hiarratas, tá an duine sin ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €3,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 3 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

Grád cleithiúnachta agus acmhainn iarratasóra a mheasúnú.

7B.— (1) Gan dochar do ghinearáltacht alt 7A(3) ach faoi réir fho-ailt (2) agus (3), ar iarratas a fháil, déanfaidh an Fheidhmeannacht socruithe maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) duine (a fhéadfaidh a bheith ina fhostaí nó ina fostaí de chuid na Feidhmeannachta) do mheasúnú an ghá atá leis an iarratasóir a chothabháil i dteach banaltrais, ar duine é nó í atá, i dtuairim na Feidhmeannachta, cáilithe go cuí chun an measúnú sin a dhéanamh, agus tuarascáil ar an gcéanna a sholáthar don Fheidhmeannacht, agus

(b) fostaí de chuid na Feidhmeannachta, nó aon duine a bheidh ainmnithe i scríbhinn ag an bhFeidhmeannacht, do mheasúnú acmhainn an iarratasóra, agus tuarascáil ar an gcéanna a sholáthar don Fheidhmeannacht.

(2) Is ar bhonn na nithe seo a leanas a dhéanfar an measúnú ar an ngá atá leis an iarratasóir a chothabháil i dteach banaltrais—

(a) cumas an iarratasóra gníomhaíochtaí na beatha laethúla a sheoladh, lena n-áirítear—

(i) leibhéal luaineachta an iarratasóra,

(ii) cumas an iarratasóra é féin nó í féin a ghléasadh gan chabhair,

(iii) cumas an iarratasóra é féin nó í féin a bheathú gan chabhair,

(iv) cumas an iarratasóra cumarsáid a dhéanamh,

(v) an méid ar féidir leis an iarratasóir a threo nó a treo a aimsiú agus a leanúint,

(vi) cumas cognaíoch an iarratasóra,

(vii) cumas an iarratasóra é féin nó í féin a fholcadh gan chabhair, agus

(viii) grád coinneálachta an iarratasóra,

(b) an tacaíocht atá ar fáil don iarratasóir ón teaghlach agus ón bpobal ,

(c) na seirbhísí liachta atá á bhfáil ag an iarratasóir, agus

(d) aon ní eile a dhéanann difear do chumas an iarratasóra aire a thabhairt dó féin nó di féin.

(3) Faoi réir fho-alt (4), déanfar an measúnú airgeadais ar acmhainn iarratasóra ar bhonn na nithe seo a leanas—

(a) faoi réir mhír (b), sócmhainní uile agus foinsí uile ioncaim an iarratasóra lena n-áirítear—

(i) pá, tuarastal, pinsean, liúntais, íocaíochtaí as obair pháirtaimseartha agus as obair shéasúrach, ioncam ó chíosanna, ó infheistíochtaí agus ó choigilteas agus gach ranníoc is cuma cé uaidh nó uaithi a bhfaightear é,

(ii) maoin (gan airnéisí tí a áireamh ach, má tá feidhm ag mír (b)(ii), lena n-áirítear ioncam bliantúil is inchurtha ina leith, is ioncam atá ar cóimhéid le cibé méid de mhargadhluach measta phríomháit chónaithe an iarratasóra nach bhfuil eisiata le hoibriú na míre sin),

(iii) stoic, scaireanna agus urrúis,

(iv) airgead ar láimh, airgead ar iontaobhas nó airgead arna thaisceadh nó arna infheistiú,

(v) leas in aon chuideachta nó gnó (lena n-áirítear aon fheirm),

(vi) leasanna i maoin,

(vii) polasaithe árachais saoil agus dearlaice,

(viii) nithe luachmhara a shealbhaítear mar infheistíochtaí,

(ix) aon sochar nó pribhléid, agus

(x) sócmhainní (lena n-áirítear airgead) a d’aistrigh an t-iarratasóir (ar cibé slí) chuig duine eile—

(I) gan aon chomaoin,

(II) ar comaoin ainmniúil, nó

(III) ar chomaoin is lú go suntasach ná margadhluach measta na sócmhainne lena mbaineann an tráth ar aistríodh an tsócmhainn amhlaidh,

aon tráth laistigh de na 5 bliana díreach roimh an dáta a ndéantar an t-iarratas,

(b) gan na nithe seo a leanas a chur san áireamh—

(i) faoi réir fhomhír (vi), príomháit chónaithe an iarratasóra más rud é, tráth an iarratais agus dá éis sin, go bhfuil sí á háitiú go leanúnach ag duine díobh seo a leanas—

(I) céile an iarratasóra,

(II) leanbh de chuid an iarratasóra atá faoi bhun 21 bhliain d’aois,

(III) leanbh de chuid an iarratasóra atá ag fáil oideachas lánaimseartha,

(IV) gaol de chuid an iarratasóra a bhfuil ceann díobh seo a leanas á fháil aige nó aici—

(A) liúntas míchumais nó liúntas dá shamhail,

(B) pinsean do dhuine dall,

(C) sochar breoiteachta,

(D) pinsean easláine,

(E) pinsean stáit (ranníocach) in aon chás ina mbeadh an gaol, roimh an 28 Meán Fómhair 2006, i dteideal pinsean easláine a fháil,

(F) pinsean stáit (neamhranníocach),

(G) aon socrú a ghlacann ionad liúntais, pinsin nó sochair dá dtagraítear san fhochlásal seo in aon chás ina scoirtear den liúntas, den phinsean nó den sochar sin, de réir mar a bheidh, a sholáthar, nó

(H) aon socrú de chuid an Aontais Eorpaigh atá coibhéiseach le liúntas, pinsean nó sochar, nó le haon socrú a ghlacann ionad liúntais, pinsin nó sochair, dá dtagraítear san fhochlásal seo,

(V) gaol de chuid an iarratasóra a bhfuil ceann díobh seo a leanas á fháil aige nó aici—

(A) pinsean stáit (ranníocach),

(B) aon socrú a ghlacann ionad pinsin dá dtagraítear san fhochlásal seo in aon chás ina scoirtear den phinsean sin a sholáthar, nó

(C) aon socrú de chuid an Aontais Eorpaigh atá coibhéiseach le pinsean, nó le haon socrú a ghlacann ionad pinsin, dá dtagraítear san fhochlásal seo,

arb é ioncam aonair an ghaol é,

(ii) faoi réir fhomhíreanna (v) agus (vi), mura bhfuil feidhm ag fomhír (i), 95 faoin gcéad, nó an céatadán forordaithe, cibé acu is mó, de mhargadhluach measta phríomháit chónaithe an iarratasóra de réir mar a chinnfear tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis don Fheidhmeannacht an t-iarratas a fháil,

(iii) an cúigiú cuid de ráta seachtainiúil na nithe seo a leanas—

(I) faoi réir chlásal (II), pinsean stáit (neamhranníocach),

(II) aon socrú a ghlacann ionad an phinsin sin in aon chás ina scoirtear den phinsean sin a sholáthar,

agus cibé acu atá nó nach bhfuil an pinsean sin nó aon socrú a ghlacann a ionad á fháil ag an iarratasóir,

(iv) an chéad €11,000, nó an méid forordaithe, cibé acu is mó, de shócmhainní an iarratasóra,

(v) gan dochar do ghinearáltacht fhomhír (i), príomháit chónaithe an iarratasóra in aon chás ina bhféadfadh sé tarlú, le réasún, mar gheall ar an áit chónaithe a eisiamh ó réim mhír (a), go mbainfeadh dealús nó easpa dídine do dhuine ag a bhfuil dlúthbhaint leis an iarratasóir ar feadh tréimhse 12 mhí ar a laghad díreach roimh an iarratas a dhéanamh, agus

(vi) gan dochar do ghinearáltacht fhomhír (i), príomháit chónaithe an iarratasóra in aon chás ina mbeidh fóirdheontas iomchuí íoctha leis an iarratasóir de réir an Achta seo ar feadh tréimhse nach giorra ná 3 bliana comhleanúnacha aon tráth tar éis thosach feidhme an fho-ailt seo.

(4) I gcás inar duine pósta iarratasóir, nó gur duine é nó í atá ag maireachtáil i bhfochair duine eile, déanfar fo-alt (3) a fhorléiriú mar mheasúnú airgeadais arna dhéanamh ar bhonn 50 faoin gcéad, nó ar bhonn an chéatadáin fhorordaithe, cibé acu is lú, de chomhacmhainn na lánúine pósta nó na lánúine atá ag maireachtáil i bhfochair a chéile, de réir mar a bheidh.

(5) Faoi réir fho-alt (6), féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith san áireamh sna socruithe dá dtagraítear i bhfo-alt (1)—

(a) i ndáil leis an measúnú dá dtagraítear i bhfo-alt (2), scrúdú coirp ar an iarratasóir lena mbaineann arna dhéanamh, de réir mar is cuí, ag lia-chleachtóir cláraithe, ag altra cláraithe, ag teiripí ceirde nó ag fisiteiripí cairte,

(b) i ndáil leis an measúnú dá dtagraítear i bhfo-alt (3), iarrataí ar fhaisnéis ó chéile an iarratasóra lena mbaineann nó ó aon leanbh dá chuid nó dá cuid, agus agallaimh leo.

(6) Ní áireofar ar na socruithe dá dtagraítear i bhfo-alt (1), i ndáil leis an measúnacht dá dtagraítear i bhfo-alt (2), iniúchadh ar thaifid liachta an iarratasóra lena mbaineann ach amháin iniúchadh den sórt sin arna dhéanamh ag lia-chleachtóir cláraithe.

(7) I bhfo-alt (3)(b)(i)(IV) agus (V), ciallaíonn ‘gaol’, i ndáil le hiarratasóir, céile, tuismitheoir, leastuismitheoir, leanbh, leasleanbh, garmhac nó gariníon, deartháir, leasdeartháir, deirfiúr, leasdeirfiúr, uncail, aintín, nia nó neacht—

(a) de chuid an iarratasóra, nó

(b) de chuid chéile an iarratasóra.

Iarratas a chinneadh.

7C.— (1) Faoi réir fho-alt (4) agus alt 7K, déanfaidh an Fheidhmeannacht iarratas a chinneadh, tar éis aird a thabhairt ar na tuarascálacha a sholáthrófar di de bhun alt 7B(1)(a) agus (b) i leith an iarratasóra—

(a) más deimhin léi go bhfuil an t-iarratasóir cáilithe le haghaidh fóirdheontais fhorordaithe, trí shocrú a dhéanamh maidir leis an bhfóirdheontas a bhfuil an t-iarratasóir cáilithe chuige a íoc—

(i) faoi réir fho-alt (2), leis an iarratasóir, agus

(ii) fad is deimhin leis an bhFeidhmeannacht amhlaidh,

(b) faoi réir fho-alt (6), más deimhin léi go gcáilíonn an t-iarratasóir le haghaidh fóirdheontais fhorordaithe ach más deimhin léi thairis sin nach féidir leis an iarratasóir fós, gan cruatan míchuí, íoc as gach cuid nó aon chuid áirithe de chostais chúram agus chothabháil an iarratasóra i dteach banaltrais, trí shocrú a dhéanamh go ndéanfar fóirdheontas ionadúil níos airde a íoc in ionad an fhóirdheontais fhorordaithe—

(i) faoi réir fho-alt (2), leis an iarratasóir,

(ii) dar tosach cibé dáta, nó ar an teagmhas sin tarlú, de réir mar a shonróidh an Fheidhmeannacht, agus

(iii) fad is deimhin leis an bhFeidhmeannacht amhlaidh thairis sin,

(c) mura dtagann an t-iarratasóir faoi réim mhír (a) nó (b), tríd an iarratas a dhiúltú.

(2) Féadfaidh an Fheidhmeannacht, dá rogha féin, fóirdheontas iomchuí a íoc le hiarratasóir tríd an bhfóirdheontas a íoc le dílseánach an tí banaltrais ina ndéantar nó ina ndéanfar an t-iarratasóir a chothabháil.

(3) I gcás ina gcinneann an Fheidhmeannacht iarratas faoi fho-alt (1), déanfaidh sí, a luaithe is indéanta tar éis an chinnidh, fógra i scríbhinn a thabhairt don iarratasóir i dtaobh an chinnidh agus i dtaobh na gcúiseanna atá leis an gcinneadh.

(4) Féadfaidh an Fheidhmeannacht, dá rogha féin, diúltú fóirdheontas iomchuí a íoc le hiarratasóir—

(a) más rud é gur mó luach shócmhainní an iarratasóra, gan an phríomh-áit chónaithe a áireamh, ná €36,000 nó an méid forordaithe, cibé acu is mó,

(b) más rud é—

(i) go ndéantar príomh-áit chónaithe an iarratasóra a luacháil—

(I) i gcás príomháite cónaithe atá suite i limistéar Bhaile Átha Cliath, ar mhéid nach lú ná €500,000 nó ar an méid forordaithe, cibé acu is mó, agus nach bhfuil sí á háitiú mar a shonraítear in alt 7B(3)(b)(i),

(II) i gcás príomháite cónaithe atá suite lasmuigh de limistéar Bhaile Átha Cliath, ar €3650,000 nó ar an méid forordaithe, cibé acu is mó, agus nach bhfuil sí á háitiú mar a shonraítear in alt 7B(3)(b)(i),

agus

(ii) nach lú ná €10,400 nó an méid forordaithe, cibé acu is mó, ioncam bliantúil an iarratasóra,

(c) más rud é nach dtagann an t-iarratasóir faoi réim mhír (a) nó (b) ach go bhfuil ioncam bliantúil nach lú ná €36,000 nó an méid forordaithe, cibé acu is mó, aige nó aici.

(5) I gcás ina ndiúltaíonn an Fheidhmeannacht fóirdheontas iomchuí a íoc le hiarratasóir ar fhoras a shonraítear i bhfo-alt (4), déanfaidh sí, a luaithe is indéanta tar éis an chinnidh, fógra i scríbhinn a thabhairt don iarratasóir i dtaobh an chinnidh agus i dtaobh na gcúiseanna atá leis an gcinneadh.

(6) Ní dhéanfaidh an Fheidhmeannacht méideanna fóirdheontas ionadúil a chinneadh ach amháin tar éis na hacmhainní atá ar fáil chun na fóirdheontais ionadúla a íoc a thabhairt i gcuntas.

Grád cleithiúnachta agus acmhainn daoine cleithiúnacha lena n-íoctar fóirdheontais iomchuí a athbhreithniú.

7D.— (1) Féadfaidh an Fheidhmeannacht aon tráth socrú a dhéanamh—

(a) go ndéanfar athbhreithniú—

(i) ar an méid seo a leanas—

(I) an gá atá le leanúint de dhuine cleithiúnach lena n-íoctar fóirdheontas iomchuí a chothabháil i dteach banaltrais, nó

(II) acmhainn an duine chleithiúnaigh,

ar na boinn chéanna a shonraítear in alt 7B(2) agus (3),

(ii) ar athbhreithniú é—

(I) i gcás ina bhfuil fomhír (i)(I) infheidhme, a dhéanfaidh duine (a fhéadfaidh a bheidh ina fhostaí nó ina fostaí de chuid na Feidhmeannachta) atá, i dtuairim na Feidhmeannachta, cáilithe go cuí chun an t-athbhreithniú sin a dhéanamh, agus

(II) i gcás ina bhfuil fomhír (i)(II) infheidhme, a dhéanfaidh fostaí de chuid na Feidhmeannachta, nó aon duine a bheidh ainmnithe i scríbhinn ag an bhFeidhmeannacht,

agus

(b) chun torthaí an athbhreithnithe a chur i scríbhinn agus a sholáthar don Fheidhmeannacht.

(2) Faoi réir fho-alt (4), i gcás gur deimhin leis an bhFeidhmeannacht, tar éis aird a thabhairt ar athbhreithniú arna sholáthar di de bhun fho-alt (1)(b), maidir leis an duine cleithiúnach lena mbaineann an t-athbhreithniú—

(a) nach bhfuil sé nó sí cáilithe a thuilleadh chun go n-íocfar fóirdheontas iomchuí leis nó léi, nó

(b) go gcáilíonn sé nó sí chun go ndéanfar fóirdheontas iomchuí eile, seachas an ceann atá á íoc an tráth sin leis an duine, a íoc leis nó léi,

ansin déanfaidh an Fheidhmeannacht socrú—

(i) má tá mír (a) infheidhme, chun scor d’fhóirdheontas iomchuí a íoc leis an duine,

(ii) má tá mír (b) infheidhme, agus gan dochar do ghinearáltacht alt 7C(2), chun an fóirdheontas iomchuí eile a íoc leis an duine.

(3) I gcás ina ndéanann an Fheidhmeannacht cinneadh faoi fho-alt (2) i leith duine chleithiúnaigh, déanfaidh sí, a luaithe is indéanta tar éis an cinneadh a dhéanamh, fógra i scríbhinn a thabhairt—

(a) don duine, agus

(b) má tá alt 7C(2) infheidhme, do dhílseánach an tí banaltrais ina bhfuil nó ina mbeidh an duine á chothabháil nó á cothabháil,

i dtaobh an chinnidh agus i dtaobh na gcúiseanna atá leis an gcinneadh.

(4) I gcás inarb é is brí le cinneadh de chuid na Feidhmeannachta faoi fho-alt (2) i leith duine chleithiúnaigh ná—

(a) go scoirfear d’fhóirdheontas iomchuí a íoc leis an duine, nó

(b) go n-íocfar fóirdheontas iomchuí níos ísle leis an duine,

ansin ní chuirfidh an Fheidhmeannacht an cinneadh sin i ngníomh sula mbeidh 60 lá caite tar éis an dáta a bheidh fógra maidir leis an gcinneadh tugtha aici don duine faoi fho-alt (3).

Achomhairc in aghaidh cinntí de chuid na Feidh-meannachta, etc.

7E.— (1) Faoi réir fho-alt (2), féadfaidh duine (‘duine iomchuí’) achomharc a dhéanamh in aghaidh cinnidh ón bhFeidhmeannacht faoi alt 7A(3), 7C (1) nó (4) nó 7D(2) trí fhógra a thabhairt i scríbhinn don Fheidhmeannacht tráth nach déanaí ná 60 lá tar éis fógra maidir leis an gcinneadh a bheith tugtha don duine iomchuí faoi alt 7A(4), 7C(3) nó (5) nó 7D(3), de réir mar a bheidh.

(2) Maidir le hachomharc faoi fho-alt (1)—

(a) beidh sé i bhfoirm a cheadóidh an Fheidhmeannacht, agus

(b) déanfar na cúiseanna atá leis an achomharc a lua ann.

(3) I gcás ina bhfaigheann an Fheidhmeannacht achomharc faoi fho-alt (1), ceapfaidh sí duine (a fhéadfaidh bheith ina fhostaí nó ina fostaí de chuid na Feidhmeannachta) chun an t-achomharc a bhreithniú.

(4) Maidir leis an duine a cheapfar de bhun fho-alt (2) chun achomharc faoi fho-alt (1) a bhreithniú—

(a) comhlíonfaidh sé nó sí treoirlínte arna n-eisiúint ag an bhFeidhmeannacht maidir leis an nós imeachta a bheidh le leanúint i dtaca le haon achomharc a bhreithniú,

(b) breithneoidh sé nó sí aon agóidí scríofa nó ó bhéal arna ndéanamh ag an achomharcóir mar thaca leis an achomharc,

(c) déanfaidh sé nó sí cinneadh (‘cinneadh iomchuí’) i scríbhinn lena gcinnfear an t-achomharc a luaithe is indéanta in imthosca uile an cháis, agus

(d) déanfaidh sé nó sí cóip den chinneadh iomchuí a chur chuig an duine iomchuí agus chuig an bhFeidhmeannacht mar aon leis na cúiseanna atá ag an duine leis an gcinneadh.

(5) Beidh ábhar achomhairc ann chun na hArd-Chúirte ón duine iomchuí i leith an chinnidh iomchuí agus féadfaidh an Fheidhmeannacht cros-achomharc a dhéanamh maidir leis an achomharc.

(6) Déanfar achomharc faoi fho-alt (5) a éisteacht ar shlí seachas go poiblí ar an duine iomchuí é sin a iarraidh.

(7) Is breith chríochnaitheach breith ón Ard-Chúirt ar achomharc faoi fho-alt (5) ach amháin, le cead ón gCúirt, go mbeidh ábhar achomhairc ann in aghaidh na breithe chun na Cúirte Uachtaraí ar cheist shonraithe dlí.

Cuirfidh dílseánach tí banaltrais bás nó urscaoileadh duine chleithiúnaigh lena n-íoctar fóirdheontas iomchuí in iúl don Fheidhmeannacht, etc.

7F.— (1) Más rud é maidir le duine cleithiúnach lena n-íoctar fóirdheontas iomchuí—

(a) go bhfaigheann sé nó sí bás i dteach banaltrais,

(b) go n-urscaoiltear é nó í as teach banaltrais, nó

(c) go n-imíonn sé nó sí go buan ar shlí eile as teach banaltrais,

ansin, déanfaidh dílseánach an tí banaltrais, tráth nach déanaí ná 48 n-uaire an chloig tar éis dháta báis an duine, tar éis dháta urscaoilte an duine nó tar éis don duine imeacht ar shlí eile, de réir mar a bheidh, fógra i scríbhinn a thabhairt don Fheidhmeannacht i dtaobh ainm an duine agus i dtaobh an dáta sin an dáta sin.

(2) I gcás ina mbeartaíonn dílseánach tí banaltrais duine cleithiúnach lena n-íoctar fóirdheontas iomchuí a urscaoileadh as an teach banaltrais, déanfaidh an dílseánach, tráth nach déanaí ná 14 lá roimh an dáta a bheartaítear an duine a urscaoileadh, fógra i scríbhinn a thabhairt don Fheidhmeannacht i dtaobh na nithe seo a leanas—

(a) ainm an duine agus an dáta a bheartaítear an duine a urscaoileadh, agus

(b) na cúiseanna atá leis an urscaoileadh.

(3) Aon dílseánach tí banaltrais a sháraíonn fo-alt (1) nó (2) gan leithscéal réasúnach, tá sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €1,000 a chur air nó uirthi.

(4) Más rud é, maidir le duine cleithiúnach atá á chothabháil nó á cothabháil i dteach banaltrais—

(a) go dtosaítear ar fhóirdheontais iomchuí a íoc leis nó léi, nó

(b) go scoirtear d’fhóirdheontas iomchuí a íoc leis nó léi,

ansin déanfaidh an Fheidhmeannacht, a luaithe is indéanta dá éis sin, fógra i scríbhinn a thabhairt do dhílseánach an tí banaltrais á chur in iúl gur tosaíodh an íocaíocht sin, nó gur scoireadh den íocaíocht sin, de réir mar a bheidh.

Íocaíocht fóirdheontais iomchuí a fhaightear trí chalaois nó trí mhífhaisnéis etc. a ghnóthú.

7G.— I gcás ina bhfaigheann an Fheidhmeannacht eolas—

(a) gur trí chalaois nó trí mhífhaisnéis a fuarthas íocaíocht iomlán, nó cuid d’íocaíocht, fóirdheontais iomchuí arna íoc le duine cleithiúnach, nó

(b) gur tharla ró-íocaíocht fóirdheontais iomchuí le duine cleithiúnach nó i leith duine chleithiúnaigh,

ansin beidh méid na híocaíochta sin a fuarthas amhlaidh, nó méid na ró-íocaíochta sin, de réir mar a bheidh, inaisíoctha leis an bhFeidhmeannacht ar é a éileamh agus, mura n-aisíoctar amhlaidh é, féadfaidh an Fheidhmeannacht an méid a ghnóthú, mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla, ón duine cleithiúnach dár tugadh an íocaíocht nó an ró-íocaíocht, de réir mar a bheidh, nó ó eastát an duine sin.

Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha na Coda seo.

7H.— (1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3), féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, na nithe seo a leanas a fhorordú le rialacháin—

(a) céatadán i leith alt 7B(3)(b)(ii),

(b) méid i leith alt 7B(3)(b)(iv),

(c) céatadán i leith alt 7B(4),

(d) méid i leith alt 7C(4)(a),

(e) méid i leith alt 7C(4)(b)(i)(I),

(f) méid i leith alt 7C(4)(b)(i)(II),

(g) méid i leith alt 7C(4)(b)(ii),

(h) méid i leith alt 7C(4)(c),

(i) méid i leith fho-alt (4).

(2) Ní fheidhmeoidh an tAire an chumhacht faoi fho-alt (1)(a) nó (c) chun céatadán dá dtagraítear san fho-alt sin a fhorordú ach amháin chun go léireoidh an céatadán a fhorordófar an meánchostas maireachtála sa Stát.

(3) Ní fheidhmeoidh an tAire an chumhacht faoi fho-alt (1)(b), (d), (e), (f), (g), (h) nó (i) chun méid dá dtagraítear san fho-alt sin a fhorordú ach amháin chun go léireoidh an méid a fhorordófar an ráta boilscithe sa Stát.

(4) Faoi réir fho-alt (5), is é a bheidh i méid an fhóirdheontais a fhéadfar a íoc faoi alt 7C(1)(a) ná ráta uasta seachtainiúil €300 nó an méid forordaithe, cibé acu is mó.

(5) Gan dochar do ghinearáltacht alt 7C(1)(b) nó 7D, déanfar, de bhua an ailt seo, méid an fhóirdheontais fhorordaithe atá infheidhme maidir le duine cleithiúnach a laghdú den mhéid ar mó ná ráta seachtainiúil na nithe seo a leanas acmhainn an duine sin, arna cinneadh sa mheasúnú dá dtagraítear in alt 7B(3) nó san athbhreithniú faoi alt 7D, de réir mar is gá sa chás, ar measúnú nó athbhreithniú é a rinneadh i leith an duine sin—

(a) faoi réir mhír (b), pinsean stáit (neamhranníocach),

(b) aon socrú a ghlacann ionad an phinsin sin in aon chás ina scoirtear den phinsean sin a sholáthar,

is iníoctha tráth an mheasúnaithe.

Forálacha idir-thréimhseacha.

7I.— (1) I gcás ina raibh fóirdheontas (‘sean-fhóirdheontas’) á íoc le duine faoi na Rialacháin chúlghairthe díreach roimh dháta thosach feidhme an ailt seo, ansin, fad a dhéanfar an duine a chothabháil i dteach banaltrais an dáta sin nó dá éis, déanfar, faoi réir fho-alt (2), fóirdheontas iomchuí atá comhionann leis an sean-fhóirdheontas a íoc leis an duine in ionad an tsean-fhóirdheontais.

(2) Ní fhorléireofar aon ní i bhfo-alt (1) mar ní a choiscfidh ar alt 7D oibriú lena chur faoi deara—

(a) go scoirfear d’fhóirdheontas iomchuí dá dtagraítear san fho-alt sin a íoc le duine dá dtagraítear san fho-alt sin, nó

(b) go n-íocfar fóirdheontas iomchuí le duine dá dtagraítear san fho-alt sin ar fóirdheontas é nach bhfuil comhionann leis an sean-fhóirdheontas a íocadh leis an duine.

(3) I bhfo-alt (1), ciallaíonn ‘Rialacháin chúlghairthe’ na Rialacháin um Thithe Banaltrais (Fóirdheontas) 1993 (I.R. Uimh. 227 de 1993) arna gcúlghairm le halt 9 den Acht Sláinte (Tithe Banaltrais) (Leasú) 2007.

Eiseoidh an Fheidh-meannacht treoirlínte.

7J.— (1) Déanfaidh an Fheidhmeannacht, a luaithe is indéanta—

(a) d’fhonn treoir phraiticiúil a sholáthar, maidir le haon fhoráil den Chuid seo (lena n-áirítear alt 7B(3)(b)(v)), do dhaoine cleithiúnacha, d’iarratasóirí, agus do dhaoine (lena n-áirítear fostaithe de chuid na Feidhmeannachta) dá dtagraítear in alt 7B(1) nó 7D(1)(a)(ii), cibé treoirlínte a mheasann sí a bheith oiriúnach chuige sin a ullmhú agus a eisiúint, ar treoirlínte iad nach mbeidh ar neamhréir leis an Acht seo,

(b) d’fhonn faisnéis iomchuí a chur ar fáil, maidir le haon fhoráil den Chuid seo lena bhforchuirtear feidhm ar an bhFeidhmeannacht, treoirlínte a ullmhú agus a eisiúint, ar treoirlínte iad nach mbeidh ar neamhréir leis an Acht seo agus ina leagfar amach an modh a mbeartaíonn an Fheidhmeannacht an fheidhm sin a chomhlíonadh.

(2) Cuirfidh an Fheidhmeannacht faoi deara go ndéanfar treoirlínte arna n-eisiúint faoi fho-alt (1) a fhoilsiú ar a suíomh idirlín.

Imréiteach cánach.

7K.— (1) San alt seo, ciallaíonn “deimhniú imréitigh cánach” deimhniú faoi alt 1095 (arna ionadú le halt 127(b) den Acht Airgeadais 2002) den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997.

(2) Féadfaidh an Fheidhmeannacht diúltú fóirdheontas iomchuí a íoc in aon chás inar deimhin leis an bhFeidhmeannacht nach bhfuil deimhniú imréitigh cánach i bhfeidhm i leith dhílseánach an tí banaltrais ina bhfuil an duine cleithiúnach lena mbaineann á chothabháil nó á cothabháil nó ina mbeartaíonn sé nó sí a bheith á chothabháil nó á cothabháil.”.

Ceannteideal Coda a chur isteach roimh alt 8.

4 .— Leasaítear an tAcht Sláinte (Tithe Banaltrais) 1990 tríd an méid seo a leanas a chur isteach díreach roimh alt 8:

“CUID 3

Táillí, Bainisteoireacht Shealadach ar Thithe Banaltrais agus Duine a chur amach ar Lóistín”.

Ceannteideal Coda a chur isteach roimh alt 11.

5 .— Leasaítear an tAcht Sláinte (Tithe Banaltrais) 1990 tríd an méid seo a leanas a chur isteach díreach roimh alt 11:

“CUID 4

Ilghnéitheach”.

Alt nua a chur in ionad alt 14 den Acht Sláinte (Tithe Banaltrais) 1990.

6 .— Leasaítear an tAcht Sláinte (Tithe Banaltrais) 1990 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 14:

“Rialacháin a leagan ina ndréacht faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

14.— I gcás ina mbeartaítear rialachán a dhéanamh faoin Acht seo, déanfar dréacht den rialachán a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an rialachán go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.”.

Alt 3 den Acht Sláinte (Forálacha Ilghnéitheacha) 2001 a aisghairm.

7 .— Aisghairtear alt 3 den Acht Sláinte (Forálacha Ilghnéitheacha) 2001.

Leasú ar Sceideal 7 a ghabhann leis an Acht Sláinte 2004.

8 .— Leasaítear Sceideal 7 a ghabhann leis an Acht Sláinte 2004 i gCuid 4, trí ítim 6 a scriosadh.

Na Rialacháin um Thithe Banaltrais (Fóirdheontas) 1993 a chúlghairm.

9 .— Cúlghairtear na Rialacháin Sláinte (Seirbhísí d’Othair Chónaithe) 1993 (I.R. Uimh. 224 de 1993) agus na Rialacháin um Thithe Banaltrais (Fóirdheontas) 1993 (I.R. Uimh. 227 de 1993).

Leasú ar alt 2 den Acht Sláinte (Scéim Aisíoca) 2006.

10 .— Leasaítear alt 2 den Acht Sláinte (Scéim Aisíoca) 2006, sa mhíniú ar “céile”, trí “alt 3(10)” a chur in ionad “alt 3(10)(c)”.

Leasú ar an Acht Sláinte 1970.

11 .— Leasaítear an tAcht Sláinte 1970 tríd an méid seo a leanas a chur isteach díreach i ndiaidh alt 61:

“Faisnéis atá le soláthar d’Fheidh-meannacht na Seirbhíse Sláinte ag soláthróirí cúraim baile.

61A.— (1) Déanfaidh soláthróir cúraim baile, a luaithe is indéanta ag an soláthróir cúraim baile déanamh amhlaidh, fógra i scríbhinn a thabhairt d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte i dtaobh na nithe seo a leanas—

(a) ainm agus seoladh an tsoláthróra,

(b) ainm agus seoladh gach duine dá soláthraíonn an soláthróir seirbhísí cúraim baile,

(c) cineál na seirbhísí sin arna soláthar amhlaidh, agus

(d) sonraí faoi aon athrú ar fhaisnéis a bheidh tugtha roimhe ag an soláthróir don Fheidhmeannacht faoi aon mhír (lena mbaineann an mhír seo) den fho-alt seo.

(2) Féadfaidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, chun críocha staidrimh, faisnéis a thugtar di faoi fho-alt (1) a choimeád agus a phróiseáil agus féadfaidh sí na nithe seo a leanas a nochtadh go poiblí—

(a) aon sonraí faoi sholáthróirí cúraim baile ar daoine dlítheanacha iad, nó

(b) aon staitisticí a éiríonn an an bhfaisnéis sin a choimeád a choimeád agus a phróiseáil.

(3) San alt seo—

ciallaíonn ‘soláthróir cúraim baile’ duine nádúrtha nó duine dlítheanach a dhéanann, cibé acu de bhun comhshocraíochtaí dá dtagraítear in alt 61(1) nó nach ea, seirbhísí cúraim baile a sholáthar ar tháille;

ciallaíonn ‘seirbhís cúraim baile’ seirbhís a chuirtear ar fáil i dteaghais phríobháideach do dhuine nach bhfuil in ann, de dheasca breoiteachta, laige nó míchumais, an tseirbhís a sholáthar dó féin nó di féin gan chúnamh;

ciallaíonn ‘teaghais phríobháideach’, i ndáil le duine dá dtagraítear sa mhíniú ar ‘seirbhís cúraim baile’, teach cónaithe buan nach bhfuil oscailte don phobal i gcoitinne chun cuairt a thabhairt air mura bhfuil cuireadh faighte agus ar teach cónaithe é ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine sin.”.

Gearrtheideal, forléiriú, comhlua agus tosach feidhme.

12 .— (1) Féadfar an tAcht Sláinte (Tithe Banaltrais) (Leasú) 2007 a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Sláinte 1947 go 2007 a ghairm de na hAchtanna Sláinte 1947 go 2006 agus den Acht seo le chéile agus léifear le chéile iad mar aon ní amháin.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo (seachas ailt 10 agus 11) i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Sláinte agus Leanaí le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil agus le haghaidh forálacha éagsúla.