An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 4 Stoic Ola a Choimeád ) Ar Aghaidh ( CUID 6 Forálacha Forfheidhmithe )

7 2007

An tAcht um an nGníomhaireacht Chúltaca Ola Náisiúnta 2007

CUID 5

Tobhach ar Dhiúscairtí Iomchuí Táirgí Peitriliam

Mínithe do Chuid 5.

36 .— Sa Chuid seo—

ciallaíonn “caiteachais” costais oibrithe agus caiteachais riaracháin na Gníomhaireachta agus gach fochuideachta ainmnithe lena n-áirítear na nithe seo a leanas:

(a) costais stórála ola;

(b) na costais maidir le stoic ola nach leis an nGníomhaireacht iad a shealbhú faoi chonradh sealbhaithe;

(c) luach saothair, más ann, agus liúntais i leith chaiteachais na stiúrthóirí;

(d) luach saothair agus liúntais i leith chaiteachais an phríomhfheidhmeannaigh agus aon sochair aoisliúntais is iníoctha leis nó léi nó ina leith;

(e) luach saothair agus liúntais na gcomhaltaí foirne agus aon sochair aoisliúntais is iníoctha leis na comhaltaí sin nó ina leith;

(f) táillí a bheidh dlite d’aon sainchomhairleoirí nó comhairleoirí arna bhfostú faoin Acht seo;

(g) na costais arna dtabhú ag an nGníomhaireacht le linn an tobhach a bhailiú;

(h) íoc aon úis agus táillí bainc eile arna dtabhú ar iasachtaí a gheofar faoi ailt 26 agus 27;

(i) aisíoc príomhshuime a fhaightear ar iasacht faoi alt 2627 chun ola a cheannach nó chun aon ní a shonraítear in alt 8(3)(a), (b), (c)(f) a dhéanamh;

ciallaíonn “ fógra measúnachta tobhaigh ” fógra arna eisiúint faoi alt 41;

ciallaíonn “ buncair mhara ” táirgí peitriliam atá díolmhaithe ó dhleacht máil mar tháirgí atá beartaithe i gcomhair dabhcha breosla soithí farraige;

ní fholaíonn “táirgí peitriliam” buncair mhara, breosla eitlíochta agus scairdbhreosla den chineál ceirisíneach;

tá le “ diúscairt iomchuí táirgí peitriliam ” an bhrí a shanntar dó le halt 37(2);

ciallaíonn “ measúnacht toirte ” measúnacht faoi alt 39 ar dhiúscairtí iomchuí táirgí peitriliam.

Dliteanas cuideachtaí ola agus tomhaltóirí ola tobhach a íoc.

37 .— (1) D’fhonn na caiteachais a íoc a thabhóidh an Ghníomhaireacht agus gach fochuideachta ainmnithe go cuí, nó is dócha a thabhóidh siad amhlaidh, le linn feidhmeanna a chomhlíonadh faoin Acht seo, déanfaidh cuideachtaí ola agus tomhaltóirí ola gach mí, de réir na Coda seo agus na rialachán faoi alt 44, tobhach ar a ndiúscairtí iomchuí táirgí peitriliam sa mhí roimhe sin a íoc leis an nGníomhaireacht.

(2) Is é is diúscairt iomchuí táirgí peitriliam toirt (arna sloinneadh i dtonaí nó i líotair) na dtáirgí peitriliam—

(a) i ndáil le cuideachta ola, a thomhlaíonn sí nó a dhiúscraíonn sí trí dhíol nó ar shlí eile le daoine sa Stát aon mhí ar leith, agus

(b) i ndáil le tomhaltóir ola, a thomhlaíonn sé sa Stát aon mhí ar leith.

(3) Ní bheidh aon tobhach iníoctha ag cuideachta ola (seachas cuideachta ola a oibríonn saoráid scagtha ola nó stórála ola sa Stát) nó ag tomhaltóir ola ar a diúscairtí nó ar a dhiúscairtí iomchuí táirgí peitriliam i gcás an tobhach a bheith íoctha ag an gcuideachta ola óna bhfuair sí nó sé na táirgí peitriliam.

Díolúintí ó thobhach.

38 .— (1) Faoi réir fho-alt (2), ní bheidh aon tobhach iníoctha aon mhí ar leith ag tomhaltóir ola a shealbhaigh, i gcaitheamh na míosa roimhe sin, stoic táirgí peitriliam a bhí ar úinéireacht aige agus—

(a) a bhí comhionann le 55 oiread mheántoirt na dtáirgí sin a thomhail sé gach lá sa bhliain féilire roimhe sin nó níos mó ná sin, nó

(b) a bhí comhionann le cibé toirt laethúil eile, nó níos mó ná cibé toirt laethúil eile, a fhorordóidh an tAire chun soláthairtí ola a áirithiú de réir oibleagáidí an Stáit maidir le sealbhú stoc nó de réir a riachtanas náisiúnta.

(2) Le linn stoic táirgí peitriliam a shealbhaigh tomhaltóir ola i gcaitheamh na míosa roimhe sin a ríomh chun críocha an ailt seo, ní chuirfidh an tAire i gcuntas aon toirt táirgí peitriliam arna sealbhú laistigh den Stát thar ceann an tomhaltóra ola faoi chonradh idir an tomhaltóir ola agus duine eile, mura rud é—

(a) go bhforáiltear leis an gconradh go ndéanfaidh an duine eile toirt chomhaontaithe táirgí peitriliam atá ar úinéireacht ag an tomhaltóir ola a shealbhú amhlaidh chun críche éilimh ag an tomhaltóir ola ar dhíolúine ó thobhach faoin alt seo, agus

(b) gur cuireadh na tograí conartha (de réir na brí a shanntar le halt 62) faoi bhráid an Aire sula ndearnadh an conradh.

(3) Déanfaidh tomhaltóir ola a éileoidh díolúine ó thobhach faoin alt seo gach faisnéis is iomchuí maidir leis an díolúine a éileofar a sholáthar don Aire de réir na rialachán a bhaineann le tuairisceáin agus laistigh den am a shonrófar sna rialacháin sin.

Measúnacht toirte.

39 .— (1) Roimh dheireadh gach míosa, déanfaidh an tAire, maidir le gach cuideachta ola agus gach tomhaltóir ola a dhlíonn tobhach a íoc, fógra a thabhairt don Ghníomhaireacht i dtaobh mheasúnacht an Aire ar an toirt de gach earnáil táirgí peitriliam a dhealraíonn sé a rinne sí nó sé a dhiúscairt go hiomchuí sa mhí roimhe sin.

(2) Bunófar an mheasúnacht toirte—

(a) ar an bhfaisnéis a sholáthróidh an chuideachta ola nó an tomhaltóir ola de réir na rialachán a bhaineann le tuairisceáin, nó

(b) i gcás nár soláthraíodh an fhaisnéis sin nó má tá cúis ag an Aire lena chreidiúint go bhfuil faisnéis arna soláthar amhlaidh míchruinn nó neamhiomlán in aon phonc ábhartha, ar cibé meastacháin a dhealraíonn don Aire a bheith réasúnach ag féachaint d’aon fhaisnéis eile a bheidh ar fáil.

Tobhach a ríomh.

40 .— (1) Déanfaidh an tAire méid an tobhaigh is iníoctha i leith míosa ag gach cuideachta ola agus tomhaltóir ola a dhlíonn an tobhach a íoc ar a diúscairtí nó ar a dhiúscairtí iomchuí sa mhí a ríomh agus tabharfaidh sé nó sí fógra i dtaobh an mhéid sin don Ghníomhaireacht.

(2) Déanfar méid an tobhaigh a ríomh faoi threoir na nithe seo a leanas—

(a) diúscairtí iomchuí táirgí peitriliam na cuideachta ola nó an tomhaltóra ola (lena n-áirítear, más cuí, diúscairtí gach earnála táirgí peitriliam) sa mhí mar a shonraítear ina measúnacht toirte nó ina mheasúnacht toirte don mhí, agus

(b) an ráta tobhaigh a fhorordófar faoi alt 44 don mhí.

Fógra measúnachta tobhaigh.

41 .— Déanfaidh an Ghníomhaireacht fógra measúnachta tobhaigh a thabhairt do gach cuideachta ola agus tomhaltóir ola a dhlíonn an tobhach a íoc i leith míosa, ar fógra é ina sonrófar—

(a) diúscairtí iomchuí táirgí peitriliam na cuideachta ola nó an tomhaltóra ola mar a shonraítear ina measúnacht toirte nó ina mheasúnacht toirte don mhí sin,

(b) an ráta tobhaigh a fhorordaítear faoi alt 44 don mhí agus, más cuí, do gach earnáil táirgí peitriliam a shonraítear sa mheasúnacht sin,

(c) méid an tobhaigh is iníoctha aici nó aige i leith na míosa sin arna ríomh faoi alt 40,

(d) an dáta, arna chinneadh de réir na rialachán, ar a dtiocfaidh an tobhach chun bheith iníoctha, agus

(e) más cuí, aon díolúine ó thobhach a íoc de réir alt 38.

Ús ar mhéid measúnachta neamhíoctha.

42 .— (1) I gcás nach ndéanfar iomlán an mhéid, nó cuid den mhéid, a bheidh sonraithe i bhfógra measúnachta tobhaigh a íoc an dáta a bheidh sonraithe san fhógra mar an dáta a thiocfaidh an méid chun bheith iníoctha nó roimhe, fabhróidh ús ar an méid nár íocadh de réir an ráta a fhorordaítear faoi alt 44 ón dáta sin go dtí an dáta íoca.

(2) D’ainneoin fho-alt (1), ní fhabhraíonn ús ar mhéid a gcinnfidh an tAire ina leith in athbhreithniú faoi alt 44(1)(e) nach bhfuil sé iníoctha.

Tobhach nár íocadh agus ús a ghnóthú.

43 .— Féadfaidh an Ghníomhaireacht aon mhéid a bheidh dlite agus ag dul di faoin gCuid seo i leith an tobhaigh agus aon ús a d’fhabhraigh ar an méid sin a ghnóthú, mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla, ón gcuideachta ola nó ón tomhaltóir ola a mbeidh sé iníoctha aici nó aige.

Rialacháin a bhaineann le tobhach.

44 .— (1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, foráil a dhéanamh maidir le gach ceann nó le haon cheann de na nithe seo a leanas a bhaineann leis an tobhach:

(a) an ráta tobhaigh in aghaidh an tona nó an lítir de dhiúscairtí iomchuí táirgí peitriliam;

(b) an toirt laethúil táirgí peitriliam a shealbhóidh tomhaltóir ola chun na gcríoch dá dtagraítear in alt 38(1)(b);

(c) an modh ar a n-ullmhóidh an Ghníomhaireacht fógraí measúnachta tobhaigh;

(d) cuideachtaí ola agus tomhaltóirí ola do choinneáil taifid shonraithe maidir le nithe a bhaineann leis an dliteanas an tobhach a íoc agus an fhoirm a shonrú ina gcoinneofar na taifid sin agus an tréimhse dá ndéanfar iad a choinneáil;

(e) an tAire d’athbhreithniú fógra measúnachta tobhaigh ar iarraidh ó chuideachta ola nó ó thomhaltóir ola a éilíonn go bhfuil an fógra earráideach;

(f) an tréimhse ama ar lena linn a dhéanfar iarraidh ar an athbhreithniú sin agus na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh ag cuideachta ola nó ag tomhaltóir ola sula bhféadfar an iarraidh a dhéanamh;

(g) an modh ar a bhféadfar méid aon ró-íocaíochta nó gearríocaíochta a bheidh déanta ag cuideachta ola nó ag tomhaltóir ola i leith an tobhaigh a fhritháireamh i gcoinne aon dliteanais iardain, nó a chur le haon dliteanas iardain, de chuid na cuideachta ola nó an tomhaltóra ola sin i leith na Gníomhaireachta;

(h) na tráthanna a thiocfaidh an íocaíocht chun bheith dlite;

(i) an fhoirm ina ndéanfaidh cuideachta ola nó tomhaltóir ola an íocaíocht sin leis an nGníomhaireacht;

(j) an ráta úis ar mhéideanna nach n-íocfar nuair a bheidh siad dlite;

(k) cibé nithe eile is gá chun an tobhach a fhorchur, a íoc agus a bhailiú, nó atá teagmhasach leis an gcéanna.

(2) Féadfaidh an tAire rátaí éagsúla tobhaigh a fhorordú le haghaidh earnálacha éagsúla táirgí peitriliam agus i ndáil le míonna éagsúla.

(3) Le linn na rátaí tobhaigh a chinneadh, féachfaidh an tAire lena chinntiú (agus blianta a ghlacadh le chéile) maidir leis na suimeanna a réadófar trí na rátaí sin a chur chun feidhme i leith na measúnachtaí toirte, go nglanann siad caiteachais mheasta na Gníomhaireachta agus gach fochuideachta ainmnithe ach nach mó ná na caiteachais sin iad.

(4) D’fhonn caiteachais mheasta sin na Gníomhaireachta a chinneadh in aon bhliain, féadfaidh an tAire—

(a) an fhaisnéis a bheidh i ráiteas straitéise na Gníomhaireachta a bhreithniú,

(b) aird a thabhairt ar cibé faisnéis a sholáthraítear faoi alt 29, agus

(c) caiteachais na Gníomhaireachta agus gach fochuideachta ainmnithe sa bhliain airgeadais roimhe sin a chur i gcuntas, agus aon chaiteachas breise is dóigh a thabhóidh aon cheann díobh sa bhliain airgeadais a bheidh le teacht.

(5) Maidir leis an ráta tobhaigh arna chinneadh faoi Rialachán 6(4) de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Stoic Íosta Olaí Peitriliam) 1995 (I.R. Uimh. 96 de 1995) agus a bheidh in éifeacht díreach sula gcúlghairfear na Rialacháin sin le halt 55, meastar é a bheith forordaithe faoin alt seo agus leanann sé in éifeacht go dtí go n-athraítear é faoin alt seo.

(6) Má athraítear an ráta tobhaigh forordaithe, tagann an ráta tobhaigh nua in éifeacht tráth nach luaithe ná 3 mhí tar éis an rialachán a dhéanamh lena n-athraítear an ráta forordaithe.

(7) Féadfar, le rialacháin faoi fho-alt (1)(j), foirmle a fhorordú chun an ráta úis a chinneadh—

(a) faoi threoir Ráta Tairgthe Idirbhainc an Euro a bheidh i réim,

(b) faoi threoir ráta breise a dheimhneoidh an Banc Ceannais agus Údarás Seirbhísí Airgeadais na hÉireann, agus

(c) faoi threoir cibé ráta breise eile is cuí leis an Aire, ag cur sa chuntas an costas chun tobhach nár íocadh a ghnóthú, lena n-áirítear aon mhuirir bainc a thabhóidh an Ghníomhaireacht ag cothabháil rótharraingt bhainc chun easnamh i gcistí a chumhdach is easnamh a éiríonn as tobhach nár íocadh.