An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 5 Cáin Fháltas Caipitiúil ) Ar Aghaidh ( CUID 7 Ilghnéitheach )

11 2007

An tAcht Airgeadais 2007

CUID 6

Cáin Mhaoine Cónaithe

Leasú ar alt 110A (imréiteach tar éis maoin chónaithe áirithe a dhíol) den Acht Airgeadais 1983.

118 .— Leasaítear alt 110A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 1993) den Acht Airgeadais 1983—

(a) i bhfo-alt (9)—

(i) trí “ar dháta rite an Achta Airgeadais 1993 nó dá éis agus roimh an 1 Feabhra 2007” a chur in ionad “ar dháta rite an Achta Airgeadais, 1993, nó dá éis”, agus

(ii) trí “go dtí go mbeidh 12 bhliain caite ón dáta sin nó an 1 Feabhra 2007, cibé tráth acu is luaithe” a chur in ionad “ar feadh 12 bhliain ón dáta sin”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (12):

“(13) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) den alt seo maidir le díol eastáit nó leasa i maoin chónaithe a chuirtear i gcrích an 1 Feabhra 2007 nó dá éis.”.