An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 7 Ilghnéitheach ) Ar Aghaidh ( SCEIDEAL 2 Leasuithe Teicniúla Ilghnéitheacha i ndáil leis na socruithe maidir le Faoiseamh ó Chánachas Dúbailte )

11 2007

An tAcht Airgeadais 2007

SCEIDEAL 1

Leasuithe de dhroim Athruithe ar Chreidmheasanna Cánach Pearsanta

Alt 3.

Maidir leis an mbliain mheasúnachta 2007 agus le blianta measúnachta dá héis, leasaítear an tAcht Comhdhlúite Cánacha 1997 mar a leanas—

(a) in alt 461, trí “€3,520” a chur in ionad “€3,260”, sa dá áit ina bhfuil sé, agus “€1,760” a chur in ionad “€1,630”;

(b) in alt 461A, trí “€550” a chur in ionad “€500”;

(c) in alt 462, trí “€1,760” a chur in ionad “€1,630” i bhfo-alt (2);

(d) in alt 463, trí “€3,750”, “€3,250”, “€2,750”, “€2,250” agus “€1,750”, faoi seach, a chur in ionad “€3,100”, “€2,600”, “€2,100”, “€1,600” agus “€1,100” i bhfo-alt (2);

(e) in alt 464, trí “€550” agus “€275”, faoi seach, a chur in ionad “€500” agus “€250”;

(f) in alt 465, trí “€3,000” a chur in ionad “€1,500” i bhfo-alt (1);

(g) in alt 468, trí “€1,760” agus “€3,520”, faoi seach, a chur in ionad “€1,500” agus “€3,000” i bhfo-alt (2); agus

(h) in alt 472, trí “€1,760” a chur in ionad “€1,490”, sa dá áit ina bhfuil sé, i bhfo-alt (4).