An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 1 Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáideach agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil ) Ar Aghaidh ( Caibidil 3 Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil )

11 2007

An tAcht Airgeadais 2007

Caibidil 2

Cáin Ioncaim

Leasú ar alt 15 (ráta muirir) den Phríomh-Acht.

2 .— Maidir leis an mbliain mheasúnachta 2007 agus le blianta measúnachta dá héis, leasaítear alt 15 den Phríomh-Acht—

(a) trí “€25,000” a chur in ionad “€23,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2006) i bhfo-alt (3), agus

(b) tríd an Tábla seo a leanas a chur in ionad an Tábla (arna chur isteach amhlaidh) a ghabhann leis an alt sin:

“AN TÁBLA

CUID 1

An chuid den ioncam inchánach

An ráta cánach

Tuairisc an ráta

(1)

(2)

(3)

An chéad €34,000

20 faoin gcéad

An rata caighdeánach

An fuílleach

41 faoin gcéad

An t-ardráta

CUID 2

An chuid den ioncam inchánach

An ráta cánach

Tuairisc an ráta

(1)

(2)

(3)

An chéad €38,000

20 faoin gcéad

An ráta caighdeánach

An fuílleach

41 faoin gcéad

An t-ardráta

CUID 3

An chuid den ioncam inchánach

An ráta cánach

Tuairisc an ráta

(1)

(2)

(3)

An chéad €43,000

20 faoin gcéad

An rata caighdeánach

An fuílleach

41 faoin gcéad

An t-ardráta

”.

Creidmheasanna cánach pearsanta.

3 .— (1) Más rud é, faoi fhoráil den Phríomh-Acht a luaitear i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo, go mbeidh pearsa aonair i dteideal go ndéanfar an cháin ioncaim a bheidh le muirearú ar an bpearsa aonair, ar shlí seachas de réir fhorálacha alt 16(2) den Phríomh-Acht, a laghdú don bhliain mheasúnachta 2007 nó d’aon bhliain mheasúnachta dá héis agus gurbh é méid an laghdaithe, mura mbeadh an t-alt seo, méid arb é an méid is lú díobh seo a leanas—

(a) an méid atá sonraithe i gcolún (2) den Tábla sin, agus

(b) an méid a laghdaíonn an dliteanas sin go nialas,

is é méid an laghdaithe de réir mhír (a) méid an chreidmheasa cánach atá sonraithe i gcolún (3) den Tábla.

AN TÁBLA

An Fhoráil Reachtúil

Creidmheas cánach láithreach

Creidmheas cánach don bhliain 2007 agus do bhlianta dá héis

(1)

(2)

(3)

Alt 461

(bunchreidmheas cánach pearsanta)

(duine pósta)

€3,260

€3,520

(baintreach ar sa bhliain mheasúnachta a d’éag a chéile nó a céile)

€3,260

€3,520

(duine singil)

€1,630

€1,760

Alt 461A

(creidmheas cánach breise do bhaintreacha áirithe)

€500

€550

Alt 462

(creidmheas cánach teaghlaigh aontuismitheora)

€1,630

€1,760

Alt 463

(creidmheas cánach tuismitheora is baintreach)

(1ú bliain)

€3,100

€3,750

(2ú bliain)

€2,600

€3,250

(3ú bliain)

€2,100

€2,750

(4ú bliain)

€1,600

€2,250

(5ú bliain)

€1,100

€1,750

Alt 464

(creidmheas cánach aoise)

(duine pósta)

€500

€550

(duine singil)

€250

€275

Alt 465

(creidmheas cánach linbh éagumasaithe)

€1,500

€3,000

Alt 468

(creidmheas cánach daill)

(duine dall)

€1,500

€1,760

(an dá chéile dall)

€3,000

€3,520

Alt 472

(creidmheas cánach fostaí)

€1,490

€1,760

(2) Beidh éifeacht le halt 3 (arna leasú leis an Acht Airgeadais 2006) den Acht Airgeadais 2002 faoi réir fhorálacha an ailt seo.

(3) Beidh feidhm ag Sceideal 1 chun fo-alt (1) a fhorlíonadh.

Díolúine aoise.

4 .— Maidir leis an mbliain mheasúnachta 2007 agus le blianta measúnachta dá héis, leasaítear alt 188 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (2), trí “€38,000” a chur in ionad “€34,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2006) agus “€19,000” a chur in ionad “€17,000” (a cuireadh isteach amhlaidh).

Leasú ar alt 473 (liúntas maidir le cíos a íocann tionóntaí áirithe) den Phríomh-Acht.

5 .— Leasaítear alt 473 den Phríomh-Acht maidir leis an mbliain mheasúnachta 2007 agus blianta measúnachta dá héis tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “teorainn shonraithe” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2006), i bhfo-alt (1):

“ciallaíonn ‘teorainn shonraithe’, i ndáil le pearsa aonair do bhliain mheasúnachta—

(a) i gcás na ndaoine seo a leanas—

(i) duine pósta a mheasúnaítear i leith cánach de réir alt 1017, nó

(ii) baintreach,

€3,600; ach má bhí an phearsa aonair 55 bliana d’aois nó os a chionn aon tráth i rith na bliana measúnachta, ciallaíonn ‘teorainn shonraithe’ €7,200, agus

(b) in aon chás eile, €1,800; ach, má bhí an phearsa aonair 55 bliana d’aois nó os a chionn aon tráth i rith na bliana measúnachta, ciallaíonn ‘teorainn shonraithe’ €3,600;”.

Leasú ar alt 244 (faoiseamh i leith úis a íocadh ar iasachtaí áirithe tí cónaithe) den Phríomh-Acht.

6 .— Maidir leis an mbliain mheasúnachta 2007 agus blianta measúnachta dá héis, leasaítear alt 244 den Phríomh-Acht sa mhíniú ar “ús infhaoisimh” i bhfo-alt (1)(a)—

(a) trí “€6,000” a chur in ionad “€5,080”,

(b) trí “€3,000” a chur in ionad “€2,540”,

(c) trí “€16,000” a chur in ionad ”€8,000”, agus

(d) trí “€8,000” a chur in ionad “€4,000”.

Leasú ar alt 122 (socruithe maidir le hiasacht tosaíochta) den Phríomh-Acht.

7 .— Maidir leis an mbliain mheasúnachta 2007 agus blianta measúnachta dá héis, leasaítear alt 122 den Phríomh-Acht sa mhíniú ar “an ráta sonraithe” i bhfo-alt (1)(a)—

(a) trí “4.5 faoin gcéad” a chur in ionad “3.5 faoin gcéad” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2004) sa dá áit ina bhfuil sé, agus

(b) trí “12 faoin gcéad” a chur in ionad “11 faoin gcéad” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2003).

Fostaithe de chuid gníomhaireachtaí áirithe: liúntais seirbhíse coigríche.

8 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht i gCaibidil 1 de Chuid 7 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 196A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2005):

“196B.— (1) (a) San alt seo, ciallaíonn “díolaíochtaí” díolaíochtaí lena mbaineann alt 985A.

(b) Is iad seo a leanas na gníomhaireachtaí lena mbaineann an t-alt seo:

(i) Fiontraíocht Éireann;

(ii) An Bord Bia;

(iii) Turasóireacht Éireann Teo;

(iv) An Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail (Éire).

(2) I gcás ina ndéanfaidh an tAire Airgeadais, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Gnóthaí Eachtracha, nó le cibé Aire den Rialtas is cuí leis an Aire Airgeadais sna himthosca, aon liúntas d’fhostaithe de chuid na ngníomhaireachtaí lena mbaineann an t-alt seo, nó aon díolaíochtaí dá gcuid, a dheimhniú mar ní atá in ionannas cúitimh as costas breise an riachtanais cónaí lasmuigh den Stát d’fhonn a dhualgais nó a dualgais a chomhlíonadh, ní áireofar an liúntas nó na díolaíochtaí sin mar ioncam chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim.”.

(2) Meastar éifeacht a bheith leis an alt seo ar an agus ón 1 Eanáir 2007.

Faoisimh phearsanta: tuairisceáin faisnéise áirithe ó thríú páirtithe, etc.

9 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) in alt 459 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):

“(6) Más rud é, ar bhonn na faisnéise a thabharfar dóibh faoi alt 894A(2) nó aon fhaisnéise eile ina seilbh, go mbeidh na Coimisinéirí Ioncaim sásta maidir le teideal duine aonair chun faoisimh faoi aon cheann de na forálacha a shonraítear sa Tábla atá ag gabháil le halt 458 nó faoi alt 187 nó 188, ansin, d’ainneoin aon fhorála eile dá mhalairt sna Achtanna Cánach Ioncaim, más cuí leis na Coimisinéirí Ioncaim é sna himthosca, féadfar an faoiseamh a bheidh dlite a thabhairt don duine aonair gan éileamh ar an bhfaoiseamh sin a dhéanamh agus a chruthú.”,

(b) in alt 469

(i) i bhfo-alt (1)—

(I) i mír (i) den mhíniú ar “costais sláinte” trí “duine” a chur in ionad “cleithiúnaí de chuid an duine aonair dá dtagraítear i míreanna (a) agus (b)(ii) den mhíniú ar chleithiúnaí”, agus

(II) trí na mínithe ar “cleithiúnaí”, “duine cáilithe” agus “gaol” a scriosadh,

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Faoi réir an ailt seo, i gcás ina gcruthóidh pearsa aonair, do bhliain mheasúnachta, gur íoc sé nó sí sa bhliain mheasúnachta costais sláinte a tabhaíodh chun aireachas sláinte a sholáthar, beidh an phearsa aonair i dteideal, d’fhonn a fhionnadh cad é méid an ioncaim a mbeidh cáin ioncaim le muirearú air nó uirthi ina leith, go ndéanfar an méid a chruthófar a bheith íoctha amhlaidh a asbhaint as a ioncam nó a hioncam iomlán.”,

agus

(iii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

“(7) I gcás ina dtabharfar faoiseamh faoin alt seo d’aon phearsa aonair i leith méid arna úsáid chun costais sláinte a íoc, ní thabharfar faoiseamh don phearsa aonair sin faoi aon fhoráil eile de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim i leith an mhéid sin.”,

(c) in alt 472C (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2001)—

(i) i bhfo-alt (7), trí “féadfaidh” a chur in ionad “déanfaidh”, agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7):

“(7A) D’ainneoin fhorálacha aon achtacháin eile, i gcás ina ndéanfaidh fostóir suibscríobhanna ceardchumainn de chuid fhostaithe an fhostóra a asbhaint as díolaíochtaí na bhfostaithe sin agus a chur ar aghaidh chuig an gceardchumann lena mbaineann, féadfaidh an fostóir, chun a chumasú don cheardchumann sin tuairisceán a thabhairt faoi fhorálacha fho-alt (7) agus chun na críche sin amháin, ar iarraidh chuige sin a fháil ón gceardchumann, ainmneacha agus Uimhreacha Pearsanta Seirbhíse Poiblí na bhfostaithe is comhaltaí den cheardchumann sin, agus ainmneacha agus Uimhreacha Pearsanta Seirbhíse Poiblí na bhfostaithe sin amháin, a mbeidh na hasbhaintí sin déanta as a gcuid díolaíochtaí, a thabhairt don cheardchumann.”,

(d) in alt 473A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2001)—

(i) i bhfo-alt (1), tríd an míniú ar “cleithiúnaí” a scriosadh,

(ii) i bhfo-alt (2), trí “, thar a cheann féin nó thar a ceann féin, nó thar ceann a chleithiúnaí nó a cleithiúnaí,” a scriosadh,

(iii) i bhfo-alt (4), trí “an duine atá, nó a bhí, ag gabháil don chúrsa” a chur in ionad “a chleithiúnaí nó a cleithiúnaí”,

(iv) i bhfo-alt (6)(c) trí “ag an bpearsa aonair nó a chleithiúnaí nó a cleithiúnaí” a scriosadh, agus

(v) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (8):

“(9) I gcás ina dtabharfar faoiseamh faoin alt seo d’aon phearsa aonair i leith táillí cáilitheacha a íoc, ní thabharfar faoiseamh faoi aon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach Ioncaim don phearsa aonair sin i leith na híocaíochta sin.”,

agus

(e) i gCaibidil 3 de Chuid 38, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 894:

“Tuairisceáin ó thríú páirtithe i ndáil le faoisimh phearsanta.

894A.— (1) San alt seo—

ciallaíonn Uimhir PSP’ i ndáil le pearsa aonair, Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí na pearsan aonair de réir bhrí alt 262 den Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005;

ciallaíonn ‘faoiseamh pearsanta’ faoiseamh faoi aon cheann de na forálacha a shonraítear sa Tábla a ghabhann le halt 458.

(2) I gcás ina mbeidh faisnéis ag duine a bhaineann le caiteachas a d’íoc pearsa aonair agus is iomchuí maidir le teideal na pearsan aonair sin chun faoisimh phearsanta, nó maidir le méid faoisimh den sórt sin, a shuíomh, féadfaidh an duine sin, d’ainneoin aon ní in aon achtachán eile nó aon oibleagáide chun rúndacht a chaomhnú nó aon sriain eile ar nochtadh faisnéise, mionsonraí maidir le méid an chaiteachais sin a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim má iarrann siad ar an duine sin déanamh amhlaidh.

(3) Mura n-ordóidh na Coimisinéirí Ioncaim a mhalairt, beidh faisnéis a thabharfar do na Coimisinéirí Ioncaim de réir fho-alt (2) i bhformáid leictreonach arna ceadú ag na Coimisinéirí Ioncaim agus beidh inti ainm agus seoladh agus, má tá sí ar eolas, Uimhir PSP na pearsan aonair ar i ndáil leis nó léi a bheidh an fhaisnéis á tabhairt.

(4) D’ainneoin aon fhorála eile dá mhalairt, d’fhonn tuairisceán a thabhairt faoi fho-alt (3), beidh duine nach mbeidh Uimhir PSP pearsan aonair aige nó aici i dteideal an uimhir sin a iarraidh ar an bpearsa aonair agus cuirfidh sé nó sí in iúl don phearsa aonair cén cuspóir atá leis an uimhir a iarraidh.

(5) Ní úsáidfidh na Coimisinéirí Ioncaim faisnéis a thabharfar dóibh de réir fho-alt (2) ach amháin chun teideal pearsa aonair chun an fhaoisimh phearsanta lena mbaineann, nó chun méid an fhaoisimh sin, a shuíomh agus, d’ainneoin alt 872, ní úsáidfear í chun aon chríche eile.

(6) Féadfaidh aon duine d’oifigigh na gCoimisinéirí Ioncaim atá ag gníomhú faoina n-údarás aon ghníomh atá le déanamh, nó aon fheidhm atá le comhlíonadh, ag na Coimisinéirí Ioncaim, ar gníomh é nó ar feidhm í a údaraítear leis an alt seo, a dhéanamh nó a chomhlíonadh.”.

(2) (a) Tá feidhm ag míreanna (a), (c) agus (e) d’fho-alt (1) le héifeacht ó dháta rite an Achta seo.

(b) Tá feidhm ag míreanna (b) agus (d) d’fho-alt (1) maidir leis an mbliain mheasúnachta 2007 agus le blianta measúnachta dá héis.

Leasú ar alt 126 (mar a dhéileálfar, ó thaobh cánach, le sochair áirithe is iníoctha faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh) den Phríomh-Acht.

10 .— Leasaítear alt 126 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) San alt seo ciallaíonn ‘na hAchtanna’ na hAchtanna Leasa Shóisialaigh.”,

(b) i bhfo-alt (3)—

(i) i mír (b) trí “de réir bhrí alt 2(3) den Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005” a chur in ionad “de réir bhrí alt 2(3)(a) den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1993”,

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“(c) (i) Sa mhír seo tá le ‘fostaíocht ghearr-ama’ an bhrí chéanna atá leis chun críocha na nAchtanna.

(ii) D’ainneoin mhíreanna (a) agus (b) agus an Ordaithe um an Acht Airgeadais 1992 (Tosach Feidhme Alt 15) (Sochar Dífhostaíochta agus Sochar Pá-Choibhneasa) 1994 (I.R. Uimh. 19 de 1994), ní bheidh feidhm ag mír (b) i ndáil le sochar dífhostaíochta arna íoc nó is iníoctha le duine atá fostaithe i bhfostaíocht ghearr-ama.”,

agus

(c) trí fho-alt (8) a scriosadh.

Díolúine ó cháin ar ioncam áirithe.

11 .— Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) sa mhíniú ar “ioncam iomchuí” in alt 189(2)(a), trí “alt 59, 745 nó 747E” a chur in ionad “alt 59 nó alt 745”,

(b) sa mhíniú ar “ioncam iomchuí” in alt 189A(4)(a) trí “alt 59, 745 nó 747E” a chur in ionad “alt 59 nó alt 745”, agus

(c) in alt 192(2) trí “alt 59, 745 or 747E” a chur in ionad “alt 59 nó alt 745”.

Díolúine i leith íocaíochtaí caiteachais áirithe.

12 .— Maidir leis an mbliain mheasúnachta 2007 agus blianta measúnachta dá héis, leasaítear an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 195:

“195A.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘comhlacht’ comhlacht neamhchorpraithe daoine nó comhlacht corpraithe, arb é atá ann—

(a) aon bhord, comhairle nó coiste, cibé caoi ina sonraítear é nó í, nó

(b) aon chomhlacht daoine a fheidhmíonn cuid d’fheidhmeanna, nó feidhmeanna uile, boird, comhairle nó coiste den sórt sin,

más rud é, maidir leis na dualgais a ghabhann le hoifig comhaltaí den chomhlacht, seachas dualgais theagmhasacha amhail freastal ar chomhdhálacha nó ar chruinnithe mar thoscairí thar ceann an chomhlachta, go ndéantar iad a urscaoileadh i gcúrsa cruinnithe den chomhlacht lena mbaineann, nó i gcúrsa ullmhúcháin le haghaidh cruinnithe den sórt sin;

tá le ‘státseirbhíseach’ an bhrí a shanntar do ‘stát-sheirbhíseach’ le halt 1(1) d’Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse 1956;

ciallaíonn ‘comhalta’ i ndáil le comhlacht, duine a shealbhaíonn oifig mar chomhalta den chomhlacht sin, ar duine é nó í—

(a) nach bhfuil aon dualgas eile aige nó aici go díreach nó go neamhdhíreach i ndáil leis an gcomhlacht sin, cibé acu mar fhostaí de chuid an chomhlachta nó de chuid duine atá bainteach leis an gcomhlacht sin, agus

(b) maidir le méid bliantúlaithe a dhíolaíochtaí nó a díolaíochtaí ón oifig don bhliain mheasúnachta 2006 agus do gach bliain dá héis inar comhalta den chomhlacht an duine, seachas íocaíochtaí lena mbaineann an t-alt seo, nach mó an méid sin—

(i) i gcás comhalta arb é nó arb í cathaoirleach an chomhlachta é nó í, nach comhlacht dá dtagraítear i mír (b) den mhíniú ar ‘comhlacht’, ná €24,000, agus

(ii) in aon chás eile, ná €24,000;

ciallaíonn ‘comhlacht neamhthráchtála’ comhlacht—

(a) arna eagrú d’aon toisc chun críoch seachas brabús, i gcás inar féidir críocha dearbhaithe an chomhlachta a fhionnadh ó dhoiciméid ar taifid iad,

(b) a oibríonn, iarbhír, d’aon toisc chun críoch seachas brabús agus, chun na críche sin, maidir le haon ghníomhaíocht a sheolann an comhlacht agus a ghineann ioncam ar gníomhaíocht í—

(i) a sheoltar d’fhonn cuidiú leis an gcomhlacht a chríocha a bhaint amach, agus

(ii) a n-úsáidtear an t-ioncam uaithi chun na gcríoch sin,

measfar í a bheith á hoibriú chun críoch seachas brabús, agus

(c) nach féidir aon sochar dá chuid, nó aon chuid dá ioncam nó dá ioncam carnaithe, a íoc le haon oifigeach, fostaí nó comhalta den chomhlacht, nó a chur ar fáil ar shlí eile d’aon oifigeach, fostaí nó comhalta den chomhlacht, chun sochair phearsanta an duine sin nó duine atá bainteach leis an duine sin, seachas na nithe seo a leanas—

(i) aon phá, tuarastal, táillí nó airgead onóra i leith seirbhísí arna dtabhairt don chomhlacht ach sin más rud é amháin nach mó na méideanna arna n-íoc ná méideanna réasúnacha a d’íocfaí in idirbheart ar neamhthuilleamaí i leith seirbhísí dá samhail arna soláthar ag comhlacht a eagraítear d’aon toisc chun críoch seachas brabús, ar comhlacht é a oibríonn de réir mhír (b),

(ii) aon íocaíocht lena mbaineann an t-alt seo,

(iii) aon íocaíocht le hoifigigh, fostaithe nó comhaltaí chun cuidiú a thabhairt i ndáil le caiteachais a íoc maidir le freastal ar chomhdhálacha nó ar chruinnithe mar thoscairí thar ceann an chomhlachta i gcás ina ndéantar an freastal sin chun críocha an chomhlachta a chur ar aghaidh, agus

(iv) i gcás an t-oifigeach, an fostaí nó an comhalta lena mbaineann, nó duine atá bainteach leis an oifigeach, leis an bhfostaí nó leis an gcomhalta sin, a bheith ina chuspóir nó ina cuspóir do chríocha an chomhlachta, sochar atá ann chun críocha an chomhlachta a chur ar aghaidh.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le híocaíochtaí arna ndéanamh ag comhlacht neamhthráchtála le comhalta den chomhlacht nó thar a cheann nó thar a ceann i leith caiteachas taistil agus cothaithe arna dtabhú ag an gcomhalta le linn dó nó di freastal ar chruinnithe den chomhlacht.

(3) Chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim, déanfar neamhshuim den mhéid sin d’aon íocaíochtaí lena mbaineann an t-alt seo nach mó ná an ráta uachtarach d’aon ráta nó rátaí iomchuí arna leagan síos ó am go ham ag an Aire Airgeadais i ndáil le caiteachais taistil agus cothaithe státseirbhísigh a íoc.”.

Leasú ar Sceideal 13 (daoine cuntasacha chun críocha Chaibidil 1 de Chuid 18) den Phríomh-Acht.

13 .— (1) Leasaítear Sceideal 13 a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír 5:

“5. Seirbhís Aisíocaíochta i leith Cúraim Phríomha.”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír 118:

“118. Údarás Forbartha an Champais Náisiúnta Spórt.”,

(c) trí mhíreanna 4 agus 147 a scriosadh, agus

(d) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 157 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2006):

“158. An tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre.

159. Gníomhaireacht Forbartha Ghráinseach Ghormáin.

160. An Coimisiún Sábháilteachta Iarnróid.

161. An Chomhairle Mhúinteoireachta.

162. EirGrid.

163. Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna.

164. Údarás Maoirseachta, Iniúchta agus Cuntasaíochta na hÉireann.”.

(2) (a) Meastar gur tháinig fo-alt (1)(a) in éifeacht ar an agus ón 1 Eanáir 2005.

(b) Meastar gur tháinig fo-alt (1)(b) in éifeacht amhail ar an agus ón 1 Eanáir 2007.

(c) Meastar gur tháinig fo-alt (1)(c) in éifeacht amhail ar an agus ón 1 Eanáir 2007.

(d) Beidh feidhm ag fo-alt (1)(d) amhail ar an agus ón 1 Bealtaine 2007.

Leasú ar alt 216A (faoiseamh maidir le seomra a ligean ar cíos) den Phríomh-Acht.

14 .— Maidir leis an mbliain mheasúnachta 2007 agus le blianta measúnachta dá éis, leasaítear alt 216A den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) maidir le bliain mheasúnachta i gcás ina bhfaighfear na suimeanna iomchuí a eascraíonn chuig an bpearsa aonair ó leanbh de chuid na pearsan aonair.”.

Leasú ar alt 216C (faoiseamh seirbhísí cúraim leanaí) den Phríomh-Acht.

15 .— Leasaítear alt 216C den Phríomh-Acht i bhfo-alt (5) trí “€15,000” a chur in ionad “€10,000”.

Leasú ar alt 664 (faoiseamh le haghaidh ioncaim áirithe ó thalamh feirme a léasú) den Phríomh-Acht.

16 .— (1) Leasaítear alt 664 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1)(a) sa mhíniú ar “an méid sonraithe”—

(i) i mír (ii)(VI)(B) den mhíniú sin trí “nó” a scriosadh san áit dheireanach a bhfuil sé,

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (ii)(VII) den mhíniú sin:

“(VII) sa tréimhse dar tosach an 1 Eanáir 2006 agus dar críoch an 31 Nollaig 2006—

(A) €15,000, i gcás gur ar feadh téarma cinnte 7 mbliana nó níos faide an léas cáilitheach nó na léasanna cáilitheacha, agus

(B) €12,000, in aon chás eile,

(VIII) an 1 Eanáir 2007 nó dá éis—

(A) €20,000, i gcás gur ar feadh téarma cinnte 10 mbliana nó níos faide an léas cáilitheach nó ná léasanna cáilitheacha,

(B) €15,000, i gcás gur ar feadh téarma cinnte 7 mbliana nó níos faide an léas cáilitheach nó na léasanna cáilitheacha, seachas cás lena mbaineann clásal (A), agus

(C) €12,000, in aon chás eile,”,

agus

(iii) i mír (iii) den mhíniú sin trí “fhomhír (I), (II), (III), (IV), (V), (VI), (VII) nó (VIII), de réir mar is cuí, de mhír (ii) den mhíniú seo” a chur in ionad “chlásal (I), (II), (III), (IV) nó (V), de réir mar is cuí, d’fhomhír (ii)”,

agus

(b) i bhfo-alt (1)(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (v):

“(v) ó léas cáilitheach nó ó léasanna cáilitheacha arna dhéanamh nó arna ndéanamh sa tréimhse dar tosach an 1 Eanáir 2006 agus dar críoch an 31 Nollaig 2006, agus ó léas cáilitheach arna dhéanamh roimh an 1 Eanáir 2006, ní mó an méid sonraithe ná—

(I) €15,000, i gcás gur ar feadh téarma cinnte 7 mbliana nó níos mó an léas cáilitheach nó na léasanna cáilitheacha, agus

(II) €12,000, in aon chás eile;

(vi) ó léas cáilitheach nó ó léasanna cáilitheacha a rinneadh an 1 Eanáir 2007 nó dá éis, agus ó léas cáilitheach a rinneadh aon tráth eile, ní bheidh an méid sonraithe níos mó ná na méideanna seo a leanas—

(I) €20,000, más rud é, maidir leis an léas cáilitheach nó maidir leis na léasanna cáilitheacha, gur léas é, nó gur léasanna iad, ar feadh théarma cinnte 10 mbliana nó níos mó,

(II) €20,000, más rud é, maidir leis an léas cáilitheach nó maidir leis na léasanna cáilitheacha, gur léas é, nó gur léasanna iad, ar feadh théarma cinnte 7 mbliana nó níos mó, seachas cás ina bhfuil feidhm ag clásal (I), agus

(III) €12,000, in aon chás eile.”.

(2) (a) Faoi réir mhír (b), tá feidhm ag fo-alt (1) mar a leanas—

(i) maidir le fomhíreanna (i) agus (ii) de mhír (a) agus mír (b), amhail ar an agus ón 1 Eanáir 2007; agus

(ii) maidir le mír (a)(iii), amhail ar an agus ón 1 Feabhra 2007.

(b) Tagann fo-alt (1) i ngníomh tar éis don Aire Airgeadais ordú a dhéanamh chuige sin.

Sochair scoir.

17 .— (1) Leasaítear Cuid 30 den Phríomh-Acht—

(a) i gCaibidil 1 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 772:

“Táirgí sochar scoir a cheadú.

772A.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘tionscnóir’ duine a dhéanann gnó deonaithe blianachtaí ar shaol daonna a sheoladh go dleathach agus, más rud é maidir leis an duine sin—

(a) nach gcónaíonn sé nó sí sa Stát, nó

(b) nach bhfuil sé nó sí ag trádáil sa Stát trí bhunáit ghnó,

is gnóthas árachais an duine sin arna údarú chun gnó árachais a dhéanamh sa Stát faoi Threoir 2002/83/CE an 5 Samhain 2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 1 ;

ciallaíonn ‘táirge sochar scoir’ táirge chun sochair iomchuí a sholáthar ar ina leith a bheidh iarratas ar cheadú déanta ag tionscnóir chuig na Coimisinéirí Ioncaim faoin alt seo agus ar fúthu a fhéadfar, má cheadaítear é agus nuair a cheadaítear é, scéim shochar scoir aon-chomhalta a bhunú ar mhodh conartha arna dhéanamh leis an tionscnóir chun an scéim a urrú;

ciallaíonn ‘scéim shochar scoir aon-chomhalta’, i ndáil le táirge sochar scoir, scéim shochar scoir a bhaineann le fostaí aonair;

ciallaíonn ‘téarmaí agus rialacha’, i ndáil le táirge sochar scoir, na forálacha lena rialaítear scéim shochar scoir atá le bunú faoin táirge, is cuma cén t-ainm a thugtar ar na forálacha sin.

(2) Faoi réir an ailt seo, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más cuí leo é, agus faoi réir cibé coinníollacha, más ann, is cuí leo a chur ag gabháil leis an gceadú, táirge sochar scoir a cheadú chun críocha na Caibidle seo.

(3) Faoi réir fho-alt (6), measfar, maidir le scéim shochar scoir, arna bunú faoi tháirge sochar scoir atá arna cheadú de thuras na huaire ag na Coimisinéirí Ioncaim faoi fho-alt (2), gur scéim shochar scoir í atá arna ceadú de thuras na huaire ag na Coimisinéirí Ioncaim chun críocha na Caibidle seo, agus beidh feidhm ag forálacha na Caibidle seo dá réir sin, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an alt seo.

(4) Chun críocha ceadaithe faoi fho-alt (2), déanfaidh tionscnóir táirge sochar scoir iarratas i scríbhinn chun na gCoimisinéirí Ioncaim agus beidh an t-iarratas i cibé foirm, agus beidh cibé faisnéis agus sonraí ann, a chinnfidh na Coimisinéirí Ioncaim ó am go ham.

(5) Ní cheadóidh na Coimisinéirí Ioncaim táirge sochar scoir mura rud é go bhforáiltear mar a leanas leis na téarmaí agus na rialacha—

(a) maidir le ranníocaí atá le híoc in aon bhliain, cibé acu ag fostaí nó ag fostóir, nó thar ceann fostóra, i leith an fhostaí sin, nach bhféadfaidh siad, nuair a chomhiomlánaítear iad, a bheith níos mó ná an méid comhiomlán ranníocaí bliantúla a lamháiltear a asbhaint in aon bhliain ag pearsa aonair de réir alt 774(7)(c), agus

(b) go mbeidh feidhm ag forálacha alt 772(3A).

(6) I gcás athrú a bheith déanta ar na téarmaí agus ar na rialacha lena rialaítear scéim shochar scoir arna bunú faoi tháirge sochar scoir atá ceadaithe de thuras na huaire ag na Coimisinéirí Ioncaim faoi fho-alt (2), ansin, maidir le haon cheadú a mheastar a bheith tugtha don scéim de thuras na huaire faoi fho-alt (3) roimh dháta an athraithe, ní bheidh feidhm aige tar éis dháta an athraithe mura rud é go mbeidh an t-athrú ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim.

(7) Más é tuairim na gCoimisinéirí Ioncaim nach gá, mar gheall ar na fíorais i dtaca le haon táirge sochar scoir, go leanfaidh siad feasta den scéim a cheadú, ansin féadfaidh siad, aon tráth, le fógra i scríbhinn chuig an tionscnóir, a gceadú a tharraingt siar ar cibé forais, agus ó cibé dáta, a shonrófar san fhógra.

(8) I gcás ina ndéanfar ceadú táirge a tharraingt siar de bhun fho-alt (7), déanfar cibé measúnachtaí nó cibé leasuithe ar mheasúnachtaí is cuí chun aon fhaoiseamh arna thabhairt faoin gCaibidil seo de dhroim an ceadú a dheonú a tharraingt siar.

(9) I gcás athrú a bheith déanta ar tháirge sochar scoir, ansin, maidir le haon cheadú arna thabhairt i ndáil leis an táirge roimh an athrú, ní bheidh feidhm aige tar éis dháta an athraithe mura rud é go mbeidh an t-athrú ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim.”,

(b) i gCaibidil 2, in alt 784A(1BA)(b) trí “tráth nach déanaí na an dara mí den bhliain mheasúnachta” a chur in ionad “sa chéad mhí den bhliain mheasúnachta”, agus

(c) i gCaibidil 2C—

(i) in alt 787O, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(5) (a) San fho-alt seo—

ciallaíonn an briathar ‘úsáid’, i ndáil le méid an aistrithe, an méid aistrithe arna úsáid de réir fho-alt (5), (6), (8) nó (9) d’alt 12 den Acht um an Dlí Teaghlaigh 1995 nó, de réir mar a bheidh, de réir fho-alt (5), (6), (8) nó (9) d’alt 17 den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Colscaradh) 1996;

ciallaíonn ‘ordú coigeartaithe pinsin’ ordú arna dhéanamh de réir alt 12(2) den Acht um an Dlí Teaghlaigh 1995 nó, de réir mar a bheidh, alt 17(2) den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Colscaradh) 1996 nó aon athrú ar ordú den sórt sin arna dhéanamh le hordú faoi alt 18(2) nó, de réir mar a bheidh, alt 22(2), faoi seach, de na hAchtanna sin, ar athrú é nár fionraíodh (nó má fionraíodh, nó má fionraíodh tuilleadh, nár athbheodh) nó nár urscaoileadh a oibriú le hordú arna dhéanamh faoin alt sin 18(2) nó, de réir mar a bheidh, faoin alt sin 22(2) de na hAchtanna sin;

tá le ‘sochar ainmnithe’ agus ‘méid an aistrithe’ an bhrí agus an forléiriú a shanntar dóibh, faoi seach, in alt 12 den Acht um an Dlí Teaghlaigh 1995 nó, de réir mar a bheidh, in alt 17 den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Colscaradh) 1996;

(b) Chun críocha na Caibidle seo agus Sceideal 23B, más rud é, ar an dáta sonraithe nó dá éis, go bhfuil pearsa aonair ina chomhalta nó ina comhalta de shocrú pinsin iomchuí agus go bhfuil an socrú pinsin iomchuí, nó go dtagann sé chun bheith, faoi réir ordaithe coigeartaithe pinsin, ansin, d’ainneoin an ordaithe coigeartaithe pinsin, le linn an méid arna chriostalú trí theagmhas criostalaithe sochair a tharlaíonn ar an dáta sonraithe nó dá éis i ndáil leis an bpearsa aonair faoin socrú pinsin iomchuí a ríomh, déanfar—

(i) an sochar ainmnithe is iníoctha de bhun an ordaithe, nó

(ii) i gcás ina mbeidh méid an aistrithe úsáidte, an sochar ainmnithe a bheadh iníoctha de bhun an ordaithe mura mbeadh méid an aistrithe úsáidte amhlaidh,

a chur san áireamh, i leith an teagmhais criostallaithe sochair sin, sa ríomh sin amhail is dá mba rud é nach ndearnadh an t-ordú coigeartaithe pinsin.”,

agus

(ii) in alt 787R(1)(a), trí “de réir ráta 41 faoin gcéad” a chur in ionad “de réir ráta 42 faoin gcéad”.

(2) (a) Faoi réir mhíreanna (b), (c) agus (d), tá éifeacht le fo-alt (1) amhail ar an agus ó dháta rite an Achta seo.

(b) Measfar éifeacht a bheith le mír (b) d’fho-alt (1) amhail ar an agus ón 1 Eanáir 2006.

(c) Measfar éifeacht a bheith le mír (c)(i) d’fho-alt (1) amhail ar an agus ón 7 Nollaig 2005.

(d) Beidh éifeacht le mír (c) (ii) d’fho-alt (1) amhail ar an agus ón 1 Eanáir 2007.

Forálacha a bhaineann le Caibidil 2A (teorannú ar mhéid faoiseamh áirithe arna n-úsáid ag pearsana aonair áirithe atá ar ard-ioncam) de Chuid 15 den Phríomh-Acht.

18 .— (1) Leasaítear Caibidil 2A de Chuid 15 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 485C—

(i) i bhfo-alt (1)—

(I) trí “Sa Chaibidil seo agus i Sceidil 25B agus 25C,” a chur in ionad “Sa Chaibidil seo agus i Sceideal 25B,”,

(II) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhorléiriú “T” san fhoirmle a ghabhann leis an míniú ar “ioncam coigeartaithe”:

“gurb é T méid ioncaim inchánach na pearsan aonair don bhliain chánach, arna chinneadh ar an bhforas—

(a) nach bhfuil feidhm ag an gCaibidil seo, seachas alt 485F, maidir leis an bpearsa aonair don bhliain chánach, agus

(b) más inmheasúnaithe an phearsa aonair, ar duine pósta é nó í, i leith cánach don bhliain chánach ar shlí eile seachas faoi alt 1016, go modhnaítear na forálacha a mbeidh an duine inmheasúnaithe fúthu de réir mhíreanna (i) go (vi) d’alt 485FA,”,

(III) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “faoiseamh ar bharrachas”:

“ciallaíonn ‘Oifigeach Ioncaim’ oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim;”,

(IV) trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad an mhír (b) den mhíniú ar “ioncam imfhálaithe”:

“(b) ioncam dá dtagraítear in alt 261B nó 267M,

(c) ioncam a mhuirearófar i leith cánach de réir chlásal (I) nó (II)(B) d’alt 730J(1)(a)(i) nó alt 730K(1)(b), agus

(d) ioncam a mhuirearófar i leith cánach de réir alt 747D(a)(i) nó alt 747E(1)(b);”,

agus

(V) trí “aon fhaoiseamh a éireoidh faoi aon cheann de na forálacha, nó dá bua,” a chur in ionad “aon cheann de na faoisimh” sa mhíniú ar “faoiseamh sonraithe”,

(ii) trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (a) d’fho-alt (3):

“(a) más rud é, i ndáil le haon bhliain chánach agus leis na liúntais chaipitiúla a bhfuil éifeacht le tabhairt dóibh sa bhliain sin, go gceanglaítear le haon fhoráil de na hAchtanna Cánach go dtabharfar éifeacht do liúntais le haghaidh tréimhse amháin (dá ngairtear na ‘liúntais chéadluaite’ sa mhír seo), nó go measfar go dtabharfar éifeacht dóibh, i dtosaíocht ar liúntais le haghaidh tréimhse eile (dá ngairtear na ‘dara liúntais a luaitear’ sa mhír seo), ansin—

(i) maidir leis na liúntais chéadluaite, tabharfar éifeacht, nó measfar éifeacht a bheith tugtha, de réir mar a bheidh, le haghaidh liúntais nach faoiseamh sonraithe i dtosaíocht ar aon liúntas den sórt sin is liúntas sonraithe agus i dtosaíocht ar na dara liúntais a luaitear, agus

(ii) maidir leis na dara liúntais a luaitear, tabharfar éifeacht, nó measfar éifeacht a bheith tugtha, de réir mar a bheidh, le haghaidh liúntais nach faoiseamh sonraithe i dtosaíocht ar aon liúntas den sórt sin is liúntas sonraithe,

(ab) lamhálfar asbhaint a údaraítear le fo-alt (2) d’alt 97 i leith ní dá ndéantar tagairt go sonrach san fho-alt sin i dtosaíocht ar asbhaint a údaraítear a dhéanamh faoin bhfo-alt sin de bhua faoisimh shonraithe,

(ac) déanfar asbhaint as ioncam iomlán i leith faoisimh a bheidh dlite do bhliain chánach nach faoiseamh sonraithe i dtosaíocht ar aon asbhaint den sórt sin a bheidh dlite don bhliain chánach is faoiseamh sonraithe,”,

agus

(iii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) Beidh éifeacht le Sceidil 25B agus 25C chun críocha na Caibidle seo.”,

(b) in alt 485D(b), trí “na bhfaoiseamh sonraithe arna n-úsáid ag an bpearsa aonair i leith na bliana cánach” a chur in ionad “na bhfaoiseamh sonraithe arna n-úsáid ag an bpearsa aonair sa bhliain chánach”,

(c) trí “ailt 485F agus 485FA” a chur in ionad “alt 485F” d’fhorléiriú “T” san fhoirmle in alt 485E,

(d) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 485F:

“Forálacha a bhaineann le cánachas ar dhaoine pósta a oiriúnú.

485FA.— I gcás ina mbeidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le pearsa aonair nó a chéile nó a céile do bhliain chánach, agus—

(a) ina mbeidh éifeacht le rogha faoi alt 1018 don bhliain chánach (lena n-áirítear rogha a mheastar faoin alt sin) go ndéanfaí iad a mheasúnú i leith cánach de réir alt 1017,

(b) ina mbeidh éifeacht don bhliain sin le hiarratas faoi alt 1023, nó

(c) ina mbeidh feidhm ag forálacha alt 1019(3) don bhliain sin,

i leith na pearsan aonair agus a chéile nó a céile, ansin beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(i) beidh feidhm ag an míniú ar ‘cáin inmhuirearaithe’ in alt 3(1) amhail is dá mba thagairtí d’ioncam inchánach na tagairtí d’ioncam iomlán;

(ii) beidh feidhm ag fo-alt (1) d’alt 1017 amhail is dá gcuirfí an mhír seo a leanas in ionad mhír (a) den fho-alt sin:

‘(a) déanfar an fearchéile a mheasúnú agus a mhuirearú i leith cánach ioncaim, ní amháin i leith a chuid ioncaim inchánach (más ann) don bhliain sin, ach i leith ioncam inchánach a bhanchéile (más ann) freisin d’aon chuid den bhliain mheasúnachta sin a mbeidh sí ina cónaí leis lena linn agus, chun na críche sin agus chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim, measfar gur leis an t-ioncam an t-ioncam deiridh sin a luadh,’;

(iii) déanfar na tagairtí d’ioncam iomlán—

(I) i bhfo-alt (3),

(II) i mír (a) d’fho-alt (4) seachas na tagairtí i bhfomhír (ii) den mhír sin, agus

(III) i bhfo-alt (4)(b),

d’alt 1019 a fhorléiriú mar thagairtí d’ioncam inchánach;

(iv) déanfar an tagairt do mheasúnaithe agus do mhuirearaithe amhlaidh do gach bliain mheasúnachta dá éis in alt 1019(4)(a) a fhorléiriú mar thagairt—

(I) do mheasúnaithe agus do mhuirearaithe i leith a hioncaim inchánach (más ann) agus ioncam inchánach (más ann) a fearchéile do gach bliain mheasúnachta dá éis, i gcás ina bhfuil feidhm ag an gCaibidil seo, do bhliain cánach, maidir le ceachtar céile nó maidir leis an dá chéile, agus

(II) do mheasúnaithe agus do mhuirearaithe i leith a hioncaim iomláin (más ann) agus ioncam iomlán (más ann) a fearchéile do gach bliain mheasúnachta dá éis, in aon chás eile;

(v) déanfar an tagairt in alt 1019(4)(b) don bhean chéile a mheasúnú amhlaidh i leith cánach ioncaim don bhliain mheasúnachta ina ndéanfar an fógra sin nó an t-iarratas sin a tharraingt siar agus do gach bliain mheasúnachta dá éis a fhorléiriú mar thagairt dóibh seo a leanas—

(I) an bhean chéile a mheasúnú i leith cánach ioncaim maidir lena hioncam inchánach féin (más ann) agus maidir leis an ioncam inchánach (más ann) a bheidh ag a fearchéile don bhliain mheasúnachta ina ndéanfar an fógra sin nó an t-iarratas sin a tharraingt siar agus do gach bliain mheasúnachta dá éis, i gcás ina bhfuil feidhm ag an gCaibidil seo, do bhliain chánach, maidir le ceachtar céile nó maidir leis an dá chéile, agus

(II) an bhean chéile a mheasúnú i leith cánach ioncaim maidir lena hioncam iomlán féin (más ann) agus maidir leis an ioncam iomlán (más ann) a bheidh ag a fearchéile don bhliain mheasúnachta ina ndéanfar an fógra sin nó an t-iarratas sin a tharraingt siar agus do gach bliain mheasúnachta dá éis, in aon chás eile;

agus

(vi) i gcás ina mbeidh feidhm ag mír (a) nó (c) maidir le pearsa aonair agus lena chéile nó lena céile do bhliain chánach, ansin—

(I) a mhéid is mó an sochar ó cibé asbhaintí a shonraítear sna forálacha dá dtagraítear i gCuid 1 den Tábla a ghabhann le halt 458 don bhliain chánach ná an cháin ioncaim is inmhuirearaithe ar ioncam na pearsan aonair don bhliain chánach, úsáidfear an t-iarmhéid chun an cháin ioncaim is inmhuirearaithe ar ioncam chéile na pearsan aonair don bhliain sin a laghdú, agus

(II) a mhéid is mó an sochar ó na hasbhaintí sin ná an cháin ioncaim is inmhuirearaithe ar ioncam an chéile don bhliain sin, úsáidfear an t-iarmhéid chun an cháin ioncaim is inmhuirearaithe ar ioncam na pearsan aonair don bhliain sin a laghdú.

Ceanglas meastacháin agus faisnéis a sholáthar.

485FB.— (1) San alt seo—

tá le ‘duine inmhuirearaithe’ agus ‘dáta tuairisceáin sonraithe don tréimhse inmhuirearaithe’ na bríonna céanna atá leo i gCuid 41;

ciallaíonn “foirm fhorordaithe” foirm arna forordú ag ag na Coimisinéirí Ioncaim nó foirm arna húsáid faoi údarás na gCoimisinéirí Ioncaim, agus folaíonn sé foirm ina n-áirítear ráiteas a sholáthar trí aon phróiseas leictreonach nó fótagrafach nó trí aon phróiseas eile arna cheadú ag na Coimisinéirí Ioncaim.

(2) I gcás ina bhfuil feidhm ag an gCaibidil seo maidir le pearsa aonair do bhliain chánach, measfar gur duine inmhuirearaithe an phearsa aonair sin don bhliain sin chun críocha Chuid 41, mura rud é gur duine inmhuirearaithe é nó í ar shlí eile.

(3) I gcás feidhm a bheith ag an gCaibidil seo maidir le pearsa aonair do bhliain chánach déanfaidh an phearsa aonair sin, chomh maith leis an tuairisceán is gá a sheachadadh faoi alt 951, ráiteas iomlán fírinneach i bhfoirm fhorordaithe a ullmhú agus a sheachadadh ar an Ard-Bhailitheoir an tráth céanna leis an tuairisceán, agus in éineacht leis an tuairisceán, a cheanglaítear a sheachadadh faoi alt 951 ar an dáta tuairisceáin sonraithe don tréimhse inmhuirearaithe, nó roimhe, ar ráiteas é i dtaobh na mionsonraí a éilítear leis an bhfoirm maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) na méideanna arb iad comhiomlán na bhfaoiseamh sonraithe iad,

(b) cinneadh na méideanna sin, agus

(c) na meastacháin a éilítear le fo-alt (4),

agus i dtaobh cibé sonraí eile i ndáil leis an gCaibidil seo a éileofar leis an bhfoirm fhorordaithe.

(4) Is iad na meastacháin a éilítear leis an bhfo-alt seo meastacháin—

(a) ar ioncam inchánach na pearsan aonair don bhliain arna chinneadh amhail is nach raibh feidhm ag an gCaibidil seo, seachas alt 485F, maidir leis an bpearsa aonair don bhliain sin,

(b) ar ioncam inchánach na pearsan aonair arna chinneadh de réir alt 485E, agus

(c) ar an méid cánach is ceart a mheasúnú ar an bpearsa aonair de dhroim an Chaibidil seo a chur chun feidhme,

agus déanfar na meastacháin sin de réir mar is fearr is eol don phearsa aonair agus mar a chreideann sé nó sí.

(5) I gcás feidhm a bheith ag an gCaibidil seo maidir le fearchéile agus banchéile araon, nach daoine iad lena mbaineann alt 1016, ansin beidh gá le ráitis ar leithligh faoin alt seo ón bhfearchéile agus ón mbanchéile araon agus déanfar an dá ráiteas ar an bhfoirm fhorordaithe chéanna (dá ngairtear ‘comhráiteas’ san fho-alt seo) agus folóidh tagairtí san alt seo, seachas san fho-alt seo, do ráiteas is gá a sheachadadh faoin alt seo tagairtí do chomhráiteas.

(6) (a) D’fhonn a chinneadh—

(i) an bhfuil nó nach bhfuil aon mhionsonraí, sonraí nó meastacháin atá sa ráiteas dá dtagraítear i bhfo-alt (3) cruinn, nó

(ii) cibé acu is pearsa aonair lena mbaineann an Chaibidil seo pearsa aonair nár sholáthair ráiteas faoin alt seo nó nach ea,

féadfaidh oifigeach Ioncaim cibé fiosrúcháin a dhéanamh nó cibé bearta a dhéanamh a bhfuil cumhachtaí aige nó aici a dhéanamh agus is dóigh leis nó léi is gá chun na nithe atá leagtha amach i bhfomhír (i) nó (ii) a chinneadh, lena n-áirítear, i gcás fhomhír (ii), a cheangal le fógra i scríbhinn ar an bpearsa aonair mionsonraí i ndáil le gach foráil ar ina leith atá faoiseamh cánach á éileamh ag an bpearsa aonair do bhliain chánach mar aon le méid gach éilimh ar leithligh agus na sonraí i ndáil le gach éileamh ar leithligh faoin bhforáil sin a thabhairt don oifigeach laistigh de cibé tréimhse ama, nach giorra ná 14 lá, dá bhforálfar leis an bhfógra.

(b) Ní bheidh feidhm ag fomhír (ii) de mhír (a) ach amháin maidir le pearsa aonair a mbeidh tuairisceán tugtha aige nó aici faoi alt 951 do bhliain chánach agus a bhfuil a ioncam nó a hioncam, lena n-áirítear ioncam atá díolmhaithe ó cháin, ó gach bunadh agus gan aird a thabhairt ar na hasbhaintí, na liúntais ná na faoisimh chánach eile go léir, ar cóimhéid leis an méid tairsí nó gur mó ná an méid tairsí é.

(7) Beidh feidhm ag fo-ailt (9) agus (10) d’alt 951 maidir le ráiteas is gá a sheachadadh faoin alt seo mar atá feidhm acu maidir le tuairisceán is gá a sheachadadh faoin alt sin, agus chun na críche sin déanfar tagairt sna fo-ailt sin do thuairisceán, seachas tagairt don dáta tuairisceáin sonraithe don tréimhse inmhuirearaithe, a fhorléiriú mar thagairt do ráiteas faoin alt seo.

(8) Beidh feidhm ag alt 1052 maidir le mainneachtain ag pearsa aonair ráiteas faoin alt seo nó na sonraí, na méideanna agus na mionsonraí dá dtagraítear i bhfo-alt (6) a sheachadadh mar atá feidhm aige maidir le mainneachtain tuairisceán dá dtagraítear in alt 1052 a sheachadadh.”,

agus

(e) in alt 485G—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (i) d’fho-alt (2)(a):

“(i) chun críocha Chuid 9 agus na Coda sin mar a chuirtear chun feidhme í chun críocha aon fhorála eile de na hAchtanna Cánach, déanfar méid aon fhaoisimh shonraithe a úsáideann an phearsa aonair sa bhliain chánach a chinneadh gan féachaint d’fheidhm alt 485E maidir leis an bpearsa aonair don bhliain sin,”,

(ii) i bhfomhír (iii) d’fho-alt (2)(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad “méid fhaoiseamh breise na pearsan aonair don bhliain ina n-éiríonn an muirear cothromaíochta, móide aon fhaoiseamh breise a thugtar ar aghaidh chuig an mbliain sin agus nach n-asbhaintear nó nach n-asbhaintear go hiomlán don bhliain sin”:

“a gcomhshuim seo a leanas—

(I) méid fhaoiseamh breise na pearsan aonair don bhliain ina n-éiríonn an muirear cothromaíochta, agus

(II) méid aon fhaoisimh breise a thugtar ar aghaidh chuig an mbliain sin agus nach n-asbhaintear don bhliain sin,”,

(iii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad chlásal (I) d’fho-alt (2)(b)(i):

“(I) méid bharrachas faoisimh na pearsan aonair a bheidh tugtha ar aghaidh go dtí an bhliain ina n-éireoidh an muirear cothromaíochta agus nach mbeidh asbhainte nó asbhainte go hiomlán don bhliain sin, sula ndéantar aon laghdú faoi threoir mhír (a)(iii), agus”,

agus

(iv) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) (a) I gcás feidhm a bheith ag an gCaibidil seo maidir le pearsa aonair do bhliain chánach, ansin, a mhéid atá ioncam inchánach na pearsan aonair, arna chinneadh de réir alt 485E, níos mó ná méid na mbrabús, na ngnóchan nó an ioncaim ar ina leith atá an phearsa aonair inmhuirearaithe faoi Sceidil C, D, E agus F, measfar, d’ainneoin aon fhorála eile de na hAchtanna Cánach, gurb ionann méid an bharrachais agus méid ioncaim is inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim faoi Chás IV de Sceideal D, ach—

(i) ní dhéanfar an méid is inmhuirearaithe amhlaidh a áireamh le linn ioncam iomlán na pearsan aonair don bhliain sin a ríomh, agus

(ii) déanfar neamhshuim den mhír seo chun na nithe seo a leanas a chinneadh—

(I) an ceart feidhm a bheith ag an gCaibidil seo maidir le pearsa aonair do bhliain chánach, agus

(II) méid “T” san fhoirmle sa mhíniú ar ‘ioncam coigeartaithe’ in alt 485C(1) agus san fhoirmle in alt 485E.

(b) Aon mheasúnacht i leith cánach ioncaim a bheidh le déanamh maidir le pearsa aonair do bhliain chánach, déanfar, d’ainneoin aon fhorála eile de na hAchtanna Cánach, aon mhéid is inmhuirearaithe ar an bpearsa aonair i leith cánach ioncaim de bhua mhír (a) a áireamh inti, i dteannta aon ioncaim, brabús nó gnóchan de chuid na pearsan aonair is inmhuirearaithe thairis sin i leith cánach ioncaim, agus beidh feidhm ag forálacha na nAchtanna Cánach, lena n-áirítear go háirithe na forálacha sin a bhaineann le cáin a mheasúnú, a bhailiú agus a ghnóthú agus le hús a íoc ar cháin neamhíoctha, maidir le haon mhéid is inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim de bhua mhír (a).

(c) Dá mba rud é, murach an Chaibidil seo, nach ndéanfaí aon mheasúnacht i leith cánach ioncaim ar phearsa aonair do bhliain chánach, ansin déanfaidh oifigeach Ioncaim, d’ainneoin aon fhorála eile de na hAchtanna Cánach, measúnacht i leith cánach ioncam ar an bpearsa aonair go feadh bhreithiúnas an oifigigh maidir leis na méideanna is inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim, lena n-áirítear aon mhéid is inmhuirearaithe de bhua mhír (a), agus beidh feidhm ag forálacha na nAchtanna Cánach, lena n-áirítear, go háirithe, na forálacha sin a bhaineann le cáin a mheasúnú, a bhailiú agus a ghnóthú, agus le hús a íoc ar cháin neamhíoctha, maidir leis na nithe seo a leanas—

(i) aon mhéid is inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim de bhua mhír (a), agus

(ii) aon mheasúnacht i leith cánach ioncaim arna déanamh ar an bpearsa aonair de bhua na míre seo.”.

(2) Leasaítear Sceideal 25B den Phríomh-Acht—

(a) ag uimhir thagartha 13, i gcolún (3), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (iii) de mhír (a):

“(iii) foirgneamh nó déanmhas a meastar gur foirgneamh nó déanmhas é atá á úsáid chun críocha trádála dá dtagraítear in alt 268(1)(g) de bhua alt 268(3B),

ach ní dhéanfar aon liúntas dá dtagraítear in alt 272(3)(c)(iii) a áireamh sa chomhiomlán,”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh na hiontrála ag uimhir thagartha 15:

15A

Alt 304(4) (cáin ioncaim: liúntais agus muirir le linn trádáil a chur faoi cháin, etc.).

Méid atá comhionann—

(a) maidir leis an mbliain chánach 2007, leis an méid a chinnfear de réir mhír 1 de Sceideal 25C mar mhéid is inchurtha i leith faoiseamh sonraithe lúide aon chuid den mhéid sin (dá ngairtear an ‘barrachas’ san fhoráil seo) nach bhféadfar éifeacht a thabhairt ina leith sa bhliain chánach sin, agus

(b) maidir le haon bhliain chánach dá éis, leis an mbarrachas nó leis an gcuid sin den bharrachas a dtabharfar éifeacht ina leith sa bhliain chánach sin dá éis.

15B

Alt 305(1) (cáin ioncaim: modh deonaithe liúntas, agus éifeacht liúntas, a thabharfar ar mhodh urscaoileadh nó aisíoc cánach).

Méid is comhionann—

(a) maidir leis an mbliain chánach 2007, leis an méid a chinnfear de réir mhír 3 de Sceideal 25C mar mhéid is inchurtha i leith faoiseamh sonraithe lúide aon chuid den mhéid sin (dá ngairtear an ‘barrachas’ san fhoráil seo) nach bhféadfar éifeacht a thabhairt ina leith sa bhliain chánach sin, agus

(b) maidir le haon bhliain chánach dá éis, leis an mbarrachas nó leis an gcuid sin den bharrachas a dtabharfar éifeacht ina leith sa bhliain chánach sin dá éis:

”,

(c) ag uimhir thagartha 38, i gcolún (3), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) an méid a chinnfear de réir na foirmle—

(G + E) — (D + R)

más rud é—

gurb é G comhiomlán ollmhéid gach cíosa a gheobhaidh an phearsa aonair le haghaidh na bliana cánach,

gurb é E fáltais iomlána na pearsan aonair ó éasúintí le haghaidh na bliana cánach,

gurb é D an méid iomlán asbhaintí a údaraítear le halt 97(2) a bhfuil an phearsa aonair ina dteideal le haghaidh na bliana cánach ar leith ó aon asbhaint a údaraítear le halt 372AP nó le halt 372AU, agus

gurb é R an méid a gcinnfear faoin Sceideal seo gurb é an méid d’fhaoiseamh sonraithe i leith alt 372AP é, ach ní mó an méid a chinnfear amhlaidh ná an méid a chinnfear de réir na foirmle—

(G + E) — D

i gcás ina bhfuil na bríonna céanna le G, E agus D atá leo sa chéad fhoirmle sa mhír seo,”,

(d) ag uimhir thagartha 41, i gcolún (3), trí “i leith faoisimh shonraithe” a chur in ionad “i leith liúntas caipitiúil, is liúntais ar faoisimh shonraithe iad”,

(e) ag uimhir thagartha 43, i gcolún (3), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an ábhair láithrigh:

“A mhéid atá an barrachas dá dtagraítear in alt 384 inchurtha i leith faoisimh shonraithe, méid an bharrachais nó aon chuid den bharrachas is inchurtha amhlaidh a dtugtar faoiseamh don phearsa aonair ina leith faoin alt sin don bhliain chánach lúide aon chuid den bharrachas sin nach féidir faoiseamh a thabhairt ina leith faoin alt sin don bhliain sin.”,

(f) ag uimhir thagartha 51, i gcolún (3), trí “a baineadh as aon ioncam de chuid na pearsan aonair nó a fritháiríodh ina choinne ” a chur in ionad “a baineadh as ioncam iomlán na pearsan aonair”, agus

(g) ag uimhir thagartha 52, i gcolún (3), trí “a baineadh as aon ioncam de chuid na pearsan aonair, nó a fritháiríodh ina choinne” a chur in ionad “a baineadh as ioncam iomlán na pearsan aonair”.

(3) Leasaítear an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Sceideal 25B:

“Alt 485C.

SCEIDEAL 25C

An Méid Faoisimh a Chinneadh a nDéileálfar leis mar Mhéid is Inchurtha i leith Faoiseamh Sonraithe maidir le Faoiseamh a Tugadh ar aghaidh ó Bhliain Cánach 2006 go Bliain Cánach 2007

Cinneadh mhéid na liúntas caipitiúil a tugadh ar aghaidh faoi alt 304 agus is inchurtha i leith faoiseamh sonraithe.

1. (1) Más rud é, i ndáil le haon aon trádáil nó gairm a sheolann pearsa aonair, go dtarlóidh, aon liúntais nó cuid d’aon liúntais den sórt sin arna dtabhairt faoi Chuid 9, lena n-áirítear an Chuid sin arna cur chun feidhme le haon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach, do bhliain chánach 2006 i leith na pearsan aonair le linn trádáil nó gairm na pearsan aonair a bheith a chur faoi cháin—

(a) go ndéanfar, de réir alt 304(4), iad a chur le méid na liúntas atá le tabhairt don phearsa aonair faoin gCuid sin don bhliain chánach 2007, nó

(b) mura bhfuil aon liúntais den sórt sin ann sa bhliain 2007, go measfar ina leith, de réir an ailt sin, gurb iad na liúntais iad faoin gCuid sin don bhliain sin,

ansin, déanfar an méid a chuirtear leis amhlaidh nó a mheastar amhlaidh (dá ngairtear an ‘faoiseamh ar aghaidh’ i bhfomhír (2)), ar é an méid é atá le háireamh mar mhéid is inchurtha i leith faoiseamh sonraithe, a chinneadh de réir fhomhír (2) don bhliain chánach 2007.

(2) An méid dá dtagraítear i bhfomhír (1), is méid é arna chinneadh de réir na foirmle—

RF x SR

TR

más rud é—

gurb é RF an faoiseamh ar aghaidh,

gurb é SR comhiomlán mhéideanna na liúntas a tugadh don phearsa aonair faoi Chaibidil 1 de Chuid 9 (ar liúntais iad a tugadh i leith faoisimh shonraithe nó faoiseamh sonraithe) le linn trádáil nó gairm na pearsan aonair a chur faoi cháin i leith na bliana cánach 2006 agus gach ceann de na 3 bliana cánach roimhe sin, seachas aon liúntais den sórt sin nó cuid de liúntais den sórt sin—

(a) a cuireadh leis na liúntais atá le tabhairt le halt 304(4) in aghaidh aon cheann de na blianta sin, nó

(b) a measadh ina leith leis an alt sin gur liúntais iad d’aon cheann de na blianta sin,

agus

gurb é TR comhiomlán na liúntas a tugadh don phearsa aonair faoi Chuid 9, lena n-áirítear an Chuid sin arna cur chun feidhme le haon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach, le linn trádáil nó gairm na pearsan aonair a chur faoi cháin i leith na bliana cánach 2006 agus gach ceann de na 3 bliana cánach roimhe sin, seachas aon liúntais den sórt sin nó cuid de liúntais den sórt sin—

(a) a cuireadh leis na liúntais atá le tabhairt le halt 304(4) in aghaidh aon cheann de na blianta sin, nó

(b) ar ina leith a measadh leis an alt sin gurbh iad na liúntais iad d’aon cheann de na blianta sin.

Cinneadh mhéid na gcaillteanas arna dtabhairt ar aghaidh faoi alt 382 agus is inchurtha i leith faoiseamh sonraithe.

2. (1) Más rud é, i ndáil le haon trádáil nó gairm a sheolann pearsa aonair, go ndéantar caillteanas a thabhairt ar aghaidh ón mbliain chánach 2006 go dtí an bhliain chánach 2007 de réir alt 382, ansin déanfar méid an chaillteanais arna thabhairt ar aghaidh amhlaidh (dá ngairtear an ‘faoiseamh a tugadh ar aghaidh’ i bhfomhír (2)), ar méid é atá le háireamh mar chaillteanas is inchurtha i leith faoisimh shonraithe, a chinneadh, chun críocha Sceideal 25B, don bhliain chánach 2007 de réir fhomhír (2).

(2) An méid dá dtagraítear i bhfomhír (1), is é an méid é a chinntear de réir na foirmle—

RF x SR

TR

más rud é—

gurb é RF méid an fhaoisimh a tugadh ar aghaidh,

gurb é SR suim—

(DR + SA)

más rud é—

gurb é DR comhiomlán mhéideanna na n-asbhaintí breise a raibh teideal ag an bpearsa aonair chucu faoi ailt 324, 333, 345, 354 agus faoi mhír 13 de Sceideal 32 i leith na trádála nó na gairme don bhliain chánach 2006 agus na 3 bliana cánach roimhe sin, ach ní bheidh an méid i leith gach bliana atá le cur san áireamh sa chomhiomlán níos mó ná méid a chinnfear de réir na foirmle—

(L — CA)

más rud é—

gurb é L méid an chaillteanais don bhliain sin a raibh an phearsa aonair i dteideal éileamh a dhéanamh ina leith faoi alt 381 i leith na trádála nó na gairme sin, agus

gurb é CA méid aon éilimh arna dhéanamh sa bhliain sin ag an bpearsa aonair i leith na trádála nó na gairme sin de bhua fhorálacha Chaibidil 2 de Chuid 12, agus

agus

gurb é SA comhiomlán mhéideanna na liúntas arna dtabhairt don phearsa aonair faoi Chaibidil 1 de Chuid 9, lena n-áirítear an Chaibidil sin arna cur chun feidhme le haon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach, (ar liúntais iad arna dtabhairt i leith faoisimh shonraithe nó faoiseamh sonraithe) le linn trádáil nó gairm na pearsan aonair a chur faoi cháin i leith na bliana cánach 2006 agus gach ceann de na 3 bliana cánach roimhe sin, seachas aon liúntais den sórt sin nó aon chuid de liúntais den sórt sin—

(a) a cuireadh leis na liúntais atá le tabhairt d’aon cheann de na blianta sin le halt 304(4), nó

(b) ar ina leith a measadh leis an alt sin gurbh iad na liúntais iad d’aon cheann de na blianta sin,

ach ní dhéanfar na liúntais a tugadh don phearsa aonair i leith aon bhliana a áireamh sa chomhiomlán ach amháin más rud é go ndearnadh éileamh i leith na liúntas sin don bhliain sin de bhua fhorálacha Chaibidil 2 de Chuid 12,

gurb é TR comhshuim—

(TL + TA)

más rud é—

gurb é TL comhiomlán mhéideanna na gcaillteanas atá cáilithe le haghaidh faoisimh faoi alt 381 i leith na trádála nó na gairme sin don bhliain chánach 2006 agus do gach ceann de na 3 bliana cánach roimhe sin lúide méid aon éilimh arna dhéanamh in aon cheann de na blianta sin ag an bpearsa aonair i leith na trádála nó na gairme sin de bhua fhorálacha Chaibidil 2 de Chuid 12 agus,

gurb é TA comhiomlán mhéideanna na liúntas a tugadh don phearsa aonair faoi Chuid 9, lena n-áirítear an Chuid sin arna cur chun feidhme le haon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach, le linn thrádáil nó ghairm na pearsan aonair a chur faoi cháin i leith na bliana cánach 2006 agus i leith gach ceann de na 3 bliana cánach roimhe sin, seachas aon liúntais den sórt sin nó aon chuid de liúntais den sórt sin—

(a) a cuireadh leis na liúntais a bhí le tabhairt le halt 304(4) d’aon cheann de na blianta sin, nó

(b) ar ina leith a measadh leis an alt sin gurbh iad na liúntais iad d’aon cheann de na blianta sin,

ach ní dhéanfar na liúntais a tugadh don phearsa aonair i leith aon bhliana a chur san áireamh sa chomhiomlán, ach amháin más rud é go ndearnadh éileamh i leith na liúntas sin don bhliain sin de bhua fhorálacha Chaibidil 2 de Chuid 12.

Cinneadh mhéid na liúntas caipitiúil arna dtabhairt le linn ioncam a mhuirearú faoi Chás V de Sceideal D agus arna dtabhairt ar aghaidh faoi alt 305 atá inchurtha i leith faoiseamh sonraithe.

3. (1) Más rud é—

(a) maidir le hiarmhéid aon liúntas, nó maidir le cuid de liúntais den sórt sin, arna dtabhairt faoi Chaibidil 1 de Chuid 9, lena n-áirítear an Chaibidil sin arna cur chun feidhme le haon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach, don bhliain chánach 2006 do phearsa aonair le linn ioncam a mhuirearú faoi Chás V de Sceideal D, nó

(b) má dhéantar roghnú de réir alt 305(1)(b) i leith na liúntas sin nó cuid de na liúntais sin, maidir le hiarmhéid an bharrachais i leith na bliana sin dá dtagraítear in alt 305(1)(b)(ii),

go bhfuil sé ar fáil, de réir alt 305(1), lena asbhaint ó ioncam na pearsan aonair, nó go ndéantar é a fhritháireamh in aghaidh ioncam na pearsan aonair is inmhuirearaithe faoi Chás V de Sceideal D don bhliain chánach 2007, ansin déanfar méid an iarmhéid nó, de réir mar a bheidh, méid iarmhéid an bharrachais (dá ngairtear an ‘faoiseamh a thugtar ar aghaidh’ i bhfomhír (2)), ar méid é atá le háireamh mar méid atá inchurtha i leith faoiseamh sonraithe, a chinneadh don bhliain chánach 2007 de réir fhomhír (2).

(2) An méid dá dtagraítear i bhfo-mhír (1), is méid é a chinnfear de réir na foirmle—

RF x SR

TR

más rud é—

gurb é RF méid an fhaoisimh a thugtar ar aghaidh,

gurb é SR comhiomlán mhéideanna na liúntas (ar liúntais iad arna dtabhairt i leith faoisimh shonraithe nó faoiseamh sonraithe) a thugtar don phearsa aonair faoi Chaibidil 1 de Chuid 9, lena n-áirítear an Chaibidil sin arna cur chun feidhme le haon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach, le linn ioncam na pearsan aonair a mhuirearú don bhliain chánach 2006 agus do gach ceann de na 3 bliana roimhe sin faoi Chás V de Sceideal D, agus

gurb é TR comhiomlán mhéideanna na liúntas arna dtabhairt don phearsa aonair faoi Chaibidil 1 de Chuid 9, lena n-áirítear an Chaibidil sin arna cur chun feidhme le haon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach, le linn ioncam na pearsan aonair a mhuirearú don bhliain chánach 2006 agus do gach ceann de na 3 bliana cánach roimhe sin faoi Chás V de Sceideal D.

Cinneadh mhéid an bharrachais a thugtar ar aghaidh faoi alt 384 agus is inchurtha i leith faoiseamh áirithe.

4. (1) Más rud é, de réir alt 384, go ndéanfar barrachas den chineál dá dtagraítear san alt sin a thabhairt ar aghaidh ón mbliain chánach 2006 chuig an mbliain chánach 2007 agus a bheidh ar fáil lena asbhaint ó mhéid bhrabúis nó ghnóchain na pearsan aonair is inmhuirearaithe i leith cánach faoi Chás V de Sceideal D, nó le fritháireamh ina n-aghaidh, ansin déanfar, chun críocha Sceideal 25B, méid an bharrachais arna thabhairt ar aghaidh amhlaidh (dá ngairtear ‘an faoiseamh a thugtar ar aghaidh’ i bhfo-alt (2)) agus atá le háireamh mar mhéid is inchurtha i leith faoiseamh sonraithe a chinneadh, don bhliain chánach 2007, de réir fho-alt (2).

(2) An méid dá dtagraítear i bhfo-alt (1) is méid é a chinnfear de réir na foirmle—

RF x SR

TR

más rud é—

gurb é RF méid an fhaoisimh a thugtar ar aghaidh,

gurb é SR comhiomlán mhéideanna na n-asbhaintí a raibh an phearsa aonair i dteideal iad a asbhaint faoi ailt 372AP agus 372AU, don bhliain chánach 2006 agus do gach ceann de na 3 bliana cánach roimhe sin, agus

gurb é TR comhiomlán mhéideanna na n-asbhaintí a raibh an phearsa aonair i dteideal iad a asbhaint faoi alt 92(2), lena n-áirítear asbhaintí arna n-údarú faoin alt sin de bhua ailt 372AP agus 372AU, don bhliain chánach 2006 agus do gach ceann de na 3 bliana cánach roimhe sin.

Ceart chun bonn cionroinnte éagsúil a lorg.

5. (1) Mura bhfuil an phearsa aonair sásta le cinneadh aon mhéid faoi mhíreanna 1 go 4 féadfaidh sé nó sí, trí fhógra i scríbhinn chun na gCoimisinéirí Ioncaim, iarratas a dhéanamh go gcuirfí ina ionad méid arna chinneadh faoi threoir cibé tréimhse leanúnach is faide nó is gaire roimh an mbliain chánach 2006, ach a mbeidh an bhliain chánach sin i gcónaí ar áireamh inti, is dóigh leis an bpearsa aonair a thabharfaidh toradh is cothroime réasúnaí.

(2) I gcás go ndéanfar iarratas faoi fhomhír (1), eiseoidh na Coimisinéirí Ioncaim cinneadh i scríbhinn chuig an bpearsa aonair, ar cinneadh é, lena nglacfaidh siad leis an méid nó leis na méideanna ar an mbonn á mholadh ag an bpearsa aonair ag leagan amach méid cóir réasúnach arna chinneadh faoi threoir tréimhse ama éigin eile nó, lena ndaingneoidh siad an mhéid a cinneadh faoi mhíreanna 1 go 4.

(3) Murar bhfuil pearsa aonair sásta le cinneadh na gCoimisinéirí Ioncaim faoi fhomhír (2), féadfaidh sé nó sí le fógra i scríbhinn arna thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh de 30 lá tar éis an cinneadh a fháil faoi fhomhír (2) achomharc a dhéanamh chun na Coimisinéirí Achomhairc.

(4) Déanfaidh na Coimisinéirí Achomhairc achomharc a bheidh déanta chucu faoi fhomhír (3) a éisteacht agus a chinneadh ionann is dá mba achomharc é in aghaidh measúnachta cánach ioncaim agus, beidh feidhm dá réir sin, fara aon mhodhnuithe is gá, ag forálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le hachomharc den sórt sin agus le hachomharc a athéisteacht agus le cás a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil ar phonc dlí.

(5) Le linn iarratas faoi fhomhír (1) nó achomharc faoi fhomhír (3) a bhreithniú ní thabharfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ná na Coimisinéirí Achomhairc aon aird ar iarratas nó achomharc ar ina leith—

(a) nach mór éifeacht a bheith tugtha d’fhaoisimh shonraithe i dtosaíocht ar fhaoisimh nach faoisimh shonraithe iad, mura rud é go n-údaraítear tosaíocht den sórt sin le foráil de na hAchtanna Cánach, nó

(b) faoi réir fho-mhíreanna (1) go (4), nach mór méid a chinneadh ar shlí seachas mar a fhoráiltear leis an Sceideal seo.

(6) I gcás ina ndéanfar méid arna chinneadh de réir na míre seo (dá ngairtear ‘an méid nua’ sa mhír seo) a chur in ionad méid arna chinneadh faoi mhír 1, 2, 3 nó 4, measfar gurb é an méid nua an méid arna chinneadh faoi mhír 1, 2, 3 nó 4, de réir mar a bheidh.”.

(4) Tá feidhm ag an alt seo maidir leis an mbliain mheasúnachta 2007 agus le blianta measúnachta dá héis.

class="0 6 0 justify 1 0"class="0 6 0 justify 1 0"