An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( Caibidil 2 Cáin Ioncaim ) Ar Aghaidh ( Caibidil 4 Cáin Chorparáide )

11 2007

An tAcht Airgeadais 2007

Caibidil 3

Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil

Leasú ar Chuid 16 (faoiseamh ó cháin ioncaim i leith infheistíochta i dtrádálacha corpraithe — an scéim um leathnú gnó agus an scéim síolchaipitil) den Phríomh-Acht.

19 .— (1) Leasaítear Cuid 16 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 488(1) —

(i) i mír (d) den mhíniú ar “tréimhse iomchuí” trí “bliain amháin” a chur in ionad “2 bhliain” sa dá áit ina bhfuil sé, agus

(ii) sa mhíniú ar “cuideachta neamhluaite” trí “Malartán Fiontraíochta na hÉireann” a chur in ionad “Margadh na gCuideachtaí Forásacha” agus “ar Mhalartán Fiontraíochta na hÉireann” a chur in ionad “ar Mhargadh na gCuideachtaí Forásacha”,

(b) in alt 489—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4B) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2004):

“(4C) D’ainneoin aon fhorála eile den alt seo, más rud é—

(a) (i) go bhfuil faoiseamh dlite de réir alt 508 maidir le méid arna shuibscríobh, i gcáil ainmnithigh thar ceann pearsan aonair cáilithí, ag bainisteoirí ciste ainmnithe,

(ii) gur suibscríobhadh an méid arna shuibscríobh amhlaidh i leith an chiste ainmnithe sa tréimhse dar tosach an 1 Eanáir 2007 agus dar críoch an 31 Eanáir 2007, agus

(iii) go ndéanfar na scaireanna cáilithe, ar ina leith a suibscríobhadh an méid ag bainisteoirí an chiste ainmnithe, a eisiúint an 31 Nollaig 2007, nó roimhe,

(b) go ndéanfaidh cuideachta cháilitheach scaireanna cáilithe a eisiúint chuig pearsa aonair cháilitheach sa tréimhse dar tosach an 1 Eanáir 2007 agus dar críoch 31 Eanáir 2007,

ansin féadfaidh an phearsa aonair cháilitheach, trí fhógra i scríbhinn chuig an gcigire, a roghnú go ndéanfar an faoiseamh a bheidh dlite a thabhairt mar asbhaint óna ioncam iomlán nó óna hioncam iomlán don bhliain mheasúnachta 2006 in ionad (de réir mar a fhoráiltear i bhfo-alt (3)) é a thabhairt mar asbhaint óna ioncam iomlán nó óna hioncam iomlán don bhliain mheasúnachta 2007 agus, i gcás ina ndéanfar roghnú amhlaidh, is de réir alt 490(2) mar a bhí feidhm aige don bhliain mheasúnachta 2006 a bheidh an faoiseamh a thabharfar don bhliain sin.”,

agus

(ii) i bhfo-alt (15) trí “31 Nollaig 2013” a chur in ionad “31 Nollaig 2006”,

(c) in alt 490—

(i) i bhfo-alt (2) trí “€100,000 i gcás infheistíochta iomchuí, nó €150,000 in aon chás eile” a chur in ionad “€31,750”,

(ii) i bhfo-alt (3)(a) trí “, (4B) nó (4C)” a chur in ionad “nó (4B)”, agus

(iii) i bhfo-ailt (3)(b) agus (4)(b) trí “2013” a chur in ionad “2006”,

(d) in alt 491—

(i) i bhfo-ailt (2)(a) agus (3)(a)—

(I) trí “1 Eanáir 2007” a chur in ionad “1 Eanáir 2002”, agus

(II) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “A” san fhoirmle:

“gurb é A €2,000,000,”,

(ii) trí fho-ailt (2)(b) agus (3)(b) a scriosadh, agus

(iii) i bhfo-alt (3A)—

(I) trí “12 mhí” a chur in ionad “6 mhí”, agus

(II) trí “€1,500,000” a chur in ionad “€750,000”,

(e) in alt 493 i bhfo-alt (8)(a)(i) trí “€500,000” a chur in ionad “€317,500”,

(f) in alt 496—

(i) i bhfo-alt (2)(a)—

(I) i bhfomhír (ii)(I), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhochlásal (A):

“(A) “a cheadaigh Forbairt nó an Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail (Éire) deontas a thabhairt chun daoine a fhostú faoi alt 25 den Acht um Fhorbairt Tionscail, 1986 (arna leasú le halt 29 den Acht um Fhorbairt Tionscail (Fondúireacht Eolaíochta Éireann) 2003), nó”,

(II) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (v):

“(v) maidir le hinfheistíocht iomchuí, seirbhísí a thabhairt ar seirbhísí iad dá dtagraítear i bhfomhír (ii)agus ar ina leith a sholáthair gníomhaireacht forbartha tionscail nó Bord Fiontar Contae (is bord dá dtagraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht um Fhorbairt Tionscail 1995) deimhniú á dhaingniú go bhfuil teideal ann chun tacaíocht airgeadais nach lú ná €2,540 a dheonú chun go ngabhfaidh duine a bheidh ceadaithe ag an ngníomhaireacht nó ag an mBord Fiontar Contae do staidéar féidearthachta ar inmharthanacht tráchtála ionchasach na seirbhísí a bheidh le tabhairt,”,

(III) trí “agus” a scriosadh ag deireadh fhomhír (xiii) agus “agus” a chur isteach ag deireadh fhomhír (xv), agus

(IV) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (xv):

“(xvi) gníomhaíochtaí athchúrsála i ndáil le dramhábhar, de réir bhrí fho-alt (9A).”,

agus trí “agus” a scriosadh san áit dheireanach a bhfuil sé i mír (a),

agus

(ii) i ndiaidh fho-alt (9), tríd an méid seo a leanas a chur isteach:

“(9A) (a) Chun críocha fho-alt (2)(a)(xvi), ciallaíonn ‘gníomhaíochtaí athchúrsála i ndáil le dramhábhar’ an dramhábhar a chur faoi aon phróis nó cóireáil a bhfuil ábhar breisluacha atá in-athúsáidte de thoradh uirthi agus ar gníomhaíochtaí iad ar chuir gníomhaireacht forbartha tionscail deontas nó cúnamh airgeadais ar fáil ina leith.

(b) Chun críocha mhír (a) ciallaíonn ‘dramhábhar’ aon cheann díobh seo a leanas:

(i) pacáistiú;

(ii) dramhaíl fhoirgníochta agus scartála;

(iii) miotail, adhmad, gloine agus plaistigh;

(iv) trealamh leictreachais agus trealamh leictreonach;

(v) batairí;

(vi) feithiclí inneallghluaiste i ndeireadh a ré.”,

agus

(g) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 508:

“Faoiseamh a thuairisciú.

508A.— (1) Déanfaidh duine (is cuideachta cháilitheach nó bainisteoirí ciste ainmnithe), nuair a cheanglóidh na Coimisinéirí Ioncaim air déanamh amhlaidh, cibé faisnéis, i ndáil leis an bhfaoiseamh dá bhforáiltear sa Chuid seo, agus a éileoidh na Coimisinéirí Ioncaim le réasún ón duine sin chun críche na dtuarascálacha bliantúla a cheanglaítear de réir alt 7.1 de na Treoirlínte ón gComhphobal maidir le Cúnamh Stát chun Infheistíochtaí Caipitil Riosca i bhFiontair Bheaga agus Mheánmhéide a Chur chun Cinn2 , a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh de cibé tréimhse ama a bheidh sonraithe san fhógra (is tréimhse nach giorra ná 30 lá).

(2) D’ainneoin aon oibleagáide maidir le rúndacht a fhorchuirtear orthu leis na hAchtanna nó leis an Acht um Rúin Oifigiúla 1963, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an fhaisnéis a gheofar de réir fho-alt (1) a thabhairt don duine a chuirfidh na tuarascálacha bliantúla dá dtagraítear san fho-alt sin faoina mbráid.

(3) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aon oifigeach dá gcuid a ainmniú chun aon fheidhm a chomhall a údaraítear leis an alt seo do na Coimisinéirí Ioncaim a chomhall.

(4) I gcás ina mainneoidh aon duine ceanglas an fhaisnéis a thabhairt de réir fho-alt (1) a chomhlíonadh, dlífear pionós €2,000 a chur ar an duine agus, má leantar den mhainneachtain sin tar éis na tréimhse 30 lá dá dtagraítear san fho-alt sin, dlífear pionós breise €50 a chur ar an duine sin in aghaidh gach lae a leanfar amhlaidh den mhainneachtain.”.

(2) (a) Faoi réir mhír (b), beidh feidhm ag fo-alt (1) mar a leanas—

(i) maidir le míreanna (a)(i) agus (f)(i)(II), i ndáil le hinfheistíochtaí iomchuí arna ndéanamh an 1 Eanáir 2007 nó dá éis,

(ii) maidir le mír (a)(ii), amhail ar an agus ón 12 Aibreán 2005,

(iii) maidir le míreanna (b), (c)(ii), (c)(iii), (d)(ii), (f)(i)(III), (f)(ii) agus (g), amhail ar an agus ón 1 Eanáir 2007,

(iv) maidir le míreanna (c)(i), (d)(i), (d)(iii), (e) agus (f)(i)(IV), i ndáil le scaireanna cáilithe arna n-eisiúint an 1 Eanáir 2007 nó dá éis, agus

(v) maidir le mír (f)(i)(I), i ndáil le suibscríobhanna le haghaidh scaireanna cáilithe arna n-eisiúint an 1 Eanáir 2007 nó dá éis.

(b) Tagann fo-alt (1) i ngníomh tar éis don Aire Airgeadais ordú a dhéanamh chuige sin.

Leasú ar Chuid 40 (achomhairc) den Phríomh-Acht.

20 .— (1) Leasaítear Cuid 40 den Phríomh-Acht (arna leasú leis an Acht Airgeadais 2005)—

(a) in alt 934, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6):

“(6) I gcás ina gcinnfidh na Coimisinéirí Achomhairc aon achomharc, déanfaidh an cigire nó an t-oifigeach eile, mura rud é—

(a) go n-éileoidh an duine a bheidh measúnaithe go n-athéistfear achomharc an duine sin faoi alt 942, nó

(b) go gceanglófar faoi na hAchtanna Cánach cás a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil,

éifeacht a thabhairt do chinneadh na gCoimisinéirí Achomhairc agus air sin, más é an cinneadh go seasfaidh an mheasúnacht mar a bheidh nó go leasófar í, beidh an fheidhm agus an éifeacht chéanna leis an measúnacht nó leis an measúnacht leasaithe, de réir mar a bheidh, is a bheadh léi dá mba mheasúnacht í nach mbeadh aon fhógra achomhairc tugtha ina leith.”,

(b) in alt 941, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (9):

“(9) Má dhéantar méid na measúnachta a athrú le hordú nó le breithiúnas na Cúirte Uachtaraí nó na hArd-Chúirte, ansin—

(a) má íocadh an iomarca cánach, déanfar an méid a ró-íocadh a aisíoc agus ús air de réir alt 865A, nó

(b) murar íocadh go leor cánach, measfar gur riaráiste cánach (ach amháin a mhéid a thabhófar aon phionós mar gheall ar riaráiste) an méid a bheidh gan íoc, agus déanfar é a íoc agus a ghnóthú dá réir sin.”,

(c) in alt 942, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6):

“(6) I gcás ina gcinnfidh an breitheamh achomharc, déanfaidh an cigire nó an t-oifigeach eile, mura gceanglaítear faoi na hAchtanna Cánach cás a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil, éifeacht a thabhairt do chinneadh an bhreithimh agus air sin, más é an cinneadh go seasfaidh an mheasúnacht mar a bheidh nó go leasófar í, beidh an fheidhm agus an éifeacht chéanna leis an measúnacht nó leis an measúnacht leasaithe is a bheadh léi dá mba mheasúnacht í nach mbeadh aon fhógra achomhairc tugtha ina leith.”,

agus

(d) in alt 945(2), trí “agus” a chur ag deireadh mhír (h) agus trí mhír (i) a scriosadh.

(2) Tá feidhm ag fo-alt (1) i ndáil le hachomhairc arna gcinneadh ag na Coimisinéirí Achomhairc, nó ag breitheamh den Chúirt Chuarda, ar dháta rite an Achta seo nó dá éis.

Leasú ar alt 373 (léiriú (Cuid 11)) den Phríomh-Acht.

21 .— Leasaítear alt 373 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (2)—

(a) trí “an 1 Eanáir 2006 nó dá éis;” a chur in ionad “an 1 Eanáir 2006 nó dá éis.” i mír (o) (ii), agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (o):

“(p) €24,000, i gcás inar tabhaíodh an caiteachas—

(i) i dtréimhse chuntasaíochta dar chríoch an 1 Eanáir 2007 nó dá éis, nó

(ii) i mbonntréimhse do bhliain mheasúnachta, i gcás ina gcríochnaíonn an bhonntréimhse sin an 1 Eanáir 2007 nó dá éis.”.

Leasú ar alt 657A (cánachas ar íocaíochtaí áirithe feirme) den Phríomh-Acht.

22 .— Leasaítear alt 657A den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1) sa mhíniú ar “pearsa aonair iomchuí”, trí “ don bhliain mheasúnachta chéanna” a chur in ionad “don bhliain mheasúnachta 2005” sa chéad áit a bhfuil sé agus trí “sa bhliain mheasúnachta sin” a chur ina ionad sa dara háit a bhfuil sé,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) D’ainneoin aon fhorála eile de na hAchtanna Cánach Ioncaim ar leith ó fho-alt (4), i gcás go roghnaíonn pearsa aonair de réir fho-alt (2), ansin, maidir leis an íocaíocht iomchuí nó leis na híocaíochtaí iomchuí—

(a) déanfar neamhshuim di nó díobh maidir leis an ‘bliain mheasúnachta chéanna’ dá dtagraítear sa mhíniú ar ‘pearsa aonair iomchuí’ i bhfo-alt (1), agus

(b) ina ionad sin, déileálfar léi nó leo chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim mar íocaíocht nó íocaíochtaí a d’eascair i dtráthchodanna comhionanna sa bhliain mheasúnachta arb í an bhliain mheasúnachta chéanna sin í agus sa 2 bhliain mheasúnachta díreach ina dhiaidh sin.”,

agus

(c) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5):

“(5) Aon roghnú faoi fho-alt (2) a dhéanfaidh duine lena mbaineann an t-alt seo, déanfar é le fógra i scríbhinn an 31 Deireadh Fómhair nó roimhe sa bhliain tar éis an ‘bliain mheasúnachta chéanna’ dá dtagraítear sa mhíniú ar ‘pearsa aonair iomchuí’ i bhfo-alt (1), agus áireofar é sa ráiteas bliantúil maidir le brabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht don bhliain mheasúnachta arb í an bhliain mheasúnachta chéanna sin í a cheanglaítear a sheachadadh an dáta sin nó roimhe faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim.”.

Cúnamh athstruchtúraithe le haghaidh fásóirí biatais siúcra.

23 .— Leasaítear Caibidil 23 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh 657A:

“657B.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘pearsa aonair shonraithe’ pearsa aonair a dhéanann, sa bhliain mheasúnachta 2007 nó in aon bhliain mheasúnachta dá héis, trádáil feirmeoireachta a sheoladh ar ina leith a thagann an phearsa faoi réim an mhuirir i leith cánach faoi Chás I de Sceideal D;

ciallaíonn ‘íocaíocht shonraithe’ íocaíocht le pearsa aonair shonraithe faoi scéim shealadach an AE maidir le hathstruchtúrú an tionscail siúcra sa Chomhphobal, ar scéim í arna hoibriú ag an Roinn Talmhaíochta agus Bia faoi Airteagal 3(6), an chéad fhleasc, de Rialachán CE Uimh. 320/2006 an 20 Feabhra 2006 ón gComhairle3 agus ar ina leith a bheadh an phearsa aonair, ar leith ón alt seo, inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim ar na brabúis nó na gnóchain ó fheirmeoireacht don bhliain mheasúnachta 2007 nó d’aon bhliain mheasúnachta dá héis.

(2) Féadfaidh pearsa aonair shonraithe, maidir le comhiomlán na n-íocaíochtaí sonraithe go léir leis an bpearsa aonair shonraithe, ar íocaíochtaí iad a bheadh, ar leith ón alt seo, inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim do bhliain chánach, a roghnú go ndéileálfar leis de réir fho-ailt (3) go (6), agus déanfar gach roghnú den sórt sin i cibé foirm, agus beidh cibé faisnéis ann, a éileoidh na Coimisinéirí Ioncaim.

(3) D’ainneoin aon fhorála eile de na hAchtanna Cánach Ioncaim, ar leith ó fho-alt (4), i gcás ina ndéanann pearsa aonair roghnú de réir fho-alt (2), déanfar neamhshuim den íocaíocht shonraithe nó de na híocaíochtaí sonraithe maidir leis an mbliain mheasúnachta dá dtagraítear i bhfo-alt (2) agus, ina ionad sin, déileálfar leo chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim mar íocaíocht nó mar íocaíochtaí atá inmhuirearaithe i dtráthchodanna comhionanna don bhliain mheasúnachta dá dtagraítear amhlaidh i bhfo-alt (2) agus do na 5 bliana measúnachta ina dhiaidh sin.

(4) I gcás ina scoirtear go buan de thrádáil feirmeoireachta, déanfar cáin a mhuirearú faoi Chás IV de Sceideal D don bhliain mheasúnachta ina dtarlaíonn an scor sin i leith an méid d’aon íocaíocht shonraithe a ndéileálfaí léi, murach an scor sin, de bhua fho-alt (3), mar íocaíocht atá inmhuirearaithe do bhliain mheasúnachta nó do bhlianta measúnachta dar críoch dáta tar éis an scoir sin.

(5) Maidir le roghnú, faoi fho-alt (2), ag pearsa aonair lena mbaineann an t-alt seo, déanfar é trí fhógra i scríbhinn an 31 Deireadh Fómhair, nó roimhe, sa bhliain mheasúnachta tar éis na bliana measúnachta dá dtagraítear i bhfo-alt (2).

(6) Faoi réir fho-alt (4), ní dhéanfar roghnú arna dhéanamh faoi fho-alt (2) a athrú le linn na tréimhse lena mbaineann sé.”.

Leasú ar Chaibidil 2 (feirmeoireacht: faoiseamh i leith méadaithe ar luachanna stoic) de Chuid 23 den Phríomh-Acht.

24 .— (1) Leasaítear Caibidil 2 de Chuid 23 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 666(4), trí “31 Nollaig 2008” a chur in ionad “31 Nollaig 2006” i mír (a) agus “an bhliain 2008” a chur in ionad “an bhliain 2006” i mír (b),

(b) in alt 667A, trí “31 Nollaig 2008” a chur in ionad “31 Nollaig 2006” i bhfo-alt (6)(b), agus

(c) tríd an alt nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 667A:

“Socruithe nua d’fheirmeoirí cáilitheacha.

667B.— (1) San alt seo ciallaíonn ‘feirmeoir cáilitheach’ pearsa aonair—

(a) a chéadcháilíonn, sa bhliain 2007 nó in aon bhliain mheasúnachta dá héis, i gcomhair cúnaimh deontais faoin scéim um Chúnamh Suiteála le haghaidh Feirmeoirí Óga atá á hoibriú ag an Roinn Talmhaíochta agus Bia faoi Rialachán (CEE) Uimh. 797/85 an 12 Márta4 ón gComhairle nó faoin Rialachán sin arna leasú ó am go ham, nó

(b) (i) a thagann chun bheith inmhuirearaithe den chéad uair i leith cánach ioncaim faoi Chás I de Sceideal D maidir le brabúis nó gnóchain ó thrádáil na feirmeoireachta don bhliain 2007 nó d’aon bhliain mheasúnachta dá héis,

(ii) nach mbeidh 35 bliana d’aois slánaithe aige nó aici i dtosach na bliana measúnachta dá dtagraítear i bhfomhír (i), agus

(iii) a chomhlíonann na coinníollacha atá leagtha amach i bhfo-alt (2) nó (3) aon tráth sa bhliain mheasúnachta dá dtagraítear amhlaidh.

(2) Is iad na coinníollacha a cheanglaítear leis an bhfo-alt seo ná go bhfuil an phearsa aonair, dá dtagraítear sa mhíniú ar ‘feirmeoir cáilitheach’ i bhfo-alt (1), ina shealbhóir nó ina sealbhóir ar cháilíocht atá leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo (dá ngairtear ‘an Tábla’ san alt seo).

(3) Is iad na coinníollacha a cheanglaítear leis an bhfo-alt seo ná go bhfuil an phearsa aonair, dá dtagraítear sa mhíniú ar ‘feirmeoir cáilitheach’ i bhfo-alt (1), ina shealbhóir nó ina sealbhóir ar litir deimhnithe ó Theagasc á dheimhniú gur críochnaíodh cúrsa oiliúna go sásúil ar chúrsa é, arna cheadú ag Teagasc, do dhaoine a bhfuil, i dtuairim Theagaisc, a gcumas foghlama srianta mar gheall ar mhíchumas coirp, céadfa nó intleachtúil nó mar gheall ar mheabhair-shláinte.

(4) Chun críocha fho-alt (2), i gcás ina ndeimhneoidh Teagasc—

(a) go bhfreagraíonn aon cháilíocht eile do cháilíocht atá leagtha amach sa Tábla, agus

(b) go measann Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann an cháilíocht eile sin a bheith ar a laghad ag leibhéal comhionann le leibhéal na cáilíochta atá leagtha amach sa Tábla,

ansin déileálfar leis an gcáilíocht eile sin amhail is dá mba í an cháilíocht atá leagtha amach sa Tábla í.

(5) I gcás feirmeora cháilithigh—

(a) beidh feidhm ag alt 666(1) amhail is dá gcuirfí ‘100 faoin gcéad’ in ionad ‘25 faoin gcéad’, agus

(b) beidh feidhm ag mír (a) le linn brabúis thrádála duine do thréimhse chuntasaíochta a ríomh i gcás pearsan aonair a thagann chun bheith ina fheirmeoir nó ina feirmeoir cáilitheach aon tráth sa tréimhse dar tús an 1 Eanáir 2007 nó dá éis agus dar críoch an 31 Nollaig 2008 nó roimhe, don bhliain mheasúnachta ina dtagann an phearsa aonair chun bheith ina fheirmeoir nó ina feirmeoir cáilitheach agus do gach bliain de na 3 bliana measúnachta díreach ina dhiaidh sin.

(6) Aon phearsa aonair a chomhlíonann, aon tráth roimh an 31 Márta 2008, na coinníollacha dá dtagraítear i mír (b)(iii) den mhíniú ar ‘feirmeoir cáilitheach’ in alt 667A(1), measfar go gcomhlíonann sé nó sí na coinníollacha dá dtagraítear i mír (b)(iii) den mhíniú ar ‘feirmeoir cáilitheach’ i bhfo-alt (1).

AN TÁBLA

1. Cáilíochtaí arna ndámhachtain ag Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna:

(a) Ardteastas Leibhéal 6 san Fheirmeoireacht;

(b) Ardteastas Leibhéal 6 sa Talmhaíocht;

(c) Ardteastas Leibhéal 6 sa Bhainistíocht Tréad Déiríochta;

(d) Ardteastas Leibhéal 6 sa Bhainistíocht Stoic Thirim;

(e) Ardteastas Leibhéal 6 sa Mheicniú Talmhaíochta;

(f) Ardteastas Leibhéal 6 sa Bhainistíocht Feirme;

(g) Ardteastas Leibhéal 6 sa Bhainistíocht Innealra agus Barr;

(h) Ardteastas Leibhéal 6 sa Ghairneoireacht;

(i) Ardteastas Leibhéal 6 san Fhoraoiseacht;

(j) Ardteastas Leibhéal 6 sa Bhainistíocht Graíona;

(k) Ardteastas Leibhéal 6 san Eachaíocht.

2. Cáilíochtaí arna ndámhachtain ag Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna:

(a) Ardteastas sa Talmhaíocht;

(b) Baitsiléir Eolaíochta sa Talmhaíocht;

(c) Ardteastas san Eolaíocht Talmhaíochta;

(d) Baitsiléir Eolaíochta san Eolaíocht Talmhaíochta;

(e) Baitsiléir Eolaíochta (Onóracha) sa Bhainistíocht Talún, Talmhaíocht;

(f) Baitsiléir Eolaíochta (Onóracha) sa Bhainistíocht Talún, Gairneoireacht;

(g) Baitsiléir Eolaíochta (Onóracha) sa Bhainistíocht Talún, Foraoiseacht;

(h) Ardteastas san Innealtóireacht sa Mheicniú Talmhaíochta;

(i) Baitsiléir Eolaíochta san Fhiontraíocht Tuaithe agus san Agra-Ghnó;

(j) Baitsiléir Eolaíochta sa Talmhaíochta agus sa Bhainistíocht Timpeallachta;

(k) Baitsiléir Eolaíochta sa Ghairneoireacht;

(l) Baitsiléir Ealaíon (Onóracha) sa Bhainistíocht Ghairneoireachta;

(m) Baitsiléir Eolaíochta san Fhoraoiseacht;

(n) Ardteastas sa Ghnó i Staidéir Eachaí;

(o) Baitsiléir Eolaíochta sa Ghnó i Staidéir Eachaí.

3. Cáilíochtaí arna ndámhachtain ag forais eile tríú leibhéal:

(a) Baitsiléir Eolaíochta Talmhaíochta — Táirgeadh Barr Ainmhithe arna dhámhachtain ag Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath;

(b) Baitsiléir Eolaíochta Talmhaíochta — Eolaíocht Ainmhithe arna dhámhachtain ag Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath;

(c) Baitsiléir Eolaíochta Talmhaíochta — Bainistíocht Bhia agus Agra-Ghnó arna dhámhachtain ag Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath;

(d) Baitsiléir Eolaíochta Talmhaíochta — Foraoiseacht arna dhámhachtain ag Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath;

(e) Baitsiléir Eolaíochta Talmhaíochta — Bainistíocht Ghairneoireachta, Tírdhreacha agus Fóid Spórt arna dhámhachtain ag Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath;

(f) Baitsiléir Tréidliachta arna dhámhachtain ag Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath;

(g) Baitsiléir Eolaíochta san Eolaíocht Eachaí arna dhámhachtain ag Ollscoil Luimnigh;

(h) Dioplóma san Eolaíocht Eachaí arna dhámhachtain ag Ollscoil Luimnigh.”.

(2) Tagann fo-alt (1) i ngníomh tar éis don Aire Airgeadais ordú a dhéanamh chuige sin.

Leasú ar alt 669A (léiriú) den Phríomh-Acht.

25 .— Leasaítear alt 669A den Phríomh-Acht sa mhíniú ar “caiteachas cáilitheach” tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b)(ii):

“(ii) méid an chaiteachais chaipitiúil a thabhófaí ar cheannach an chuóta bainne sin dá mba rud é go ndearnadh an praghas a íocadh a shocrú ar shlí seachas ag an Aire Talmhaíochta agus Bia chun críocha Scéime Athstruchtúraithe Cuótaí Bainne sa limistéar ina bhfuil an talamh lena mbaineann an cuóta bainne sin suite;”.

Cánachas ar bhrabúis agus ar ghnóchain ó staileanna.

26 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) in alt 381, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Scoirfidh fo-alt (2) d’éifeacht a bheith leis maidir le caillteanais a éiríonn an 1 Lúnasa 2008 nó dá éis agus, maidir leis an tréimhse inmhuirearaithe ina mbeidh an 1 Lúnasa 2008, déanfar méid na gcaillteanas sin a chinneadh de réir na foirmle—

A x B

C

más rud é—

gurb é A méid iomlán na gcaillteanas a éiríonn sa tréimhse inmhuirearaithe,

gurb é B fad na tréimhse dar tús an 1 Lúnasa 2008 agus dar críoch an lá deireanach den tréimhse inmhuirearaithe ina mbeidh an 1 Lúnasa 2008, arna ríomh ina laethanta, agus

gurb é C fad na tréimhse inmhuirearaithe arna ríomh ina laethanta.”,

agus

(b) tríd an gCaibidil seo a leanas a chur isteach i gCuid 23 i ndiaidh Chaibidil 3:

“Caibidil 4

Cánachas ar bhrabúis agus ar ghnóchain ó staileanna

Léiriú (Caibidil 4).

669G.— Sa Chaibidil seo—

tá le ‘faoiseamh barrachais’ an bhrí chéanna atá leis in alt 485C;

ciallaíonn ‘luach tosaigh’ i ndáil le stail a margadhluach—

(a) ar an 1 Lúnasa 2008, agus

(b) ar an lá a fhaightear i gcomhair gníomhaíochtaí graí í, nó a leithreasaítear chuig gníomhaíochtaí graí í, de réir mar a bheidh,

cibé acu is déanaí, agus folaíonn aon tagairt do stail tagairt do leas i stail;

ciallaíonn ‘margadhluach’, aon tráth i ndáil le stail, an praghas a mbeifí ag súil leis go réasúnach a gheofaí ar an stail ar í a dhíol ar an margadh oscailte agus i gcás ina bhfaigheann duine (‘an ceannaitheoir’) an stail ó dhuine eile (‘an díoltóir’)—

(a) ar neamhthuilleamaí, agus

(b) nach daoine bainteacha (de réir bhrí alt 10) iad an ceannaitheoir agus an díoltóir,

ansin is é an margadhluach an praghas a íocadh;

ciallaíonn ‘méid iomchuí’, i ndáil le bliain mheasúnachta agus pearsa aonair, méid arna chinneadh de réir na foirmle—

A — B

más rud é—

gurb é A an méid cánach ioncaim is iníoctha ag an bpearsa aonair don bhliain mheasúnachta, agus

gurb é B an méid cánach ioncaim ab iníoctha ag an bpearsa aonair don bhliain mheasúnachta dá mba rud é—

(a) nach n-achtófaí an iontráil ag Uimhir Thagartha 6 de Sceideal 25B, agus

(b) chun críocha na hiontrála ag Uimhir Thagartha 1 de Sceideal 25B, nach mbeadh brabúis nó gnóchain nár muirearaíodh cáin orthu de bhua alt 231 san áireamh sa mhíniú ar ‘brabúis dhíolmhaithe’ in alt 140(1);

ciallaíonn ‘faoiseamh barrachais iomchuí’, i ndáil le bliain mheasúnachta agus le pearsa aonair, méid arna chinneadh de réir na foirmle—

C — D

más rud é—

gurb é C an méid faoisimh barrachais a thugtar ar aghaidh chun na chéad bhliana measúnachta eile agus a bhfuil an phearsa aonair i dteideal é a asbhaint as a ioncam nó as a hioncam iomlán don bhliain sin, agus

gurb é D an méid faoisimh barrachais a thabharfaí ar aghaidh chun na chéad bhliana measúnachta eile agus a mbeadh an phearsa aonair i dteideal é a bhaint as a ioncam nó as a hioncam iomlán don bhliain sin dá mba rud é—

(a) nach n-achtófaí an taifead ag Uimhir Thagartha 6 de Sceideal 25B, agus

(b) chun críocha na hiontrála ag Uimhir Thagartha 1 de Sceideal 25B, nach mbeadh brabúis nó gnóchain nár muirearaíodh cáin orthu de bhua alt 231 san áireamh sa mhíniú ar ‘brabúis dhíolmhaithe’ in alt 140(1);

ciallaíonn ‘iarmharluach’, aon tráth, i ndáil le stail—

(a) méid atá comhionann le luach tosaigh na staile, nó

(b) más lú ná an méid sin é, an méid ar mó luach tosaigh na staile ná—

(i) an méid a lamháladh mar asbhaint faoi alt 669I do thréimhse inmhuirearaithe a chríochnaíonn roimh an tráth sin, nó

(ii) i gcás níos mó ná méid amháin den sórt sin a bheith ann, comhiomlán na méideanna sin.

Forálacha maidir le muirearú.

669H.— (1) Maidir leis na brabúis nó na gnóchain a éiríonn in aon tréimhse inmhuirearaithe chuig úinéir nó páirtúinéir staile ó staileáil láracha ag an stail nó cearta chun na staileála sin a dhíol, beidh siad inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim nó cánach corparáide, de réir mar a bheidh, de réir fho-alt (2).

(2) (a) I gcás ina ndéanann úinéir nó páirtúinéir staile trádáil na feirmeoireachta, ar ina leith a thagann an t-úinéir nó an páirtúinéir faoi réim muirir cánach faoi Chás I de Sceideal D, a sheoladh sa tréimhse inmhuirearaithe dá dtagraítear i bhfo-alt (1), beidh na brabúis nó na gnóchain dá dtagraítear i bhfo-alt (1) agus aon mhéid is inmhuirearaithe faoi fho-alt (3)(c) d’alt 669I inmhuirearaithe faoin gCás sin den Sceideal sin mar chuid den trádáil sin.

(b) I gcás seachas cás dá dtagraítear i mír (a), beidh na brabúis nó na gnóchain dá dtagraítear i bhfo-alt (1) agus aon mhéid is inmhuirearaithe faoi fho-alt (3)(c) d’alt 669I inmhuirearaithe faoi Chás IV de Sceideal D.

Forálacha maidir le hasbhaintí.

669I.— (1) I gcás ina bhfaigheann aon duine úinéireacht nó páirtúinéireacht ar stail, a bhfuil na brabúis nó na gnóchain i ndáil léi inmhuirearaithe de réir alt 669H(2), ansin, le linn an méid ioncaim a ríomh atá le muirearú i leith cánach faoi na hAchtanna Cánach d’aon tréimhse inmhuirearaithe, ní bheidh an duine sin i dteideal, seachas de réir fho-alt (2), aon asbhaint a fháil i leith caiteachais arna thabhú ar an úinéireacht nó ar an bpáirtúinéireacht sin a fháil.

(2) (a) I gcás ina bhfuil na brabúis nó na gnóchain dá dtagraítear i bhfo-alt (1) inmhuirearaithe de réir alt 669H(2)(a), do gach ceann de 4 thréimhse inmhuirearaithe chomhleanúnacha, a dtosaíonn an chéad cheann díobh leis an tréimhse inmhuirearaithe—

(i) ina bhfuil an 1 Lúnasa 2008, i gcás an stail a bheith ar úinéireacht nó ar pháirtúinéireacht an lá sin, nó

(ii) in aon chás eile, ina bhfaightear an stail le haghaidh gníomhaíochtaí graí, nó ina leithreasaítear an stail le haghaidh gníomhaíochtaí graí, de réir mar a bheidh,

beidh úinéir nó páirtúinéir na staile, le linn ioncam trádála na trádála feirmeoireachta dá dtagraítear san alt sin a ríomh chun críocha cánach, i dteideal asbhainte faoin alt seo ar asbhaint í atá comhionann le 25 faoin gcéad de luach tosaigh na staile, amhail is dá mba rud é gur chaiteachas trádála an asbhaint arna thabhú sa tréimhse inmhuirearaithe.

(b) Faoi réir alt 669K(3), i gcás ina bhfuil na brabúis nó na gnóchain dá dtagraítear i bhfo-alt (1) inmhuirearaithe de réir alt 669H(2)(b), le linn an méid ioncaim atá le muirearú i leith cánach faoi Chás IV de Sceideal D a chinneadh, déanfar an t-ioncam sin a ríomh de réir na bhforálacha is infheidhme maidir le Cás I de Sceideal D, agus an Chaibidil seo á cur i gcuntas.

(3) Más rud é, in aon tréimhse inmhuirearaithe, go ndiúscraítear stail lena mbaineann an Chaibidil seo nó go bhfaigheann stail lena mbaineann an Chaibidil seo bás, ansin—

(a) ní lamhálfar aon asbhaint, a lamhálfaí thairis sin faoi fho-alt (2)(a) nó (2)(b), de réir mar a bheidh, i leith luach tosaigh na staile sin don tréimhse inmhuirearaithe sin nó d’aon tréimhse inmhuirearaithe dá éis sin,

(b) déanfar asbhaint de mhéid atá comhionann le hiarmharluach na staile tráth a diúscartha nó a báis a lamháil don tréimhse inmhuirearaithe sin amhail is dá mba rud é gur asbhaint faoi fho-alt (2)(a) í, agus

(c) beidh úinéir nó páirtúinéir na staile inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim nó cánach corparáide, de réir mar a bheidh—

(i) ar an méid a fuarthas in airgead nó luach airgid, i leith dhiúscairt nó bhás na staile, nó

(ii) i gcás diúscartha, más mó é, ar an bpraghas a mbeifí ag súil leis go réasúnach a gheofaí ar an stail tráth a diúscartha ar dhíol, ar neamhthuilleamaí idir daoine nach bhfuil bainteach lena chéile (de réir bhrí alt 10), ar an margadh oscailte.

Creidmheas i leith cánach a íocadh.

669J.— (1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, maidir le haon phearsa aonair lena mbaineann Caibidil 2A de Chuid 15 d’aon bhliain mheasúnachta agus a mbeidh íocaíocht déanta aige nó aici a bhfuil méid iomchuí san áireamh inti i leith na bliana measúnachta sin, measfar, gan dochar don íocaíocht arna déanamh amhlaidh, íocaíocht a bheith déanta aige nó aici ar chuntas cánach ioncaim ar íocaíocht í atá comhionann leis an méid iomchuí.

(2) Maidir leis an oiread sin d’íocaíocht cánach ó phearsa aonair (dá ngairtear ‘an íocaíocht a mheastar a bheith déanta ar chuntas cánach’ san alt seo) do bhliain mheasúnachta a ndéileáiltear leis de réir fho-alt (1), déanfar é a fhritháireamh, a mhéid is féidir, i gcoinne aon dliteanais de chuid na pearsan aonair i leith cánach ioncaim, don bhliain mheasúnachta tar éis na bliana measúnachta céadluaite.

(3) A mhéid nach mbeifear tar éis an íocaíocht a mheastar a bheith íoctha ar chuntas cánach a fhritháireamh de réir fho-alt (2), déanfar an t-iarmhéid a bheidh fágtha a fhritháireamh i gcoinne dliteanais i leith cánach ioncaim d’aon bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin de chuid na pearsan aonair a ndéileáiltear leis nó léi mar dhuine a rinne an íocaíocht, san ord go ndéanfar é a fhritháireamh i gcoinne dliteanais i leith tréimhse is luaithe i dtosaíocht ar dhliteanas i leith tréimhse is déanaí.

(4) Ní fhéadfar aon mhéid a aisíoc ach amháin barrachas ró-íocaíochta cánach ioncaim d’aon bhliain mheasúnachta thar an íocaíocht a mheastar a bheith íoctha ar chuntas cánach atá le déanamh don bhliain mheasúnachta sin de bhua an ailt seo, agus ní bheidh ús iníoctha i leith aon chuid den ró-íocaíocht sin seachas an barrachas.

(5) Más rud é, in aon bhliain mheasúnachta, go mbeidh feidhm ag alt 485E maidir le pearsa aonair, ansin chun críocha alt 485F déanfar an faoiseamh barrachais don bhliain a laghdú de mhéid atá comhionann le méid an fhaoisimh barrachais iomchuí.

Ilghnéitheach (Caibidil 4).

669K.— (1) Chun margadhluach staile lena mbaineann an Chaibidil seo a chinneadh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim dul i gcomhairle le cibé duine nó comhlacht daoine is dóigh leo a d’fhéadfadh cabhrú leo.

(2) D’ainneoin aon fhorálacha eile de na hAchtanna Cánach, chun críocha uile alt 666, déanfar neamhshuim de stoc trádála arb é atá ann staileanna.

(3) I gcás ina dtarlaíonn caillteanas, in aon tréimhse inmhuirearaithe, de thoradh ar ríomh an mhéid d’ioncam duine atá le muirearú i leith cánach faoi Chás IV de Sceideal D faoin gCaibidil seo, ansin, d’ainneoin alt 383, ní fhéadfar méid an chaillteanais a asbhaint as ioncam eile a mhuirearaítear i leith cánach faoi Chás IV de Sceideal D agus a éiríonn sa tréimhse inmhuirearaithe sin, nó a fhritháireamh i gcoinne an ioncaim sin, ná ní fhéadfar aon chaillteanas, nuair a thugtar ar aghaidh é go dtí tréimhse inmhuirearaithe dá éis sin, a asbhaint ach amháin as ioncam lena mbaineann alt 669H(2)(b) agus a éiríonn sa tréimhse inmhuirearaithe sin dá éis sin, nó a fhritháireamh i gcoinne an ioncaim sin.”.

(2) Tagann fo-alt (1) i ngníomh tar éis don Aire Airgeadais ordú a dhéanamh chuige sin.

Leasú ar Sceideal 26A (deonacháin do chomhlachtaí ceadaithe, etc.) a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

27 .— (1) Leasaítear Sceideal 26A a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(a) i gCuid 1—

(i) trí “sa Stát” a scriosadh gach áit a bhfuil sé i míreanna 3 go 7, agus

(ii) trí mhíreanna 8 go 16, agus mír 18, a scriosadh,

agus

(b) i gCuid 2, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “comhlacht ceadaithe” i mír 1:

“ciallaíonn ‘comhlacht ceadaithe’ aon chomhlacht nó institiúid a bheidh ceadaithe ag an Aire Airgeadais agus ar comhlacht é nó institiúid í—

(a) a sholáthraíonn aon chúrsa a mbaineann ceann dá choinníollacha iontrála le torthaí Scrúdú na hArdteistiméireachta, scrúdú máithreánach de chuid ollscoile aitheanta sa Stát nó scrúdú comhionann a sheoltar lasmuigh den Stát, nó

(b) (i) atá bunaithe ar bhonn buan d’aon toisc chun ábhar ceadaithe amháin nó níos mó a chur ar aghaidh,

(ii) a thugann cabhair maidir le cur ar aghaidh an ábhair nó na n-ábhar sin ar bhonn náisiúnta nó réigiúnach, agus

(iii) atá toirmiscthe, de réir a bhunreachta nó a bunreachta, ó aon sócmhainní nó brabúis dá chuid nó dá cuid a dháileadh ar a chomhaltaí;”.

(2) Tá feidhm ag fo-alt (1) amhail ar an agus ón 1 Feabhra 2007.

Liúntais chaipitiúla le haghaidh aonad cónaithe cáilithe a bhaineann le tithe banaltrais cláraithe.

28 .— (1) Leasaítear Cuid 9 den Phríomh-Acht―

(a) in alt 268―

(i) i bhfo-alt (3A)

(I) trí “Faoi réir fho-ailt (3B) go (3E), san alt seo” a chur in ionad “San alt seo”, agus

(II) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (i) de mhír (d):

“(i) léasaithe le duine agus, de réir mar a bheidh, arb é nó arb í céile an duine sin―

(I) duine atá nó, de réir mar a bheidh, nach bhfuil bainteach (de réir bhrí alt 10) leis an léasóir,

(II) duine nó daoine a bheidh roghnaithe mar áititheoir nó mar átitheoirí an tí ag an dteach banaltrais cláraithe, agus

(III) go mbeidh duine a bheidh cláraithe i gClár Ginearálta na Lia-Chleachtóirí tar éis a dheimhniú gur gá cóiríocht den sórt sin don duine nó do chéile an duine mar gheall ar sheanaois nó éiglíocht,

nó”,

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3B):

“(3B) (a) Chun críocha an ailt seo tá le ‘teach’, i ndáil le haonad cónaithe cáilitheach, an bhrí chéanna atá leis in alt 372AK.

(b) Ach amháin chun críocha liúntais agus muirir a dhéanamh faoin gCuid seo agus faoi réir fho-alt (3C) agus ailt 270 agus 316 ( arna leasú leis an Acht Airgeadais 2007), i ndáil le caiteachas a thabhófar sa tréimhse dar tosach an 25 Márta 2002 agus dar críoch an 30 Aibreán 2010, measfar gur foirgneamh a bheidh á úsáid chun críocha trádála dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(g) foirgneamh a bheidh á úsáid mar aonad cónaithe cáilitheach.”,

agus

(iii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3C):

“(3D) I gcás ina mbeidh an leas iomchuí i ndáil le caiteachas caipitiúil a thabhaítear ar na haonaid cónaitheacha cáilitheacha uile i bhforbairt á shealbhú ag cuideachta (de réir bhrí alt 4(1)) ansin beidh feidhm ag fo-alt (3A) amhail is dá ndéanfaí fomhíreanna (iv) agus (v) den fho-alt sin a scriosadh.

(3E) Ní bheidh teach ina aonad cónaitheach cáilitheach chun críocha an ailt seo mura rud é―

(a) go mbeidh an duine atá i dteideal an leasa iomchuí i ndáil leis an gcaiteachas caipitiúil a thabhaítear ar fhoirgniú nó ar athfheistiú an tí, lena tharchur ar aghaidh chuig an Aire Sláinte agus Leanaí agus an Aire Airgeadais:

(i) méid an chaiteachais chaipitiúil a tabhaíodh iarbhír ag foirgniú nó ag athfheistiú an tí;

(ii) líon agus cineál na n-infheisteoirí atá ag infheistiú sa teach;

(iii) an méid a bheidh le hinfheistiú ag gach infheisteoir; agus

(iv) cineál na struchtúr atá á mbunú chun infheistíocht sa teach a éascú,

mar aon le cibé faisnéis eile a shonróidh an tAire Airgeadais, i gcomhairle leis an Aire Sláinte agus Leanaí, go mbeidh sé ina chúnamh i gcostais, lena n-áirítear costais státchiste ach gan bheith teoranta dóibh, agus na sochair a eascróidh as faoiseamh cánach faoin gCuid seo a oibriú d’aonaid chónaitheacha cáilitheacha a mheas,

(b) go n-eiseoidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, i gcomhairle leis an Aire Sláinte agus Leanaí, deimhniú i scríbhinn, tar éis go léasaítear an teach i gcéaduair nó, i gcás inar tabhaíodh caiteachas caipitiúil ar theach a athfheisitiú, go léasaítear an teach i gcéaduair tar éis an caiteachas sin a thabhú ina ndeir sí gur deimhin léi―

(i) go gcomhlíonann an teach agus an fhorbairt ina bhfuil sé na coinníollacha uile a luaitear i míreanna (a), (b), (c) agus (d) d’fho-alt (3A), agus

(ii) gur soláthraíodh an fhaisnéis a éilítear de réir mhír (a) den fho-alt seo,

agus

(c) go soláthróidh an duine atá i dteideal an leasa iomchuí i ndáil le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh ar an dteach a fhoirgniú nó a athfheistiú tuarascáil bhliantúil i scríbhinn d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, lena tarchur ar aghaidh chuig an Aire Sláinte agus Leanaí agus chuig an Aire Airgeadais,faoi dheireadh gach bliana sa tréimhse 20 bliain dá dtagraítear in alt 272(4)(fa) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2007),

(i) a dhearbhaíonn go leanann nó nach leanann an teach agus an fhorbairt ina bhfuil sé de na coinníollacha uile a luaitear i míreanna (a), (b), (c) agus (d) d’fho-alt (3A) a chomhlíonadh, agus

(ii) a sholáthraíonn sonraí maidir le leibhéal áitithe an tí don bhliain roimhe sin lena n-áirítear aois na n-áititheoirí agus, de réir mar a bheidh, cineál éiglíocht na n-áititheoirí.”,

(b) in alt 270 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7):

“(8) I gcás ina dtabhaítear caiteachas an 1 Bealtaine 2007 nó dá eis faoi chonradh nó comhaontú a dhéanfar an dáta sin nó dá éis chun aonad cónaithe cáilitheach dá dtagraítear i bhfo-alt (4)(i) a fhoirgniú, a athfheistiú nó a fhorbairt, ansin―

(a) beidh feidhm ag fo-alt (4) amhail is dá mba thagairt do ‘31 Iúil 2010’ an tagairt do ‘31 Iúil 2008’,

(b) beidh feidhm ag fo-alt (5) amhail is―

(i) dá mba thagairt do ‘faoi réir fho-ailt (6) go (8)’ an tagairt do ‘faoi réir fho-alt (6) agus (7)’, agus

(ii) dá gcuirfí na míreanna seo a leanas in ionad mhíreanna (a) agus (b):

‘(a) i gcás caiteachas a thabhóidh cuideachta (de réir bhrí alt 4(1)) sa tréimhse ón 1 Bealtaine 2007 go 30 Aibreán 2010, go dtí 75 faoin gcéad, agus

(b) i gcás caiteachas a thabhóidh duine seachas cuideachta (de réir bhrí alt 4(1)) sa tréimhse ón 1 Bealtaine 2007 go 30 Aibreán 2010, go dtí 50 faoin gcéad,’,”,

(c) in alt 272(4)―

(i) i mír (f), trí “faoi réir mhír (fa),” a chur isteach roimh “i ndáil le”, agus

(ii) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (f):

“(fa) i gcás ina mbeidh feidhm ag fo-alt (8) d’alt 270 i ndáil le haonad cónaithe cáilitheach dá dtagraítear i bhfo-alt (4)(i) den alt sin―

(i) 20 bliain dar tosach an tráth ar úsáideadh an t-aonad i gcéaduair, nó

(ii) i gcás ina dtabhaítear caiteachas caipitiúil ar an aonad a athfheistiú, 20 bliain dar tosach an tráth ar úsáideadh an t-aonad i gcéaduair tar éis gur tabhaíodh an caiteachas sin,”,

(d) in alt 274(1)(b)―

(i) i bhfomhír (iia), trí “faoi réir fhomhír (iib) a chur isteach roimh “i ndáil le”, agus

(ii) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (iia):

“(iib) i gcás ina mbeidh feidhm ag fo-alt (8) d’alt 270 i ndáil le haonad cónaithe cáilitheach dá dtagraítear i bhfo-alt (4)(i) den alt sin―

(I) 20 bliain tar éis gur úsáideadh an t-aonad i gcéaduair, nó

(II) i gcás ina dtabhaítear caiteachas caipitiúil ar an aonad a athfheistiú, 20 bliain dar tosach an tráth ar úsáideadh an t-aonad i gcéaduair tar éis gur tabhaíodh an caiteachas sin,”,

agus

(e) in alt 316(2B)―

(i) trí “nó” a scriosadh i ndeireadh mhír (b) agus “31 Iúil 2008, nó” a chur in ionad “31 Iúil 2008,” i mír (c), agus

(ii) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c):

“(d) i gcás ina mbeidh feidhm ag fo-alt (8) d’alt 270 i ndáil le haonad cónaithe cáilitheach dá dtagraítear i bhfo-alt (4)(i) den alt sin, an tréimhse ón 1 Bealtaine 2007 go 30 Aibreán 2010,”.

(2) Tá feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le caiteachas caipitiúil arna thabhú an 1 Bealtaine 2007 nó dá éis faoi chonradh nó faoi chomhaontú a dhéantar an dáta sin nó dá éis chun aonad cónaithe cáilitheach (de réir bhrí alt 268(3A) den Phríomh-Acht) a fhoirgniú, a athfheistiú nó a fhorbairt.”.

Scéim infheistíochta bonneagair turasóireachta chonair na Sionainne Láir.

29 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) i gCuid 10, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Chaibidil 11:

“Caibidil 12

Scéim Infheistíochta Bonneagair Turasóireachta Chonair na Sionainne Láir

Léiriú, iarratais ar cheadú agus ar dheimhniú.

372AW.— (1) Sa Chaibidil seo—

ciallaíonn ‘ foirgneamh cóiríochta ’, i ndáil le tionscadal, foirgneamh nó déanmhas, nó cuid d’fhoirgneamh nó de dhéanmhas, arb é atá ann saoráidí cóiríochta nó atá le húsáid, nó atá oiriúnach lena úsáid, chun saoráidí den sórt sin a sholáthar;

ciallaíonn ‘ margadhluach ’, i ndáil le foirgneamh nó le déanmhas, an praghas a gheofaí ar fheo simplí neamhualaithe an fhoirgnimh nó an déanmhais dá ndíolfaí é ar an margadh oscailte ar cibé modh agus faoi réir cibé coinníollacha ba dhóigh le réasún a tharraingeodh an praghas ab fhearr ar an bhfoirgneamh nó ar an déanmhas don díoltóir, lúide an chuid den phraghas sin ab inchurtha i leith fháil na talún, nó fháil ceart sa talamh nó thar an talamh, ar a bhfoirgnítear an foirgneamh nó an déanmhas;

ciallaíonn ‘ conair na Sionainne Láir ’ an chonair talún arb é atá inti limistéir cháilitheacha uile na Sionainne Láir;

ciallaíonn ‘Bord Bonneagair Turasóireachta na Sionainne Láir’ bord nach mó ná 5 an líon duine atá air ar daoine iad a roghnóidh an tAire i gcomhairle leis an Aire Airgeadais chun críocha na Caibidle seo;

ciallaíonn ‘ Aire ’ an tAire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta;

ciallaíonn ‘tionscadal’ foirgniú nó athfheistiú foirgneamh agus déanmhas arb é atá iontu—

(a) campa saoire den chineál dá dtagraítear in alt 372AX(1)(b), nó

(b) saoráid cháilitheach bonneagair turasóireachta amháin nó níos mó,

a bhfuil a suíomh nó a suíomh nó a suímh go hiomlán laistigh de limistéar cáilitheach de chuid na Sionainne Láir;

ciallaíonn ‘forbróir maoine’ duine a sheolann trádáil arb é atá inti, go hiomlán nó go formhór, foirgnimh nó déanmhais a fhoirgniú nó a athfheistiú d’fhonn iad a dhíol;

ciallaíonn ‘limistéar cáilitheach de chuid na Sionainne Láir’ aon limistéar a thuairiscítear i Sceideal 8B;

ciallaíonn ‘tréimhse cháilitheach’ tréimhse 3 bliana dar tosach an dáta a thagann an Chaibidil seo in éifeacht;

ciallaíonn ‘saoráidí cáilitheacha bonneagair turasóireachtacibé aicme nó aicmí saoráidí, nach bhfuil iontu ach ach foirgnimh agus déanmhais, de réir mar a cheadóidh an tAire, i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, chun críocha na Caibidle seo agus a fhoilseofar sna treoirlínte iomchuí;

ciallaíonn ‘athfheistiú’, i ndáil le foirgneamh nó le déanmhas, aon obair foirgníochta, athfhoirgníochta, deisiúcháin nó athnuachana, lena n-áirítear saoráidí uisce, séarachais nó téacháin a sholáthar nó a fheabhsú, ar nithe iad a dhéantar—

(a) le linn deisiú nó a athréiteach a dhéanamh, nó

(b) le linn cothabháil, de chineál deisithe nó athréitigh, a dhéanamh,

ar an bhfoirgneamh nó ar an déanmhas;

ciallaíonn ‘treoirlínte iomchuí’ treoirlínte arna n-eisiúint de réir fho-alt (3) den alt seo nó aon treoirlínte a eiseofar de réir an fho-ailt sin agus lena leasófar na treoirlínte céadluaite nó a chuirfear in ionad na dtreoirlínte céadluaite.

(2) (a) D’ainneoin ailt 372AX agus 372AY, ach faoi réir na bhforálacha sin ina dhiaidh seo den alt seo agus faoi réir alt 372AZ, ní fhéadfar aon fhaoiseamh ó cháin ioncaim nó ó cháin chorparáide, de réir mar a bheidh, a dheonú de bhua na Caibidle seo i leith caiteachais chaipitiúil a thabhófar sa tréimhse cháilitheach ar fhoirgniú nó ar athfheistiú foirgnimh nó déanmhais, mura rud é, maidir le Bord Bonneagair Turasóireachta na Sionainne Láir—

(i) gur dheonaigh sé ceadú i bprionsabal i ndáil le foirgniú nó athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais roimh an gcaiteachas sin a thabhú, ach sin faoi réir mhír (b), agus

(ii) go ndearna sé, tar éis an caiteachas a thabhú, a dheimhniú i scríbhinn, maidir leis an bhfoirgniú nó leis an athfheistiú a rinneadh, go bhfuil sé de réir na gcritéar a shonraítear sna treoirlínte iomchuí, ag féachaint d’aon choinníollacha agus ceanglais iomchuí arna bhforchur ag an mBord sa cheadú arna dheonú faoi fhomhír (i).

(b) Ní dhéanfar ceadú i bprionsabal a dheonú de réir mhír (a)(i) mura rud é go mbeidh iarratas ar cheadú den sórt sin, ina mbeidh an fhaisnéis agus na sonraí is gá de réir fho-alt (3)(h), faighte ag Bord Bonneagair Turasóireachta na Sionainne Láir laistigh de thréimhse bliana dar tosach an dáta a thagann an Chaibidil seo in éifeacht.

(3) Faoi réir fho-alt (4), chun críocha ceadaithe agus deimhnithe de réir fho-alt (2) agus, de réir mar a bheidh, chun críocha deimhnithe de réir fho-alt 372AX(1)(d) nó 372AY(1)(g), déanfaidh an tAire, i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, treoirlínte a eisiúint ar a dtabharfaidh Bord Bonneagair Turasóireachta na Sionainne Láir aird le linn dó cinneadh a dhéanamh i dtaobh ceadú i bprionsabal a dheonú nó deimhniú a eisiúint i ndáil le haon fhoirgneamh nó déanmhas agus féadfaidh critéir a bheith san áireamh sna treoirlínte sin i ndáil le gach ceann nó aon cheann áirithe nó níos mó de na nithe seo a leanas—

(a) an chaoi agus an méid a théann an tionscadal, a bhfuil an foirgneamh nó an déanmhas san áireamh ann, chun tairbhe d’fhorbairt na turasóireachta i gconair na Sionainne Láir nó sa limistéar cáilitheach de chuid na Sionainne Láir;

(b) comhréireacht leis an straitéis turasóireachta náisiúnta;

(c) íogaireacht maidir leis an gcomhshaol, ag féachaint go háirithe d’aon limistéar arb é atá ann—

(i) láithreán Eorpach de réir bhrí Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Gnáthóga Nádúrtha) 1997 (I.R. Uimh. 94 de 1997), nó

(ii) limistéar oidhreachta nádúrtha, anaclann dúlra nó tearmann fauna chun críocha na nAchtanna um Fhiadhúlra 1976 agus 2000;

(d) na taitneamhachtaí agus na saoráidí is gá a sholáthar i ngach cineál tionscadail;

(e) an cineál foirgneamh cóiríochta (más ann), agus a mhéid ar fad is inlamháilte iad i ngach cineál tionscadail;

(f) caighdeáin shonracha deartha agus foirgníochta i ndáil le foirgnimh agus déanmhais a d’fhéadfadh cáiliú le haghaidh faoisimh faoin gCaibidil seo;

(g) nithe iomchuí a bhaineann le pleanáil, lena n-áirítear an gá le comhréireacht i ndáil le ceanglais plean forbartha nó plean limistéir áitiúil de réir bhrí na dtéarmaí sin san Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000;

(h) na sonraí agus an fhaisnéis is gá a sholáthar in iarratas ar cheadú nó ar dheimhniú de réir alt 372AW(2) agus, de réir mar a bheidh, in iarratas ar dheimhniú de réir alt 372AX(1)(d) nó 372AY(1)(g); agus

(i) nithe a bhaineann le soláthar faisnéise de réir ailt 372AX(1)(c) agus 372AY(1)(f),

mar aon le cibé nithe eile a mheasfaidh an tAire, i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, is gá a chur ar áireamh.

(4) (a) Faoi réir mhíreanna (b) agus (c), ní dheonóidh ná ní eiseoidh Bord Bonneagair Turasóireachta na Sionainne Láir ceadú ná deimhniú de réir fho-alt (2) i ndáil le caiteachas caipitiúil arna thabhú sa tréimhse cháilitheach ar fhoirgniú nó ar athfheistiú foirgnimh cóiríochta amháin nó níos mó atá ar áireamh i dtionscadal a mhéid atá an caiteachas sin (nó, i gcás iarratas ar cheadú a bheith i gceist, a mhéid a mheasfar roimh ré go bhfuil an caiteachas sin) níos mó ná méid (dá ngairtear ‘an méid teorann’ san fho-alt seo) atá comhionann leis an méid is lú díobh seo a leanas—

(i) 50 faoin gcéad, nó cibé céatadán is ísle a shonrófar (de réir fho-alt (3)(e)) sna treoirlínte iomchuí don chineál tionscadail atá i gceist, de mhéid iomlán an chaiteachais chaipitiúil arna thabhú sa tréimhse cháilitheach ar na foirgnimh nó ar na déanmhais uile a áirítear sa tionscadal a fhoirgniú nó a athfheistiú, agus

(ii) méid an chaiteachais chaipitiúil arna thabhú sa tréimhse cháilitheach ar fhoirgniú nó ar athfheistiú foirgneamh agus déanmhas a áirítear sa tionscadal, ar foirgnimh agus déanmhais iad seachas foirgnimh chóiríochta.

(b) In aon chás—

(i) ina n-áirítear níos mó ná foirgneamh cóiríochta amháin i dtionscadal, agus

(ii) inar mó ná an méid teorann comhiomlán na méideanna caiteachais chaipitiúil arna thabhú sa tréimhse cháilitheach ar gach foirgneamh cóiríochta a fhoirgniú nó a athfheistiú,

ansin, déanfar an comhiomlán sin, chun críocha iarratais ar cheadú nó ar dheimhniú de réir fho-alt (2), a laghdú go méid atá ar cóimhéid leis an méid teorann agus déanfar an cóimhéid sin a chionroinnt ar bhonn cóir réasúnach idir na foirgnimh chóiríochta go léir a áirítear sa tionscadal.

(c) Faoi réir na gcritéar sna treoirlínte iomchuí a chomhlíonadh, ní fhéadfaidh Bord Bonneagair Thurasóireacht na Sionna láir ceadú a dheonú nó deimhniú a eisiúint de réir fho-alt (2) i ndáil le foirgneamh cóiríochta—

(i) i gcás ina bhfuil foirgneamh cóiríochta amháin san áireamh i dtionscadal, ach amháin i ndáil leis an méid den chaiteachas caipitiúil, arna thabhú ar fhoirgniú nó ar athfheistiú an fhoirgnimh sa tréimhse cháilitheach, nach mó ná an méid teorann, agus

(ii) i gcas ina bhfuil feidhm ag mír (b), ar choinníoll go mbeidh sé sásta leis an mbonn ar a ndearnadh an chionroinnt, ach amháin i ndáil leis an gcuid sin den chóiméid (dá dtagraítear i mír (b)) is inchurtha i leith an fhoirgnimh tar éis an chionroinnt a bheith déanta de réir na míre sin.

Liúntais chaipitiúla luathaithe i ndáil le foirgniú nó athfheistiú campaí saoire cláraithe áirithe.

372AX.— (1) San alt seo ciallaíonn ‘foirgneamh nó déanmhas lena mbaineann an t-alt seo’ foirgneamh nó déanmhas—

(a) a bhfuil a shuíomh go hiomlán laistigh de limistéar cáilitheach de chuid na Sionainne Láir,

(b) atá á úsáid mar champa saoire—

(i) atá cláraithe sa chlár de champaí saoire arna choimeád faoi na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta 1939 go 2003, agus

(ii) a chomhlíonann ceanglais na dtreoirlínte iomchuí i ndáil leis na cineálacha taitneamhachtaí agus saoráidí is gá a sholáthar i gcampa saoire chun críocha na Caibidle seo,

(c) ar ina leith a bheifear tar éis na sonraí seo a leanas a sholáthar do Bhord Bonneagair Thurasóireachta na Sionainne Láir lena gcur ar aghaidh chuig an Aire agus chuig an Aire Airgeadais:

(i) (I) méid an chaiteachais chaipitiúil arna thabhú iarbhír sa tréimhse cháilitheach ar fhoirgniú nó ar athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais, agus

(II) i gcás ina bhfuil feidhm ag fo-alt (4) d’alt 372WA i ndáil le foirgneamh cóiríochta, méid an chaiteachais sin atá cáilithe lena dheimhniú de réir an ailt sin,

(ii) líon agus cineál na n-infheisteoirí atá ag infheistiú san fhoirgneamh nó sa déanmhas,

(iii) an méid atá le hinfheistiú ag gach infheisteoir, agus

(iv) cineál na struchtúr atá á gcur ar bun chun an infheistíocht san fhoirgneamh nó sa déanmhas a éascú,

mar aon le cibé faisnéis eile a sonrófar sna treoirlínte iomchuí mar ní a bheadh ina chabhair don Aire Airgeadais le linn measúnú a dhéanamh ar na costais, lena n-áirítear costais státchiste ach gan a bheith teoranta do na costais sin, agus na sochair a éiríonn as oibriú faoisimh cánach i gcomhair foirgneamh agus déanmhas faoin gCaibidil seo, agus

(d) ar ina leith a thugann Bord Bonneagair Turasóireachta Limistéar na Sionnainne Láir deimhniú i scríbhinn tar éis an foirgneamh nó an déanmhas a úsáid den chéad uair nó, i gcás ina dtabhaítear caiteachas caipitiúil ar athfheistiú foirgnimh nó déanmhais, tar éis é a úsáid den chéad uair tar éis an caiteachas sin a thabhú, ar deimhniú é—

(i) ina luaitear gur deimhin leis gur comhlíonadh na coinníollacha i míreanna (a), (b) agus (c),

(ii) ina ndaingnítear dáta na céadúsáide nó, de réir mar a bheidh, dáta na céadúsáide tar éis an athfheistithe, agus

(iii) ina n-áirítear deimhniúchán de réir alt 372AW(2)(a)(ii) nó cóip den deimhniúchán sin (más roimhe sin a eisíodh é).

(2) Faoi réir fho-ailt (3) agus (4) agus alt 372AZ, tá feidhm ag Caibidil 1 de Chuid 9 i ndáil le caiteachas caipitiúil arna thabhú sa tréimhse cháilitheach ar fhoirgniú nó ar athfheistiú foirgnimh nó déanmhais lena mbaineann an t-alt seo amhail is dá ndéanfaí—

(a) in alt 272

(i) i bhfo-alt (3), an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (c):

‘(c) i ndáil le foirgneamh nó le déanmhas lena mbaineann alt 372AX, 15 faoin gcéad den chaiteachas caipitiúil dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt sin,’,

agus

(ii) i bhfo-alt (4), an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (c):

‘(c) i ndáil le foirgneamh no déanmhas lena mbaineann alt 372AX, 15 bliana dar tosach an tráth a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair nó, i gcás caiteachas caipitiúil a bheith tabhaithe ar athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais, 15 bliana dar tosach an tráth a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair tar éis an caiteachas sin a thabhú,’,

agus

(b) in alt 274(1)(b), an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (iii):

‘(iii) i ndáil le foirgneamh no déanmhas lena mbaineann alt 372AX, 15 bliana tar éis an foirgneamh nó an déanmhas a úsáid den chéad uair nó, i gcás caiteachas caipitiúil a bheith tabhaithe ar athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais, 15 bliana tar éis an foirgneamh nó an déanmhas a úsáid den chéad uair tar éis an caiteachas sin a thabhú,’.

(3) Sa chás ina dtabhaítear caiteachas caipitiúil sa tréimhse cháilitheach ar athfheistiú foirgnimh nó déanmhais lena mbaineann an t-alt seo, ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) ach amháin más rud é nach lú méid iomlán an chaiteachais chaipitiúil arna thabhú amhlaidh ná méid atá comhionann le 20 faoin gcéad de mhargadhluach an fhoirgnimh nó an déanmhais díreach sular tabhaíodh an caiteachas sin.

(4) Le linn cinneadh a dhéanamh, chun críocha na Caibidle seo, i dtaobh cibé acu, agus a mhéid, a dhéantar nó nach ndéantar caiteachas caipitiúil arna thabhú ar fhoirgniú nó ar athfheistiú foirgnimh nó déanmhais lena mbaineann an t-alt seo a thabhú sa tréimhse cháilitheach, déileálfar le cibé méid den chaiteachas caipitiúil sin is inchurtha go cuí i leith oibre ar fhoirgniú nó, de réir mar a bheidh, ar athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais (d’ainneoin aon fhorála eile de na hAchtanna Cánach maidir leis an tráth a dhéileáiltear nó a dhéileálfar le haon chaiteachas caipitiúil mar chaiteachas a tabhaíodh), ar obair í a rinneadh iarbhír le linn na tréimhse cáilithí, mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse sin.

Liúntais chaipitiúla i ndáil le saoráidí bonneagair turasóireachta áirithe a fhoirgniú nó a athfheistiú.

372AY.— (1) San alt seo, ciallaíonn ‘áitreabh cáilitheach’ foirgneamh nó déanmhas—

(a) a bhfuil a shuíomh go hiomlán laistigh de limistéar cáilitheach de chuid na Sionainne Láir,

(b) nach foirgneamh nó déanmhas tionscail é, ar leith ón alt seo, de réir bhrí alt 268, nó nach meastar gur foirgneamh nó déanmhas den sórt sin é,

(c) atá in úsáid chun críocha oibriú saoráide cáilithí bonneagair turasóireachta amháin nó níos mó,

(d) (i) faoi réir fhomhír (ii), nach bhfuil foirgneamh nó déanmhas nó cuid d’fhoirgneamh nó de dhéanmhas ar áitreabh ceadúnaithe é (arna mhíniú in alt 2 den Acht Deochanna Meisciúla 1988) ar áireamh inti, ach

(ii) a fhéadfaidh foirgneamh nó déanmhas nó cuid d’fhoirgneamh nó de dhéanmhas ar bialann í (arna mhíniú in alt 6 den Acht Deochanna Meisciúla 1988) a bheith ar áireamh ann, agus ar bialann í—

(I) a bhfuil ar-cheadúnas miondíoltóra fíona, de réir bhrí an Finance (1909-10) Act 1910, i bhfeidhm de thuras na huaire i ndáil léi, nó

(II) a ndearnadh ceadúnas bialainne speisialta, de réir bhrí an Achta Deochanna Meisciúla 1988, a dheonú i ndáil léi faoi alt 9 den Acht sin,

(e) nach bhfuil foirgneamh nó déanmhas nó cuid d’fhoirgneamh nó de dhéanmhas ar áireamh ann agus é in úsáid mar shaoráid ina seoltar cearrbhachas nó geallchur d’aon saghas ar chomaoin luachmhar nó a thugann tacaíocht do sheoladh gníomhaíochtaí den sórt sin,

(f) ar i ndáil leis a bheifear tar éis na sonraí seo a leanas a sholáthar do Bhord Bonneagair Thurasóireachta na Sionainne Láir lena gcur ar aghaidh chuig an Aire agus an Aire Airgeadais:

(i) (I) méid an chaiteachais chaipitiúil arna thabhú iarbhír sa tréimhse cháilitheach ar fhoirgniú nó ar athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais; agus

(II) i gcás ina bhfuil feidhm ag fo-alt (4) d’alt 372AW i ndáil le foirgneamh cóiríochta, méid an chaiteachais sin atá cáilithe lena dheimhniú de réir an ailt sin;

(ii) líon agus cineál na n-infheisteoirí atá ag infheistiú san fhoirgneamh nó sa déanmhas;

(iii) an méid atá le hinfheistiú ag gach infheisteoir; agus

(iv) cineál na struchtúr atá á gcur ar bun chun an infheistíocht san fhoirgneamh nó sa déanmhas a éascú;

mar aon le cibé faisnéis eile a sonrófar sna treoirlínte iomchuí mar ní a bheadh ina chabhair don Aire Airgeadais le linn measúnú a dhéanamh ar na costais, lena n-áirítear costais státchiste ach gan a bheith teoranta do na costais sin, agus na sochair a éiríonn as oibriú faoisimh cánach i gcomhair foirgneamh agus déanmhas faoin gCaibidil seo, agus

(g) ar ina leith a thugann Bord Bonneagair Turasóireachta Limistéar na Sionnainne Láir deimhniú i scríbhinn tar éis an foirgneamh nó an déanmhas a úsáid den chéad uair nó, i gcás ina dtabhaítear caiteachas caipitiúil ar athfheistiú foirgnimh nó déanmhais, tar éis é a úsáid den chéad uair tar éis an caiteachas sin a thabhú, ar deimhniú é—

(i) ina luaitear gur deimhin leis gur comhlíonadh na coinníollacha i míreanna (a), (b), (c), (d), (e) agus (f),

(ii) ina ndaingnítear dáta na céadúsáide nó, de réir mar a bheidh, dáta na céadúsáide tar éis an athfheistithe, agus

(iii) ina n-áirítear deimhniúchán de réir alt 372AW(2)(a)(ii) nó cóip den deimhniúchán sin (más roimhe sin a eisíodh é).

(2) (a) Faoi réir mhír (b), fho-ailt (3) go (5) agus alt 372AZ, maidir leis na forálacha de na nAchtanna Cánach a bhaineann le liúntais a thabhairt agus muirir a ghearradh i leith caiteachais chaipitiúil arna thabhú ar fhoirgniú nó ar athfheistiú foirgnimh nó déanmhais tionscail, beidh feidhm acu, d’ainneoin aon ní dá mhalairt sna forálacha sin—

(i) amhail is dá mba é a bheadh in áitreabh cáilitheach, gach tráth ar áitreabh cáilitheach é, ná foirgneamh nó déanmhas a bhfuil liúntas le tabhairt ina leith chun críocha cánach ioncaim nó cánach corparáide, de réir mar a bheidh, faoi Chaibidil 1 de Chuid 9 mar gheall ar é a úsáid chun críche a shonraítear in alt 268(1)(a), agus

(ii) i gcás nach trádáil aon ghníomhaíocht a sheoltar san áitreabh cáilitheach, amhail is (d’aon toisc chun liúntais a thabhairt nó muirir a ghearradh de bhua fhomhír (i)) dá mba thrádáil í.

(b) Ní thabharfar liúntas de bhua an fho-ailt seo i leith aon chaiteachais chaipitiúil arna thabhú ar fhoirgniú nó ar athfheistiú áitribh cháilithigh ach amháin a mhéid a thabhaítear an caiteachas sin sa tréimhse cháilitheach.

(3) Sa chás ina dtabhaítear caiteachas caipitiúil sa tréimhse cháilitheach ar athfheistiú áitribh cháilithigh, ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) ach amháin más rud é nach lú méid iomlán an chaiteachais chaipitiúil arna thabhú amhlaidh ná méid atá comhionann le 20 faoin gcéad de mhargadhluach an fhoirgnimh nó an déanmhais díreach sular tabhaíodh an caiteachas sin.

(4) Chun críocha fheidhmiú Chaibidil 1 de Chuid 9 le fo-alt (2), i ndáil le caiteachas caipitiúil arna thabhú sa tréimhse cháilitheach ar fhoirgniú nó ar athfheistiú áitribh cháilithigh—

(a) beidh feidhm ag alt 272 amhail is dá mba rud é—

(i) go gcuirfí an méid seo a leanas in ionad mhír (a) i bhfo-alt (3):

‘(a) i ndáil le foirgneamh nó déanmhas lena mbaineann alt 372AY, 15 faoin gcéad den chaiteachas caipitiúil dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(b) den alt sin,’,

agus

(ii) go gcuirfí an méid seo a leanas in ionad mhír (a) i bhfo-alt (4):

‘(a) i ndáil le foirgneamh nó déanmhas lena mbaineann alt 372AY, 15 bliana dar tosach an tráth a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair nó, i gcás ina dtabhaítear caiteachas caipitiúil ar athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais, 15 bliana dar tosach an tráth a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair tar éis an caiteachas sin a thabhú,’,

agus

(b) beidh feidhm ag alt 274(1)(b) amhail is dá mba rud é go gcuirfí an méid seo a leanas in ionad fhomhír (i):

‘(i) i ndáil le foirgneamhnó déanmhas lena mbaineann alt 372AY, 15 bliana tar éis an fhoirgneamh nó an déanmhas a úsáid den chéad uair nó, i gcás ina dtabhaítear caiteachas caipitiúil ar athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais, 15 bliana tar éis an fhoirgneamh nó an déanmhas a úsáid den chéad uair tar éis an caiteachas sin a thabhú,’.

(5) Le linn cinneadh a dhéanamh, chun críocha na Caibidle seo, i dtaobh cibé acu, agus a mhéid, a dhéantar nó nach ndéantar caiteachas caipitiúil arna thabhú ar fhoirgniú nó ar athfheistiú áitribh cháilithigh a thabhú sa tréimhse cháilitheach, déileálfar le cibé méid den chaiteachas caipitiúil sin is inchurtha go cuí i leith oibre ar fhoirgniú nó, de réir mar a bheidh, ar athfheistiú an áitribh (d’ainneoin aon fhorála eile de na hAchtanna Cánach maidir leis an tráth a dhéileáiltear nó a dhéileálfar le haon chaiteachas caipitiúil mar chaiteachas a tabhaíodh), ar obair í a rinneadh iarbhír le linn na tréimhse cáilithí, mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse sin.

Srianta maidir le faoiseamh, gan feidhm a bheith ag faoiseamh i gcásanna áirithe agus foráil in aghaidh faoisimh dhúbailte.

372AZ.— (1) D’ainneoin aon fhorála eile den Chaibidil seo, ní bheidh feidhm ag ailt 372AX agus 372AY i leith caiteachais arna thabhú ar fhoirgniú nó ar athfheistiú foirgnimh nó déanmhais—

(a) (i) i gcás ina bhfuil forbróir maoine i dteideal an leasa iomchuí, de réir bhrí alt 269, i ndáil leis an gcaiteachas sin, agus

(ii) i gcás inar thabhaigh an duine dá dtagraítear i bhfomhír (i) nó duine atá bainteach (de réir bhrí alt 10) leis an duine sin an caiteachas ar fhoirgniú nó ar athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais lena mbaineann,

(b) i gcás ina bhfuil aon chuid den chaiteachas sin íoctha nó le híoc, go díreach nó go neamhdhíreach, trí chúnamh deontais nó trí aon chúnamh eile arna dheonú ag an Stát nó tríd an Stát, ag aon bhord, nó trí aon bhord, arna bhunú le reacht, ag aon údarás poiblí nó áitiúil, nó trí aon údarás poiblí nó áitiúil, nó ag aon ghníomhaireacht eile de chuid an Stáit nó trí aon ghníomhaireacht eile de chuid an Stáit,

(c) mura rud é go bhfuil na liúntais chaipitiúla ionchasacha i ndáil leis an bhfoirgneamh nó an déanmhas lena mbaineann agus an tionscadal a bhfuil sé ar aireamh ann de réir cheanglais Rialachán (CE) Uimh No 1628/2006 an 24 Deireadh Fómhair 2006 ón gCoimisiún i dtaobh fheidhm Airteagail 87 agus 88 de Chonradh na gComhphobal Eorpach maidir le cúnamh infheistíochta náisiúnta réigiúnach 5 .

(2) I gcás ina dtabharfar faoiseamh de bhua alt 372AX nó 372AY i ndáil le caiteachas caipitiúil arna thabhú ar fhoirgniú nó ar athfheistiú foirgnimh nó déanmhais, ní thabharfar faoiseamh i leith an chaiteachais sin faoi aon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach.

(3) Más rud é—

(a) go dtabhófar caiteachas caipitiúil sa tréimhse cháilitheach ar fhoirgniú nó ar athfheistiú foirgnimh cóiríochta, agus

(b) go bhfuil feidhm ag fo-alt (4) d’alt 372AW d’fhonn an méid den chaiteachas sin atá cáilithe lena dheimhniú de réir an ailt sin ag Bord Bonneagair Turasóireachta na Sionainne Láir a laghdú,

ansin déanfar an méid den chaiteachas caipitiúil, arna thabhú iarbhír sa tréimhse cháilitheach ar fhoirgniú nó ar athfheistiú an fhoirgnimh cóiríochta, atá le háireamh mar chaiteachas a tabhaíodh—

(i) chun liúntais a thabhairt agus muirir a ghearradh faoi Chaibidil 1 de Chuid 9, de bhua alt 372AX nó 372AY, (lenan-áirítear liúntais chothromaíochta a thabhairt agus muirir chothromaíochta a ghearradh faoi alt 274 agus iarmhar an chaiteachais a ríomh faoi alt 277), ach

(ii) roimh oibriú fho-alt (4),

a laghdú go dtí méid an chaiteachais chaipitiúil a bhí cáilithe lena dheimhniú ag Bord Bonneagair Turasóireachta na Sionainne Láir i ndáil leis an bhfoirgneamh sin.

(4) I gcás feidhm le bheith ag faoiseamh faoi Chaibidil 1 de Chuid 9, de bhua alt 372AX nó 372AY, i ndáil le caiteachas caipitiúil arna thabhú sa tréimhse cháilitheach ar fhoirgniú nó ar athfheistiú foirgnimh nó déanmhais a bhfuil a shuíomh go hiomlán laistigh de limistéar de chuid na Sionainne Láir arna thuairisciú i gCuid 1 nó i gCuid 5 de Sceideal 8B (arna chur isteach leis an Acht Airgeadais 2007), ansin déanfar an méid den chaiteachas caipitiúil sin a bhfuiltear chun déileáil leis mar chaiteachas arna thabhú chun liúntais a thabhairt agus muirir a ghearradh faoin gCaibidil sin (lena n-áirítear liúntais chothromaíochta a thabhairt agus muirir chothromaíochta a ghearradh faoi alt 274 agus iarmhar an chaiteachais a ríomh faoi alt 277) a laghdú go dtí 80 faoin gcéad den mhéid a ndéileálfaí leis amhlaidh thairis sin, ar leith ón bhfo-alt seo.

(5) (a) Chun liúntais a thabhairt nó muirir a ghearradh faoi Chaibidil 1 de Chuid 9, de réir mar a dhéantar tagairt dó sin i bhfo-ailt (3) agus (4), déanfar tagairtí sna hAchtanna Cánach, seachas na tagairtí in alt 279 arna chur chun feidhme le mír (b), do chaiteachas arna thabhú ar fhoirgniú nó, de réir mar a bheidh, ar athfheistiú foirgnimh nó déanmhais a fhorléiriú mar thagairt don chaiteachas sin arna laghdú de réir ceachtar den dá fho-alt sin nó de réir an dá fho-alt sin.

(b) Beidh feidhm ag alt 279 i ndáil le foirgneamh nó déanmhas a bhfuil feidhm ag fo-alt (3) nó (4), nó ag an dá fho-alt sin, maidir leis amhail is dá mba rud é—

(i) go gcuirfí an méid seo a leanas in ionad an mhínithe ar ‘glanphraghas arna íoc’ i bhfo-alt (1) den alt sin:

‘ciallaíonn “glanphraghas arna íoc” an méid dá bhfreagraíonn A sa chothromóid—

A = B x DCD

D + E

más rud é—

gurb é B an méid a d’íoc duine chun an leas iomchuí san fhoirgneamh nó sa déanmhas a cheannach,

gurb é C méid an chaiteachais a tabhaíodh iarbhír ar fhoirgniú an fhoirgnimh nó an déanmhais arna laghdú de réir fho-alt (3) nó (4) d’alt 372AZ nó de réir an dá fho-alt sin,

gurb é D méid an chaiteachais a tabhaíodh iarbhír ar fhoirgniú an fhoirgnimh nó an déanmhais, agus

gurb é E méid aon chaiteachais a tabhaíodh iarbhír ar caiteachas é chun críocha mhír (a), (b) nó (c) d’alt 270(2) .’,

(ii) go gcuirfí an méid seo a leanas in ionad mhír (b) i bhfo-alt (2) den alt sin:

‘(b) maidir leis an duine a cheannóidh an leas sin, measfar ina leith, chun na gcríoch sin, gur thabhaigh sé nó sí, ar an dáta a tháinig an praghas ceannaigh chun bheith iníoctha, caiteachas ag foirgniú an fhoirgnimh nó an déanmhais ar caiteachas é atá comhionann leis an gcaiteachas sin arna laghdú de réir fho-alt (3) nó (4) d’alt 372AZ nó de réir an dá fho-alt sin nó leis an nglanphraghas arna íoc (de réir bhrí an téarma sin arna chur chun feidhme le halt 372AZ(5)) ag an duine sin ar an leas sin, cibé acu is lú;’,

agus

(iii) i bhfo-alt (3) den alt sin, gur thagairt do ‘leis an gcaiteachas sin, arna laghdú de réir fho-alt (3) nó (4) d’alt 372AZ nó de réir an dá fho-alt sin, nó leis’ an tagairt do ‘leis an gcaiteachas sin nó leis’.”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Sceideal 8A:

“Alt 372AW.

SCEIDEAL 8B

Tuairisc Limistéar Cáilitheach na Sionainne Láir

CUID 1

Tuairisc limistéir cháilitheacha na Sionainne Láir i gContae an Chláir

Na Toghranna Ceantair seo a leanas: an Aill, Baile na hInse, Bóthar Glas, Cathair Urthaille, an Ceapach Bán, an Cheathrú Bhán, Cluain Oscair, Cúil Riabhach, Corr Liath, Doire na gCiotach, Drom Meadhoin, Faiche Mhór, an Fhiacail, Inis Cealltrach Thuaidh, Inis Cealltrach Theas, Cill Dalua, Cill Ó gCinnéide, Cill Iubhran, Cill Soidle, Leaca Riabhach, Loch Éa, Baile Uí Bheoláin, Droichead Uí Bhriain, Tuath Ó gConaile agus an Scairbh.

CUID 2

Tuairisc limistéir cháilitheacha na Sionainne Láir i gContae na Gaillimhe

Na Toghranna Ceantair seo a leanas: Mainistir Uí Ghormacáin, Rann na Mainistreach, Béal Átha na Sluaighe (Tuath), Béal Átha na Sluaighe (Uirbeach), An Baile Glas, Baile na gCearr, Breaclach, Cluain Fearta, Cluain Tuaiscirt, an Cuas, Darú, Droim Caora, Droman, Dún an Uchta, Baile an Ruáin, Cill Íomair (limistéar tuaithe Phort Omna), Cill Mac Seáin, Cill Molingóg, Cill Cuán, Cill Tormóir, an Choill Mhór, an Baile Mór, Liatroim, Lios Maine, Loch an Tóraic, an Creigín, Míleac, an Móta, Pailís, Port Omna, Tír Chinn Eascrach, Tíne agus an Ghráig.

CUID 3

Tuairisc limistéir cháilitheacha na Sionainne Láir i gContae Uíbh Fhailí

Na Toghranna Ceantair seo a leanas: Béal Átha Chomair, Beannchar, Biorra (Tuath), Biorra (Uirbeach), Brothlach, an Clochán, Cluain Mhic Nóis, Doire Fhada, an Dún, Droim Cuilinn, an Eaglais, an Féar Bán, Gailinne, Sráid Uí Eidhin, Baile Hunstain, Cill Liaine, Lomchluain, Lusmhaigh, Bealach an Fhothair, Maigh Cláir, Droichead na Sionainne, Caladh na Sionainne, an tSraith agus Tigh na Muc.

CUID 4

Tuairisc limistéir cháilitheacha na Sionainne Láir i gContae Ros Comáin

Na Toghranna Ceantair seo a leanas: Áth Liag Thoir, Áth Liag Thiar, Áth Luain Thiar (Tuath), Baile Daighean, Baile na Móna, Caisleán Samsún, Cealltrach, Camach, Carnach, Ceathrú Riabhach, Cluain Bheirn, Cluain Eóin, Crannach, Críoch, Cúil Luachra, Drom Lois, Díseart Maoltuile, Fiodharta, Cill Gharadh, Cill Tuama, Leacain, Leithcheathramha, Lios Macha, Múr, Móta, Cnoc na Creige, Ros Comáin (Tuath), Ros Comáin (Uirbeach), Screig, Teach mac Conaill, Baile Thomáis agus an Turrac.

CUID 5

Tuairisc ar limistéir cháilitheacha na Sionainne Láir i gContae Thiobraid Árann

Na Toghranna Ceantair seo a leanas: Eaglais Chlocháin, Ard Cróine, Béal an Átha, Baile an Gharraí (i dtuathcheantar Bhuiríos uí Chéin), Baile Ghiobúin, Baile an Lusca, Baile mhic Aodha, Baile na Cloiche, Cnocán an Éinfhinn, Buiríos uí Chéin, Buiríos Bheag, Carraig an Tóchair, Baile an Chaisleáin, Cloch Príor, Cloch Sheascain, Cloch Shiurdáin, Doire an Chaisleáin, Fionn Mhagh, an Ghráig (i dtuathcheantar Bhuiríos uí Chéin), Greenhall, Cill Bairrfhinn, Cill Coimínte, Cill Ó Scolaí, Cill Céire, Cill Mhór, Cill na Rátha, Cnaoi, Leacach, Lothra Thoir, Lothra Thiar, Cloch an Cheitinnigh, Muing Suí, Aonach Urmhumhan Thoir Uirbeach, Aonach Urmhumhan Tuath, Aonach Urmhumhan Thiar Uirbeach, Tulach Sheasta, Ráth Cabáin, Áth Coille Ruaidhe, Baile uí Lachnáin,Tír dá Ghlas, Uscán agus Eochaill Ára.

CUID 6

Tuairisc ar limistéir cháilitheacha na Sionainne Láir i gContae na hIarmhí

Na Toghranna Ceantair seo a leanas: Áth Luain Thoir (Tuath), Áth Luain Thoir (Baile), Áth Luain Thiar (Baile), Ard na gCreach, Achadh na Gréine, An Baile Mór, Béal Átha na Leac, Carn, Caisleán uí Dhálaigh, Duibhinis, Drumraney, Glasán, Cill Fhionnabhrach, Móta, An Grianán, Mágh Droma, Muicineach, Nuachongbháil, Teampall Pádraig, Tiobraid, Móin na Manach agus Baile na Gaoithe”,

agus

(c) i Sceideal 25B, tríd an méid seo a chur isteach i ndiaidh an ábhair atá leagtha amach os coinne uimhir thagartha 36:

36A.

Alt 372AX (liúntais chaipitiúla luathaithe i ndáil le foirgniú nó athfheistiú campaí saoire cláraithe áirithe).

Méid atá comhionann—

(a) le méid comhiomlán na liúntas (lena n-áirítear liúntais chothromaíochta) a rinneadh leis an bpearsa aonair don bhliain chánach faoi Chaibidil 1 de Chuid 9 mar a chuirtear an Chaibidil sin chun feidhme le halt 372AX, lena n-áirítear aon liúntais den sórt sin, nó aon chuid d’aon liúntais den sórt sin, a rinneadh leis an bpearsa aonair do bhliain chánach roimhe sin agus a tugadh ar aghaidh ón mbliain chánach sin roimhe sin de réir Chuid 9, nó

(b) i gcás nár tugadh éifeacht iomlán i leith an chomhiomláin sin don bhliain chánach sin, leis an gcuid den chomhiomlán sin a mbeidh éifeacht iomlán tugtha dó don bhliain chánach de réir alt 278 agus alt 304 nó 305, de réir mar a bheidh, nó de réir aon cheann de na hailt sin arna chur chun feidhme nó arna mhodhnú le haon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach.

36B.

Alt 372AY (liúntais chaipitiúla i ndáil le foirgniú nó athfheistiú saoráidí bonneagair turasóireachta áirithe).

Méid atá comhionann—

(a) méid comhiomlán na liúntas (lena n-áirítear liúntais chothromaíochta) a rinneadh leis an bpearsa aonair don bhliain chánach faoi Chaibidil 1 de Chuid 9 mar a chuirtear an Chaibidil sin chun feidhme le halt 372AY, lena n-áirítear aon liúntais den sórt sin, nó aon chuid d’aon liúntais den sórt sin, a rinneadh leis an bpearsa aonair do bhlian chánach roimhe sin agus a tugadh ar aghaidh ón mbliain chánach sin roimhe sin de réir Chuid 9, nó

(b) i gcás nár tugadh éifeacht iomlán i leith an chomhiomláin sin don bhliain chánach sin, leis an gcuid den chomhiomlán sin a mbeidh éifeacht iomlán tugtha dó don bhliain chánach de réir alt 278 agus alt 304 nó 305, de réir mar a bheidh, nó de réir aon cheann de na hailt sin arna chur chun feidhme nó arna mhodhnú le haon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach.

”.

(2) Tagann an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

Leasú ar alt 1008 (measúnacht ar leithligh ar chomhpháirtithe) den Phríomh-Acht.

30 .— (1) Leasaítear alt 1008 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (2)(a)—

(i) tríd an téacs láithreach a athuimhriú mar fhomhír (i), agus

(ii) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (i):

“(ii) Más rud é, maidir le haon bhliain nó tréimhse laistigh den tréimhse iomchuí, go mbeidh comhiomlán mhéideanna na mbrabús nó na ngnóchan faoi seach (dá ngairtear ‘an comhiomlán’ san fhomhír seo) a mheastar, faoi fhomhír (i), a bheith ag eascairt chuig gach comhpháirtí sa chomhpháirtíocht, níos lú ná méid iomlán bhrabúis nó ghnóchain thrádáil na comhpháirtíochta maidir leis an mbliain sin nó leis an tréimhse sin, ansin déanfar méid na difríochta (dá ngairtear ‘an t-iarmhéid’ san fhomhír seo) idir an méid iomlán sin agus an comhiomlán a chionroinnt go hiomlán, chun críocha fho-alt (1), idir na comhpháirtithe—

(I) de réir an chóimheasa a bheidh sainráite idir na comhpháirtithe i ndáil le cionroinnt an iarmhéid, nó

(II) i gcás nach mbeidh aon chóimheas den sórt sin sainráite—

(A) de réir an chóimheasa chéanna leis an gcóimheas a bhfuil feidhm aige idir méideanna na mbrabús nó na ngnóchan faoi seach, a measadh, faoi fhomhír (i), a bheith ag eascairt chuig gach comhpháirtí, nó

(B) i gcás nár measadh faoi fhomhír (i) méid ar bith brabús nó gnóchan a bheith ag eascairt chuig aon chomhpháirtí ar leithligh, i sciartha comhionanna.”,

agus

(b) trí fho-alt (4) a scriosadh.

(2) Tá feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le méid iomlán brabús nó gnóchan trádála comhpháirtíochta (dá bhforáiltear i bhfo-alt (3)(a) d’alt 1008 den Phríomh-Acht chun críocha fho-alt (2) den alt sin) d’aon bhliain nó tréimhse dar críoch an 1 Eanáir 2007 nó dá éis.

Leasú ar Chaibidil 2 (íocaíochtaí le fochonraitheoirí i dtionscail áirithe) de Chuid 18 den Phríomh-Acht.

31 .— (1) Leasaítear Caibidil 2 de Chuid 18 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 530(1), tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c) den mhíniú ar “oibríochtaí foirgníochta”:

“(ca) córais teileachumarsáide a shuiteáil in aon fhoirgneamh nó déanmhas, nó ar aon fhoirgneamh nó déanmhas, ”,

agus

(b) in alt 531—

(i) i bhfo-alt (1)—

(I) i mír (b)(i), trí “talamh a fhorbairt (de réir bhrí alt 639 (1)) nó” a chur isteach i ndiaidh “foirgnimh a thógáil nó”, agus

(II) i mír (f), trí “nó aon bhord nó comhlacht arna bhunú le cairt ríoga nó faoi chairt ríoga agus arna mhaoiniú go hiomlán nó go formhór as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas” a chur isteach i ndiaidh “faoi reacht”,

(ii) i bhfo-alt (2), trí “nó talamh a fhorbairt” a chur isteach i ndiaidh “foirgnimh a thógáil”,

(iii) i bhfo-alt (6)

(I) i mír (b)(ii), trí “agus” a scriosadh agus i mír (b)(iii) trí “dearbhú den sórt sin a iniúchadh, agus” a chur in ionad “dearbhú den sórt sin a iniúchadh”, agus

(II) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b)(iii):

“(iv) príomhaithe do sheachadadh aon dearbhú nó gach dearbhú den sórt sin ar na Coimisinéirí Ioncaim;”,

agus

(iv) i bhfo-alt (14)—

(I) i mír (c)(iv)(II), trí “nó” a scriosadh agus, i mír (c)(iv)(III), trí “a thabhairt ar aird, nó” a chur in ionad “a thabhairt ar aird,”, agus

(II) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c)(iv)(III):

“(IV) dearbhuithe a sheachadadh ar na Coimisinéirí Ioncaim,”.

(2) (a) Faoi réir mhír (b), tá éifeacht le fo-alt (1) amhail ar agus ó dháta rite an Achta seo.

(b) Tá éifeacht le míreanna (a), (b)(i) agus (b)(ii) d’fho-alt (1) maidir le conarthaí iomchuí arna ndéanamh an 1 Bealtaine 2007 nó dá éis.

Leasú ar Chuid 36A (cuntais dreasachta coigiltis speisialta) den Phríomh-Acht.

32 .— Leasaítear an Príomh-Acht i gCuid 36A tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 848Q:

“Tuairisceáin eile.

848QA.— Déanfaidh bainisteoir cáilitheach coigiltis, atá nó a bhí cláraithe de réir alt 848R, nuair a cheanglóidh na Coimisinéirí Ioncaim air nó uirthi déanamh amhlaidh, tuairisceán a thabhairt dóibh i bhformáid leictreonach a shonróidh siad, ar tuairisceán é ina leagfar amach, i ndáil le gach ceann de na cuntais dreasachta coigiltis speisialta atá á bhainistiú ag an mbainisteoir cáilitheach coigiltis, nó i ndáil le cibé earnáil de na cuntais sin a shonróidh na Coimisinéirí Ioncaim, cibé sonraí i ndáil le gach cuntas a shonróidh na Coimisinéirí Ioncaim.”.

Leasú ar Chuid 36B (pinsin: creidmheasanna cánach dreasachta) den Phríomh-Acht.

33 .— Leasaítear an Príomh-Acht i gCuid 36B tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 848AB:

“Creidmheasanna cánach a tharraingt siar.

848ABA.— (1) San alt seo—

tá le ‘méid arna iarraidh’ an bhrí a shanntar dó i bhfo-alt (2);

ciallaíonn ‘méid arna choimeád’, i ndáil le méid arna iarraidh agus faoi réir fho-alt (4), an méid a chinnfear de réir na foirmle—

R x DCD

S + C

más rud é—

gurb é R an méid arna iarraidh,

gurb é C comhiomlán an chreidmheasa cánach agus an chreidmheasa cánach breise, i ndáil leis an suibscríobh pinsin arna dhéanamh ag an bpearsa aonair, agus

gurb é S méid an tsuibscríofa pinsin;

ciallaíonn ‘lá dílseacháin’, i ndáil le táirge pinsin pearsan aonair, an lá a dhéileálann riarthóir, de réir alt 848AA, le creidmheasanna cánach mar ranníoc saorálach breise, mar ranníoc CCSP, nó de réir mar a bheidh, mar phréimh faoi chonradh blianachta, arna dhéanamh ag an bpearsa aonair.

(2) Más rud é gurb é an 29 Meán Fómhair 2006 nó aon lá dá éis an lá dílseacháin i ndáil le táirge pinsin pearsan aonair, agus go ndéanann an phearsa aonair, laistigh de thréimhse 1 bhliain dar tosach an lá dílseacháin, a cheangal ar an riarthóir méid (dá ngairtear ‘méid arna iarraidh’ san alt seo) a íoc leis nó léi—

(a) i gcás ina bhfuil íocaíocht le déanamh an 10 Aibreán 2007 nó dá éis, déanfaidh an riarthóir an méid arna choimeád i ndáil leis an méid arna iarraidh a asbhaint ón méid arna iarraidh, agus

(b) i gcás ina ndéantar íocaíocht roimh an 10 Aibreán 2007, measúnófar an phearsa pearsa aonair i leith cánach ioncaim don bhliain mheasúnachta 2007 i cibé méid a chinnteodh go bhfuil an phearsa aonair faoi dhliteanas méid atá comhionann leis an méid arna choimeád, i ndáil leis an méid arna iarraidh, a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim .

(3) Más rud é, de réir fho-alt (2)(a), go ndéanann riarthóir méid arna choimeád a asbhaint, tá an riarthóir faoi dhliteanas an méid sin a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim de réir socruithe a chinnfidh siad.

(4) Is méid nialais an méid arna choimeád i ndáil le haon chuid de mhéid arna iarraidh nó de chomhiomlán méideanna arna n-iarradh atá níos mó ná comhiomlán an chreidmheasa cánach, an chreidmheasa cánach breise agus an tsuibscríofa pinsin.

(5) Déanfaidh riarthóir, nuair a iarrfaidh na Coimisinéirí Ioncaim air nó uirthi déanamh amhlaidh, an fhaisnéis seo a leanas a thabhairt dóibh maidir le gach pearsa aonair a cheangail ar an iarrthóir méid arna iarraidh a íoc—

(a) ainm na pearsan aonair,

(b) seoladh na pearsan aonair,

(c) Uimhir PSP na pearsan aonair,

(d) i ndáil leis an suibscríobh pinsin a rinne an phearsa aonair, méid an chreidmheasa cánach a éilíodh agus a íocadh,

(e) méid an chreidmheasa cánach breise a éilíodh agus a íocadh,

(f) an méid arna iarraidh,

(g) an méid a d’asbhain an riarthóir ón méid arna iarraidh,

(h) an dáta a rinneadh íocaíocht leis an bpearsa aonair, agus

(i) cibé faisnéis eile a éileoidh ó na Coimisinéirí Ioncaim.”.

Íocaíochtaí áirithe úis ag glacadóirí taisce.

34 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) in alt 256(1)—

(i) sa mhíniú ar “taisce iomchuí”—

(I) i mír (g)(ii), trí “nó” a scriosadh agus, i mír (h)(ii), trí “an uimhir charthanais (CHY),” a chur in ionad “an uimhir charthanais (CHY);”, agus

(II) trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (h):

“(i) ar taisce í dá dtagraítear i bhfo-alt (1A), nó

(j) ar taisce í dá dtagraítear i bhfo-alt (1B);”,

(ii) sa mhíniú ar “glacadóir taisce iomchuí” tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (ca):

“(cb) idirghabhálaí sonraithe ach sin i ndáil le taisce shonraithe agus le taisce den sórt sin amháin,”,

(iii) sa mhíniú ar “cuntas scaireanna téarma speisialta” trí “alt 267A;” a chur in ionad “alt 267A.”, agus

(iv) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “cuntas scaireanna téarma speisialta”:

“ciallaíonn ‘taisce shonraithe’ taisce d’aicme arna hainmniú ag an Aire chun críocha an mhínithe seo;

ciallaíonn ‘idirghabhálaí sonraithe’ duine arna cheapadh nó arna ceapadh ag Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta chun taiscí sonraithe a ghlacadh agus chuige sin amháin.”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 256(1):

“(1A) Is taisce lena mbaineann an fo-alt seo í taisce, maidir le haon bhliain mheasúnachta, más rud é—

(a) (i) aon tráth sa bhliain mheasúnachta sin go mbeidh 65 bliana d’aois slánaithe ag an bpearsa aonair ag a bhfuil teideal tairbhiúil chun an úis nó ag céile na pearsan aonair, agus

(ii) nach mó ioncam iomlán na pearsan aonair don bhliain mheasúnachta sin ná an méid sonraithe (de réir bhrí alt 188(2)) is infheidhme i leith na pearsan aonair sin,

agus

(b) gur mbeifear tar éis dearbhú den chineál a luaitear in alt 263A a thabhairt don ghlacadóir taisce iomchuí.

(1B) Is taisce lena mbaineann an fo-alt seo í taisce, maidir le haon bhliain mheasúnachta, más rud é—

(a) (i) gur duine iomchuí (de réir bhrí alt 267(1)(b)) an phearsa aonair, nó céile na pearsan aonair, ag a bhfuil teideal tairbhiúil chun aon úis arna íoc i leith na taisce sin sa bhliain mheasúnachta sin agus go mbeadh an phearsa aonair, de réir alt 267(3), i dteideal go n-aisíocfaí leis nó léi iomlán aon chánach cuí dá mba rud é gur asbhaineadh í ón ús sin, nó

(ii) gur duine atá díolmhaithe ó cháin ioncaim de bhua alt 189A(2) an duine atá i dteideal aon úis arna íoc i leith na taisce sin sa bhliain mheasúnachta sin agus go mbeadh an duine sin, de réir alt 267(2), i dteideal go n-aisíocfaí leis nó léi iomlán aon chánach cuí dá mba rud é gur asbhaineadh í ón ús sin,

(b) go mbeifear tar éis dearbhú den chineál a luaitear in alt 263B a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim,

(c) go mbeidh fógra den chineál a luaitear in alt 263C eisithe ag na Coimisinéirí Ioncaim chuig an nglacadóir taisce iomchuí á rá gur taisce iomchuí lena mbaineann an fo-alt seo an taisce agus nach ndéantar an fógra sin a chealú de réir alt 263C(2), agus

(d) nach pearsa aonair dá dtagraítear i bhfo-alt (1A), seachas pearsa aonair is duine iomchuí de réir bhrí alt 267(1)(b), an phearsa aonair ag a bhfuil teideal tairbhiúil chuig an ús,

agus más rud é, de bhua alt 263C(2), nach taisce lena mbaineann an fo-alt seo, i leith aon bhliana measúnachta, an taisce, ansin déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, dá réir sin, an méid sin in iúl don ghlacadóir taisce agus más rud é, aon tráth, go mbeidh na Coimisinéirí Ioncaim tar éis an méid sin a chur in iúl don ghlacadóir taisce amhlaidh, ní taisce lena mbaineann an fo-alt seo an taisce ón tráth sin amach.”,

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 261A:

“Cánachas ar ús sonraithe.

261B.— (1) San alt seo ciallaíonn ‘ús sonraithe’ ús a eascraíonn chuig duine i leith taisce ar maidir léi a bheidh dearbhú déanta ag an duine faoi fho-alt (1A) nó (1B) d’alt 256 agus ar taiscí í nach bhfuil san áireamh san ús iomchuí chun críocha mhír (c)(i)(II) d’alt 261.

(2) D’ainneoin aon fhorála eile de na hAchtanna Cánach Ioncaim, déanfar méid an ioncaim inchánach ar a ndéanfar cáin ioncaim a mhuirearú ar dhuine de réir an ráta chaighdeánaigh d’aon bhliain mheasúnachta a mhéadú de mhéid atá comhionann le méid ús sonraithe an duine sin ar a mbeidh cáin ioncaim don bhliain sin le ríomh.

(3) Níl feidhm ag alt 246(2) maidir le híocaíocht úis shonraithe más rud é go mbeadh feidhm aige thairis sin.”,

(d) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 263:

“Dearbhuithe chuig glacadóir taisce iomchuí i ndáil le taiscí daoine áirithe.

263A.— (1) Maidir leis an dearbhú dá dtagraítear in alt 256(1A), is dearbhú i scríbhinn chuig glacadóir taisce iomchuí é—

(a) a dhéanann pearsa aonair (dá ngairtear ‘an dearbhóir’ san alt seo) a mbeidh aon ús ar an taisce a bhfuil an dearbhú á dhéanamh ina leith iníoctha ag an nglacadóir taisce iomchuí leis nó léi, agus é sínithe ag an dearbhóir,

(b) a dhéantar i cibé foirm a fhorordóidh, a údaróidh nó a cheadóidh na Coimisinéirí Ioncaim,

(c) lena ndearbhaítear gurb amhlaidh, an tráth a dhéantar an dearbhú—

(i) go bhfuil 65 bliana d’aois slánaithe ag an bpearsa aonair a bhfuil teideal tairbhiúil aige nó aici, nó ag a chéile nó a céile, chuig an ús i ndáil leis an taisce, agus

(ii) nach mbeidh ioncam iomlán na pearsan aonair don bhliain mheasúnachta ina ndéantar an dearbhú níos mó ná an méid sonraithe (de réir bhrí alt 188(2)) is infheidhme i leith na pearsan aonair sin,

(d) ina mbeidh, maidir leis an bpearsa aonair, nó de réir mar a bheidh, maidir le gach duine de na pearsana aonair, a luaitear i mír (c)—

(i) ainm agus seoladh na pearsan aonair,

(ii) dáta breithe na pearsan aonair a bhfuil 65 bliana d’aois slánaithe aige nó aici, agus

(iii) Uimhir PSP (de réir bhrí alt 891B) na pearsan aonair,

(e) ina mbeidh gealltanas ón dearbhóir go ndéanfaidh sé nó sí, más rud é nach bhfuil na coinníollacha atá leagtha amach i mír (a) d’alt 256(1A) á gcomhlíonadh ag an bpearsa aonair nó, de réir mar a bheidh, ag aon duine de na pearsana aonair, a luaitear i mír (d), an méid sin a chur in iúl don ghlacadóir taisce iomchuí, agus

(f) ina mbeidh cibé faisnéis eile a éileoidh na Coimisinéirí Ioncaim le réasún chun críocha na Caibidle seo.

(2) Tá feidhm ag alt 263(2) maidir le dearbhuithe den chineál a luaitear san alt seo mar atá feidhm aige maidir le dearbhuithe den chineál a luaitear san alt sin.

Dearbhuithe chuig na Coimisinéirí Ioncaim i ndáil le taiscí daoine áirithe.

263B.— Maidir leis an dearbhú dá dtagraítear in alt 256(1B), is dearbhú i scríbhinn chuig na Coimisinéirí Ioncaim é—

(a) a dhéanann pearsa aonair (dá ngairtear ‘an dearbhóir’ san alt seo) a mbeidh aon ús ar an taisce a bhfuil an dearbhú á dhéanamh ina leith iníoctha ag an nglacadóir taisce iomchuí leis nó léi, agus é sínithe ag an dearbhóir,

(b) a dhéantar i cibé foirm a fhorordóidh, a údaróidh nó a cheadóidh na Coimisinéirí Ioncaim,

(c) lena ndearbhaítear gurb amhlaidh, an tráth a dhéantar an dearbhú—

(i) (I) go bhfuil an phearsa aonair a bhfuil teideal tairbhiúil aige nó aici chuig an ús i ndáil leis an taisce, nó a chéile nó a céile, buanéagumasaithe mar gheall ar éiglíocht mheabhrach nó choirp ar é féin nó í féin a chothabháil, agus

(II) gur duine iomchuí (de réir bhrí alt 267) an phearsa aonair a bhfuil teideal tairbhiúil aige nó aici chuig aon ús i leith na taisce sin in aon bhliain mheasúnachta, nó a chéile nó a céile, agus go mbeadh an phearsa aonair, de réir alt 267(3), i dteideal go n-aisíocfaí leis nó léi iomlán aon chánach cuí dá mba rud é gur asbhaineadh í ón ús sin,

(ii) (I) go bhfuil an duine a bhfuil teideal aige nó aici chuig an ús i ndáil leis an taisce díolmhaithe ó cháin ioncaim de bhua alt 189A(2), agus

(II) gur duine dá dtagraítear in alt 189A(2) an duine a bhfuil teideal aige nó aici chuig aon ús arna íoc i leith na taisce sin in aon bhliain mheasúnachta agus go mbeadh sé nó sí, de réir alt 267(2), i dteideal go n-aisíocfaí leis nó léi iomlán aon chánach cuí dá mba rud é gur asbhaineadh í ón ús sin,

(d) ina mbeidh, maidir leis an duine nó, de réir mar a bheidh, maidir le gach duine de na daoine, a luaitear i mír (c)—

(i) ainm agus seoladh an duine,

(ii) Uimhir PSP an duine (de réir bhrí alt 891B) nó, i gcás nach pearsa aonair an duine, uimhir thagartha cánach an duine (de réir bhrí mhíreanna (b) agus (c) den mhíniú ar ‘uimhir thagartha cánach’ in alt 885),

(iii) ainm agus seoladh an ghlacadóra taisce (lena n-áirítear ainm agus seoladh bhrainse an ghlacadóra taisce, más ann) a shealbhaíonn an taisce a bhfuil an dearbhú á dhéanamh ina leith, agus

(iv) uimhir chuntais nó uimhir chomhaltais na taisce, de réir mar a bheidh, a bhfuil an dearbhú á dhéanamh ina leith,

(e) ina mbeidh gealltanas ón dearbhóir go ndéanfaidh sé nó sí, más rud é nach bhfuil na coinníollacha atá leagtha amach i mír (a) d’alt 256(1B) á gcomhlíonadh ag an duine nó, de réir mar a bheidh, ag aon duine de na daoine, a luaitear i mír (d), an méid sin a chur in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim, agus

(f) ina mbeidh cibé faisnéis eile a éileoidh na Coimisinéirí Ioncaim Ioncaim chun críocha na Caibidle seo.

Fógraí ó na Coimisinéirí Ioncaim i ndáil le taiscí daoine áirithe.

263C.— (1) Maidir leis an bhfógra dá dtagraítear in alt 256(1B)—

(a) is fógra i scríbhinn é ó na Coimisinéirí Ioncaim chuig glacadóir taisce iomchuí á dhaingniú go measfar nach taisce iomchuí an cuntas a shainaithnítear san fhógra mura rud é go ndéanfar, agus go dtí go ndéanfar, an fógra a chealú de réir fho-alt (2),

(b) is fógra é ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas maidir leis an duine a bhfuil teideal tairbhiúil aige nó aici, nó maidir leis an duine (ar iontaobhaí amháin nó níos mó é nó í) dá dtagraítear on alt 189A(2) agus a bhfuil teideal aige nó aici, chuig an ús i ndáil leis an taisce a luaitear i mír (a)—

(i) ainm agus seoladh an duine,

(ii) Uimhir PSP an duine (de réir bhrí alt 891B) nó, i gcás nach pearsa aonair an duine, uimhir thagartha cánach an duine (de réir bhrí mhíreanna (b) agus (c) den mhíniú ar ‘uimhir thagartha cánach’ in alt 885), agus

(iii) uimhir chuntais na taisce,

agus

(c) is fógra é ina mbeidh cibé faisnéis eile a chinnfidh na Coimisinéirí Ioncaim chun críocha na Caibidle seo.

(2) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an fógra a chealú aon tráth agus fógra i scríbhinn á rá sin a thabhairt don ghlacadóir taisce iomchuí agus don duine nó do na daoine a luaitear i bhfo-alt (1)(b). I gcás ina mbeidh na Coimisinéirí Ioncaim tar éis fógra a thabhairt amhlaidh aon tráth don ghlacadóir taisce iomchuí, ní bheidh an taisce ina taisce a bhfuil feidhm ag an alt seo maidir léi ón tráth sin amach.”,

(e) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 265:

“Taiscí daoine áirithe.

265A.— I gcás ina gceanglaítear ar ghlacadóir taisce iomchuí tuairisceán a thabhairt faoi alt 891 i leith úis ar thaisce is taisce de chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (1A) nó (1B) d’alt 256, ansin beidh an méid seo san áireamh sa tuairisceán sin, i dteannta na nithe a chuirfear san áireamh sa tuairisceán de bhua alt 891—

(a) Uimhir PSP (de réir bhrí alt 891B) an duine, nó

(b) i gcás nach pearsa aonair an duine, uimhir thagartha cánach an duine (de réir bhrí mhíreanna (b) agus (c) d’alt 885).”,

(f) in alt 267(3) trí “alt 189A(4)” a chur in ionad “alt 189(3)”,

(g) in alt 891(1A) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) Ní bheidh feidhm ag an alt seo i ndáil le haon ús arna íoc nó arna chreidiúnú ag comhar creidmheasa i leith airgid a fhaigheann nó a choimeádann sé, seachas ús arna íoc nó arna chreidiúnú aige i leith taisce lena mbaineann fo-alt (1A) nó (1B) d’alt 256.”,

agus

(h) in alt 904A(3)(b)(ii)(I) trí “alt 246A(3)(b)(ii)(III), 263 nó 263A,” a chur in ionad “alt 246A(3)(b)(ii)(III) nó 263,”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo amhail ar agus ó dháta rite an Achta seo.

Faoiseamh ó chánachas dúbailte.

35 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) in alt 826, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Más rud é—

(a) go ndearbhóidh an Rialtas, le hordú, go ndearnadh socruithe, arna sonrú san ordú, le rialtas aon chríche lasmuigh den Stát i ndáil leis na nithe seo a leanas—

(i) faoiseamh a thabhairt ó chánachas dúbailte i leith na nithe seo a leanas—

(I) cáin ioncaim,

(II) cáin chorparáide i leith ioncaim agus gnóchan inmhuirearaithe (nó, i gcás socruithe arna ndéanamh roimh achtú an Achta Cánach Corparáide 1976, cáin bhrabús corparáide),

(III) cáin ghnóchan caipitiúil,

(IV) aon chánacha de chineál den tsamhail chéanna,

arna forchur le dlíthe an Stáit nó le dlíthe na críche sin, agus

(ii) i gcás cánacha d’aon chineál nó tuairisc arna bhforchur le dlíthe an Stáit nó le dlíthe na críche sin—

(I) malartú faisnéise d’fhonn imghabháil cánach a chosc agus a bhrath, nó

(II) faoiseamh a dheonú ó chánachas, faoi dhlíthe na críche sin, do dhaoine a bhfuil cónaí orthu sa Stáit chun críocha cánach,

agus gur fóirsteanach feidhm dlí a bheith ag na socruithe sin, agus

(b) go ndéantar tagairt don ordú arna dhéanamh amhlaidh i gCuid 1 de Sceideal 24A,

ansin, faoi réir an ailt seo agus a mhéid a fhoráiltear san alt seo, beidh feidhm dlí ag na socruithe, d’ainneoin aon achtacháin, amhail is dá mba rud é gurbh Acht de chuid an Oireachtais gach ordú den sórt sin amhail ar an agus ón dáta a dhéantar na nithe seo a leanas—

(A) Sceideal 24A a chur isteach sa Phríomh-Acht le mír (b), nó

(B) tagairt don ordú a chur isteach i gCuid 1 de Sceideal 24A,

cibé acu is déanaí.

(1A) Más rud é—

(a) go ndearbhóidh an Rialtas, le hordú, go ndearnadh socruithe, arna sonrú san ordú, le rialtas aon chríche lasmuigh den Stát i ndáil le faoiseamh a thabhairt ó chánachas dúbailte ar ghnóthas aeriompair agus ar a gcuid fostaithe i leith na gcánacha go léir atá, nó a d’fhéadfadh teacht chun bheith, inmhuirearaithe ar bhrabúis, ar ioncam agus ar ghnóchain chaipitiúla arna bhforchur le dlíthe an Stáit nó le dlíthe na críche sin, agus gur fóirsteanach feidhm slí a bheith ag na socruithe sin

(b) go ndéantar tagairt don ordú arna dhéanamh amhlaidh i gCuid 2 de Sceideal 24A,

ansin, faoi réir an ailt seo agus a mhéid a fhoráiltear san alt seo, beidh feidhm dlí ag na socruithe, d’ainneoin aon achtacháin, amhail is dá mba rud é gurbh Acht de chuid an Oireachtais gach ordú den sórt sin amhail ar an agus ón dáta a dhéantar na nithe seo a leanas—

(i) Sceideal 24A a chur isteach sa Phríomh-Acht le mír (b), nó

(ii) tagairt don ordú a chur isteach i gCuid 2 de Sceideal 24A,

cibé acu is déanaí.

(1B) Más rud é—

(a) go ndearbhóidh an Rialtas, le hordú, go ndearnadh socruithe, arna sonrú san ordú, le rialtas aon chríche lasmuigh den Stát i ndáil leis na nithe seo a leanas—

(i) malartú faisnéise d’fhonn imghabháil cánach a chosc agus a bhrath i gcás cánacha d’aon chineál nó tuairisc arna bhforchur le dlíthe an Stáit nó le dlíthe na críche sin,

(ii) cibé nithe eile a bhaineann le faoiseamh ó chánachas dúbailte de réir mar is cuí leis an Rialtas,

agus gur fóirsteanach feidhm slí a bheith ag na socruithe sin, agus

(b) go ndéantar tagairt don ordú arna dhéanamh amhlaidh i gCuid 3 de Sceideal 24A,

ansin, faoi réir an ailt seo, beidh feidhm dlí ag na socruithe, d’ainneoin aon achtacháin, amhail is dá mba rud é gurbh Acht de chuid an Oireachtais gach ordú den sórt sin amhail ar an agus ón dáta a dhéantar tagairt don ordú a chur isteach i gCuid 3 de Sceideal 24A.”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Sceideal 24:

“SCEIDEAL 24A

Comhshocraíochtaí arna nDéanamh ag an Rialtas le Rialtas aon Chríche Lasmuigh den Stát i nDáil le Faoiseamh ó Chánachas Dúbailte a Thabhairt agus Faisnéis a Mhalartú i nDáil le Cáin.

CUID 1

Comhshocraíochtaí i nDáil le Faoiseamh a Thabhairt ó Chánachas Dúbailte i leith na gCánacha Dá dTagraítear in Alt 826(1), arna nDéanamh ag an Rialtas agus arna Sonrú in Orduithe arna nDéanamh ag an Rialtas

1. An tOrdú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam agus Gnóchain Chaipitiúla) (An Astráil) 1983 (I.R. Uimh. 406 de 1983).

2. An tOrdú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam) (Poblacht na hOstaire) 1967 (I.R. Uimh. 250 de 1967) agus an tOrdú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam agus Gnóchain Chaipitiúla) (Poblacht na hOstaire) 1988 (I.R. Uimh. 29 de 1988).

3. An tOrdú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam) (Ríocht na Beilge) 1973 (I.R. Uimh. 66 de 1973),

4. An tOrdú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam agus Gnóchain Chaipitiúla) (Poblacht na Bulgáire) 2000 (I.R. Uimh. 372 de 2000).

5. An tOrdú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam agus Gnóchain Chaipitiúla) (Rialtas Cheanada) 2004 (I.R. Uimh. 773 de 2004).

6. An tOrdú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam) (Daon-Phoblacht na Síne) 2000 (I.R. Uimh. 373 de 2000).

7. An tOrdú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam agus Gnóchain Chaipitiúla) (Poblacht na Cróite) 2002 (I.R. Uimh. 574 de 2002).

8. An tOrdú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam) (An Chipir) 1970 (I.R. Uimh. 79 de 1970).

9. An tOrdú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam agus Gnóchain Chaipitiúla) (Poblacht na Seice)1995 (I.R. Uimh. 321 de 1995).

10. An tOrdú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam) (Ríocht na Danmhairge) 1993 (I.R. Uimh. 286 de 1993).

11. An tOrdú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam agus Gnóchain Chaipitiúla) (Poblacht na hEastóine) 1998 (I.R. Uimh. 496 de 1998) .

12. An tOrdú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam agus Gnóchain Chaipitiúla) (Poblacht na Fionlainne) 1993 (I.R. Uimh. 289 de 1993).

13. An tOrdú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam) (Poblacht na Fraince)1970 (I.R. Uimh. 162 de 1970).

14. An tOrdú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam agus Gnóchain Chaipitiúla agus Gewerbesteuer (Cáin Trádála)) (Poblacht Chónaidhme na Gearmáine) 1962 (I.R. Uimh. 212 de 1962).

15. An tOrdú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam agus Gnóchain Chaipitiúla) (Rialtas na Poblachta Heilléanaí) 2004 (I.R. Uimh. 774 de 2004).

16. An tOrdú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam) (Poblacht na hUngáire) 1995 (I. R. Uimh. 301 de 1995).

17. An tOrdú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam agus Gnóchain Chaipitiúla) (Poblacht na hÍoslainne) 2004 (I.R. Uimh. 775 de 2004).

18. An tOrdú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam agus Gnóchain Chaipitiúla) (Poblacht na hIndia) 2001 (I.R. Uimh. 521 de 2001).

19. An tOrdú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam) (An Iodáil) 1973 (I.R. Uimh. 64 de 1973).

20. An tOrdú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam) (Stát Iosrael) 1995 (I.R. Uimh. 323 de 1995).

21. An tOrdú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam) (An tSeapáin) 1974 (I.R. Uimh. 259 de 1974).

22. An tOrdú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam agus Gnóchain Chaipitiúla) (Poblacht na Cóiré) 1991(I.R. Uimh. 290 de 1991).

23. An tOrdú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam agus Gnóchain Chaipitiúla) (Poblacht na Laitvia) 1997 (I.R. Uimh. 504 de 1997).

24. An tOrdú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam agus Gnóchain Chaipitiúla) (Poblacht na Liotuáine) 1997 (I.R. Uimh. 503 de 1997).

25. An tOrdú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam agus Gnóchain Chaipitiúla) (Ard-Diúcacht Lucsamburg) 1973 (I.R. Uimh. 65 de 1973).

26. An tOrdú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam) (An Mhalaeisia) 1998 (I.R. Uimh. 495 de 1998).

27. An tOrdú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam agus Gnóchain Chaipitiúla) (Stáit Aontaithe Mheicsiceo) 1998 (I.R. Uimh. 497 de 1998).

28. An tOrdú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam agus Gnóchain Chaipitiúla) (Ríocht na hÍsiltíre) 1970 (I.R. Uimh. 22 de 1970).

29. An tOrdú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam agus Gnóchain Chaipitiúla) (An Nua-Shéalainn) 1988 (I.R. Uimh. 30 de 1988).

30. An tOrdú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam agus Gnóchain Chaipitiúla) (Ríocht na hIorua) 2001 (I.R. Uimh. 520 de 2001).

31. An tOrdú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam) (An Phacastáin) 1974 (I.R. Uimh. 260 de 1974).

32. An tOrdú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam) (Poblacht na Polainne) 1995 (I.R. Uimh. 322 de 1995).

33. An tOrdú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam) (Poblacht na Portaingéile) 1994 (I.R Uimh. 102 de 1994) agus an tOrdú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam) (Poblacht na Portaingéile) 2005 (I.R. Uimh. 816 de 2005).

34. An tOrdú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam agus Gnóchain Chaipitiúla) (An iomáin) 1999 (I.R. Uimh. 427 de 1999).

35. An tOrdú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam) (Cónaidhm na Rúise) 1994 (I.R. Uimh. 428 de 1994).

36. An tOrdú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam agus Gnóchain Chaipitiúla) (Poblacht na Slóvaice) 1999 (I.R. Uimh. 426 de 1999).

37. An tOrdú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam agus Gnóchain Chaipitiúla) (Poblacht na Slóivéine) 2002 (I.R. Uimh. 573 de 2002).

38. An tOrdú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam agus Gnóchain Chaipitiúla) (Poblacht na hAfraice Theas) 1997 (I.R. Uimh. 478 de 1997).

39. An tOrdú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam agus Gnóchain Chaipitiúla) (Ríocht na Spáinne) 1994 (I.R. Uimh. 308 de 1994).

40. An tOrdú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam agus Gnóchain Chaipitiúla) (An tSualainn) 1987 (I.R. Uimh. 348 de 1987) agus an tOrdú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam agus Gnóchain Chaipitiúla) (An tSualainn) 1993 (I.R. Uimh. 398 de 1993).

41. An tOrdú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam agus Gnóchain Chaipitiúla) (Cónaidhm na hEilvéise) 1967 (I.R. Uimh. 240 de 1967) agus an tOrdú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam agus Gnóchain Chaipitiúla) (Cónaidhm na hEilvéise) 1984 (I.R. Uimh. 76 de 1984).

42. An tOrdú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam agus Gnóchain Chaipitiúla) (An Ríocht Aontaithe) 1976 (I.R. Uimh. 319 de 1976), an tOrdú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam agus Gnóchain Chaipitiúla) (An Ríocht Aontaithe) 1995 (I.R. Uimh. 209 de 1995) agus an tOrdú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam agus Gnóchain Chaipitiúla) (Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann) 1998 (I.R. Uimh. 494 de 1998)

43. An tOrdú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam agus Gnóchain Chaipitiúla) (Stáit Aontaithe Mheiriceá) 1997 (I.R. Uimh. 477 de 1997) agus an tOrdú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam agus Gnóchain Chaipitiúla) (Stáit Aontaithe Mheiriceá) 1999 (I.R. Uimh. 425 de 1999).

44. An tOrdú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam) (Poblacht na Saimbia) 1973 (I.R. Uimh. 130 de 1973).

45. An tOrdú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam) (Coigeartú Brabús Fiontar Comhlachaithe) (An Comhphobal Eorpach) 1994 (I.R. Uimh. 88 de 1994) arna leasú leis an Ordú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam) (Coigeartú Brabús Fiontar Comhlachaithe) (Na Comhphobail Eorpacha) 2004 (I.R. Uimh. 40 de 2004), an Ordú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam) (Coigeartú Brabús Fiontar Comhlachaithe) (Poblacht na hOstaire, Poblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne) 2004 (I.R. Uimh. 41 de 2004) agus an Ordú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam) (Coigeartú Brabús Fiontar Comhlachaithe) (Stáit Aontachais) 2006 (I.R. Uimh. 112 de 2006).

CUID 2

Comhshocraíochtaí, de bhun Alt 826 (1A) i ndáil le Faoiseamh a thabhairt ó Chánachas Dúbailte ar Ghnóthais Aeriompair agus a bhFostaithe, arna ndéanamh ag an Rialtas agus arna sonrú in Orduithe arna ndéanamh ag an Rialtas.

An tOrdú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Gnóthais Aeriompair agus a bhFostaithe) (Aontas na bPoblachtaí Sóivéadacha Sóisialacha) 1987 (I.R. Uimh. 349 de 1987).

CUID 3

Comhshocraíochtaí, de bhun Alt 826 (1B) i ndáil le Malartú Faisnéise a bhaineann le Cáin agus i ndáil le Nithe Eile a bhaineann le Cáin”.

(2) Tá feidhm ag Sceideal 2 chun fo-alt (1) a fhorlíonadh.

(3) Tá éifeacht leis an alt seo amhail ar agus ó dháta rithe an Achta seo.

Faoiseamh aontaobhach ó chánachas dúbailte.

36 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 826:

“Faoiseamh aontaobhach ó chánachas dúbailte.

826A.— I gcás nach ndéantar faoiseamh ó chánachas dúbailte a thabhairt de bhua alt 826, déanfar faoiseamh (ar a dtugtar ‘faoiseamh aontaobhach’) a thabhairt ó cháin i leith cánach arna híoc faoi dhlíthe críche seachas an Stát de réir Sceideal 24.”,

agus

(b) i Sceideal 24—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 9D:

“Faoiseamh Aontaobhach (brabúis bhrainse)

9DA.— (1) A mhéid is léir ó na forálacha sin ina dhiaidh seo a leanas den mhír seo, déanfar faoiseamh (dá ngairtear ‘faoiseamh aontaobhach’ sa mhír seo) ó cháin chorparáide, i leith brabús cuideachta ó thrádáil arna seoladh ag an gcuideachta trí bhrainse nó trí ghníomhaireacht i gcríoch seachas an Stát, a thabhairt i leith cánach is iníoctha faoi dhlí aon chríche seachas an Stát tríd an gcáin sin a lamháil mar chreidmheas in aghaidh cánach corparáide, d’ainneoin nach bhfuil aon socruithe i bhfeidhm de thuras na huaire lena ndéantar foráil maidir le faoiseamh den sórt sin.

(2) Is é a bheidh i bhfaoiseamh aontaobhach ná cibé faoiseamh a bheadh le tabhairt faoin Sceideal seo dá mbeadh socruithe, ina bhfuil na forálacha atá i bhfomhíreanna (3) go (5), i bhfeidhm le rialtas na críche atá i gceist, agus déanfar tagairt sa Sceideal seo do chreidmheas faoi shocruithe a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt d’fhaoiseamh aontaobhach.

(3) Faoi réir Chuid 1 agus fhomhír (5), déanfar creidmheas i leith cánach arna híoc faoi dhlí críche seachas an Stát agus arna ríomh faoi threoir ioncaim cuideachta, ar cuideachta í a thagann faoi réim fhomhír (4), ó thrádáil arna seoladh trí bhrainse nó trí ghníomhaireacht sa chríoch sin, a lamháil in aghaidh cánach corparáide sa Stát arna ríomh faoi threoir an ioncaim sin.

(4) (a) Tagann cuideachta faoi réim na fomhíre seo más rud é—

(i) go bhfuil cónaí uirthi sa Stát, nó

(ii) go bhfuil, de bhua dlí Ballstáit iomchuí seachas an Stát, cónaí uirthi chun críocha cánach i mBallstát den sórt sin agus gur cuid d’ioncam brainse nó gníomhaireachta de chuid na cuideachta sa Stát an t-ioncam dá dtagraítear i bhfomhír (3).

(b) Chun críocha fhomhír (a)(ii), ciallaíonn ‘cáin, i ndáil le Ballstát iomchuí seachas an Stát, aon cháin a fhorchuirtear sa Bhallstát agus a fhreagraíonn do cháin chorparáide sa Stát.

(5) Ní lamhálfar creidmheas de bhua fhomhír (3)—

(a) i leith cánach arna híoc faoi dhlí críche i gcás ina bhfuil socruithe ann le rialtas na críche ach amháin a mhéid nach bhféadfar creidmheas a thabhairt i leith na cánach sin faoi na socruithe sin, nó

(b) i leith aon chánach ar cáin choigríche iomchuí í de réir bhrí alt 449 nó mír 9D.

(6) Más rud é—

(a) go bhféadfar faoiseamh aontaobhach a thabhairt i leith aon bhrabús, agus

(b) gur dealraitheach, maidir leis an measúnacht i leith cánach corparáide arna déanamh i leith na mbrabús, nach ndéantar í i leith mhéid iomlán an chéanna, nó go bhfuil sí mícheart ag féachaint don chreidmheas, más ann, atá le tabhairt ar mhodh faoisimh aontaobhaigh,

ansin, féadfar aon mheasúnacht den sórt sin a dhéanamh nó a leasú de réir mar is gá chun a chinntiú go measúnófar méid iomlán na mbrabús agus go dtabharfar an creidmheas cuí, más ann, ina leith.

(7) Sa Sceideal seo, i dtaca leis an bhfeidhm atá aige maidir le faoiseamh aontaobhach, ní fholaíonn tagairtí do cháin is iníoctha nó arna híoc faoi dhlí críche lasmuigh den Stát ach tagairtí do chánacha a mhuirearaítear ar ioncam nó ar ghnóchain chaipitiúla agus a fhreagraíonn do cháin chorparáide agus do cháin ghnóchan caipitiúil.”,

agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 9F:

“9FA.— (1) Sa mhír seo—

ciallaíonn ‘méid comhiomlán na cánach corparáide is iníoctha ag cuideachta do thréimhse chuntasaíochta i leith ioncaim brainse coigríche de chuid na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta’ an méid sin den cháin chorparáideach a bheadh, ar leith ón mír seo, iníoctha ag an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin, ar méid nach mbeadh iníoctha dá mba rud é go ndéanfaí neamhshuim d’ioncam an bhrainse coigríche chun críocha cánach;

ciallaíonn ‘brainse coigríche’, i ndáil le cuideachta, brainse nó gníomhaireacht de chuid na cuideachta i gcríoch seachas an Stát trína seolann an chuideachta trádáil sa chríoch sin;

ciallaíonn ‘ioncam brainse coigríche’, i ndáil le cuideachta, an méid sin d’ioncam na cuideachta is inchurtha i leith brainse coigríche;

ciallaíonn ‘cáin choigríche’, i ndáil le hioncam brainse coigríche de chuid cuideachta, cáin—

(a) a íoctar, faoi dhlíthe na críche ina bhfuil an brainse coigríche suite, ar ioncam is inchurtha i leith an bhrainse sin, agus

(b) a fhreagraíonn do cháin chorparáide.

(2) Más rud é, maidir le haon ioncam brainse coigríche de chuid cuideachta do thréimhse chuntasaíochta, nach féidir, ar leith ón mír seo, aon chuid den cháin choigríche a lamháil mar chreidmheas in aghaidh cánach corparáide agus, dá réir sin, go ndéanfar méid an ioncaim a áireamh, faoi mhír 7(3)(c), mar mhéid arna laghdú den chuid sin den cháin choigríche, ansin déanfar méid atá comhionann le comhiomlán na méideanna seo a leanas—

(a) i gcás ina ndéantar ioncam atá inmhuirearaithe i leith cánach de réir an ráta a shonraítear in alt 21(1) don tréimhse chuntasaíochta a áireamh, faoi mhír 7(3)(c), mar ioncam arna laghdú, méid a chinnfear de réir na foirmle—

100 — R x D

100

más rud é—

gurb é R an ráta faoin gcéad a shonraítear in alt 21(1), agus

gurb é D an méid ar dá réir a áirítear an t-ioncam sin a bheith laghdaithe,

agus

(b) i gcás ina ndéantar ioncam atá inmhuirearaithe i leith cánach de réir an ráta a shonraítear in alt 21A(3) don tréimhse chuntasaíochta a áireamh, faoi mhír 7(3)(c), mar ioncam arna laghdú, méid a chinnfear de réir na foirmle—

100 — R x D

100

más rud é—

gurb é R an ráta faoin gcéad a shonraítear in alt 21A(3), agus

gurb é D an méid ar dá réir a áirítear an t-ioncam sin a bheith laghdaithe,

a áireamh, chun críocha fhomhír (3), mar cháin choigríche neamhfhaoisimh de chuid na tréimhse cuntasaíochta sin.

(3) Déanfar an méid comhiomlán cánach corparáide is iníoctha ag cuideachta do thréimhse chuntasaíochta i leith ioncaim brainse coigríche de chuid na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta a laghdú de mhéid na cánach coigríche neamhfhaoisimh le haghaidh na tréimhse cuntasaíochta sin.

Faoiseamh Aontaobhach (gnóchain chaipitiúla)

9FB.— (1) A mhéid is léir ó na forálacha sin ina dhiaidh seo den mhír seo, déanfar faoiseamh (dá ngairtear ‘faoiseamh aontaobhach’ sa mhír seo) ó cháin ghnóchan caipitiúil (lena n-áirítear cáin chorparáide i leith gnóchan inmhuirearaithe) i leith gnóchan inmhuirearaithe a fhabhraíonn chuig duine as sócmhainn a dhiúscairt (dá ngairtear ‘sócmhainn shonraithe’ sa mhír seo) atá suite i gcríoch seachas an Stát, a thabhairt i leith cánach is iníoctha faoi dhlí aon chríche sonraithe tríd an gcáin sin a lamháil mar chreidmheas in aghaidh cánach gnóchan caipitiúil (nó de réir mar a bheidh, in aghaidh cánach corparáide i leith gnóchan inmhuirearaithe), d’ainneoin nach bhfuil aon socruithe i bhfeidhm de thuras na huaire lena ndéantar foráil maidir le faoiseamh den sórt sin.

(2) Is é a bheidh i bhfaoiseamh aontaobhach ná cibé faoiseamh a bheadh le tabhairt faoin Sceideal seo dá mbeadh na forálacha atá i bhfomhíreanna (3) agus (4) ar áireamh i socruithe le rialtas na críche sonraithe atá i gceist, agus déanfar tagairt sa Sceideal seo do chreidmheas faoi shocruithe a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt d’fhaoiseamh aontaobhach.

(3) Faoi réir Chuid 1 agus fhomhír (5), déanfar creidmheas i leith cánach arna híoc faoi dhlí críche sonraithe agus arna ríomh faoi threoir gnóchain chaipitiúil de chuid duine ó dhiúscairt sócmhainne sonraithe ag an duine, a lamháil in aghaidh cánach gnóchan caipitiúil (nó de réir mar a bheidh in aghaidh cánach corparáide i leith gnóchan inmhuirearaithe) sa Stát arna ríomh faoi threoir an ghnóchain chaipitiúil sin.

(4) Ní lamhálfar creidmheas de bhua fhomhír (3) i leith cánach arna híoc faoi dhlí críche sonraithe a mhéid a fhéadfar creidmheas a thabhairt i leith na cánach sin—

(a) faoi shocruithe le rialtas na críche, nó

(b) faoi aon fhoráil eile den Sceideal seo.

(5) Más rud é—

(a) go bhféadfar faoiseamh aontaobhach a thabhairt i leith aon ghnóchain inmhuirearaithe, agus

(b) gur dealraitheach, maidir le haon mheasúnacht arna déanamh i leith an ghnóchain inmhuirearaithe, nach ndéantar í i leith mhéid iomlán an chéanna, nó go bhfuil sí mícheart ag féachaint don chreidmheas, más ann, atá le tabhairt ar mhodh faoisimh aontaobhaigh,

ansin féadfar aon mheasúnacht den sórt sin a dhéanamh nó a leasú de réir mar is gá chun a chinntiú go measúnaítear méid iomlán an ghnóchain inmhuirearaithe, agus go dtugtar an creidmheas cuí, más ann, ina leith.

(6) Sa Sceideal seo, i dtaca leis an bhfeidhm atá aige maidir le faoiseamh aontaobhach, ní fholaíonn tagairtí do cháin is iníoctha, nó atá arna híoc, faoi dhlí críche lasmuigh den Stát ach tagairtí do chánacha a mhuirearaítear ar ghnóchain chaipitiúla agus a fhreagraíonn do cháin ioncaim, do cháin chorparáide nó do cháin ghnóchan caipitiúil.

(7) Sa mhír seo ciallaíonn ‘críoch shonraithe’ aon cheann de na críocha seo a leanas a bhfuil socruithe déanta lena rialtas, is é sin le rá, Ríocht na Beilge, an Chipir, Poblacht na Fraince, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Poblacht na hIodáile, an tSeapáin, Ard-Diúcacht Lucsamburg, Ríocht na hÍsiltíre, an Phacastáin nó an tSaimbia.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo—

(a) i gcás faoisimh ó cháin chorparáide, maidir le tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 1 Eanáir 2007, nó dá éis, agus

(b) in aon chás eile, don bhliain mheasúnachta 2007 agus do bhlianta dá héis.

Leasú ar alt 81 (riail ghinearálta maidir le hasbhaintí) den Phríomh-Acht.

37 .— (1) Leasaítear alt 81 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (2)(n)—

(a) i bhfomhír (i), trí “nó” a scriosadh agus i bhfomhír (ii) trí “neamhthuilleamaí, nó” a chur in ionad “neamhthuilleamaí.”, agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (ii):

“(iii) na nithe eile seo a leanas—

(I) caiteachas arna thabhú, nó

(II) íocaíocht arna déanamh leis an gcuideachta bhainteach,

ag an gcuideachta i dtaca leis an gceart chun scaireanna den sórt sin a fháil ar caiteachas é nó ar íocaíocht í arna thabhú nó arna tabhú nó, de réir mar a bheidh, arna dhéanamh nó arna déanamh chun críocha tráchtála bona fide agus nach cuid é nó í d’aon scéim nó socruithe arb é a príomhchuspóir nó a bpríomhchuspóir, nó a áirítear i measc a príomhchuspóirí nó a bpríomhchuspóirí, dliteanas i leith cánach ioncaim, cánach corparáide nó cánach gnóchan caipitiúil a sheachaint.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an 1 Feabhra 2007 nó dá éis.

Cáin iarchoimeádta díbhinne.

38 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) in alt 172A(1)(a)—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “cáin iarchoimeádta díbhinne”:

“ciallaíonn ‘dearbhán leictreonach díbhinne’ ráiteas i bhformáid leictreonach a chomhlíonann ceanglais alt 172I(1A)(a);

ciallaíonn ‘uimhir leictreonach’ uimhir uathúil ar dhearbhán leictreonach díbhinne;”,

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “idirghabhálaí”:

“ciallaíonn ‘Uimhir AUI’, i ndáil le hurrús arna eisiúint ag cuideachta, Uimhir uathúil Aitheantais Urrús Idirnáisiúnta (UAUI) an urrúis sin ar uimhir uathúil í arna heisiúint ag Stocmhalartán na hÉireann Teoranta nó ag údarás coibhéiseach i gcríoch iomchuí;”,

agus

(iii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “bainisteoir coigiltis cháilithigh”:

“ciallaíonn ‘cód aitheantais faighteora’, i ndáil le faighteoir díbhinne, an cód uathúil ar dhearbhán leictreonach díbhinne ar cod é lena sainaithnítear an faighteoir sin;”,

(b) in alt 172D(3)(b)(iii), trí “a thrádáil go substaintiúil agus go rialta ar stocmhalartán sa Stát, ar” a chur in ionad “a thrádáil go substaintiúil agus go rialta ar”,

(c) in alt 172I tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Beidh ráiteas arna sheachadadh trí chumarsáid leictreonach ar idirghabhálaí de réir cheanglais fho-alt (1) más rud é—

(a) go bhfuil na nithe seo ar leanas sa ráiteas—

(i) Uimhir AUI,

(ii) cód aitheantais faighteora,

(iii) an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna (c) go (e) d’fho-alt (1), agus

(iv) uimhir leictreonach,

(b) go mbeidh an faighteoir tar éis toiliú leis an ráiteas a sheachadadh trí chumarsáid leictreonach agus nach mbeidh an toiliú sin tarraingthe siar aige nó aici, agus

(c) go mbeidh na Coimisinéirí Ioncaim tar éis aontú glacadh leis an ráiteas chun críocha na Caibidle seo.”,

(d) in alt 172J(3) trí “Más rud é, i mbliain mheasúnachta nó i dtréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta (de réir mar is cuí),” a chur in ionad “Más rud é”, agus

(e) i mír 9(f)(iii) de Sceideal 2A, trí “a thrádáil go substaintiúil agus go rialta ar stocmhalartán sa Stát, ar” a chur in ionad “a thrádáil go substaintiúil agus go rialta ar ”.

(2) (a) Tá feidhm ag míreanna (a), (b), (c) agus (e) d’fho-alt (1) maidir le haon dáileadh iomchuí (de réir bhrí alt 172A den Phríomh-Acht) arna dhéanamh an 1 Feabhra 2007 nó dá éis.

(b) Tá feidhm ag mír (d) d’fho-alt (1) maidir le haon tréimhse inmhuirearaithe (de réir bhrí alt 321(2) den Phríomh-Acht) dar críoch an 1 Feabhra 2007 nó dá éis.

Leasú ar Chuid 27 (iontaobhais aonad agus cistí eischósta) den Phríomh-Acht.

39 .— (1) Leasaítear Cuid 27 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 747B—

(i) i bhfo-alt (2), trí “Faoi réir fho-alt (2A), beidh feidhm ag an gCaibidil seo” a chur in ionad “Beidh feidhm ag an gCaibidil seo”, agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Níl feidhm ag an gCaibidil seo maidir le ciste eischósta seachas ciste eischósta—

(a) (i) ar gnóthas é le haghaidh comhinfheistíochta a foirmíodh faoi dhlí stáit eischósta,

(ii) atá comhchosúil, ar gach slí ábhartha, le comhpháirtíocht theoranta infheistíochta (de réir bhrí an Achta um Chomhpháirtíochtaí Teoranta Infheistíochta 1994), agus

(iii) a shealbhaíonn deimhniú á údarú dó gníomhú mar ghnóthas den sórt sin, ar deimhniú é arna eisiúint ag údaráis an stáit sin faoi dhlíthe lena ndéantar socrú maidir le rialáil chuí ordúil gnóthas den sórt sin,

(b) atá údaraithe le haon bhearta, nó faoi aon bhearta, arna ndéanamh go cuí ag Ballstát chun éifeacht a thabhairt do na nithe seo a leanas—

(i) Treoir 85/611/CEE ón gComhairle maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (UCITS), nó

(ii) aon leasú ar an Treoir sin,

(c) (i) ar cuideachtaí í arna foirmiú faoi dhlí stáit eischósta,

(ii) atá comhchosúil, ar gach slí ábhartha, le cuideachta infheistíochta údaraithe (de réir bhrí Chuid XIII d’Acht na gCuideachtaí 1990),

(iii) a shealbhaíonn údarú arna eisiúint ag údaráis an stáit sin faoi dhlíthe lena ndéantar socrú maidir le rialáil chuí ordúil cuideachtaí den sórt sin, gan an t-údarú sin a bheith tar éis scor d’éifeacht a bheith leis, agus

(iv) ar cuideachta infheistíochta í—

(I) a chruinníonn caipiteal trí dhíol a cuid scaireanna leis an bpobal a chur chun cinn, nó

(II) ar infheisteoir gach scairshealbhóir dá cuid ar infheisteoir é a bheadh, dá mba chuideachta infheistíochta údaraithe an chuideachta de réir bhrí Chuid XIII d’Achta na gCuideachtaí 1990, ina chomhinfheisteoir de réir bhrí alt 739B,

(d) (i) ar scéim iontaobhais aonad é, nach bhfuil cónaí ar a cuid iontaobhaithe sa Stát,

(ii) atá comhchosúil, ar gach slí ábhartha, le scéim údaraithe iontaobhais aonad (de réir bhrí an Achta um Iontaobhais Aonad 1990,

(iii) a shealbhaíonn údarú arna eisiúint ag údaráis an stáit eischósta sin faoi dhlíthe lena ndéantar socrú maidir le rialáil chuí ordúil scéimeanna den sórt sin agus gan an t-údarú sin a bheith tar éis scor d’éifeacht a bheith leis, agus

(iv) a sholáthraíonn saoráidí le haghaidh páirteachais ag an bpobal, mar thairbhithe faoin iontaobhas, sna brabúis nó san ioncam a éiríonn as urrúis nó aon mhaoin eile d’aon chineál a fháil, a shealbhú, a bhainistiú nó a dhiúscairt.”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 747A:

“Mar a dhéileálfar le cistí eischósta airithe.

747AA.— Gan dochar don bhrí a shanntar do ‘ciste eischósta’ le halt 743 chun críocha Chaibidil 4, i gcás nach bhfuil feidhm ag an gCaibidil sin maidir le ciste eischósta de bhua fho-alt (2A) d’alt 747B, ansin ní bheidh feidhm ag Caibidil 2 agus ag alt 747A i leith an chiste eischósta sin.”.

(2) (a) Faoi réir mhír (b), tá feidhm ag fo-alt (1) maidir le hioncam a éiríonn, nó maidir le gnóchain a fhabhraíonn, an 20 Feabhra 2007 nó dá éis.

(b) Más rud é, an 20 Feabhra 2007, go raibh leas ábhartha ag duine i gciste eischósta, ar ciste eischósta é a raibh feidhm ag Caibidil 4 de Chuid 27 maidir leis roimh dháta rithe an Achta seo, agus maidir leis an gciste sin—

(i) nach ciste eischósta é lena mbaineann Caibidil 4 de Chuid 27 tar éis dháta rithe an Achta seo, agus

(ii) nach mbeadh ina ghnóthas infheistíochta punainne pearsanta (de réir bhrí alt 739BA den Phríomh-Acht) dá measfaí ina leith gur ciste é a raibh feidhm ag an gCaibidil sin maidir leis tar éis dháta rite an Achta seo,

ansin níl feidhm ag fo-alt (1) maidir le hioncam a éiríonn, agus gnóchain a fhabhraíonn, i leith an leasa ábhartha a bhí ag an duine an 20 Feabhra 2007.

Gnóthais infheistíochta agus cistí eischósta áirithe: cánachas ar ghnóthais infheistíochta punainne pearsanta.

40 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 739B:

“Gnóthas infheistíochta punainne pearsanta.

739BA.— (1) San alt seo

ciallaíonn ‘infheisteoir’—

(a) i ndáil le gnóthas infheistíochta, sealbhóir aonaid sa ghnóthas infheistíochta ar pearsa aonair é nó í, agus

(b) i ndáil le ciste eischósta lena mbaineann Caibidil 4, pearsa aonair ag a bhfuil leas ábhartha sa chiste eischósta;

tá le ‘talamh’ an bhrí chéanna atá leis in alt 730BA;

forléireofar ‘leas ábhartha’ de réir alt 743;

tá le ‘ciste eischósta’ a bhrí a shanntar dó le halt 743;

tá le ‘poiblí’ an bhrí chéanna atá leis in alt 730BA.

(2) Sa Chaibidil seo agus i gCaibidil 4 den Chuid seo, ciallaíonn ‘gnóthas infheistíochta punainne pearsanta’—

(a) i ndáil le hinfheisteoir i ngnóthas infheistíochta, gnóthas infheistíochta, agus

(b) i ndáil le hinfheisteoir i gciste eischósta lena mbaineann Caibidil 4, ciste eischósta den sórt sin,

ar faoina théarmaí a fhéadfaidh duine díobh seo a leanas, nó a rinne duine díobh seo a leanas, cuid de mhaoin, nó maoin uile, an ghnóthais nó, de réir mar a bheidh, an chiste eischósta a roghnú nó a d’fhéadfadh roghnú cuid den mhaoin nó na maoine uile teacht faoi thionchar duine díobh seo a leanas—

(i) an t-infheisteoir,

(ii) duine atá ag gníomhú thar ceann an infheisteora,

(iii) duine atá bainteach leis an infheisteoir,

(iv) duine atá bainteach le duine atá ag gníomhú thar ceann an infheisteora,

(v) an t-infheisteoir agus duine atá bainteach leis an infheisteoir, nó

(vi) duine atá ag gníomhú thar ceann an infheisteora agus thar ceann duine atá bainteach leis an infheisteoir,

i gcás ina gciallaíonn ‘duine atá bainteach’ san fho-alt seo duine atá bainteach de réir bhrí alt 10.

(3) Chun críocha fho-alt (2) agus gan dochar d’fheidhm an fho-ailt sin, déileálfar le téarmaí gnóthais infheistíochta nó ciste eischósta, de réir mar a bheidh, mar théarmaí lena gceadaítear an roghnú dá dtagraítear san fho-alt sin más rud é—

(a) go ndéantar le téarmaí an ghnóthais infheistíochta nó an chiste eischósta sin, nó le téarmaí aon chomhaontaithe eile idir aon duine dá dtagraítear san fho-alt sin agus an gnóthas sin nó an ciste eischósta sin lena mbaineann—

(i) cead a thabhairt d’aon duine dá dtagraítear san fho-alt sin an roghnú dá dtagraítear san fho-alt sin a dhéanamh,

(ii) discréid a thabhairt don ghnóthas nó don chiste eischósta sin chun an ceart a thairiscint d’aon duine dá dtagraítear san fho-alt sin an roghnú dá dtagraítear san fho-alt sin a dhéanamh, nó

(iii) an ceart a cheadú d’aon duine de na daoine dá dtagraítear san fho-alt sin a iarraidh, faoi réir aontú an ghnóthais sin nó an chiste eischósta sin, go ndéanfar athrú ar na téarmaí sin sa chaoi go bhféadfaidh aon duine de na daoine sin an roghnú dá dtagraítear san fho-alt sin a dhéanamh,

(b) nach bhfuil an t-infheisteoir ábalta, faoi na téarmaí sin, aon chuid den mhaoin a roghnú ach go bhfuil, nó go raibh, an rogha ag aon duine de na daoine dá dtagraítear san fho-alt sin chun a cheangal ar an ngnóthas sin nó ar an gciste eischósta sin comhairleoir infheistíochta a cheapadh (is cuma cén tuairisc a thabharfar ar an duine sin) i ndáil le roghnú na maoine.

(4) Ní gnóthas infheistíochta punainne pearsanta é gnóthas infheistíochta nó ciste eischósta, de réir mar a bheidh, más rud é—

(a) go bhfuil an t-aon mhaoin a fhéadfar a roghnú, nó a roghnaíodh, de réir an choinníll a shonraítear i bhfo-alt (5), agus

(b) go bhfuil na téarmaí faoina dtairgtear gnóthas den sórt sin nó ciste eischósta den sórt sin de réir cheanglais fho-alt (6).

(5) Is é atá sa choinníoll a shonraítear san fho-alt seo ná, an tráth atá nó a bhí an mhaoin ar fáil lena roghnú, go bhfuil nó go raibh deis chun—

(a) i gcás talún, an mhaoin sin, agus

(b) in aon chás eile, maoin den tuairisc chéanna leis an maoin chéadluaite,

a roghnú ar fáil don phobal de réir téarmaí lena bhforáiltear nó lenar foráladh go bhfuil nó go raibh an deis chun an mhaoin a roghnú ar fáil d’aon duine atá faoi réim théarmaí na deise agus go ndéantar nó go ndearnadh an deis sin a shainaithint go soiléir don phobal i litríocht mhargaíochta nó i litríocht phoiblíochta eile arna foilsiú an tráth sin ag an ngnóthas infheistíochta nó ag an gciste eischósta lena mbaineann agus í ar fáil i gcoitinne d’aon duine a thagann faoi réim théarmaí na deise.

(6) Is iad seo a leanas ceanglais an fho-ailt seo—

(a) nach gcaithfidh an gnóthas infheistíochta nó an ciste eischósta lena mbaineann le haon duine i dtaca leis an deis ar mhodh atá éagsúil le haon mhodh ar a gcaithfear nó ar a gcaithfí le haon duine eile nó a bheidh níos déine ná aon mhodh ar a gcaithfear nó ar a gcaithfí le haon duine eile, agus

(b) más rud é, maidir le téarmaí na deise dá dtagraítear i bhfo-alt (5), go n-áirítear téarmaí iontu—

(i) ina leagtar amach ceanglas caipitiúil na deise agus ina sainaithnítear an ceanglas don phobal san ábhar margaíochta nó san ábhar eile poiblíochta arna fhoilsiú ag an ngnóthas infheistíochta nó ag an gciste eischósta an tráth atá an mhaoin ar fáil lena roghnú, agus

(ii) ina léirítear gur talamh é 50 faoin gcéad nó níos mó, de réir luacha, den mhaoin dá dtagraítear san fho-alt sin nó go mbeartaítear gur talamh a bheidh ann,

ansin ní mó ná 1 faoin gcéad den cheanglas caipitiúil (gan aon iasachtaí a áireamh) den deis arna sainaithint amhlaidh an méid a fhéadfaidh aon duine amháin a infheistiú sa ghnóthas infheistíochta nó sa chiste eischósta .”,

(b) in alt 739E, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (a) agus (b) d’fho-alt (1):

“(a) faoi réir mhír (ba), i gcás ina bhfaightear méid an ghnóchain trí bhíthin alt 739D(2)(a), de réir an ráta chaighdeánaigh don bhliain mheasúnachta ina n-éiríonn an gnóchan,

(b) faoi réir mhír (ba), i gcás ina dtarlaíonn an teagmhas inmhuirearaithe an 1 Eanáir 2001 nó dá éis agus ina bhfaightear méid an ghnóchain le mír (b), (c), (d), (dd) nó (ddd) d’alt 739D(2), de réir ráta a chinnfear de réir na foirmle—

(S + 3) faoin gcéad,

i gcás inarb é S an ráta caighdeánach faoin gcéad (de réir bhrí alt 4),

(ba) más rud é, i gcás gnóthais infheistíochta punainne pearsanta, go dtarlaíonn an teagmhas inmhuirearaithe an 20 Feabhra 2007 nó dá éis, de réir ráta a chinnfear de réir na foirmle—

(S + 23) faoin gcéad,

i gcás inarb é S an ráta caighdeánach faoin gcéad (de réir bhrí alt 4), agus”,

(c) in alt 747D, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) i gcás nach cuideachta an duine, agus—

(i) ina bhfuil an t-ioncam arb ionannas dó an íocaíocht ar áireamh i gceart i dtuairisceán arna thabhairt ag an duine, ansin d’ainneoin alt 15, beidh an ráta cánach ioncaim a mhuirearófar ar an ioncam—

(I) i gcás inar íocaíocht iomchuí an íocaíocht—

(A) i gcás ciste eischósta is gnóthas infheistíochta punainne pearsanta, de réir an ráta a chinnfear de réir na foirmle—

(S + 23) faoin gcéad,

i gcás inarb é S an ráta caighdeánach faoin gcéad don bhliain mheasúnachta ina ndéantar an íocaíocht, agus

(B) in aon chás eile, an ráta caighdeánach faoin gcéad,

agus

(II) i gcás nach íocaíocht iomchuí an íocaíocht agus nach ndéantar í ar chomaoin diúscartha leasa sa chiste eischósta—

(A) i gcás ciste eischósta is gnóthas infheistíochta punainne pearsanta, de réir an ráta a chinnfear de réir na foirmle—

(S + 23) faoin gcéad,

i gcás inarb é S an ráta caighdeánach faoin gcéad don bhliain mheasúnachta ina ndéantar an íocaíocht, agus

(B) in aon chás eile, de réir an ráta a chinnfear de réir na foirmle—

(S + 3) faoin gcéad,

i gcás inarb é S an ráta caighdeánach faoin gcéad,

agus

(ii) i gcás nach bhfuil an t-ioncam arb ionannas dó an íocaíocht ar áireamh i gceart i dtuairisceán arna thabhairt ag an duine, muirearófar cáin ioncaim ar an ioncam—

(I) i gcás ciste eischósta is gnóthas infheistíochta punainne pearsanta, de réir an ráta a chinnfear de réir na foirmle—

(H + 20) faoin gcéad,

i gcás inarb é H an ráta faoin gcéad a chinnfear i ndáil leis an duine le halt 15 don bhliain mheasúnachta ina ndéantar an íocaíocht, agus

(II) in aon chás eile, de réir ráta a chinnfear le halt 15,”,

agus

(d) in alt 747E, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Más rud é, an 1 Eanáir 2001 nó dá éis, go ndéanfaidh duine ag a bhfuil leas ábhartha i gciste eischósta, leas sa chiste eischósta a dhiúscairt agus go bhfuil an diúscairt ina cúis le gnóchan arna ríomh de réir fho-alt (2) ansin, d’ainneoin ailt 745 agus 747, i gcás nach gcuirtear an gnóchan i gcuntas le linn brabúis nó gnóchain trádála a sheolann cuideachta a bheith á ríomh, déileálfar le méid an ghnóchain sin mar mhéid ioncaim a bhfuil cáin inmhuirearaithe air faoi Chás IV de Sceideal D, agus—

(a) i gcás inar cuideachta an duine, is é a bheidh sa ráta cánach corparáide a mhuirearófar ar an ioncam sin, d’ainneoin alt 21A(3), ná an ráta cánach ioncaim is inmhuirearaithe ar ioncam dá dtagraítear i bhfomhír (ii) de mhír (b), agus

(b) i gcás nach cuideachta an duine, agus ina mbeidh an duine tar éis sonraí na diúscartha a chur san áireamh i gceart i dtuairisceán arna thabhairt ag an duine, is é a bheidh sa ráta cánach ioncaim a mhuirearófar ar an ioncam sin, d’ainneoin alt 15, ná an ráta a chinnfear—

(i) i gcás ciste eischósta ar gnóthas infheistíochta punainne pearsanta é, de réir na foirmle—

(S + 23) faoin gcéad,

i gcás inarb é S an ráta caighdeánach faoin gcéad don bhliain mheasúnachta ina ndéantar an íocaíocht, agus

(ii) in aon chás eile, de réir na foirmle—

(S + 3) faoin gcéad,

i gcás gurb é S an ráta caighdeánach faoin gcéad.”.

(2) Tá feidhm ag fo-alt (1) maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) teagmhas inmhuirearaithe do tharlú i ndáil le gnóthas infheistíochta (de réir bhrí Chaibidil 1A de Chuid 27 den Phríomh-Acht),

(b) duine d’fháil íocaíochta maidir le leas ábhartha i gciste eischósta (de réir bhrí Chaibidil 4 de Chuid 27 den Phríomh-Acht), agus

(c) leas ábhartha i gciste eischósta (de réir na brí sin) a dhiúscairt go hiomlán nó go páirteach,

an 20 Feabhra 2007 nó dá éis.

Leasú ar alt 739D (gnóchan a éiríonn as teagmhas inmhuirearaithe) den Phríomh-Acht.

41 .— Leasaítear alt 739D den Phríomh-Acht i bhfo-alt (6)—

(a) i mír (j) trí “nó” a scriosadh,

(b) i mír (k) trí “nó 110(2)” a scriosadh, agus

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (k):

“(l) gurb é atá ann ná Coimisiún an Chúlchiste Náisiúnta Pinsean agus gur thug an sealbhóir aonad dearbhú chuige sin don ghnóthas infheistíochta, nó

(m) gurb é atá ann ná cuideachta—

(i) a thagann nó a thiocfaidh faoi réim mhuirir i leith cánach corparáide de réir alt 110(2), i leith íocaíochtaí arna ndéanamh léi ag an ngnóthas infheistíochta, agus

(ii) a bhfuil dearbhú chuige sin déanta aici agus a rinne uimhir thagartha cánach na cuideachta (de réir bhrí alt 885) a sholáthar don ghnóthas infheistíochta,”.

Leasú ar alt 730H (léiriú agus feidhm) den Phríomh-Acht.

42 .— (1) Leasaítear alt 730H den Phríomh-Acht i bhfo-alt (1)—

(a) sa mhíniú ar “teagmhas iomchuí” trí “iomchuí;” a chur in ionad na bhfocal go léir ó “iomchuí, i gcás” síos go dtí “tagairt do 8 mbliana;” agus na focail deiridh sin san áireamh, agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “tréimhse iomchuí”:

“ciallaíonn ‘tréimhse iomchuí’, i ndáil le polasaí saoil coigríche, tréimhse 8 mbliana dar tosach tráth tionscanta an pholasaí agus gach tréimhse 8 mbliana dá éis sin dar tosach díreach tar éis na tréimhse iomchuí roimhe sin;”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le haon teagmhas iomchuí (de réir bhrí alt 730H(1) den Phríomh-Acht) a tharlaíonn ar dháta rite an Achta seo nó dá éis maidir le polasaí saoil coigríche (de réir bhrí alt 730H(1) den Phríomh-Acht) arna thógáil amach an 1 Eanáir 2001 nó dá éis.

Leasú ar Chaibidil 5 (sealbhóirí polasaithe — bonn nua) de Chuid 26 den Phríomh-Acht.

43 .— (1) Leasaítear Caibidil 5 de Chuid 26 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 730C(1)(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (iv):

“(iv) deireadh tréimhse iomchuí, i gcás nach teagmhas inmhuirearaithe de réir bhrí an ailt seo an deireadh sin ar shlí eile, agus chun críocha na fomhíre seo ciallaíonn ‘tréimhse iomchuí’, i ndáil le polasaí saoil, tréimhse 8 mbliana dar tosach tráth tionscanta an pholasaí agus gach tréimhse 8 mbliana dá éis sin dar tosach díreach tar éis na tréimhse iomchuí roimhe sin,”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 730D(1A):

“730D.— (1A) (a) Más rud é—

(i) go dtarlaíonn teagmhas inmhuirearaithe i ndáil le polasaí saoil, agus

(ii) gur tharla teagmhas inmhuirearaithe de réir bhrí alt 730C(1)(a)(iv) roimhe sin i ndáil leis an bpolasaí sin,

ansin déanfar an gnóchan a éireoidh ar an teagmhas inmhuirearaithe dá dtagraítear i bhfomhír (i) a chinneadh amhail is dá mba rud é nár achtaíodh alt 730C(1)(a)(iv).

(b) I gcás ina bhfuil feidhm ag mír (a) agus nach é atá sa teagmhas inmhuirearaithe dá dtagraítear i bhfomhír (i) den mhír sin tabhairt suas nó sannadh cuid de na cearta a thugtar leis an bpolasaí saoil, déanfar aon chéad cháin (de réir bhrí alt 730F(1A)), chun críocha fho-alt (3), a chur le luach na gceart nó na sochar eile a thugtar leis an bpolasaí sin díreach roimh an teagmhas inmhuirearaithe.

(c) I gcás ina bhfuil feidhm ag mír (a) agus gurb é atá sa teagmhas inmhuirearaithe dá dtagraítear i bhfomhír (i) den mhír sin tabhairt suas nó sannadh cuid de na cearta a thugtar leis an bpolasaí saoil, déanfar aon chéad cháin (de réir bhrí alt 730F(1A)), chun críocha fho-alt (3), a asbhaint ó mhéid na bpréimheanna a chuirtear i gcuntas le linn an gnóchan mar gheall ar tharlú an teagmhais inmhuirearaithe a chinneadh.”,

(c) in alt 730D(3), san fhorléiriú ar P, trí “an tráth a tharla teagmhas inmhuirearaithe roimhe sin (nach teagmhas inmhuirearaithe de réir bhrí alt 730C(1)(a)(iv)),” a chur in ionad “an tráth a tharla teagmhas inmhuirearaithe roimhe sin,”, agus

(d) in alt 730F(1A)—

(i) sa mhíniú ar “an chéad cháin” trí “de réir bhrí alt 730C(1)(a)(iv) i ndáil leis an bpolasaí saoil agus nach bhfuil aisíoctha;” a chur in ionad “dá dtagraítear i bhfo-alt 730D(1A)(b) i ndáil leis an bpolasaí saoil;”,

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “gnóchan nua”:

“ciallaíonn ‘gnóchan nua’, i ndáil le polasaí saoil, gnóchan dá dtagraítear in alt 730D(1A)(a) arna chinneadh de réir alt 730D i ndáil leis an bpolasaí saoil;”,

(iii) i mír (b)(i) trí “alt 730D(1A)(a)” a chur in ionad “fo-alt 730D(1A)”,

(iv) i mír (b)(ii) trí “, faoi réir fhomhír (iii)”, a scriosadh, agus

(v) trí fhomhír (iii) de mhír (b) a scriosadh.

(2) Tá feidhm ag an alt seo, agus tá éifeacht leis, maidir le haon teagmhas inmhuirearaithe (de réir bhrí alt 730C(1)(a)(iv) den Phríomh-Acht) a tharlaíonn ar dháta rite an Achta seo nó dá éis.

Leasú ar Chaibidil 1 (sócmhainní a aistriú as an Stát) de Chuid 33 den Phríomh-Acht.

44 .— (1) Leasaítear Caibidil 1 de Chuid 33 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 806—

(i) i bhfo-alt (1), sa mhíniú ar “oibríocht ghaolmhar” trí “agus chun críocha an mhínithe seo, ní bhaineann sé le hábhar cibé acu a dhéantar an oibríocht roimh an aistriú, dá éis nó an tráth céanna leis;” a chur isteach i ndiaidh “aon sócmhainní den sórt sin;”,

(ii) i bhfo-alt (2)—

(I) trí “agus” a scriosadh ag deireadh mhír (b) agus trí “a aistriú,” a chur in ionad “a aistriú.” ag deireadh mhír (c), agus

(II) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c):

“(d) folaíonn an t-ioncam a thagann chun bheith iníoctha le duine, nó atá tagtha chun bheith ina ioncam de chuid duine, ar a bhfuil cónaí nó sainchónaí lasmuigh den Stát agus dá dtagraítear i bhfo-alt (3) nó (5) nó in alt 807A(1) aon ioncam a thagann chun bheith iníoctha leis an duine, nó atá tagtha chun bheith ina ioncam de chuid an duine, de bhua nó de dhroim aon cheann de na nithe seo a leanas—

(i) an t-aistriú,

(ii) oibríocht ghaolmhar amháin nó níos mó, nó

(iii) an t-aistriú agus oibríocht ghaolmhar amháin nó níos mó,

agus

(e) folaíonn an t-ioncam ag a bhfuil cumhacht ag pearsa aonair a theachtadh, dá dtagraítear i bhfo-alt (4), aon ioncam a bhfuil cumhacht ag an bpearsa aonair sin é a theachtadh de bhua nó de dhroim aon cheann de na nithe seo a leanas—

(i) an t-aistriú,

(ii) oibríocht ghaolmhar amháin nó níos mó, nó

(iii) an t-aistriú agus oibríocht ghaolmhar amháin nó níos mó.”,

(iii) i bhfo-alt (8) trí “Faoi réir alt 807B, ní bheidh feidhm ag fo-ailt (4) agus (5)” a chur in ionad “Ní bheidh feidhm ag fo-ailt (4) agus (5)”,

(iv) i bhfo-alt (9), trí “fho-alt (8) nó (10) nó alt 807B nó 807C” a chur in ionad “fho-alt (8)”,

agus

(v) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (9):

“(10) (a) San fho-alt seo—

ní fholaíonn ‘idirbheart tráchtála’—

(i) idirbheart ar théarmaí seachas iad siúd a dhéanfaí idir daoine neamhspleácha agus iad ag déileáil ar neamhthuilleamaí, nó

(ii) idirbheart nach ndéanfadh daoine neamhspleácha agus iad ag déileáil ar neamhthuilleamaí;

ciallaíonn ‘daoine neamhspleácha’ daoine nach bhfuil bainteach lena chéile (de réir bhrí alt 10);

ciallaíonn ‘idirbhearta iomchuí’—

(i) an t-aistriú, agus

(ii) aon oibríochtaí gaolmhara.

(b) Faoi réir alt 807B, ní bheidh feidhm ag fo-ailt (4) agus (5) faoi threoir na n-idirbheart iomchuí i gcás ina suíonn an phearsa aonair i scríbhinn nó ar shlí eile chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim—

(i) nach mbeadh sé réasúnach an tátal a bhaint as imthosca uile an cháis, maidir leis an gcuspóir arb éard é dliteanas cánachais a sheachaint, gurbh é an cuspóir, nó gur áiríodh i measc na gcuspóirí, a bhí leis na hidirbhearta iomchuí, nó le haon cheann díobh, a dhéanamh, nó

(ii) i gcás nach ndéantar an coinníoll i bhfomhír (i) a chomhlíonadh—

(I) gurbh idirbhearta tráchtála fíorchearta na hidirbhearta iomchuí go léir, agus

(II) nach mbeadh sé réasúnach an tátal a bhaint as imthosca uile an cháis gur chun dliteanas cánachais a sheachaint ar bhonn seachas ar bhonn teagmhasach a ceapadh aon cheann amháin, nó níos mó ná aon cheann amháin, de na hidirbhearta sin.

(c) Tá intinn agus cuspóirí aon duine a dhéanann, cibé acu ar chomaoin nó nach ea—

(i) na hidirbhearta iomchuí nó aon cheann díobh a dhearadh nó a chur i gcrích, nó

(ii) comhairle a sholáthar i ndáil leis na hidirbhearta iomchuí nó le haon cheann díobh,

le cur i gcuntas le linn na cuspóirí ar chucu a rinneadh na hidirbhearta sin nó aon cheann díobh a chur i gcrích.

(d) Ní idirbheart tráchtála é idirbheart iomchuí ach amháin má chuirtear i gcrích é—

(i) i gcúrsa trádála nó gnó, nó

(ii) d’fhonn trádáil nó gnó a chur ar bun agus a thosú,

agus, i gceachtar de na cásanna, chun críocha na trádála nó an ghnó sin.

(e) Chun críocha mhír (d), ní trádáil nó gnó é infheistíochtaí a dhéanamh agus a bhainistiú, nó infheistíochtaí a dhéanamh nó a bhainistiú, ach amháin a mhéid, maidir leis na daoine seo a leanas—

(i) an duine a dhéanann é, agus

(ii) an duine dá ndéantar é,

gur daoine neamhspleácha iad agus iad ag déileáil ar neamhthuilleamaí.

(f) Déanfar aon oibríocht ghaolmhar nach mbeadh (ar leith ón mír seo) le cur i gcuntas chun críocha an fho-ailt seo, a chur i gcuntas chun na gcríoch sin más rud é, dá ndéanfaí í a chur i gcuntas amhlaidh, go ndéanfaí mainneachtain i leith na gcoinníollacha i mír (b) faoi threoir na nithe seo a leanas—

(i) an oibríocht ghaolmhar sin, nó

(ii) an oibríocht ghaolmhar sin in éineacht leis an aistriú nó le haon oibríocht ghaolmhar amháin eile nó níos mó.”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 807A:

“Socruithe idirthréimhseacha áirithe i ndáil le sócmhainní a aistriú as an Stát.

807B.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘idirbheart nua’ idirbheart iomchuí arna chur i gcrích an dáta iomchuí nó dá éis;

ciallaíonn ‘ sean-idirbheart ’ idirbheart iomchuí arna chur i gcrích roimh an dáta iomchuí;

ciallaíonn ‘dáta iomchuí’ an 1 Feabhra 2007;

tá le ‘idirbhearta iomchuí’ an bhrí a shanntar dó le halt 806(10).

(2) D’fhonn fo-alt (3) den alt seo agus fo-ailt (8) agus (10) d’alt 806 a chur chun feidhme—

(a) más sean-idirbhearta na hidirbhearta iomchuí go léir, beidh feidhm ag alt 806(8),

(b) más idirbhearta nua na hidirbhearta iomchuí go léir, beidh feidhm ag alt 806(10),

(c) más sean-idirbhearta aon cheann amháin nó níos mó de na hidirbhearta iomchuí agus más idirbhearta nua aon cheann amháin nó níos mó de na hidirbhearta iomchuí, beidh feidhm ag ailt 806 agus 807A faoi réir fho-alt (3).

(3) (a) Más rud é—

(i) go ndéantar mainneachtain i leith na gcoinníollacha in alt 806(8) faoi threoir na sean-idirbheart nó aon cheann díobh, nó

(ii) go ndéantar mainneachtain i leith na gcoinníollacha in alt 806(10)(b) faoi threoir na n-idirbheart nua nó aon cheann díobh,

ansin, faoi réir mhír (b), tá feidhm ag ailt 806 agus 807A amhail mar a bheadh feidhm acu ar leith ó aon díolúine de bhua an ailt seo nó de bhua alt 806(8) nó alt 806(10).

(b) I gcás ina bhfuil feidhm ag mír (a) de bhua fhomhír (ii) den mhír sin agus dá bhua sin amháin—

(i) chun críocha fho-alt (4) nó (5)(b) d’alt 806, ní dhéanfar aon ioncam a éireoidh roimh an dáta iomchuí a thabhairt i gcuntas mar ioncam de chuid an duine a bhfuil cónaí nó sainchónaí air nó uirthi lasmuigh den Stát,

(ii) chun críocha alt 807A—

(I) (A) i gcás ina bhfaigheann pearsa aonair sochar i mbliain mheasúnachta dar críoch dáta tar éis an dáta iomchuí, agus

(B) go bhfuil ioncam iomchuí (de réir bhrí alt 807A(3)) de chuid blianta measúnachta anuas go dtí an bhliain sin, agus an bhliain sin san áireamh, le cinneadh,

ansin tá blianta measúnachta dar críoch dáta roimh an dáta iomchuí le tabhairt i gcuntas chomh maith le blianta measúnachta dar críoch dáta tar éis an dáta sin, agus

(II) tá sochar a fhaigheann pearsa aonair sa bhliain mheasúnachta 2007 le fágáil as an gcuntas a mhéid a bhí sé, ar bhonn cionroinnte ama, le teachtadh in aon chuid den bhliain a thiteann roimh an dáta iomchuí.

Forálacha forlíontacha i ndáil le halt 806 — cionroinnt i gcásanna áirithe.

807C.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘díolúine chuí’ díolúine de bhua fho-alt (8)(b) nó (10)(b)(ii) d’alt 806;

ciallaíonn ‘bliain mheasúnachta dhíolmhaithe ’ bliain mheasúnachta dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(b) ar ina leith nach raibh aon bhliain mheasúnachta níos luaithe ann—

(a) ina raibh an phearsa aonair faoi dhliteanas cánach de bhua alt 806, nó

(b) ina mbeadh an phearsa aonair faoi dhliteanas cánach de bhua alt 806 dá mba ann d’aon ioncam measta de chuid na pearsan aonair sin faoin alt sin;

tá le ‘idirbhearta iomchuí’ an bhrí a shanntar dó le halt 806(10).

(2) Tá feidhm ag an alt seo i gcás ina bhfuil pearsa aonair faoi dhliteanas cánach ioncaim de bhua alt 806 do bhliain mheasúnachta agus—

(a) i gcás ina bhfuil an phearsa aonair faoi dhliteanas amhlaidh de bhua na gcoinníollacha in alt 806(10)(b)(ii) a bheith gan chomhlíonadh,

(b) i gcás ina raibh bliain mheasúnachta amháin nó níos mó ann, ó rinneadh an t-aistriú, inarbh amhlaidh do na himthosca, maidir leis an bpearsa aonair, a mhéid a bhaineann le cibé idirbhearta de na hidirbhearta iomchuí a rinneadh roimh dheireadh na bliana measúnachta lena mbaineann—

(i) nach raibh sé nó sí faoi dhliteanas cánach de bhua alt 806 mar go raibh feidhm ag díolúine chuí, nó

(ii) nach mbeadh sé nó sí faoi dhliteanas cánach de bhua alt 806 dá mba ann d’aon ioncam measta de chuid na pearsan aonair sin faoin alt sin mar go mbeadh feidhm ag díolúine chuí, agus

agus

(c) i gcás ina bhfuil an t-ioncam ar faoina threoir atá an phearsa aonair faoi dhliteanas amhlaidh inchurtha go páirteach i leith na nithe seo a leanas—

(i) idirbhearta iomchuí ar faoina dtreoir a bhí feidhm ag an díolúine chuí don bhliain mheasúnachta dhíolmhaithe dheireanach, agus

(ii) oibríochtaí gaolmhara nach dtagann faoi réim mhír (i) (dá ngairtear ‘oibríochtaí inmhuirearaithe’ san alt seo).

(3) I gcás feidhm a bheith ag an alt seo, déanfar dliteanas na pearsan aonair a laghdú amhail is go raibh sé le cinneadh faoi threoir cibé méid den ioncam a measfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, nó cibé oifigeach a cheapfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, ina leith gur cóir agus gur réasúnach é a bheith inchurtha i leith oibríochtaí inmhuirearaithe in imthosca uile an cháis.

(4) Maidir leis na fíorais agus na nithe a fhéadfar a chur i gcuntas le linn a chinneadh, chun críocha fho-alt (3), an bhféadfar ioncam a bheas mar ioncam atá inchurtha go ceart agus go réasúnach i leith oibríochtaí inmhuirearaithe, lena n-áirítear an ndéanann, agus a mhéid a dhéanann, na hoibríochtaí inmhuirearaithe, nó aon cheann díobh, difear go díreach nó go neamhdhíreach—

(a) do charachtar, tuairisc nó méid aon ioncaim de chuid aon duine,

(b) do chumhacht aon duine aon ioncam a theachtadh, nó

(c) do charachtar, tuairisc nó méid aon ioncaim a bhfuil cumhacht ag duine é a theachtadh.”,

(c) in alt 807A(7), trí “fo-ailt (8), (9) agus (10)” a chur in ionad “fo-ailt (8) agus (9)”, agus

(d) in alt 808, i bhfo-ailt (2) agus (3)(b), trí “ailt 806, 807, 807(A), 807(B), 807(C) agus 809” a chur in ionad “ailt 806, 807, 807A agus 809” i ngach áit a bhfuil sé.

(2) Tá éifeacht leis an alt seo maidir le hidirbhearta iomchuí (de réir bhrí alt 806(10)(a) den Phríomh-Acht) an 1 Feabhra 2007 nó dá éis.

Leasú ar alt 234 (ioncam áirithe ó ríchíosanna paitinne) den Phríomh-Acht.

45 .— (1) Leasaítear alt 234 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1)—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur isteach roimh an míniú ar “ioncam as paitinn cháilitheach”:

“ciallaíonn ‘Comhaontú LEE’ an Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a síníodh in Porto an 2 Bealtaine 1992, arna choigeartú leis an bPrótacal a síníodh sa Bhruiséil an 17 Márta 1993;

ciallaíonn ‘stát LEE’ stát is Páirtí Conarthach i gComhaontú LEE;”,

(ii) sa mhíniú ar “paitinn cháilitheach” trí “i stát LEE;” a chur in ionad “sa Stát;”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) (a) D’ainneoin fho-alt (2) ach faoi réir mhíreanna (b) go (d), maidir leis an méid sin de chomhiomlán méideanna aon ioncaim as paitinní cáilitheacha a eascraíonn chuig duine i dtréimhse iomchuí agus a ndéanfaí neamhshuim de, ar leith ón bhfo-alt seo, faoi fho-alt (2) chun críocha cánach ioncaim nó cánach corparáide ar méid é atá níos mó ná €5,000,000, ní dhéanfar neamhshuim de amhlaidh.

(b) Más rud é—

(i) i ndáil le cuideachta, go ndéanfaí neamhshuim, ar leith ón mír seo, d’ioncam as paitinní cáilitheacha a éiríonn i dtréimhse iomchuí, agus

(ii) i ndáil le haon duine amháin nó níos mó atá bainteach (de réir bhrí alt 10) leis an gcuideachta dá dtagraítear i bhfomhír (i), go ndéanfaí neamhshuim, ar leith ón mír seo, d’ioncam as paitinní cáilitheacha a éiríonn sa tréimhse iomchuí sin,

ansin ní mó ná €5,000,000 comhiomlán na méideanna ioncaim as paitinní cáilitheacha, a ndéanfar neamhshuim de faoi fho-alt (2), ar méideanna iad a eascraíonn chuig an gcuideachta agus chuig na daoine sin go léir sa tréimhse iomchuí.

(c) Más rud é gur mó ná €5,000,000 comhiomlán na méideanna ioncaim as paitinní cáilitheacha i dtréimhse iomchuí ar méideanna iad a eascraíonn chuig cuideachta agus chuig na daoine go léir dá dtagraítear i mír (b) agus a ndéanfaí neamhshuim díobh, ar leith ó mhír (b), faoi fho-alt (2), is é a bheidh i méid aon ioncaim as paitinní cáilitheacha a ndéanfar neamhshuim de amhlaidh i leith na tréimhse iomchuí i ndáil leis an gcuideachta nó i ndáil le haon duine dá dtagraítear i mír (b) ná—

(i) cibé méid de €5,000,000 a leithroinntear ar an gcuideachta nó ar an duine sin ar an modh a shonraítear i bhfógra arna dhéanamh i scríbhinn ag an gcuideachta agus ag na daoine bainteacha i gcomhpháirt chuig an gcigire cuí an tráth, nó roimh an tráth, a bhfuil tuairisceán faoi alt 951 le déanamh i gcomhair na tréimhse inmhuirearaithe is déanaí (de réir bhrí alt 321(2))—

(I) de chuid na cuideachta, nó

(II) de chuid aon duine de na daoine sin,

ar tréimhse í atá go hiomlán nó go páirteach sa tréimhse iomchuí: ach ní bheidh comhiomlán na méideanna arna leithroinnt ar an gcuideachta agus ar na daoine go léir eile dá dtagraítear i mír (b) i ndáil leis an tréimhse iomchuí níos mó ná €5,000,000, agus

(ii) i gcás nach dtugtar aon fhógra den sórt sin, méid a chinnfear de réir na foirmle seo a leanas—

€5,000,000 x P

T

más rud é—

gurb é P comhiomlán na méideanna ioncaim ó phaitinní cáilitheacha a eascraíonn chuig an gcuideachta, nó de réir mar a bheidh chuig an duine, sa tréimhse iomchuí, agus

gurb é T comhiomlán na méideanna ioncaim ó phaitinní cáilitheacha a eascraíonn chuig an gcuideachta agus chuig na daoine go léir dá dtagraítear i mír (b) sa tréimhse iomchuí.

(d) Chun críocha an fho-ailt seo, i gcás nach comhthráthach do thréimhse iomchuí agus do thréimhse chuntasaíochta cuideachta—

(i) is é a bheidh sa mhéid ioncaim as paitinní cáilitheacha a eascraíonn chuig an gcuideachta sa tréimhse iomchuí ná comhiomlán na méideanna ioncaim as paitinní cáilitheacha a eascraíonn chuig an gcuideachta in aon tréimhse chuntasaíochta nó i gcuid de thréimhse chuntasaíochta a thiteann laistigh den tréimhse iomchuí,

(ii) maidir le hioncam as paitinní cáilitheacha a eascraíonn chuig cuideachta i dtréimhse chuntasaíochta, déileálfar leis mar ioncam a eascraíonn i gcuid den tréimhse chuntasaíochta sin ar bhonn ama de réir fhad an chuid den tréimhse chuntasaíochta agus fhad iomlán na tréimhse cuntasaíochta, faoi seach, agus

(iii) faoi réir na bhforálacha roimhe seo den mhír seo, maidir le hioncam a eascraíonn i dtréimhse iomchuí, ar ioncam é a bhfuil neamhshuim le déanamh de faoi fho-alt (2), ní dhéileálfar leis mar ioncam in ionannas ioncaim tréimhse cuntasaíochta ach amháin a mhéid nach féidir déileáil leis mar ioncam in ionannas ioncaim de chuid tréimhse níos luaithe, nó de chuid cuid de thréimhse den sórt sin.

(e) San fho-alt seo—

ciallaíonn ‘ioncam as paitinní cáilitheacha’ ioncam as paitinn cháilitheach nó as níos mó ná paitinn amháin den sórt sin;

ciallaíonn ‘tréimhse iomchuí’ an tréimhse 12 mhí dar tosach an 1 Eanáir 2008 agus gach tréimhse 12 mhí dá héis.”.

(2) (a) Tá feidhm ag fo-alt (1)(a) maidir le hioncam as paitinn ar maidir léi a dhéantar an taighde, an phleanáil, an phróiseáil, an turgnamh, an tástáil, an seiftiú, an dearadh, an fhorbairt nó aon ghníomhaíocht eile den sórt sin is réamhshaothar i leith an aireagáin is ábhar don phaitinn a sheoladh an 1 Eanáir 2008 nó dá éis.

(b) Tá feidhm ag fo-alt (1)(b) maidir le tréimhse iomchuí dar tosach an 1 Eanáir 2008 nó dá éis.

2IO Uimh. C194 an 18 Lúnasa 2006, lch.20.

class="0 4 0 justify 1 0"class="0 4 0 justify 1 0"

class="2 6 0 justify 1 0"class="2 6 0 justify 1 0"

class="0 6 0 justify 1 0"class="0 6 0 justify 1 0"