An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID 2 Dobharshaothrú ) Ar Aghaidh (CUID 4 Leasuithe Ilghnéitheacha. )

17 2007

TODO

CUID 3

Leasuithe ar an bPríomh-Acht

Mínithe.

5 .— Leasaítear alt 2 d’Acht 1952—

(a) i bhfo-alt (1)—

(i) déantar “ciallaíonn ‘an Coimisiún’ Coimisiún an Fheabhail, Chairlinn agus Shoilse na hÉireann arb é an Comhlacht é dá dtagraítear in alt 32 den Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999;” a chur in ionad an mhínithe ar “‘an Coimisiún’”,

(ii) sa mhíniú ar “ ‘ordú’ ”, “ach amháin i gCuid VIA,” a chur isteach i ndiaidh ‘ordú’,

(iii) cuirfear an méid seo a leanas in ionad an mhínithe ar “‘abha’” —

“folaíonn ‘abhainn’ craobh d’abhainn agus aon sruthán, loch, inbhear nó sruthchúrsa;”,

(iv) cuirfear an méid seo a leanas in ionad an mhínithe ar “uiscí”—

“folaíonn ‘uiscí’ aon abhainn nó aon chuid den fharraige;”,

(v) cuirfear isteach san áit chuí an míniú seo a leanas—

“ciallaíonn ‘iascach eisiach’ aon iascach atá ar sealúchas agus ar teachtadh go dleathach mar iascach eisiach faoi theideal ar bith, is teideal maith bailí de réir dlí, go heisiach ar an bpobal, ag duine ar bith nó ag daoine ar bith, cibé acu in uiscí inseolta é nó in uiscí nach inseolta, agus cibé acu is don duine sin nó do na daoine sin nó d’aon duine eile atá an ithir faoi na huiscí sin dílsithe;”,

(b) in ionad fho-alt (2), cuirfear—

“(2) San Acht seo, ach amháin i gCuid VIA, ciallaíonn ‘iasc’ (nuair a úsáidtear é gan aon cháiliú)—

(a) iasc fíoruisce d’aon chineál,

(b) bradán agus iasc eile de chineál a imirceann chun na farraige agus ón bhfarraige,

(c) doingean mara agus gearrthóir,

(d) eascanna agus luathóga,

(e) diúilicíní,

(f) oisrí,

(g) sceith, gealóga, sceathrach agus óg aon chineáil éisc a luaitear i míreanna (a) go (f),

(h) aon chuid d’aon chineál éisc a luaitear i míreanna (a) go (f).

(3) I bhfo-alt (2)(a) ciallaíonn ‘iasc fíoruisce’ aon iasc a mhaireann i bhfíoruisce, seachas cineál éisc a imirceann chun na farraige agus ón bhfarraige.

(4) San Acht seo folaíonn aon tagairt d’abhainn tagairt do chainéal nó grinneall abhann atá tirim de thuras na huaire.”.

Feidhmeanna an Choimisiúin.

6 .— (1) Leasaítear alt 11 d’Acht 1952—

(a) i bhfo-alt (2)—

(i) i mír (b) trí “i gcoitinne, agus” a chur in ionad “i gcoitinne.”, agus

(ii) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“(c) cibé feidhmeanna eile a thugtar don Choimisiún leis an Acht seo nó faoi nó le haon fhoráil reachtúil eile nó faoi.”,

agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2), féadfaidh an Coimisiún, chun críocha a fheidhmeanna faoin bhfo-alt sin—

(a) cúrsaí oideachais nó oiliúna nó saoráidí le haghaidh oiliúna nó teagaisc a sholáthar,

(b) comhoibriú le comhlachtaí eile a bhfuil feidhmeanna acu atá cosúil le feidhmeanna an Choimisiúin,

(c) cibé taighde a sheoladh a mheasfaidh sé is gá,

(d) muirir a ghearradh as saoráidí, taitneamhachtaí agus seirbhísí a sholáthraíonn an Coimisiún.”.

(2) Leasaítear an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 trí na focail “chun na hiascaigh i Líomatáiste an Fheabhail a rialú, a bhainistí, a chothabháil nó d’fheabhsú” a scriosadh i mír (2)(1)(c).

Iascaireacht a rialáil.

7 .— Leasaítear alt 13 d’Acht 1952—

(a) i bhfo-alt (1), i ndiaidh mhír (g), cuirfear isteach an mhír seo a leanas:

“(gg) díol aon speicis éisc a ghabhfar le slat agus ruaim a rialáil nó a thoirmeasc,”,

(b) i bhfo-alt (2) trí “, clibe” a chur isteach i ndiaidh “aon cheadúnais”,

(c) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Féadfar le rialacháin a dhéanfar de bhua fho-alt (2)—

(a) foráil a dhéanamh maidir le táillí lamháltais a mhuirearú i cibé cásanna a fhorordófar,

(b) foráil a dhéanamh maidir le díolúine ó na táillí forordaithe a íoc i cibé cásanna a fhorordófar.

(2B) Féadfar le rialacháin a dhéanfaidh an Coimisiún faoin alt seo—

(a) a cheangal go ndéanfar clibeanna a eiseoidh an Coimisiún a cheangal de chonablaigh iasc,

(b) a cheangal go mbeidh grianghraf den iarratasóir agus sonraí i dtaobh dháta breithe an iarratasóra ag gabháil le hiarratais ar cheadúnais iascaireachta,

(c) foirm ceadúnas iascaireachta a eiseoidh an Coimisiún, agus na coinníollacha a ghabhfaidh leo, a fhorordú,

(d) a fhoráil nach mbeidh ceadúnas iascaireachta chun iascaireacht a dhéanamh le slat agus ruaim nó le ruaim láimhe inaistrithe, agus

(e) aistriú ceadúnas iascaireachta eile a rialáil.”,

(d) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) A luaithe is indéanta tar éis dó aon rialacháin a dhéanamh faoin alt seo, déanfaidh an Coimisiún fógra a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus in dhá nuachtán ar a laghad a scaiptear i Limistéar an Fheabhail agus i Limistéar Chairlinn—

(a) ina luafar go ndearnadh na rialacháin agus ina dtabharfar tuairisc ghinearálta ar an ábhar atá iontu, agus

(b) ina sonrófar áit ina bhféadfar, agus na huaireanta an chloig ar eatarthu a fhéadfar, cóip de na rialacháin a iniúchadh.

(3A) Féadfaidh cibé forálacha forlíontacha, teagmhasacha agus idirthréimhseacha is dóigh leis an gCoimisiún is gá nó is cuí, a bheith i rialacháin a dhéanfaidh an Coimisiún faoin alt seo.”.

Srianta leis an líon ceadúnas.

8 .— Leasaítear Acht 1952 tríd an alt seo a leanas a chur isteach in ionad alt 14:

“Srianta leis an líon ceadúnas.

14.— (1) Ní mó an líon ceadúnas iascaireachta a eiseoidh an Coimisiún in aon bhliain le haghaidh iascaireachta le hinnill iascaireachta d’aon sórt (seachas slat agus ruaim)—

(a) in uiscí taoide Limistéar an Fheabhail, nó

(b) in uiscí taoide Limistéar Chairlinn, nó

(c) in aon chuid fhorordaithe de na huiscí sin,

ná cibé líon a fhorordófar i ndáil leis na huiscí sin nó leis an gcuid sin.

(2) Más mó an líon iarratas arna ndéanamh go cuí ar cheadúnais in aon bhliain ná an líon uasta a fhorordófar de bhua an ailt seo, déanfar na ceadúnais a leithroinnt i cibé slí a fhorordófar.”.

Uiscí a fháil agus a fhorbairt le haghaidh duántachta.

9 .— Leasaítear Acht 1952 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 14 (a chuirtear isteach le halt 8 den Acht seo):

“Uiscí a fháil agus a fhorbairt le haghaidh duántachta.

14A.— (1) Féadfaidh an Coimisiún, d’fhonn saoráidí le haghaidh duántachta a fhorbairt nó a fheabhsú, na nithe seo a leanas a fháil le comhaontú—

(a) cearta iascaireachta in aon uiscí i Limistéar an Fheabhail nó i Limistéar Chairlinn,

(b) aon eastát i dtalamh ar dá bhua atá na cearta sin infheidhmithe,

(c) aon eastát in aon talamh eile ar deimhin leis an gCoimisiún gur fóirsteanach é a fháil chun na cearta sin a chosaint nó chun iad a theachtadh nó a shaothrú go hiomlán.

(2) I gcás ina mbeidh cearta iascaireachta i leith aon uiscí faighte ag an gCoimisiún faoi fho-alt (1)(a), féadfaidh an Coimisiún na nithe sin go léir a dhéanamh is gá nó is fóirsteanach—

(a) chun na huiscí sin, agus aon talamh a bheidh faighte faoi fho-alt (1)(b) nó (c), a fhorbairt go cuí le haghaidh duántachta, nó

(b) chun saoráidí nó taitneamhachtaí a sholáthar do dhaoine a bheidh údaraithe ag an gCoimisiún chun dul isteach ar an talamh sin.”.

Ceadanna chun iascaireacht a dhéanamh in uiscí an Choimisiúin.

10 .— Leasaítear Acht 1952 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 14A (a chuirtear isteach le halt 9 den Acht seo):

“Ceadanna chun iascaireacht a dhéanamh in uiscí an Choimisiúin.

14B.— (1) I gcás ina mbeidh na cearta iascaireachta in aon uiscí ar úinéireacht nó á mbainistiú ag an gCoimisiún—

(a) féadfaidh an Coimisiún ceadanna a eisiúint, nó socruithe a dhéanamh maidir lena n-eisiúint trí ghníomhairí, á údarú do shealbhóir ceada den sórt sin slat agus ruaim a úsáid sna huiscí lena mbaineann an cead, agus

(b) féadfaidh sé, faoi réir fho-alt (2), cibé suimeanna a fhorordófar a ghearradh as na ceadanna sin a eisiúint.

(2) Féadfaidh an Coimisiún faoi fho-alt (1)(a) ceadanna dea-mhéine a eisiúint chuig cibé daoine a fhorordófar i cibé imthosca a fhorordófar agus ní cheanglófar le haon ní san Acht seo ar dhaoine den sórt sin aon íocaíocht a dhéanamh maidir le cead den sórt sin.

(3) Déanfar cead a eiseofar faoi fho-alt (1)(a) a dheonú i gcomhair cibé tréimhse, agus faoi réir cibé coinníollacha, a shonrófar sa chead.

(4) I gcás ina n-eiseofar cead faoi fho-alt (1)(a) i ndáil le haon uiscí, aon duine—

(a) a úsáidfidh slat agus ruaim sna huiscí sin gan cead den sórt sin a fháil,

(b) a sháróidh aon choinníoll a bhfuil an cead faoina réir,

(c) a úsáidfidh cead nó, le hintinn mheabhlaireachta, a thíolacfaidh cead le haghaidh aon trátha, aon dáta, aon tréimhse, nó aon áite nó chun aon chríche seachas an tráth, an dáta, an tréimhse, an áit nó an chríoch a bhfuil an cead sin bailí ina leith,

(d) a dhéanfaidh cead arna eisiúint in ainm aon duine eile a úsáid nó a thíolacadh mar chead arb é an sealbhóir air é, nó

(e) a úsáidfidh cead, nó a thíolacfaidh cead, is eol dó a athraíodh ar aon mhodh (ar shlí seachas ag duine a bheidh údaraithe go cuí ag an gCoimisiún) nó a góchumadh go calaoiseach,

beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.”.

Séasúir choiscthe agus tráthanna coiscthe.

11 .— (1) Leasaítear Acht 1952 in alt 28 trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(5) Féadfar tréimhsí éagsúla a ordú faoin alt seo i leith cineálacha éagsúla iasc agus, i gcás ina n-ordófar tréimhse amhlaidh i gcomhair cineáil áirithe éisc, déanfar tagairtí san Acht seo don séasúr coiscthe bliantúil, don séasúr coiscthe bliantúil le haghaidh duántachta nó don tráth coiscthe seachtainiúil, de réir mar is gá sa chás, a fhorléiriú i ndáil leis an gcineál sin éisc mar thagairtí don tréimhse a ordófar amhlaidh.

(6) Féadfar a fhoráil le rialacháin nach mbeidh feidhm ag an alt seo ná ag ailt 29 agus 30 maidir le hiasc de chineál ordaithe.”.

(2) Déantar Acht 1952 a leasú in ailt 29 agus 30 trí na focail “nó aon iasc eile de chineál arna ordú chun críocha an ailt seo” a chur isteach i ndiaidh na bhfocal “bradáin nó bric” aon áit a bhfuil na focail sin.

(3) Déantar Acht 1952 a leasú in alt 34 trí na focail “le linn an tséasúir choiscthe bhliantúil i gcomhair bradán nó breac nó an trátha choiscthe sheachtainiúil i gcomhair bradán nó breac” a chur in ionad na bhfocal “le linn an tsaosúir choiscthe bhliantúil nó an trátha choiscthe sheachtainiúil”.

(4) Leasaítear Acht 1952 in alt 35 trí fho-alt (4) a scriosadh.

Iascaireacht neamhcheadúnaithe, etc.

12 .— Déanfar an méid seo a leanas a chur isteach ag tús Chuid VI d’Acht 1952—

Iascaireacht neamhcheadúnaithe, etc.

Iascaireacht neamh-cheadúnaithe a thoirmeasc.

35A.— (1) Ní dhéanfaidh duine bradán, nó cibé cineálacha eile éisc a bheidh ordaithe chun críocha an ailt seo, a iascaireacht, nó a thógáil nó a mharú, ach amháin—

(a) faoi údarás ceadúnais iascaireachta, agus

(b) de réir théarmaí agus choinníollacha an cheadúnais sin agus aon rialachán a bhaineann leis.

(2) Ní bheidh ina sheilbh ag duine, in aon áit iascaireachta nó ina chóngar, aon inneall iascaireachta chun bradán, nó cibé cineálacha eile éisc a bheidh ordaithe chun críocha an ailt seo, a thógáil nó a mharú ar inneall é a bheidh curtha suas nó i bhfearas chun iascaireachta, mura mbeidh ceadúnas iascaireachta i bhfeidhm an-údaraítear dó dá bhua an t-inneall iascaireachta sin a úsáid san áit sin.

(3) Aon duine a ghníomhóidh, nó a chuirfidh faoi deara nó a cheadóidh do dhuine eile gníomhú, contrártha d’fho-alt (1) nó (2), beidh sé ciontach i gcion faoin Acht seo.

(4) Más rud é, maidir le haon duine a úsáidfidh, in aon áit, inneall iascaireachta ar gá ceadúnas iascaireachta ina leith faoin Acht seo nó maidir le haon duine ag a mbeidh inneall iascaireachta den sórt sin a bheidh curtha suas nó a bheidh i bhfearas chun iascaireachta ina sheilbh aige in aon áit iascaireachta nó ina chóngar, go mainneoidh sé, ar é a éileamh air, ceadúnas iascaireachta an-údaraítear dó an t-inneall iascaireachta sin a úsáid san áit sin dá bhua a thabhairt ar aird do dhuine údaraithe, beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €2,500 a chur air.

(5) Aon duine—

(a) a úsáidfidh, nó a thíolacfaidh le hintinn mheabhlaireachta, ceadúnas iascaireachta le haghaidh aon trátha, aon dáta, aon tréimhse, nó aon áite nó chun aon chríche, seachas an tráth, an dáta, an tréimhse, an áit nó an chríoch a bhfuil an ceadúnas sin bailí ina leith, nó

(b) a dhéanfaidh ceadúnas iascaireachta arna eisiúint in ainm aon duine eile a úsáid nó a thíolacadh mar cheadúnas iascaireachta arb é an sealbhóir air é, nó

(c) a úsáidfidh nó a thíolacfaidh ceadúnas iascaireachta is eol dó a athraíodh ar aon mhodh (ar shlí seachas ag duine a bheidh údaraithe go cuí ag an gCoimisiún) nó a góchumadh go calaoiseach,

beidh an duine sin ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.

(6) In ionchúiseamh a bhaineann le cion faoin alt seo mar gheall ar shárú ar fho-alt (1) is leor—

(a) i gcás nach mbeidh sa sárú ach amháin úsáid nó seilbh slaite agus ruaime nó ruaime láimhe, an tuairisc ‘duántacht neamhcheadúnaithe contrártha d’alt 35A d’Acht Iascaigh an Fheabhail 1952’ a thabhairt ar an gcion agus

(b) in aon chás eile, an tuairisc ‘iascaireacht ar mhodh neamhcheadúnaithe contrártha d’alt 35A d’Acht Iascaigh an Fheabhail 1952’ a thabhairt ar an gcion.

(7) San alt seo agus in alt 35B ciallaíonn ‘ceadúnas iascaireachta’—

(a) ceadúnas a d’eisigh an Coimisiún faoi rialacháin arna ndéanamh ag an gCoimisiún faoin Acht seo, nó

(b) ceadúnas atá ar comhréir le ceadúnas a luaitear i mír (a) agus a d’eisigh comhlacht a bheidh ceadaithe ag an gComhairle chun críche na míre seo.

(8) Tá an t-alt seo faoi réir alt 35B.

Eisceachtaí, cosaintí, etc. i ndáil le cionta faoi alt 35A.

35B.— (1) Níl feidhm ag fo-ailt (1) agus (2) d’alt 35A i ndáil le haon ní a chumhachtaítear go sainráite do dhuine a dhéanamh faoi aon socrú arna dhéanamh leis an Acht seo nó faoi nó le haon fhoráil reachtúil eile nó fúithi.

(2) Níl feidhm ag aon ní in alt 35A maidir le duine—

(a) a dhéanann iascaireacht go dleathach le slat agus ruaim i linn táirgthe i limistéar ceadúnaithe (de réir bhrí alt 53X), nó

(b) a mbeidh slat nó ruaim ina sheilbh aige chun na críche sin i limistéar ceadúnaithe nó ina chóngar.

(3) I bhfo-alt (2) ciallaíonn ‘linn táirgthe’ linn—

(a) a úsáidtear chun iasc a shíolrú agus a shaothrú go saorga, agus

(b) atá ainmnithe chun críocha an fho-ailt seo ag an gCoimisiún i gceadúnas dobharshaothraithe mar linn táirgthe.

(4) I gcás ina gcúiseofar duine faoi alt 35A i gcion arb éard é iasc a thógáil nach bhfuil sé ceadúnaithe a thógáil, is cosaint mhaith aige a chruthú—

(a) go raibh sé ag gabháil go dleathach d’iascaireacht ar chineál eile éisc an tráth a tógadh an t-iasc sin, agus

(b) gur tógadh an t-iasc céadluaite go neamhdheonach agus, gur cuireadh ar ais san uisce é gan aon díobháil inseachanta a dhéanamh dó, díreach ar é a thógáil.

(5) I gcás ina gcúiseofar duine i gcion faoi alt 35A arb éard é—

(a) inneall iascaireachta a bheith ina sheilbh aige mar atá luaite i bhfo-alt (2) den alt sin, nó

(b) mainneachtain ceadúnas iascaireachta le haghaidh innill iascaireachta a thabhairt ar aird in aon cheann de na himthosca dá dtagraítear i bhfo-alt (4) den alt sin,

is cosaint mhaith aige a chruthú go raibh ant-inneall iascaireachta ina sheilbh aige i gcáil monaróra nó díoltóra an innill iascaireachta sin agus ní chun é a úsáid.

(6) Ní ionchúiseofar duine i gcion faoi alt 35A arb éard é mainneachtain ceadúnas iascaireachta le haghaidh innill iascaireachta a thabhairt ar aird in aon cheann de na himthosca dá dtagraítear i bhfo-alt (4) den alt sin más rud é ar dhuine údaraithe d’éileamh ceadúnas iascaireachta a thabhairt ar aird faoin bhfo-alt sin, go ndéanfaidh an duine céadluaite—

(a) a ainm agus a sheoladh agus aon fhianaise i dtaobh a chéannachta a bheidh ar fáil an tráth sin a thabhairt don duine údaraithe san am sin agus san áit sin agus míniú réasúnach a thabhairt freisin faoin gcúis ar mhainnigh sé an ceadúnas iascaireachta a thabhairt ar aird an tráth sin, agus

(b) laistigh de 5 lá dá éis sin, agus de réir aon cheanglais réasúnaigh a chuirfidh an duine údaraithe in iúl dó an tráth sin, na nithe seo a thabhairt ar aird don duine údaraithe nó d’aon duine eile a bheidh ainmnithe aige—

(i) ceadúnas iascaireachta á údarú dó an t-inneall iascaireachta a úsáid san áit sin agus an tráth sin, agus

(ii) fianaise i dtaobh a chéannachta.”.

Méadrú.

13 .— (1) In alt 38(1) d’Acht 1952—

(a) cuirfear “4.5 ceintiméadar” in ionad na bhfocal “orlach agus trí cheathrú”, agus

(b) cuirfear “18 gceintiméadar” in ionad na bhfocal “seacht n-orlach”.

(2) In alt 39(1) cuirfear “805 mhéadar” in ionad an fhocail “leathmhíle”.

Líonta a úsáid trasna aibhneacha.

14 .— Leasaítear alt 39 d’Acht 1952 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Más rud é maidir le duine ar bith—

(a) go ndéanann sé líon a theilgean, a tharraingt nó a shíneadh trasna béil abhann nó trasna aon chuid eile d’abhainn, agus

(b) go mainníonn sé cainéal a fhágáil ar oscailt—

(i) a mbeidh ceathrú amháin ar a laghad de leithead bhéal na habhann nó, de réir mar a bheidh, den chuid eile sin den abhainn ann, agus

(ii) a mbeidh doimhneacht agus leithead leordhóthanach ann chun gluaiseacht bradán san abhainn sin a éascú,

beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.”.

Pionós mar gheall ar Thruailliú.

15 .— Leasaítear Acht 1952 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 41:

“Pionós mar gheall ar Thruailliú.

42.— (1) Faoi réir fho-alt (2), má chuireann aon duine faoi deara nó má cheadaíonn sé go feasach aon ábhar díobhálach do dhul amach in aon abhainn, beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo agus dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 a chur air,

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €20,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain, nó iad araon a chur air.

(2) Ní oibreoidh aon ní i bhfo-alt (1) chun scardadh aon ábhair datha nó eisiltigh trádála eile ag aon duine a phionósú, a gcruthóidh sé ina leith nach bhfuil sé i riocht atá dochrach d’éisc nó d’ainmhithe beo eile.

(3) I gcás ina mbeidh duine (dá ngairtear ‘an duine a ciontaíodh’ san alt seo) ciontaithe i gcion faoi fho-alt (1), féadfaidh an Coimisiún—

(a) tar éis dul i gcomhairle le húinéir na gceart iascaireachta sna huiscí dá ndearna an truailliú difear, nó

(b) gan dul i gcomhairle amhlaidh, mura féidir leis an gCoimisiún, ar fhiosrúcháin réasúnacha a dhéanamh, ainm agus seoladh an úinéara a fháil amach,

na nithe seo a leanas a dhéanamh—

(i) cibé athshuíomh is réasúnach sna himthosca a dhéanamh ar na huiscí, agus

(ii) costas an chéanna a ghnóthú ón duine a ciontaíodh.

(4) Féadfar aon cheist i dtaobh na nithe seo a leanas—

(a) réasúntacht aon athshuímh a bheidh le déanamh faoi mhír (i) d’fho-alt (3), nó

(b) na costais a bheidh inghnóthaithe faoi mhír (ii) den fho-alt sin,

a tharchur chun eadrána faoi réim agus de réir fhorálacha na nAchtanna Eadrána 1954 go 1998.

(5) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear d’aon cheart atá ag úinéir ceart iascaireachta sna huiscí a bhfearann an truailliú orthu chun imeachtaí sibhialta a thionscnamh i gcoinne an duine a ciontaíodh; ach le linn damáistí a mheasúnú in aon imeachtaí den sórt sin cuirfidh an chúirt i gcuntas luach aon athshuímh a dhéanfaidh an Coimisiún faoi fho-alt (3).

(6) Beidh feidhm ag fo-alt (5) i ndáil le haon cheart den sórt sin a dhílseofar don Choimisiún.”.

Feistí áirithe a úsáid chun iasc a thógáil.

16 .— Leasaítear alt 43 d’Acht 1952—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Más rud é, chun aon iasc a thógáil nó mar chabhair chun aon iasc a thógáil, go n-úsáidfidh duine ar bith nó go mbeidh ina sheilbh nó faoina urláimh aige in aon abhainn, nó ar bhruacha, nó i bhfoisceacht do bhruacha, aon abhann—

(a) aon solas nó tine, nó

(b) aon ghaireas leictreach nó fuaimníoch d’aon chineál,

beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.”,

(b) i bhfo-alt (3), trí “ga nó” a scriosadh i míreanna (a) agus (b),

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) Má dhéanann aon duine aon diúracán nó rud eile a chaitheamh, a scaoileadh nó a urscaoileadh isteach in aon uisce chun aon iasc a thógáil nó a mharú nó mar chabhair chun aon iasc a thógáil nó a mharú, beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.”,

agus

(d) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(5) San alt seo—

ciallaíonn ‘ga’ uirlis chrúcach (i dteannta nó d’éagmais friofaic) a úsáidtear chun geolbhach nó corp éisc a threá; agus

ciallaíonn ‘otar’ lata nó seac otair, agus folaíonn sé aon uirlis, cibé acu an úsáidtear é le dorú láimhe nó mar chabhair le slat agus ruaim, nó ar shlí eile chun mealltaí a ligean amach, bídís saorga nó ná bíodh.”.

Iascaireacht le cros-línte.

17 .— Déanfar alt 44 d’Acht 1952 a athuimhriú mar fho-alt (1) den alt sin agus cuirfear an fo-alt seo a leanas isteach i ndiaidh an fho-ailt sin:

“(2) I bhfo-alt (1), ciallaíonn ‘cros-línte’ doruithe—

(a) a théann ó shuíomh amháin chomh fada le suíomh eile trasna uisce agus atá fosaithe nó coinnithe ag gach ceann díobh, agus

(b) a mbeidh duán baoiteáilte amháin nó níos mó nó mealladh amháin nó níos mó, bídís saorga nó ná bíodh, ceangailte díobh.”.

Iasc a maraíodh go neamhdhleathach nó a fuarthas marbh a thógáil.

18 .— Leasaítear alt 46 d’Acht 1952—

(a) i bhfo-alt (2)—

(i) i mír (d) déanfar “duine a bheidh ag gníomhú faoi údarás ó údarás áitiúil, nó” a chur in ionad “oifigeach sláintíochta”.

(ii) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (d):

“(e) faireoir abhann príobháideach arna cheapadh chun na huiscí atá i gceist a chosaint.”,

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) I gcás ina ndéanfaidh duine a luaitear i bhfo-alt (2)(a), (c), (d) nó (e) iasc a aistriú ó abhainn mar a luaitear i bhfo-alt (1), nó ina gcuirfidh sé faoi deara iasc a aistriú amhlaidh, cuirfidh sé an t-aistriú sin in iúl don Choimisiún a luaithe is féidir.”.

Eochrais, gealóga nó blátháin bhradán nó bhreac a thógáil, etc.

19 .— Déanfar alt 47 d’Acht 1952 a athuimhriú mar fho-alt (1) den alt sin agus cuirfear an fo-alt seo a leanas isteach i ndiaidh an fho-ailt sin:

“(2) Is cosaint é do dhuine a chúiseofar i gcion faoi fho-alt (1)(a) i ndáil le heochrais aon bhradáin nó bric, a chruthú

(a) gur táirgeadh an eochrais—

(i) in áit a shonrófar i gceadúnas dobharshaothraithe faoin Acht Iascaigh (Leasú) 1997, nó

(ii) i limistéar ceadúnaithe (de réir bhrí alt 53X), nó

(b) gur chreid sé ar fhorais réasúnacha gur táirgeadh amhlaidh í.

(3) Má bhaineann aon duine aon ábhar den ghrinneall den chuid fíoruisce d’aon abhainn i Limistéar Mhagh Bhile nó i Limistéar Lú—

(a) gan toiliú an Choimisiúin faoi fho-alt (4), nó

(b) ar shlí eile seachas de réir coinníollacha toilithe arna dheonú ag an gCoimisiún faoi fho-alt (4),

beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.

(4) Féadfaidh an Coimisiún, ar iarratas ó aon duine, a thoiliú a dheonú chun ábhar a bhaint den ghrinneall den chuid fíoruisce d’abhainn ar cibé coinníollacha is cuí leis.

(5) Ní thugann toiliú faoi fho-alt (4) ceart d’aon duine ábhar a bhaint de ghrinneall abhann ar ceart é nach mbeadh aige ar shlí eile (ar leith ón alt seo).

(6) Aon ní a dhéantar faoi réim agus de réir coinníollacha toilithe faoi fho-alt (4), ní cion é faoi fho-alt (1) nó alt 48.”.

Oifigigh don Choimisiún.

20 .— (1) Leasaítear alt 54 d’Acht 1952 tríd an míniú seo a leanas a ionadú:

“ciallaíonn ‘oifigeach don Choimisiún’ cigire nó oifigeach iascaigh arna cheapadh faoi alt 55;”.

(2) Leasaítear alt 55(1)(b) d’Acht 1952 trí “oifigeach iascaigh” a chur in ionad “fhaireoir abhann”.

Faireoirí abhann.

21 .— (1) Leasaítear alt 56 d’Acht 1952 trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (2) go (4):

“(2) Aon duine a cheapfar ina fhaireoir abhann, ní ghníomhóidh sé sa cháil sin go dtí go mbeidh a cheapachán daingnithe ag an gcúirt chuí.

(3) Aon duine a dhéanfaidh iarratas faoi fho-alt (2) chun ceapachán duine mar fhaireoir abhann a dhaingniú, déanfaidh sé, tráth nach déanaí ná 14 lá roimh dháta an iarratais a éisteacht, fógra i scríbhinn i dtaobh an iarratais a thabhairt don Choimisiún, agus beidh an Coimisiún i dteideal láithriú os comhair na cúirte, éisteacht a fháil agus fianaise a thabhairt ar aird ar an iarratas a éisteacht, agus féadfaidh an Coimisiún déanamh amhlaidh trí dhuine dá oifigigh nó trí aturnae nó abhcóide.

(4) Déanfar ceapachán duine mar fhaireoir abhann a dhaingniú trí Bhreitheamh Dúiche na cúirte cuí d’fhormhuiniú na hionstraime ceapacháin.

(5) Féadfaidh an chúirt chuí, ar ghearán a bheith déanta léi, ceapachán an fhaireora abhann a chúlghairm, agus, air sin, beidh an ceapachán foirceanta.

(6) I gcás ina ndéanfaidh duine a cheap faireoir abhann an ceapachán sin a chúlghairm, déanfaidh sé, laistigh de 14 lá ón tráth a dhéanfar an chúlghairm, fógra i scríbhinn ina thaobh sin a sheirbheáil ar chléireach Cúirte Dúiche na cúirte cuí.

(7) Más rud é—

(a) go mbeidh ceapachán duine mar fhaireoir abhann daingnithe faoi fho-alt (4) nó cúlghairthe faoi fho-alt (5), nó

(b) go mbeidh fógra i dtaobh ceapachán den sórt sin a chúlghairm faighte faoi fho-alt (6),

déanfaidh cléireach Cúirte Dúiche na cúirte cuí an daingniú sin nó an chúlghairm sin nó, de réir mar a bheidh, an fógra sin, a chur in iúl don Choimisiún a luaithe is indéanta.

(8) Aon duine a cheapfaidh duine eile chun gníomhú mar fhaireoir abhann, déanfaidh sé, tráth nach déanaí ná an 31 Eanáir i ngach bliain, tuairisceán a thabhairt don Choimisiún i cibé foirm, agus ina mbeidh cibé faisnéis, a fhorordófar.

(9) Déanfaidh an Coimisiún clár a choimeád d’ainmneacha agus de sheoltaí na ndaoine atá i dteideal gníomhú mar fhaireoirí abhann agus de thuairiscí ar na limistéir gheografaíochta ina mbeidh gach duine de na daoine sin i dteideal gníomhú.

(10) Más rud é, maidir le haon duine—

(a) go ngníomhóidh sé mar fhaireoir abhann gan a cheapachán a bheith daingnithe faoi fho-alt (4),

(b) go ngníomhóidh sé amhlaidh tar éis a cheapachán a bheith cúlghairthe ag cúirt faoi fho-alt (5) nó ag an duine a cheap é, nó

(c) go ngníomhóidh sé amhlaidh tar éis dó scor de bheith ina fhaireoir abhann de bhua alt 56A,

beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €1,500, a chur air.

(11) San alt seo agus in ailt 56A agus 56B, ciallaíonn ‘an chúirt chuí’, i ndáil le faireoir abhann, cúirt dlínse achoimre a shuíonn don dúiche Cúirte Dúiche (nó d’aon dúiche amháin den sórt sin i gcás níos mó ná ceann amháin a bheith ann) ar laistigh di a cheaptar an faireoir abhann chun gníomhú agus forléireofar ‘cléireach Cúirte Dúiche’ dá réir sin.”.

(2) Leasaítear Acht 1952 trí na hailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 56:

“Ré ceapacháin faireoirí abhann.

56A.— (1) Aon duine a ndéanfar a cheapachán mar fhaireoir abhann a dhaingniú tar éis d’alt 21 d’Acht Iascaigh an Fheabhail agus Chairlinn 2007 teacht i ngníomh, scoirfidh sé, mura ndéantar a cheapachán a athnuachan faoi 56B, de bheith ina fhaireoir abhann ar 5 bliana a bheith dulta in éag ó dháta an daingnithe sin.

(2) Aon duine ar daingníodh a cheapachán mar fhaireoir abhann roimh theacht i ngníomh don alt sin scoirfidh sé, mura ndéantar a cheapachán a athnuachan faoi alt 55B, de bheith ina fhaireoir abhann—

(a) ar dhul in éag don tréimhse 5 bliana ó dháta an daingnithe sin, nó

(b) ar dhul in éag don tréimhse 1 bhliain ón tráth a thagann an t-alt sin i ngníomh,

cibé acu is déanaí.

(3) Aon duine a scoirfidh, de bhua an ailt seo, de bheith ina fhaireoir abhann, féadfar é a athcheapadh mar fhaireoir abhann faoi alt 56.

Ceapachán mar fhaireoir abhann a athnuachan.

56B.— (1) I gcás ina mbeartóidh duine (‘ant-iarratasóir’) ceapachán faireora abhann a athnuachan, déanfaidh sé, tráth nach lú ná 6 sheachtain roimh an dáta a scoirfidh an ceapachán d’éifeacht a bheith aige, fógra a sheirbheáil, i cibé foirm agus ina mbeidh cibé sonraí a fhorordófar—

(a) ar an gcléireach Cúirte Dúiche, agus

(b) ar an gCoimisiún.

(2) I gcás ina ndéanfaidh an Coimisiún agóid in aghaidh ceapachán faireora abhann a athnuachan déanfaidh sé, laistigh de 21 lá tar éis fógra faoi fho-alt (1) a fháil, a agóid agus na forais a bheidh léi a chur in iúl don iarratasóir agus don chléireach Cúirte Dúiche.

(3) I gcás nach mbeidh aon fhógra faighte, laistigh den tréimhse ama a shonraítear i bhfo-alt (2), ag an gcléireach Cúirte Dúiche maidir le hagóid faoin bhfo-alt sin, féadfaidh an Breitheamh Dúiche a bheidh sannta don dúiche lena mbaineann, an ceapachán a dhaingniú agus an ionstraim cheapacháin a fhormhuiniú sa chéill sin.

(4) I gcás ina gcuirfidh an Coimisiún in iúl don iarratasóir go bhfuil agóid ann i gcoinne an ceapachán a athnuachan, féadfaidh an t-iarratasóir iarratas a dhéanamh chun na cúirte chun athnuachan an cheapacháin a dhaingniú.

(5) Aon duine a dhéanfaidh iarratas faoi fho-alt (4) chun athnuachan ceapacháin duine mar fhaireoir abhann a dhaingniú, déanfaidh sé, tráth nach déanaí ná 14 lá roimh an dáta a éistfear ant-iarratas, fógra i scríbhinn a thabhairt don Choimisiún maidir leis an iarratas, agus beidh an Coimisiún i dteideal láithriú os comhair na Cúirte, éisteacht a fháil agus fianaise a thabhairt ar aird ar an iarratas a éisteacht, agus féadfaidh sé déanamh amhlaidh trí dhuine dá oifigigh nó trí aturnae nó abhcóide.

(6) Déanfar athnuachan ceapacháin duine mar fhaireoir abhann de bhun iarratais faoi fho-alt (4) a dhaingniú tríd an mBreitheamh Dúiche d’fhormhuiniú na hionstraime ceapacháin.

(7) I gcás ina mbeidh ceapachán duine mar fhaireoir abhann athnuaite faoin alt seo, cuirfidh an cléireach Cúirte Dúiche an athnuachan sin in iúl don Choimisiún a luaithe is féidir.”.

Nithe áirithe a urghabháil agus a dhiúscairt.

22 .— (1) Leasaítear alt 59(1) d’Acht 1952 tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (f):

“(ff) aon trealamh (de chineál ar bith) a urghabháil a úsáideadh nó atá á úsáid chun tógáil neamhdhleathach aon iasc a éascú,”.

(2) Leasaítear alt 65 d’Acht 1952—

(a) tríd an méid seo a leanas a cur in ionad na bhfocal ó thús an ailt go dtí “aon bhád nó inneall iascaireachta a urghabháil sa Stát,”:

“(1) Má dhéanann duine aon bhád nó inneall iascaireachta a urghabháil sa Stát i bhfeidhmiú cumhachtaí a thugtar dó leis an gCuid seo nó aon trealamh a urghabháil i bhfeidhmiú na cumhachta a thugtar le halt 59(1)(ff),”

(b) i bhfo-alt (a) trí “tar éis í a úsáid le déanaí” a chur in ionad “tar éis í a úsáid” agus i bhfo-alt (c) trí “tar éis é a úsáid go mídhleathach le déanaí” a chur in ionad “tar éis é a úsáid go mídhleathach”,

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (c):

“(cc) más rud é, i gcás aon trealaimh a urghabhfar faoi alt 59(1)(ff), go gcinnfidh an chúirt go rabhthas tar éis é a úsáid, nó go rabhthas á úsáid nó ar tí é a úsáid, tráth a urghabhála, chun tógáil neamhdhleathach iasc a éascú, ordóidh an chúirt é a fhorghéilleadh;”,

agus

(d) i bhfo-alt (d) trí “, an t-inneall iascaireachta nó an trealamh” a chur in ionad “nó an t-inneall iascaireachta”.

Cumhachtaí daoine údaraithe.

23 .— Leasaítear alt 59 d’Acht 1952 trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Maidir le hoifigeach don Choimisiún a mbeidh cumhacht faoin Acht seo á feidhmiú aige, féadfaidh na daoine seo a leanas a bheith ina theannta agus ag cabhrú leis—

(a) oifigeach don Aire,

(b) oifigeach do bhord réigiúnach (de réir bhrí an Achta Iascaigh 1980).

(1B) Gan dochar d’fho-alt (1)(a), féadfaidh duine údaraithe seachas faireoir abhann príobháideach, d’fhonn déanamh aon chiona i gcoinne aon fhorála den Acht seo a chosc nó a bhrath, aon tráth, dul isteach ar aon talamh agus dul trasna air de shiúl na gcos nó, i gcás ina bhfuil ród, lána nó cosán oiriúnach ann, i mótarfheithicil.

(1C) I gcás ina ndéanfaidh duine údaraithe, de bhua fho-alt (1B), mótarfheithicil a thabhairt isteach ar aon talamh, ní chuirfidh sé faoi deara nó ní cheadóidh sé go seasfaidh nó go bhfanfaidh an mhótarfheithicil sin i suíomh inar cúis contúirte nó bacainne í nó inar dóigh di a bheith ina cúis contúirte nó bacainne.

(1D) Déanfaidh duine údaraithe, ar imeacht as aon talamh a mbeidh sé tar éis dul isteach air de bhua an ailt seo, an talamh sin a fhágáil chomh daingean in aghaidh foghlaithe is a fuair sé é.”.

Barántais chun dul isteach in áitreabh áirithe.

24 .— Leasaítear Acht 1952 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 60:

“Cumhacht breithimh den Chúirt Dúiche chun barántas a eisiúint chun dul isteach in áitreabh áirithe.

60.— (1) Más rud é gur deimhin le Breitheamh den Chúirt Dúiche, ó ghearán faoi mhionn, go bhfuil an chéad choinníoll comhlíonta agus an dara coinníoll nó an tríú coinníoll comhlíonta, féadfaidh an Breitheamh barántas a eisiúint á údarú do dhuine údaraithe dul isteach in aon áitreabh, trí fhorneart réasúnach a úsáid más gá, chun aon cheann do na críocha a luaitear in alt 64(1).

(2) Beidh na nithe seo a leanas ar áireamh sa ghearán—

(a) ráiteas i dtaobh an ndearna áititheoir an áitribh aon uiríll chuig duine údaraithe maidir leis an gcríoch dá n-iarrtar an barántas,

(b) achoimre ar aon uiríll.

(3) Is é an chéad choinníoll go bhfuil forais réasúnacha ann chun go rachadh duine údaraithe isteach san áitreabh chun na críche sin.

(4) Is é an dara coinníoll go bhfuil feidhm ag gach ní díobh seo a leanas maidir le háititheoir an áitribh:

(a) cuireadh an cinneadh chun cead dul isteach san áitreabh a iarraidh agus na cúiseanna atá leis an gcinneadh sin iúl dó;

(b) níor thug sé cead isteach san áitreabh ar dhuine údaraithe a iarraidh air déanamh amhlaidh;

(c) cuireadh an cinneadh iarratas a dhéanamh ar bharántas in iúl dó.

(5) Is é an tríú coinníoll—

(a) go bhfuil an t-áitreabh neamháitithe nó go bhfuil an t-áititheoir as láthair agus (i gceachtar cás) gur fágadh fógra i dtaobh é a bheith beartaithe iarratas a dhéanamh ar bharántas in ionad feiceálach san áitreabh, nó

(b) go gcuirfí an cuspóir atá leis an dul isteach ar neamhní dá ndéanfaí iarratas ar chead dul isteach san áitreabh nó dá dtabharfaí fógra i dtaobh é a bheith beartaithe iarratas a dhéanamh ar bharántas.

(6) Ní leanfaidh barántas arna eisiúint faoin alt seo i bhfeidhm níos faide ná 7 lá ón dáta a eiseoidh Breitheamh den Chúirt Dúiche é ar dáta é a bheidh le feiceáil go soiléir ar an mbarántas.

(7) Ní dhéanfar barántas arna eisiúint faoin alt seo a fhorghníomhú ach amháin ag uair an chloig atá réasúnach, mura rud é go n-údaraítear a mhalairt leis an mbarántas.

(8) Maidir le duine a bheidh údaraithe chun dul isteach in áitreabh de bhua barántais a eiseofar faoin alt seo—

(a) féadfaidh sé cibé daoine eile agus cibé trealamh a mheasfaidh sé is gá a thabhairt leis, agus

(b) ar imeacht as aon áitreabh neamháitithe a mbeidh sé tar éis dul isteach ann de bhua barántais den sórt sin, fágfaidh sé an t-áitreabh sin chomh daingean in aghaidh foghlaithe agus a fuair sé é.

(9) San alt seo ní fholaíonn ‘duine údaraithe’ faireoir abhann príobháideach.”.

Ciontóirí a ghabháil.

25 .— Leasaítear alt 62 d’Acht 1952—

(a) i bhfo-alt (1)(b) trí “chun sástacht an duine údaraithe” a chur isteach i ndiaidh “a sheoladh a thabhairt”,

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Má mhainníonn aon duine a ainm agus a sheoladh a thabhairt chun sástacht duine údaraithe nuair a cheanglaítear air déanamh amhlaidh de réir fho-alt (1)(b), beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.”,

agus

(c) trí fho-alt (3) a scriosadh.

Cumhachtaí iniúchta, scrúdaithe agus coinneála.

26 .— Leasaítear alt 64 d’Acht 1952—

(a) i bhfo-alt (1)—

(i) i mír (g) trí “agus dáta breithe” a chur isteach i ndiaidh “ainm agus seoladh”,

(ii) i mír (g) trí “ón duine sin,” a chur in ionad “ón duine sin.”, agus

(iii) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (g):

“(h) ainm, seoladh agus dáta breithe d’éileamh ar aon duine atá ag iascaireacht nó a bhfuil drochamhras réasúnach air go bhfuil sé ar tí iascaireacht a dhéanamh nó tar éis iascaireacht a dhéanamh sa leathuair an chloig roimhe sin.”,

(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5):

“(5) Gach duine a dhiúltóidh a ainm agus a sheoladh agus a dháta breithe féin a thabhairt chun sástacht an oifigigh údaraithe nó ainm agus seoladh aon duine eile (chomh fada agus is eol dó iad) nuair a éileofar sin air go dleathach faoin alt seo, beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 a chur air.

(6) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a údaraíonn d’oifigeach údaraithe dul isteach—

(a) i ngarraí fálta, nó

(b) in aon teach cónaithe nó i gcúirtealáiste tí cónaithe.”.

Pionóis mar gheall ar chionta.

27 .— (1) Faoi réir fho-alt (3) leasaítear gach alt d’Acht 1952 atá luaite i gcolún (1) de Sceideal 2 a mhéid a shonraítear i gcolún (2) den Sceideal sin os coinne an lua sin.

(2) Faoi réir fho-alt (3), déantar alt 3 d’Acht 1983 a aisghairm.

(3) Beidh éifeacht leis an alt seo maidir le cionta a dhéanfar tar éis don alt seo teacht i ngníomh.

(4) Leasaítear Acht 1952 tríd an alt nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 69:

“Costais agus caiteachais a bhaineann le hionchúisimh.

69A.— I gcás ina gciontófar duine i gcion faoin Acht seo, ar cion é a rinneadh tar éis don alt seo teacht i ngníomh, ordóidh an Chúirt don duine sin, mura deimhin léi go bhfuil cúiseanna speisialta substaintiúla ann gan déanamh amhlaidh, na costais agus na caiteachais arna dtomhas ag an gcúirt, a thabhaigh an Coimisiún i ndáil le himscrúdú, brath agus ionchúiseamh an chiona, lena n-áirítear costais agus caiteachais a tabhaíodh maidir le samplaí a thógáil agus maidir le seoladh tástálacha, scrúduithe agus anailísí, a íoc leis an gCoimisiún.”.

Díolúine i leith gníomhartha a dhéanfar chun iascaigh, etc. a fheabhsú.

28 .— Leasaítear Acht 1952 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 70:

“Cosaint do ghníomhartha a dhéanfar i gcomhair síolrú saorga, chun críocha eolaíochta nó chun iascaigh a fheabhsú.

70.— (1) Ní thoirmiscfidh aon ní san Acht seo aon ní a dhéanfar chun iasc a shíolrú go saorga, chun críche éigin eolaíochta nó chun aon iascach a fheabhsú—

(a) ag an gCoimisiún,

(b) ag duine dá n-eiseofar cead faoin alt seo (nó aon duine eile a bheidh ag gníomhú faoina ordacháin), faoi údarás an cheada sin agus faoi réir na gcoinníollacha a ghabhann leis.

(2) Féadfaidh an Coimisiún, le cead i scríbhinn agus faoi réir aon choinníollacha sonraithe, a údarú d’aon duine ainmnithe aon nithe sonraithe a dhéanamh, aon séasúr den bhliain, chun aon chríoch de na críocha a luaitear i bhfo-alt (1), agus go háirithe, gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo—

(a) éisc d’aon chineál a bheidh sonraithe a ghabháil agus éisc den chineál sin nó a n-ubháin a bheith ina sheilbh aige chun síolrú saorga nó athphlandú a dhéanamh nó chun stoc a sholáthar nó a athsholáthar in aon iascach nó chun é a fheabhsú nó chun aon chríche eolaíochta, agus, chun an ghabháil sin a dhéanamh, aon inneall iascaireachta de chineál sonraithe a bheith ina sheilbh aige, a chur suas agus a úsáid, nó substaint d’aon chineál sonraithe a bheith ina sheilbh aige agus a úsáid,

(b) ubháin nó gealóga éisc d’aon chineál a bheidh sonraithe a cheannach nó a dhíol chun stoc a sholáthar nó a athsholáthar, nó chun aon chríche eolaíochta,

(c) éisc arna dtógáil de réir théarmaí an cheada a dhiúscairt i cibé slí agus ar cibé téarmaí a shonrófar.

(3) Ní údarófar le cead faoin alt seo aon ní a dhéanamh i ndáil le hiascach eisiach ar shlí seachas le toiliú úinéir an iascaigh sin.

(4) Maidir le duine ar thug an Coimisiún cead dó, más rud é, le linn aon ní a dhéanamh de bhun an cheada, go n-iarrfaidh duine údaraithe air déanamh amhlaidh, tabharfaidh sé an cead ar aird don duine sin.

(5) San alt seo ciallaíonn ‘sonraithe’ sonraithe i gcead.”.

Báid, trealamh etc. a fhorghéilleadh.

29 .— (1) Leasaítear Acht 1952 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 76:

“Báid, innill iascaireachta etc. a fhorghéilleadh.

76.— I gcás ina gciontófar duine i gcion faoin Acht seo, féadfaidh an Chúirt a chiontóidh é cibé ordú eile a dhéanamh is cuí leis an gCúirt i dtaobh—

(a) aon iasc a bheidh tógtha nó ina sheilbh aige go neamhdhleathach tráth an chiona,

(b) aon bhád, inneall iascaireachta, trealamh nó rud eile ar leis nó ina leith a dhéantar an cion,

a fhorghéilleadh.”.

(2) Aisghairtear alt 77 d’Acht 1952.

Athbhreithniú Breithiúnach.

30 .— Leasaítear Acht 1952 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 73:

“Athbhreithniú Breithiúnach.

73A.— (1) Féadfaidh duine, ar mhodh iarratais ar athbhreithniú breithiúnach faoi Ordú 84 de Rialacha na nUaschúirteanna (I.R. Uimh. 15 de 1986 ) (dá ngairtear ‘an tOrdú’ san alt seo), agus ar an modh sin amháin—

(a) bailíocht breithe ón gCoimisiún faoi Chuid VIA den Acht seo a cheistiú, nó

(b) bailíocht breithe ar achomharc nó cinnidh achomhairc ón mBord Achomhairc faoi Chuid VIA den Acht seo a cheistiú.

(2) Ní dhiúltóidh an Ard-Chúirt iarratas ar athbhreithniú breithiúnach faoin Ordú a bhreithniú, ar iarratas é a bhaineann le breith nó cinneadh dá dtagraítear i bhfo-alt (1), de bhíthin amháin, maidir leis an mbreith nó leis an gcinneadh is ábhar don iarratas—

(a) go ndearnadh í nó é, nó go bhfuil sí nó sé le déanamh nó go bhféadfar í nó é a dhéanamh lasmuigh den Stát, nó

(b) go mbaineann sí nó sé le háit atá lasmuigh den Stát.

(3) I ndáil le hiarratas dá dtagraítear i bhfo-alt (1), ní choiscfidh aon riail dlí nó nós imeachta ar an gCúirt cead a thabhairt an t-iarratas nó fógra faoin iarratas lena mbaineann a sheirbheáil ar dhuine dá ndéanann sé difear is duine atá lasmuigh den Stát.”.

Tréimhsí ama a ríomh.

31 .— Leasaítear Acht 1952 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 83:

“Tréimhsí ama a ríomh.

84.— (1) San Acht seo, nó in aon rialacháin a dhéanfar faoin Acht seo, má deirtear go dtosóidh tréimhse ama lá áirithe, nó go n-áireofar ó lá áirithe í, ní bheidh an lá sin ar áireamh sa tréimhse.

(2) San Acht seo, nó in aon rialacháin a dhéanfar faoin Acht seo, má deirtear go gcríochnóidh tréimhse ama lá áirithe, nó go n-áireofar go dtí lá áirithe í, beidh an lá sin ar áireamh sa tréimhse.

(3) San Acht seo, nó in aon rialacháin a dhéanfar faoin Acht seo, más rud é gur ar Shatharn, ar Dhomhnach nó ar lá saoire poiblí a rachaidh an t-am in éag a bheidh teorannaithe chun aon ní a dhéanamh, fadófar an t-am a bheidh arna theorannú amhlaidh go dtí an chéad lá ina dhiaidh sin nach Satharn, Domhnach ná lá saoire poiblí agus féadfar an ní a dhéanamh an lá sin.

(4) I gcás ina bhfaighidh an Coimisiún nó an Bord Achomhairc aon doiciméad nó fógra taobh amuigh d’uaireanta gnó an Choimisiúin nó, de réir mar a bheidh, an Bhoird Achomhairc, measfar go bhfuarthas an doiciméad nó an fógra an chéad lá ina dhiaidh sin nach Satharn, Domhnach ná lá saoire poiblí.

(5) I bhfo-ailt (3) agus (4)—

(a) ciallaíonn ‘uaireanta gnó’ cibé uaireanta a bheidh forordaithe chun críocha an ailt seo,

(b) ciallaíonn ‘lá saoire poiblí’ aon lá a fhorordófar chun críocha an ailt seo.”.

Cearta iascaireachta príobháideacha a fhorfheidhmiú.

32 .— (1) Déanfar mír 2 den Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 a athuimhriú mar fhomhír (1) den mhír sin.

(2) Leasaítear fomhír (1) (arna hathuimhriú le fo-alt (1)) de mhír 2 den Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 tríd an gclásal seo a leanas a chur isteach i ndiaidh chlásal (d):

“(e) comhaontú a dhéanamh chun cearta iascaireachta aon úinéara nó áititheora talún nó uiscí a fhorfheidhmiú de réir cibé téarmaí agus coinníollacha a shonrófar sa chomhaontú agus ar cibé suimeanna a íoc a shonrófar amhlaidh.”.

Leasuithe ilghnéitheacha ar Acht 1952.

33 .— (1) Leasaítear alt 13 d’Acht 1952—

(a) i bhfo-alt (1)(g) trí “ceadúnais iascaireachta” a chur in ionad “ceadúnais”,

(b) i bhfo-alt (1)(k) trí “, seachas i gCuid VIA,” a chur isteach i ndiaidh “san Acht seo”, agus

(c) i bhfo-alt (2) trí “cheadúnais iascaireachta” a chur in ionad “cheadúnais”.

(2) Leasaítear alt 35(4) d’Acht 1952 i mír (c) trí “ceadúnais iascaireachta” a chur in ionad “cheadúnais” agus “ceadúnais”.

(3) Leasaítear alt 40(3) d’Acht 1952 trí “ar cheadúnas iascaireachta” a chur in ionad “ar cheadúnas”.

(4) Leasaítear alt 75 d’Acht 1952 trí “cheadúnas iascaireachta” a chur in ionad “cheadúnas” agus “ceadúnas iascaireachta” a chur in ionad “ceadúnas” gach áit a bhfuil na focail sin.