An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID 3 Leasuithe ar an bPríomh-Acht ) Ar Aghaidh (SCEIDEAL 1 Forálacha a bheidh le cur isteach mar Sceideal 3A agus Sceideal 3B a ghabhann le hAcht 1952)

17 2007

TODO

CUID 4

Leasuithe Ilghnéitheacha.

Leasú ar an Acht Iascaigh (Leasú) 1997.

34 .— Leasaítear an tAcht Iascaigh (Leasú) 1997 in alt 2—

(a) trí “nó Limistéar Lú” a chur isteach i ndiaidh “Líomatáiste Mhagh Bhile”, agus

(b) trí “de réir bhríonna faoi seach na dtéarmaí sin in” a chur in ionad “de réir bhrí”.

Leasú ar an Acht Imeall Trágha 1933.

35 .— Leasaítear an tAcht Imeall Trágha 1933 in alt 3 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) (a) D’ainneoin fhorálacha fho-alt (1), i gcás ina ndeonóidh an tAire ceadúnas faoin bhfo-alt sin (‘ceadúnas imeall trá’) don Choimisiún, féadfar leis an gceadúnas sin, más rud é go bhforálfaidh na téarmaí agus na coinníollacha amhlaidh, a cheadú do dhuine a shealbhóidh ceadúnas faoi Chuid VIA d’Acht Iascaigh an Fheabhail 1952 (‘ceadúnas dobharshaothraithe’) i leith cuid den limistéar arna chuimsiú ag an gceadúnas imeall trá nó i leith an limistéir sin uile, aon ní a dhéanamh sa limistéar a shonraítear sa cheadúnas dobharshaothraithe lena mbaineann agus a cheadaítear a dhéanamh leis an gceadúnas dobharshaothraithe arna shonrú sa cheadúnas imeall trá mar ní a cheadaítear do dhuine a shealbhaíonn ceadúnas dobharshaothraithe den sórt sin a dhéanamh, faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha a bheidh sa cheadúnas imeall trá.

(b) San alt seo ciallaíonn ‘Coimisiún’ an comhlacht dá dtagraítear in alt 32 den Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999.”.