An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (SCEIDEAL 5 Achtacháin chun críche alt 75 (Fógraí um chomhlíonadh)) Ar Aghaidh (SCEIDEAL 7 Ionstraimí Reachtúla chun críocha ailt 101 agus 102 (Treoracha i leith sábháilteachta táirgí agus inghlacthachta tástálacha saotharlainne))

19 2007

TODO

SCEIDEAL 6

Sásamh i leith sárú ar alt 87

Alt 87 .

1. Sa Sceideal seo—

ciallaíonn “ Acht 1994 ” an tAcht um Théarmaí Fostaíochta (Faisnéis) 1994;

tá le “ fostaí ” agus le “ fostóir ” an bhrí chéanna atá leo in Acht 1994.

2. (1) Féadfaidh fostaí gearán a thíolacadh do choimisinéir um chearta á rá gur sháraigh an fostóir alt 87 (3) i ndáil leis an bhfostaí agus, má dhéanann an fostaí amhlaidh, tabharfaidh an coimisinéir deis do na páirtithe éisteacht a fháil ón gcoimisinéir agus aon fhianaise a bhaineann le hábhar an ghearáin a thíolacadh don choimisinéir, tabharfaidh sé nó sí breith i scríbhinn i ndáil leis agus cuirfidh sé nó sí an bhreith in iúl do na páirtithe.

(2) Maidir le breith ó choimisinéir um chearta faoi fhomhír (1), déanfar ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas léi:

(a) a dhearbhú go raibh nó, de réir mar a bheidh, nach raibh bonn leis an ngearán;

(b) a cheangal ar an bhfostóir alt 87 (3) a chomhlíonadh agus, chun na críche sin, a cheangal ar an bhfostóir bearta sonraithe a ghlacadh;

(c) a cheangal ar an bhfostóir cúiteamh a íoc leis an bhfostaí, ar cúiteamh é de cibé méid (más ann) is cóir agus is cothromasach ag féachaint do na himthosca go léir, ach gan dul thar luach saothair 104 sheachtain i leith fhostaíocht an fhostaí arna ríomh de réir rialachán faoi alt 17 den Acht um Dhífhostú Éagórach 1977;

agus déanfar na tagairtí sna clásail sin roimhe seo d’fhostóir a fhorléiriú, i gcás go n-athróidh úinéireacht ghnó an fhostóra i ndiaidh don sárú lena mbaineann an gearán tarlú, mar thagairtí don duine a thiocfaidh chun bheith i dteideal na húinéireachta sin de bhua an athraithe.

3. Chun críocha an Sceidil seo—

(a) beidh feidhm ag fo-ailt (3) go (6) agus ag fo-alt (7)(a) d’alt 7 d’Acht 1994 i ndáil le gearán a thíolacfar faoin Sceideal seo mar atá feidhm acu i ndáil le gearán arna thíolacadh faoi fho-alt (1) den alt sin 7, fairis na modhnuithe seo a leanas, eadhon:

(i) na focail go léir san fho-alt sin (3) ó “má thíolactar” go deireadh an fho-ailt sin a scriosadh agus “mura dtíolactar dó é laistigh den tréimhse 12 mhí dar tosach dáta an tsáraithe lena mbaineann an gearán nó (i gcás gur deimhin leis an gcoimisinéir um chearta nár tíolacadh an gearán laistigh den tréimhse réamhráite mar gheall ar imthosca eisceachtúla) laistigh de cibé tréimhse bhreise, nach faide ná 6 mhí ó dheireadh na tréimhse 12 mhí sin, a mheasfaidh an coimisinéir um chearta a bheith réasúnach” a chur ina n-ionad;

(ii) tagairt do bhreith a chur san fho-alt (6) sin in ionad na tagartha do mholadh;

agus aon mhodhnuithe eile is gá,

(b) beidh feidhm ag ailt 8 go10 d’Acht 1994 mar atá feidhm acu chun críocha an Achta sin, fairis na modhnuithe seo a leanas, eadhon:

(i) tagairtí do bhreith a chur sna forálacha sin in ionad tagairtí do mholadh;

(ii) an fo-alt seo a leanas a chur le halt 8:

“(7) Is ar shlí seachas go poiblí a éistfear imeachtaí faoin alt seo os comhair an Bhinse.”;

(iii) i bhfo-alt 9—

(I) tagairtí don Chúirt Chuarda a chur in ionad tagairtí don Chúirt Dúiche, agus

(II) an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Is chuig breitheamh den Chúirt Chuarda don chuaird ina bhfuil gnáthchónaí ar an bhfostóir lena mbaineann, nó ina seolann sé nó sí aon ghairm, trádáil nó gnó, a dhéanfar iarratas chun na Cúirte Cuarda faoin alt seo.”;

agus aon mhodhnuithe eile is gá.

4. (1) In imeachtaí faoin Sceideal seo os comhair coimisinéara um chearta nó an Bhinse Achomhairc Fostaíochta i ndáil le gearán gur sáraíodh alt 87(3), toimhdeofar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gur ghníomhaigh an fostaí lena mbaineann go réasúnach agus de mheon macánta le linn teacht ar an tuairim agus an tuairim lena mbaineann a chur in iúl.

(2) Más rud é gurb éard a bheidh i bpionósú fostaí, de shárú ar alt 87 (3), dífhostú an fhostaí de réir bhrí na nAchtanna um Dhífhostú Éagórach 1977 go 2005, ní ceadmhach faoiseamh a dheonú don fhostaí i leith an phionósaithe sin faoin Sceideal seo agus faoi na hAchtanna sin araon.