An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil 3 Feidhmeanna a Aistriú, etc. ) Ar Aghaidh (Caibidil 2 Cleachtais Tráchtála Mhíthreoracha )

19 2007

TODO

CUID 3

Cleachtais Tráchtála

Caibidil 1

Cleachtais Tráchtála Éagóracha

Toirmeasc ginearálta ar chleachtais tráchtála éagóracha.

41 .— (1) Ní ghabhfaidh trádálaí do chleachtas tráchtála éagórach.

(2) Is cleachtas tráchtála éagórach cleachtas tráchtála más rud é—

(a) go bhfuil sé contrártha do cheann amháin den dá ní seo a leanas nó dóibh araon (na ceanglais maidir le dúthracht ghairmiúil):

(i) prionsabal ginearálta an mheoin mhacánta i réimse gníomhaíochta an trádálaí;

(ii) an caighdeán scile agus cúraim a bhféadfar a bheith ag súil leis le réasún go bhfeidhmeoidh an trádálaí é i leith tomhaltóirí, agus

(b) gur dhóigh dó—

(i) a bheith ina chúis le lagú nach beag ar chumas an ghnáth-thomhaltóra rogha eolach a dhéanamh i ndáil leis an táirge lena mbaineann, agus

(ii) a bheith ina chúis leis an ngnáth-thomhaltóir do dhéanamh cinneadh idirbhirt nach ndéanfadh an gnáth-thomhaltóir murach sin.

(3) Le linn a chinneadh an bhfuil cleachtas tráchtála éagórach faoi fho-alt (2), breithneofar an cleachtas tráchtála ina chomhthéacs fíorasach, agus gnéithe uile an chleachtais agus na himthosca uile á gcur i gcuntas.