An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (TODO) Ar Aghaidh (CUID 2 Cumann Cógaiseoirí na hÉireann )

20 2007

TODO

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1 .— (1) Féadfar an tAcht Cógaisíochta 2007 a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

Léiriú.

2 .— (1) San Acht seo—

ciallaíonn “ Cuideachta ” cuideachta de réir bhrí Achtanna na gCuideachtaí 1963 go 2005;

ciallaíonn “ Comhairle ” an Chomhairle a bhunaítear le halt 10;

ciallaíonn “ Treoir ” Treoir 2001/83/CE an 6 Samhain 2001 maidir le cód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine, arna leasú;

ciallaíonn “ cumhacht mharthanach aturnae ” cumhacht aturnae de réir bhrí alt 2 den Acht um Chumhachtaí Aturnae 1996, ar cumhacht mharthanach í arna forléiriú de réir alt 5 den Acht sin;

tá le “ táirge íocshláinte ” an bhrí chéanna atá leis sa Treoir ach amháin nach bhfolaíonn sé, go dtí an 30 Aibreán 2011, táirgí íocshláinte luibhe ná táirgí íocshláinte hoiméapaiteacha;

ciallaíonn “ Aire ” an tAire Sláinte agus Leanaí;

ciallaíonn “ cúntóir cógaisíochta ” duine a bhí, roimh theacht i ngníomh alt 4 (1) den Acht seo, inniúil, faoi alt 19 den Pharmacy Act, (Ireland) Amendment Act 1890 chun gnó cógaiseora a dhéanamh fad atá an cógaiseoir as láthair go sealadach;

ciallaíonn “úinéir cógaslainne ” duine a sheolann gnó cógaisíochta miondíola agus, sa cháil sin, atá i dteideal brabúis an ghnó a fháil agus a dhlíonn caillteanais an ghnó a iompar agus ciallaíonn “cógaslann”, nuair a úsáidtear é i ndáil le húinéir cógaslainne, gnó cógaisíochta miondíola;

ciallaíonn “ cleachtas ” cleachtas a sheoladh mar chógaiseoir cláraithe;

ciallaíonn “ forordaithe ” forordaithe le rialacha arna ndéanamh ag an gComhairle;

ciallaíonn “ clár ” clár arna bhunú agus arna chothabháil faoi alt 13 agus forléireofar “cláraithe” agus abairtí comhghaolmhara dá réir;

ciallaíonn “ lia-chleachtóir cláraithe ” duine a bhfuil a ainm nó a hainm arna thaifeadadh i gClár Ginearálta na Lia-Chleachtóirí a bunaíodh faoi Acht na Lia-Chleachtóirí 1978;

ciallaíonn “ gnó cógaisíochta miondíola ” gnó (nach cleachtas gairmiúil é arna sheoladh ag lia-chleachtóir ginearálta nó ag fiaclóir cláraithe) arb é atá ann, nó ina n-áirítear, táirgí íocshláinte, seachas táirgí íocshláinte atá ar liosta ginearálta díolachán, a dhíol nó a sholáthar (cibé acu a dhíoltar nó nach ndíoltar nó a sholáthraítear nó nach soláthraítear na táirgí sin atá ar liosta den sórt sin i gcúrsa an ghnó);

ciallaíonn “ díol ” díol trí mhiondíol;

tá le “ an Cumann ” an bhrí a shanntar dó le halt 5;

tá le “ an sean-Chumann ” an bhrí a shanntar dó le halt 5;

ciallaíonn “ soláthar ”, i ndáil le táirge íocshláinte, an táirge a sholáthar (seachas ar mhodh díola) do dhuine a fhaigheann é chun críche seachas—

(a) é a dhíol nó a sholáthar, nó

(b) é a fhriotháil nó a chur faoi deara é a fhriotháil ar dhuine eile,

i gcúrsa gnó nó gairme.

(2) Folaíonn tagairtí san Acht seo do dhíol agus do sholáthar, nó do dhíol nó do sholáthar, táirge íocshláinte tagairtí don táirge íocshláinte a choinneáil, a ullmhú, a chumasc nó a urghnamh.

(3) Chun críocha an Achta seo, measfar, maidir le dhá áitreabh nó níos mó atá scartha agus ar leithligh óna chéile, gur áitribh ar leithligh iad d’ainneoin gur codanna den fhoirgneamh céanna iad.

(4) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (3) maidir le hailt 63 agus 64.

(5) Sa mhíniú ar “gnó cógaisíochta miondíola” i bhfo-alt (1), ciallaíonn “ táirgí íocshláinte ar liosta ginearálta díolachán ” táirgí íocshláinte a fhéadfar a dhíol faoi alt 32(2)(m)(ii) den Acht um Bord Leigheasra na hÉireann 1995.

Caiteachais.

3 .— Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Aisghairm agus cúlghairm.

4 .— (1) Aisghairtear na hachtacháin a shonraítear i Sceideal 4.

(2) Cúlghairtear Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Cáilíochtaí Cógaisíochta a Aithint) 1987 go 2004.