An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 2 Leasú ar an Acht um Rialú Foirgníochta 1990 ) Ar Aghaidh ( CUID 4 Suirbhéirí Cainníochta a Chlárú )

21 2007

An tAcht um Rialú Foirgníochta 2007

CUID 3

Ailtirí a Chlárú

An comhlacht clárúcháin agus an Bord Iontrála (Cuid 3).

13 .— (1) Is é Institiúid Ríoga Ailtirí na hÉireann an comhlacht clárúcháin chun críocha na Coda seo.

(2) Chun críocha na Treorach, is é an comhlacht clárúcháin an comhlacht inniúil sa Stát maidir le hailtirí.

(3) Bunóidh an comhlacht clárúcháin Bord Iontrála chun daoine a chlárú faoin gCuid seo.

(4) Is iad a bheidh ar an mBord Iontrála cathaoirleach agus 7 ngnáthchomhalta, agus ceapfaidh an comhlacht clárúcháin na gnáthchomhaltaí mar a leanas:

(a) 3 ailtire arna n-ainmniú ag an gcomhlacht clárúcháin lena gceapadh amhlaidh;

(b) 4 dhuine arna n-ainmniú ag an Aire lena gceapadh amhlaidh, ar daoine iad nach ailtirí iad.

(5) Is é nó í a bheidh ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an mBord Iontrála ná aturnae, abhcóide nó iarbhreitheamh den Chúirt Chuarda, den Ard-Chúirt nó den Chúirt Uachtarach, agus ceapfaidh an tAire an duine sin mar chathaoirleach.

Ailtirí a chlárú.

14 .— (1) Bunóidh an comhlacht clárúcháin clár d’ailtirí (“an clár”).

(2) Beidh gach duine díobh seo a leanas cáilithe lena chlárú nó lena clárú sa chlár:

(a) céimí de chuid na bhforas seo a leanas—

(i) Ollscoil na hÉireann,

(ii) Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, nó

(iii) cibé comhlacht oideachais eile a fhorordófar,

ar céimí é nó í a bhfuil céim Baitsiléara Ailtireachta nó an Dioplóma san Ailtireacht atá ar aon chaighdeán le céim faighte aige nó aici ón bhforas sin roimh an mbliain 2005 nó a bhfuil céim Baitsiléara Ailtireachta (Onóracha), nó cibé céim, dioplóma nó cáilíocht eile a fhorordófar, faighte aige nó aici ón bhforas sin sa bhliain 2005 nó in aon bhliain dá héis agus ar céimí é nó í, i ngach cás—

(iv) a mbeidh pas faighte aige nó aici i scrúdú i gcleachtadh gairmiúil ar scrúdú é arna shonrú ag an gcomhlacht dá dtagraítear i bhfomhír (i), (ii)(iii), de réir mar a bheidh, nó

(v) atá in ann a thaispeáint go bhfuil aige nó aici taithí iarchéime 7 mbliana ar chomhlíonadh dualgas atá ar comhréir le dualgais ailtire de shórt a thabharfadh teideal don duine a éileamh go ndeonóidh an comhlacht dá dtagraítear i bhfomhír (i), (ii) (iii), de réir mar is cuí, díolúine ón ngá le dul faoin scrúdú dá dtagraítear i gclásal (I);

(b) duine is ánra nó comhlach den chomhlacht clárúcháin ar dháta rithe an Achta seo;

(c) duine atá cáilithe lena chlárú nó lena clárú amhlaidh de bhua alt 15 16 (a bhaineann le sealbhóirí cáilíochtaí ó stáit eile);

(d) duine ar ina leith a chuir an tAire Comhshaoil fógra i scríbhinn, dár dáta an 7 Eanáir 1997, an 13 Márta 1997 nó an 11 Meitheamh 1997 (cibé acu chuig an duine nó chuig eagraíocht a bhí ag feidhmiú thar ceann an duine san ábhar), ar fógra é inar luadh gur éirigh leis an duine ina iarratas nó ina hiarratas chun bheith ar áireamh sa liosta iomchuí;

(e) duine atá fostaithe sa Stát ar feadh 7 mbliana ar a laghad faoi mhaoirseacht ailtire (atá cáilithe lena chlárú nó lena clárú faoin alt seo) agus, mar chuid de scéim feabhsúcháin shóisialaigh nó mar chuid de chúrsa tríú leibhéal páirtaimseartha, a fhaigheann deimhniú nó dioplóma de chaighdeán céime atá comhionann le haon chéim, dioplóma nó cáilíocht dá dtagraítear i mír (a) agus agus ar duine é a mbeidh pas faighte aige i scrúdú i gcleachtadh gairmiúil arna shonrú ag comhlacht dá dtagraítear i bhfomhír (i), (ii)(iii) den mhír sin;

(f) duine—

(i) a bhfuil 7 mbliana ar a laghad aige nó aici de thaithí phearsanta ar chomhlíonadh dualgas atá ar comhréir le dualgais ailtire,

(ii) atá 35 bliana d’aois ar a laghad, agus

(iii) a bhfuil pas faighte aige i scrúdú forordaithe maidir le hiontráil sa chlár;

(g) duine (nach duine atá cáilithe lena chlárú nó lena clárú de bhun alt 1516)—

(i) dár dámhadh, i stát seachas

(I) Ballstát, nó

(II) tar éis comhaontú dá dtagraítear in alt 15(1)(f) a dhéanamh agus a theacht in éifeacht i ndáil le stát is comhalta den Eagraíocht Trádála Domhanda, an stát sin,

céim, dioplóma nó cáilíocht eile san ailtireacht, agus

(ii) atá in ann a thaispeáint go bhfuil dóthain taithí iarchéime aige nó aici ag comhlíonadh dualgas atá i gcomhréir le dualgais ailtire;

(h) duine a measúnaíodh mar dhuine atá cáilithe lena chlárú nó lena clárú ag an mBord Measúnachta Teicniúla de réir na nósanna imeachta maidir le measúnú taithí praiticiúla;

(i) saoránach Éireannach atá údaraithe ag an gcomhlacht clárúcháin, mar atá deimhnithe le deimhniú ón gcomhlacht clárúcháin, chun an teideal “ailtire” a úsáid de bhua ardchaighdeán a shaothair i réimse na hailtireachta (ar údarú é a chumhachtaítear don chomhlacht clárúcháin a dheonú de bhua na míre seo).

(3) Féadfaidh an comhlacht clárúcháin glacadh le dearbhú reachtúil mar leorchomhlíonadh fho-alt (2)(a)(II) ag duine, ar dearbhú reachtúil é arna dhéanamh ag an duine á rá go sealbhaíonn sé nó sí an taithí dá dtagraítear san fhoráil sin.

(4) Ní réamhriachtanas comhaltas an chomhlachta clárúcháin le haghaidh clárúcháin sa chlár nó le haghaidh clárúchán a choimeád i bhfeidhm, ach beidh gach gairmí cláraithe i dteideal a bheith ina chomhalta nó ina comhalta den chomhlacht clárúcháin agus muirearófar an táille chéanna le haghaidh clárúcháin sa chlár cibé acu an comhalta den chomhlacht clárúcháin an duine áirithe nó nach ea.

(5) Maidir le haon fhorordú i leith comhlachta oideachais nó i leith aon chéime, aon dioplóma nó aon cháilíochta eile a dhámann nó a bhronnann sé, ní dhéanfar amhlaidh chun críocha fho-alt 2(a) mura rud é gur deimhin leis an Aire go soláthraítear an teagasc is gá i ngnéithe éagsúla dhisciplín na hailtireachta de réir Airteagal 46 den Treoir sa chúrsa a sholáthraíonn an comhlacht agus as a leanann dámhachtain nó bronnadh na céime, an dioplóma nó na cáilíochta eile.

(6) D’fhonn an tAire a dheimhniú dó féin nó dí féin i dtaobh an ábhair sin roimhe seo, rachaidh an tAire i gcomhairle le hÚdarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann nó le Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna, de réir mar is cuí.

(7) I bhfo-alt (2)(d) ciallaíonn “ liosta iomchuí ” an liosta daoine a bhí molta ag an Aire lena ndeimhniú faoi théarmaí an leasaithe a bhí beartaithe ag an Stát a dhéanamh, de réir na nósanna imeachta faoin gConradh ag Bunú an Chomhphobail Eorpaigh, ar Threoir 85/384/CEE2 an 10 Meitheamh 1985 ón gComhairle maidir le haitheantas cómhalartach a thabhairt do dhioplómaí, do dheimhnithe agus d’fhianaise eile ar cháilíochtaí foirmiúla san ailtireacht, lena n-áirítear bearta lena n-éascófar feidhmiú éifeachtach an chirt chun bunaíochta agus chun saoirse seirbhísí a sholáthar.

Náisiúnaigh as stáit áirithe eile a chlárú — na príomhearnálacha náisiúnach den sórt sin.

15 .— (1) I dteannta na ndaoine is atá cáilithe amhlaidh ar shlí eile faoin gCuid seo, tá gach náisiúnach díobh seo a leanas cáilithe lena chlárú nó lena clárú sa chlár:

(a) náisiúnach de chuid Ballstáit a bhfuil fianaise aige nó aici ar cháilíocht fhoirmiúil mar ailtire, ar cáilíocht í atá liostaithe Iarscríbhinn V, pointe 5.7.1 den Treoir, a shásaíonn na coinníollacha oiliúna íosta dá dtagraítear in Airteagal 46 den Treoir agus, más cuí, lena ngabhann deimhniú atá liostáilte in Iarscríbhinn V, pointe 5.7.1 den Treoir;

(b) náisiúnach de chuid Ballstáit a bhfuil fianaise aige nó aici ar cháilíocht fhoirmiúil mar ailtire, ar cáilíocht í atá liostaithe in Iarscríbhinn VI, pointe 6 den Treoir (cibé acu a shásaíonn nó nach sásaíonn sí na ceanglais oiliúna íosta dá dtagraítear in Airteagal 46 den Treoir) agus lena ngabhann deimhniú ó údarás inniúil an Bhallstáit a d’eisigh an cháilíocht ar deimhniú é ina luaitear go bhfuil an duine údaraithe chun an teideal gairmiúil ailtire a úsáid, an dáta a údaraíodh dó nó di amhlaidh (ar dáta é nach déanaí ná an dáta ar leithligh de réir bhrí Airteagal 49(2) den Treoir), agus go bhfuil dualgais i gcomhréir le dualgais ailtire á gcomhlíonadh aige nó aici le 3 bliana ar a laghad as a chéile i rith na 5 bliana roimh an dáta a dámhadh an deimhniú;

(c) náisiúnach de chuid Ballstáit ar dámhadh cáilíocht i mBallstát ar cáilíocht í a bhfuil oibleagáid ar an Stát sin, de bhun birt iomchuí, aitheantas a thabhairt di mar cháilíocht a chomhfhreagraíonn do cháilíocht dá dtagraítear in alt 14(2).

(d) náisiúnach de chuid Ballstáit atá údaraithe, mar a fhianaítear le deimhniú ó údarás inniúil a Bhallstáit baile nó a Ballstáit baile, chun an teideal ailtire a úsáid de bhua dlí sa Bhallstát sin, lena dtugtar an chumhacht don údarás inniúil sin chun an teideal sin a dhámhadh ar náisiúnach de Bhallstát a bhfuil gradam faoi leith ag dul dó nó di as cáilíocht a chuid oibre nó a cuid oibre i réimse na hailtireachta;

(e) duine a bhfuil fianaise aige nó aici ar cháilíochtaí foirmiúla arna n-eisiúint ag stát, seachas Ballstát, agus lena ngabhann deimhniú arna eisiúint ag údarás inniúil de chuid Ballstáit a thug aitheantas do na cáilíochtaí, ar deimhniú é á rá gur chomhlíon an duine dualgais a bhí ar comhréir le dualgais ailtire ar feadh 3 bliana i gcríoch an Bhallstáit sin;

(f) náisiúnach nó cónaitheoir de chuid stáit ar duine é nó í ag a bhfuil teideal, de bhua an chomhaontaithe seo a leanas, aitheantas a fháil sa Stát dá cháilíochtaí nó a cáilíochtaí i réimse na hailtireachta, eadhon, comhaontú—

(i) arna dhéanamh idir an tAontas Eorpach agus an Eagraíocht Trádála Domhanda, agus

(ii) lena ndéantar foráil maidir leis na stáit lena mbaineann an comhaontú do thabhairt aitheantais do cháilíochtaí d’aicme a shonraítear sa chomhaontú;

(g) náisiúnach de chuid Ballstáit nach bhfuil cáilithe lena chlárú nó lena clárú sa chlár faoi aon cheann de na míreanna sin roimhe seo, ach atá cáilithe i gcomhair clárúcháin den sórt sin faoi cheann de na maoluithe ar Airteagal 46 den Treoir dá bhforáiltear in Airteagal 47 den Treoir mar a leanas, eadhon—

(i) tríd an duine d’fháil oiliúna a bhí ann amhail ar an 5 Lúnasa 1985 agus arna soláthar ag ‘Fachochschulen’ i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine thar thréimhse 3 bliana, agus tréimhse 4 bliana ina diaidh sin ar tréimhse í ar lena linn a chomhlíon sé nó sí dualgais atá ar comhréir le dualgais ailtire, agus an méid sin fianaithe le deimhniú ón gcomhlachas gairmiúil a bhfuil an duine sin ar a rolla, nó

(ii) tríd an duine—

(I) a bheith fostaithe ar feadh 7 bliana ar a laghad faoi mhaoirseacht ailtire atá cáilithe lena chlárú nó lena clárú faoin gCuid seo, nó atá cláraithe sa chlár,

(II) d’fháil deimhnithe nó dioplóma de chaighdeán ollscoile mar chuid de scéim feabhsúcháin shóisialaigh nó mar chuid de chúrsa páirtaimseartha tríú leibhéal, agus

(III) d’fháil pas i scrúdú i gcleachtadh ghairmiúil i mBallstát.

(2) Féadfaidh taifead ar ainm duine sa chlár de bhun fho-alt (1) (seachas mír (f) den fho-alt sin) a bheith faoi réir an Bord Iontrála a bheith deimhin de go bhfuil eolas ag an duine, a bhfuil iarratas á dhéanamh aige nó aici ar chlárú de bhun an fho-ailt sin, ar an bhfriotal atá riachtanach chun ailtireacht a chleachtadh sa Stát.

(3) Féadfaidh an Bord Iontrála, i ndáil le hiarratas ar chlárú de bhun fho-alt (1) (seachas mír (f) den fho-alt sin), fíorú a lorg i leith doiciméad a thugtar dó de réir Airteagal 50 den Treoir.

(4) Aon duine atá cláraithe de bhun fho-alt (1) (seachas mír (f) den fho-alt sin) nó alt 16, déanfaidh sé nó sí an teideal gairmiúil “ailtire” a úsáid.

(5) Déanfaidh an Bord Iontrála cinneadh i dtaobh an gcláróidh, nó nach gcláróidh, sé iarratasóir de bhun fho-alt (1) agus déanfar an cinneadh sin chomh tapa agus is féidir agus, in aon chás, laistigh de 3 mhí tar éis don iarratasóir na doiciméid chomhlánaithe a chur faoi bhráid an Bhoird.

(6) Maidir le cibé méid d’fhorálacha an ailt seo nó alt 16 lena bhfuil éifeacht i gcásanna—

(a) inar náisiúnach de chuid Ballstáit an duine lena mbaineann,

(b) ina ndéantar aon ghníomh nó aon rud nó ina ndámtar nó ina n-eisítear aon ghníomh nó aon rud i mBallstát, nó ina ndéanann údarás inniúil de chuid Ballstáit na nithe sin, nó

(c) ina ndéantar foráil maidir le hábhar faoi dhlí Ballstáit,

déanfar, go feadh an méid a choiscfeadh téarmaí na bhforálacha sin cóir chomhionann nó aitheantas a luaitear i bhfo-alt (7) a thabhairt don duine a luaitear san fho-alt sin, iad a léamh faoi réir cibé modhnuithe a lamhálfaidh cóir chomhionann nó aitheantas a thabhairt don duine sin.

(7) (a) Is é atá sa chóir chomhionann a luaitear i bhfo-alt (6) ná an chóir chomhionann a thugtar do dhuine de theaghlach (de réir bhrí Threoir 2004/38 an 29 Aibreán 2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) náisiúnaigh de chuid Ballstáit de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 24(1) den Treoir sin.

(b) Is é atá san aitheantas a luaitear i bhfo-alt (6) ná an t-aitheantas a cheanglaítear le hAirteagal 27 de Threoir 2004/83/CE an 29 Aibreán 2004 ón gComhairle a thabhairt do cháilíochtaí duine is tairbhí stádais dídeanaí nó cosanta coimhdigh (de réir bhrí na Treorach).

Earnáil bhreise náisiúnach ó stáit áirithe eile atá inchláraithe.

16 .— (1) Aon duine ar mian leis nó léi a bheith cláraithe de bhua coinníollacha chun aitheantas a thabhairt dá cháilíochtaí nó dá cáilíochtaí faoi Chaibidil I de Theideal III den Treoir a chomhlíonadh, féadfaidh sé nó sí iarratas a dhéanamh chuig an mBord Iontrála ar bhreith go bhfuil sé nó sí cáilithe lena chlárú nó lena clárú de bhun an ailt seo.

(2) Aon duine a dhéanfaidh iarratas faoin alt seo cuirfidh sé nó sí iad seo a leanas faoi bhráid an Bhoird Iontrálacha:

(a) fianú inniúlachta arna eisiúint ag Ballstát eile i ndáil leis an duine sin;

(b) fianaise ar cháilíochtaí foirmiúla;

(c) más cuí, fianaise go bhfuil dualgais atá ar comhréir le dualgais ailtire comhlíonta ag an duine, ar bhonn lánaimseartha, ar feadh 2 bhliain ar a laghad le linn na 10 mbliana roimhe sin.

(3) Féadfaidh an Bord Iontrála a iarraidh go gcuirfidh an t-iarratasóir faisnéis bhreise faoina bhráid laistigh de thréimhse shonraithe agus féadfaidh sé a cheangal ar an iarratasóir láithriú le haghaidh agallaimh má mheasann sé gur gá sin.

(4) I gcás ina bhfuil gá le hagallamh, beidh 4 chomhalta den Bhord Iontrála ar a laghad i láthair le haghaidh an agallaimh.

(5) Déanfar an t-agallamh a thaifeadadh i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfidh an Bord Iontrála, agus féadfar a cheangal ar an iarratasóir, tar éis an agallaimh, faisnéis bhreise a chur faoi bhráid na ndaoine a sheol an t-agallamh.

(6) Féadfaidh comhairleoir gairmiúil, lena n-áirítear dlíodóir, a bheith in éineacht leis an iarratasóir ag an agallamh, ach is é nó í an t-iarratasóir a iompróidh aon chaiteachas arna thabhú ag an iarratasóir de bharr comhairleoir a bheith in éineacht leis nó léi amhlaidh.

(7) Féadfaidh an Bord Iontrála, i ndáil le hiarratas faoin alt seo, fíorú neamhspleách a lorg maidir le doiciméid a thugtar dó de réir Airteagal 50 den Treoir.

(8) (a) Féadfaidh an Bord Iontrála a cheangal, de réir Airteagal 14 den Treoir, go ndéanfaidh duine a dhéanann iarratas faoin alt seo tréimhse oiriúnaithe suas go 3 bliana a chur i gcrích nó go ndéanfaidh sé nó sí triail infheidhmeachta.

(b) Chun na críche sin, déanfaidh an Bord Iontrála fógra a sheirbheáil ar an iarratasóir á lua—

(i) go bhféadfaidh an t-iarratasóir a roghnú tréimhse oiriúnaithe a chur i gcrích nó triail infheidhmeachta a dhéanamh (agus gairtear “an 2 rogha mhalartacha” de na roghanna malartacha sin i bhfomhír (iii)),

(ii) má roghnaíonn an t-iarratasóir tréimhse oiriúnaithe a chur i gcrích, go mairfidh an tréimhse cibé fad a shonraítear san fhógra,

(iii) más rud é nach roghnaíonn an t-iarratasóir ceann amháin den 2 rogha mhalartacha (agus nach gcuireann sé nó sí a chinneadh nó a cinneadh maidir leis sin a chur in iúl i scríbhinn don Bhord laistigh de thréimhse a shonraítear chuige sin san fhógra), go ndéanfaidh an Bord cinneadh i dtaobh an gceanglófar ar an iarratasóir tréimhse oiriúnaithe a chur i gcrích nó triail infheidhmeachta a dhéanamh (agus, má chinneann an Bord a cheangal ar an iarratasóir tréimhse oiriúnaithe a chur i gcrích, beidh fad na tréimhse sin comhionann leis an bhfad a luaitear san fhógra chun críocha fhomhír (ii)), agus

(iv) más rud é, maidir leis an iarratasóir, tar éis é nó í a chlárú de bhun an ailt seo, nach ndéanfaidh sé nó sí tréimhse oiriúnaithe a chur i gcrích go rathúil agus triail infheidhmeachta a dhéanamh agus pas a fháil inti ar tréimhse nó triail í ar ina leith, de bhua na Treorach agus an ailt seo—

(I) a roghnaigh sé nó sí í a chur i gcrích nó a dhéanamh agus pas a fháil inti, nó

(II) a cheanglaíonn an Bord Iontrála air nó uirthi í a chur i gcrích nó a dhéanamh agus pas a fháil inti.

scriosfar ainm an iarratasóra as an gclár.

(9) Deimhneoidh an Bord Iontrála dó féin go bhfuil eolas ar theanga is gá chun ailtireacht a chleachtadh sa Stát ag an duine a dhéanfaidh iarratas faoin alt seo.

(10) I gcás ina gcinnfidh an Bord Iontrála—

(a) go bhfuil an t-iarratasóir cláraithe lena chlárú nó lena clárú sa chlár de bhun an ailt seo, déanfaidh sé na bearta is gá chun an t-iarratasóir a chlárú ar aon táille chlárúcháin is infheidhme a íoc, nó

(b) maidir leis an iarratasóir—

(i) nach bhfuil sé nó sí cáilithe lena chlárú nó lena clárú sa chlár de bhun an ailt seo, nó

(ii) gan dochar d’fho-alt (8), gur ceart dó nó di eolas a fháil ar fhriotal is gá chun ailtireacht a chleachtadh sa Stát,

déanfaidh an cathaoirleach fógra i scríbhinn a chur láithreach chuig an iarratasóir, leis an bpost réamhíoctha chuig seoladh an iarratasóra arna thabhairt ina iarratas nó ina hiarratas, ar fógra é ina ndéanfar an cinneadh, an dáta a rinneadh é agus na cúiseanna a bhí leis a chur in iúl don iarratasóir.

(11) Déanfaidh an Bord Iontrála cinneadh i dtaobh i dtaobh an bhfuil nó nach bhfuil duine cáilithe lena chlárú nó lena clárú sa chlár de bhun an ailt seo agus déanfar an cinneadh chomh tapa agus is féidir agus, in aon chás (ach faoi réir fho-alt (12)), laistigh de 3 mhí tar éis an dáta a chuirfidh an t-iarratasóir na doiciméid chomhlánaithe faoi bhráid an Bhoird.

(12) Más rud é, in imthosca áirithe an ábhair, go gcinneann an Bord Iontrála nach bhfuil sé indéanta aige an cinneadh dá dtagraítear i bhfo-alt (11) a dhéanamh laistigh den tréimhse dá dtagraítear san fho-alt sin féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn a chuirfear chuig an iarratasóir leis an bpost cláraithe réamhíoctha, an tréimhse sin a fhadú uair amháin nó níos mó ná uair amháin (ach ní bheidh tréimhse an fhadaithe sin nó comhiomlán thréimhsí an fhadaithe sin níos faide ná mí amháin).

(13) (a) Más dealraitheach don Bhord Iontrála maidir le duine atá cláraithe sa chlár de bhun an ailt seo—

(i) nach ndearna sé nó sí, i gcás ina bhfuil feidhm ag fo-alt (8), tréimhse oiriúnaithe a chríochnú go rathúil nó nó nach ndearna sé triail infheidhmeachta agus nach bhfuair sé pas i dtriail infheidhmeachta, de réir mar a bheidh, mar atá luaite san fho-alt sin, nó

(ii) nach bhfuair sé nó sí, i gcás ina bhfuil feidhm ag fo-alt (10)(b)(ii), eolas ar an bhfriotal a luaitear san fhoráil sin,

cinnfidh an Bord Iontrála go ndéanfar ainm an duine a scriosadh ón gclár.

(b) Má dhéanann an Bord Iontrála cinneadh den sórt sin, ordóidh sé don Chláraitheoir ainm an duine a scriosadh ón gclár; tar éis ainm an duine a scriosadh ón gclár, déanfaidh an Cláraitheoir láithreach fógra i scríbhinn faoin scriosadh a chur leis an bpost cláraithe réamhíoctha chuig an duine sin ag seoladh an duine mar atá luaite sa chlár.

Táillí (Cuid 3).

17 .— (1) Duine a bheidh ag déanamh iarratais ar chlárú faoin gCuid seo, déanfaidh sé nó sí, an tráth a dhéanfar an t-iarratas, an táille shonraithe a íoc leis an gcomhlacht clárúcháin agus, ina theannta sin, mar choinníoll a ghabhann le leanúint de bheith cláraithe, táille bhliantúil shonraithe a íoc ar dháta a shonróidh an comhlacht clárúcháin.

(2) I gcás ina mbeidh fógra curtha faoi dhó ag an gCláraitheoir leis an bpost réamhíoctha chuig seoladh gairmí chláraithe de réir mar a thugtar sin sa chlár, á iarraidh go n-íocfar an táille bhliantúil féadfaidh an Cláraitheoir, más rud é nach mbeidh an táille íoctha ag an duine laistigh de 2 mhí tar éis an dara fógra a sheoladh, ainm an duine a bhaint den chlár agus air sin cuirfidh sé nó sí fógra leis an bpost cláraithe á chur in iúl don duine nach bhfuil sé nó sí cláraithe a thuilleadh.

(3) D’ainneoin fho-alt (2), féadfaidh an Cláraitheoir, i gcásanna cruatain fhíoraithe, an ceanglas maidir le táille a íoc faoin alt seo a tharscaoileadh, a ordú go bhféadfar táille de mhéid is lú ná an méid sonraithe a íoc chun críocha an ailt seo nó táille arna híoc faoin alt seo a mhaitheamh, go hiomlán nó go páirteach.

(4) I gcás ina ndéanfar ainm duine a bhaint den chlár mar gheall ar tháillí a bheith gan íoc agus go n-íocfaidh an duine na táillí gan íoc i dteannta aon táillí sonraithe eile, déanfaidh an Cláraitheoir ainm an duine a ataifeadadh sa chlár agus measfar go ndearnadh é a ataifeadadh an dáta ar baineadh den chlár é.

Toirmeasc ar dhuine an téarma “ailtire” a úsáid mura rud é go bhfuil sé nó sí cláraithe.

18 .— (1) Faoi réir fho-ailt (3) agus (4), aon duine—

(a) nach bhfuil cláraithe faoin gCuid seo agus a úsáideann an teideal “ailtire”, ina aonar nó in éineacht le haon fhocail nó litreacha eile, nó le haon ainm, teideal nó tuairisc, á thabhairt le tuiscint go bhfuil an duine cláraithe amhlaidh,

(b) a bhaineann úsáid, le hintinn mheabhlaireachta, as deimhniú arna eisiúint faoin gCuid seo chuig duine den sórt sin nó chuig aon duine eile,

(c) a dhéanann, nó a chuireann faoi deara go ndéanfar, aon dearbhú bréagach nó aon mhífhaisnéis d’fhonn clárú a fháil faoin gCuid seo, nó a chabhraíonn nó a neartaíonn le gníomh den sórt sin, nó

(d) a chleachtann nó a sheolann gnó faoin aon aon ainm, stíl nó teideal ina bhfuil an focal “ailtire”, mura rud é go bhfuil sé nó sí cláraithe faoin gCuid seo,

beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí dhéag, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(2) Más rud é, maidir leis an sárú ar ina leith a chiontaítear duine i gcion faoi fho-alt (1), go leantar de tar éis an chiontaithe, beidh an duine ciontach i gcion breise ar gach lá ar a leanfar den sárú agus, maidir le gach cion den sórt sin, dlífear, ar an duine a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €500 a chur air nó uirthi.

(3) Ní choiscfidh fo-alt (1) ar chomhlacht corpraithe, ar ghnólacht nó ar chomhpháirtíocht gnó a sheoladh faoi ainm, stíl nó teideal ina bhfuil an focal “ailtire” más rud é—

(a) go bhfuil an gnó, a mhéid a bhaineann sé le hailtireacht, faoi rialú agus faoi bhainistiú gairmí chláraithe, agus

(b) i ngach áitreabh ina seoltar an gnó dá chuid nó dá cuid a bhaineann le hailtireacht, gur gairmí cláraithe a sheolann é nó go seoltar faoi mhaoirsiú gairmí chláraithe é.

(4) Maidir le duine d’úsáid na dtéarmaí seo a leanas—

(a) “ailtire tírdhreacha”,

(b) “ailtire cabhlaigh”,

(c) “teicneoir ailtireachta”,

(d) “teicneolaí ailtireachta”

(e) “ailtire dearthóireachta istigh”, nó

(f) cibé focail eile a fhorordófar,

mar thuairisc air féin nó uirthi féin, ní hionann an úsáid sin, uaithi féin, agus sárú ar fho-alt (1).

(5) Ní bheidh feidhm ag mír (a)(d) d’fho-alt (1) maidir le duine—

(a) a rinne iarratas ar chlárú faoin gCuid seo agus ar ina leith nach bhfuil cinneadh déanta ag an mBord Iontrála nó ag an mBord Measúnachta Teicniúla, de réir mar a bheidh, maidir leis an iarratas sin (agus i gcás nach bhfuil an t-iarratas chuig an mbord lena mbaineann tarraingthe siar ag an duine),

(b) a rinne achomharc chuig an mBord Achomhairc i gcoinne cinnidh ón mBord Iontrála nó ón mBord Measúnachta Teicniúla maidir le hiarratas dá dtagraítear i mír (a) agus ar ina leith nach bhfuil cinneadh déanta ag an mBord Achomhairc maidir leis an achomharc sin (agus i gcás nach bhfuil an t-achomharc chuig an mBord Achomhairc tarraingthe siar ag an duine), nó

(c) a rinne achomharc chuig an Ard-Chúirt i gcoinne cinnidh ón mBord Achomhairc dá dtagraítear i mír (b) agus ar ina leith nach bhfuil cinneadh déanta ag an Ard-Chúirt maidir leis an achomharc sin (agus i gcás nach bhfuil an t-achomharc chuig an Ard-Chúirt tarraingthe siar ag an duine).

(6) Féadfaidh an comhlacht clárúcháin a fhoráil le rialacháin nach mbeidh feidhm ag fo-alt (3) maidir le comhlacht corpraithe, gnólacht nó comhpháirtíocht, mura rud é go mbeidh cibé faisnéis is gá chun a chinneadh an bhfuil feidhm ag an bhfo-alt sin, de réir mar a fhorálfar sna rialacháin sin, tugtha aige nó aici don chomhlacht clárúcháin.

(7) Chun críocha an ailt seo, ní mheasfar, de bhíthin amháin go bhfuil duine ar fostú ag duine eile, nach bhfuil an duine sin ag cleachtadh.

(8) San alt seo, folaíonn “gnó” aon ghnóthas a sheoltar ar tháille nó ar luaíocht nó ar lena linn a sholáthraítear seirbhísí ar shlí seachas saor in aisce.

An Cláraitheoir (Cuid 3).

19 .— (1) Ceapfaidh an comhlacht clárúcháin Cláraitheoir chun bheith freagrach as an gclár a choimeád faoin gCuid seo.

(2) Féadfaidh an comhlacht clárúcháin, i dteannta tuarastal nó táille a íoc leis an gCláraitheoir, pinsean a íoc leis an gCláraitheoir nó ranníocaí a dhéanamh i leith pinsean a íoc, agus féadfaidh sé liúntais agus caiteachais a íoc leis an gCláraitheoir.

(3) Beidh an clár i cibé foirm a chinnfidh an comhlacht clárúcháin, lena n-áirítear foirm leictreonach, foirm fhótagrafach nó foirm eile.

(4) I gcás iarratas a bheith déanta ag duine ar chlárú de réir na Coda seo, más deimhin leis an mBord Iontrála go bhfuil an duine i dteideal a bheith cláraithe, déanfaidh an Cláraitheoir ainm an duine a thaifeadadh sa chlár.

(5) I gcás ina dtaifeadfar ainm duine sa chlár, cuirfidh an Cláraitheoir deimhniú chuig an duine, á rá go bhfuil an duine cláraithe.

(6) I gcás ina bhfaighidh duine deimhniú faoi fho-alt (5), cuirfidh an duine faoi deara láithreach an deimhniú a chur ar taispeáint san áit ina gcleachtann an duine ailtireacht gach tráth fad a leanfaidh a chlárú nó a clárú, ach ní aon tráth eile.

(7) Cinnteoidh an Cláraitheoir go gcoiméadfar an clár cothrom le dáta agus cuirfidh sé nó sí ar fáil é lena iniúchadh in oifig an Chláraitheora le linn gnáth uaireanta oibre.

(8) Déanfaidh gairmí cláraithe fógra a thabhairt don Chláraitheoir i dtaobh aon athraithe ar an ainm faoina seolann sé nó sí gnó nó ar an seoladh ag a seolann sé nó sí gnó.

Ainm a bhaint den chlár (Cuid 3).

20 .— (1) Faoi réir fho-alt (3), féadfaidh gairmí cláraithe iarratas a dhéanamh chuig an gCláraitheoir ar a ainm nó a hainm a bhaint den chlár agus, tar éis an t-iarratas a fháil agus tar éis an táille shonraithe a íoc, bainfidh an Cláraitheoir den chlár é.

(2) Féadfaidh duine a ndéantar a ainm nó a hainm a bhaint den chlár iarratas a dhéanamh chuig an gCláraitheoir ar a ainm nó a hainm a chur ar ais sa chlár agus, tar éis an t-iarratas a fháil agus tar éis an táille shonraithe a íoc, déanfaidh an Cláraitheoir an t-ainm a chur ar ais sa chlár, ach sin faoi réir aon choinníollacha a fhorchuirfidh an Bord Iontrála maidir leis an gcur ar ais sin.

(3) I gcás ina mbeidh gearán á imscrúdú ag an gCoiste Iompair Ghairmiúil faoi Chuid 6 i ndáil le duine, ní thabharfaidh an Cláraitheoir aird ar aon iarratas ar ainm an duine a bhaint den chlár go dtí go mbeidh an t-imscrúdú tugtha chun críche agus go mbeidh cinneadh déanta ag an gCoiste i dtaobh cén beart a bheidh le déanamh.

(4) Ní choiscfidh aon ní san alt seo ar an gCoiste Iompair Ghairmiúil diúltú ainm duine a chur ar ais sa chlár ar an bhforas go bhfuil sé nó sí neamhfheidhmiúil chun ailtireacht a chleachtadh nó coinníollacha a chur ag gabháil leis an gcur ar ais sin.

(5) I gcás ina gcinnfidh an Coiste Iompair Ghairmiúil diúltú ainm duine a chur ar ais nó ina gcinnfidh sé coinníollacha a chur ag gabháil leis an gcur ar ais sin, déanfaidh an Cláraitheoir láithreach, fógra a chur chuig an duine leis an bpost cláraithe réamhíoctha chuig an seoladh is déanaí a thugtar sa chlár ar fógra é ina gcuirfear an cinneadh, an dáta a rinneadh é agus na cúiseanna a bhí leis in iúl don duine.

An Bord Measúnachta Teicniúla (Cuid 3).

21 .— (1) Bunóidh an comhlacht clárúcháin Bord Measúnachta Teicniúla chun breithniú a dhéanamh ar iarratais ar chlárú sa chlár ó dhaoine nach dtagann faoi réim aon cheann de mhíreanna (a) go (g) agus (i) d’alt 14(2).

(2) Is iad a bheidh ar an mBord Measúnachta Teicniúla cathaoirleach agus 7 ngnáthchomhalta agus déanfaidh an comhlacht clárúcháin na comhaltaí is déanaí atá luaite a cheapadh mar a leanas:

(a) 3 ailtire arna n-ainmniú ag an mbord clárúcháin lena gceapadh amhlaidh;

(b) 4 dhuine arna n-ainmniú ag an Aire lena gceapadh amhlaidh, ar daoine iad nach ailtirí iad.

(3) Aturnae, abhcóide nó iarbhreitheamh den Chúirt Chuarda, den Ard-Chúirt nó den Chúirt Uachtarach a bheidh mar chathaoirleach ar an mBord Measúnachta Teicniúla agus ceapfaidh an tAire é nó í mar chathaoirleach.

(4) Déanfaidh an Bord Measúnachta Teicniúla painéal ailtirí a bhunú ar ailtirí iad a measann an Bord ina leith go bhfuil an oilteacht is gá acu chun na feidhmeanna a thugtar do chomhaltaí den phainéal faoi fho-alt (5) a chomhlíonadh.

(5) Déanfaidh an Bord Measúnachta Teicniúla, i leith gach iarratais faoi alt 22, líon nach lú ná 3 de chomhaltaí an phainéil arna bhunú faoi fho-alt (4) a cheapadh—

(a) chun na doiciméid a thugtar don Bhord faoi fho-alt (2) den alt sin (agus aon fhaisnéis bhreise a thugtar dó faoi fho-alt (3) den alt sin) a scrúdú,

(b) chun an t-iarratasóir a chur faoi agallamh, agus

(c) chun a dtuairim a thabhairt don Bhord i dtaobh an bhfuil an t-iarratasóir cáilithe lena chlárú nó lena clárú de bhun an ailt sin.

Nós imeachta an Bhoird Measúnachta Teicniúla (Cuid 3).

22 .— (1) Féadfaidh an duine seo a leanas iarratas a dhéanamh chun an Bhoird Measúnachta Teicniúla ar chinneadh á rá go bhfuil sé nó sí cáilithe lena chlárú nó lena clárú sa chlár de bhun an ailt seo, eadhon, duine a bhfuil dualgais ar comhréir le dualgais ailtire á gcomhlíonadh aige nó aici ar feadh tréimhse 10 mbliana nó níos mó sa Stát (ach ní dhéanfar aon tréimhse chomhlíonta dualgas den sórt sin a tharlaíonn ar an Acht seo a rith nó dá éis a ríomh chun críocha an fho-ailt seo).

(2) Aon duine a dhéanfaidh iarratas faoin alt seo cuirfidh sé nó sí na nithe seo a leanas faoi bhráid an Bhoird Measúnachta Teicniúla:

(a) curriculum vitae ina soláthrófar mionsonraí faoin obair atá déanta ag an iarratasóir i réimse na hailtireachta le linn na tréimhse dá dtagraítear i bhfo-alt (1);

(b) faisnéis maidir le tionscadail i ndáil le gach bliain den tréimhse sin a raibh an t-iarratasóir freagrach astu, dearbhuithe i dtaobh cé hé nó hí údar na dtionscadal agus na doiciméid go léir is gá chun tacú leis an bhfaisnéis;

(c) comhad ina mbeidh 4 thionscadal ar a laghad, lena n-áirítear ábhar grafach, a raibh an t-iarratasóir freagrach astu, ar tionscadail iad a measann an t-iarratasóir ina leith gurb iad is oiriúnaí i dtaca le breithniú a dhéanamh ar a iarratas nó ar a hiarratas;

(d) cibé fíorú neamhspleách, a éileoidh an Bord Measúnachta Teicniúla le réasún, ar na doiciméid a chuirtear faoina bhráid faoin bhfo-alt seo.

(3) Féadfaidh an Bord Measúnachta Teicniúla a iarraidh ar an iarratasóir faisnéis bhreise a chur faoina bhráid laistigh de thréimhse shonraithe agus féadfaidh sé a cheangal ar an iarratasóir láithriú le haghaidh agallaimh má mheasann sé gur gá sin; beidh agallamh den sórt sin de bhreis ar an agallamh a sheolann comhaltaí an phainéil dá dtagraítear in alt 21(5) (agus, san alt seo, gairtear “an t-agallamh painéil” den agallamh sin is déanaí atá luaite).

(4) I gcás ina gceanglaítear agallamh a bheith ann, beidh 4 chomhalta ar a laghad den Bhord Measúnachta Teicniúla i láthair le haghaidh an agallaimh.

(5) Déanfar an t-agallamh painéil agus aon agallamh faoin alt seo a thaifeadadh i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfidh comhaltaí an agallaimh painéil nó an Bord Measúnachta Teicniúla, de réir mar is cuí, agus féadfar, i ndiaidh an agallaimh, a éileamh ar an iarratasóir faisnéis bhreise a chur faoi bhráid na gcomhaltaí a sheol an t-agallamh.

(6) Féadfaidh comhairleoir gairmiúil, lena n-áirítear dlíodóir, a bheith in éineacht le hiarratasóir ag an agallamh painéil agus ag aon agallamh faoin alt seo, ach is é nó í an t-iarratasóir a iompróidh aon chaiteachas a thabhóidh an t-iarratasóir i gcás an comhairleoir gairmiúil sin a bheith in éineacht leis nó léi.

(7) Úsáidfidh an Bord Measúnachta Teicniúla na critéir seo a leanas le linn measúnacht a dhéanamh faoin alt seo:

(a) cibé acu a bhí nó nach raibh an t-iarratasóir ag comhlíonadh dualgas ar comhréir le dualgais ailtire ar feadh na tréimhse dá dtagraítear i bhfo-alt (1);

(b) cibé acu a bhí nó nach raibh an obair a cuireadh faoina bhráid comhionann le hobair ailtire, ag féachaint dá scála, dá castacht agus dá cáilíocht;

(c) cibé acu is féidir, nó nach féidir, leis an iarratasóir a thaispeáint go bhfuil na hinniúlachtaí a shonraítear in Airteagal 46 den Treoir aige nó aici;

(d) cibé acu a rinne nó nach ndearna an t-iarratasóir an obair a cuireadh faoi bhráid an Bhoird, agus, más rud é nárbh é nó í an t-iarratasóir a bhí freagrach aisti go hiomlán, cén leibhéal freagrachta as an obair, ar thaobh an iarratasóra, a d’fhéadfaí a shuíomh,

agus, ina theannta sin, tabharfaidh sé aird ar thuairim na n-ailtirí dá dtagraítear in alt 21(5) i dtaobh an bhfuil an t-iarratasóir cáilithe lena chlárú nó lena clárú de bhun an ailt seo (ach ní bheidh an tuairim sin ina ceangal ar an mBord).

(8) I gcás ina gcinnfidh an Bord Measúnachta Teicniúla—

(a) go bhfuil an t-iarratasóir cáilithe lena chlárú nó lena clárú sa chlár de bhun an ailt seo, cuirfidh an cathaoirleach an méid sin in iúl don Bhord Iontrála agus déanfaidh an Bord Iontrála na bearta is gá chun an t-iarratasóir a chlárú tar éis aon táille chlárúcháin is infheidhme a íoc, nó

(b) nach bhfuil an t-iarratasóir cáilithe lena chlárú nó lena clárú sa chlár de bhun an ailt seo, déanfaidh an cathaoirleach fógra i scríbhinn a chur chuig an iarratasóir láithreach, leis an bpost réamhíoctha chuig seoladh an iarratasóra mar a tugadh ina iarratas nó ina hiarratas, ar fógra é ina ndéanfar an cinneadh, an dáta a rinneadh é agus na cúiseanna a bhí leis a chur in iúl don iarratasóir.

An Coiste Iompair Ghairmiúil (Cuid 3).

23 .— (1) Bunóidh an comhlacht clárúcháin Coiste Iompair Ghairmiúil (“an Coiste”).

(2) Is iad a bheidh ar an gCoiste cathaoirleach agus 11 ghnáthchomhalta, agus déanfaidh an comhlacht clárúcháin na comhaltaí is déanaí atá luaite a cheapadh mar a leanas:

(a) 5 ailtire a bheidh ainmnithe ag an gcomhlacht clárúcháin lena gceapadh amhlaidh;

(b) 6 dhuine nach ailtirí iad agus—

(i) a n-ainmneoidh an tAire 5 acu lena gceapadh amhlaidh, agus

(ii) a n-ainmneoidh an tAire duine amháin acu, le toiliú an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, lena cheapadh nó lena ceapadh amhlaidh.

(3) Aturnae, abhcóide nó iarbhreitheamh den Chúirt Chuarda, den Ard-Chúirt nó den Chúirt Uachtarach a bheidh mar chathaoirleach ar an gCoiste agus ceapfaidh an tAire, le toiliú an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, é nó í mar chathaoirleach.

An Bord Achomhairc (Cuid 3).

24 .— (1) Bunóidh an comhlacht clárúcháin Bord Achomhairc.

(2) Is iad a bheidh ar an mBord Achomhairc cathaoirleach agus 5 ghnáthchomhalta, agus déanfaidh an comhlacht clárúcháin na comhaltaí is déanaí atá luaite a cheapadh mar a leanas:

(a) 2 ailtire arna n-ainmniú ag an gcomhlacht clárúcháin lena gceapadh amhlaidh, agus ní comhalta d’aon Bhord nó Coiste eile arna bhunú faoin gCuid seo aon duine acu;

(b) 3 dhuine nach ailtirí iad agus—

(i) a n-ainmneoidh an tAire 2 acu lena gceapadh amhlaidh, agus

(ii) a n-ainmneoidh an tAire duine amháin acu, le toiliú an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, lena cheapadh nó lena ceapadh amhlaidh.

agus ní comhalta d’aon Bhord nó d’aon Choiste eile a bhunaítear faoin gCuid seo aon duine acu.

(3) Aturnae, abhcóide nó iarbhreitheamh den Chúirt Chuarda, den Ard-Chúirt nó den Chúirt Uachtarach a bheidh mar chathaoirleach ar an mBord Achomhairc agus ceapfaidh an tAire é nó í mar chathaoirleach.

An nós imeachta maidir le hachomhairc (Cuid 3).

25 .— (1) Féadfaidh aon duine a ndéanfar difear dó nó dí mar gheall ar chinneadh arna thabhairt ag an mBord Iontrála, ag an mBord Measúnachta Teicniúla nó ag an gCoiste Iompair Ghairmiúil achomharc a dhéanamh chuig an mBord Achomhairc i gcoinne an chinnidh.

(2) Is i scríbhinn a dhéanfar achomharc agus taiscfear é leis an mBord Achomhairc laistigh de 3 mhí tar éis an dáta a dhéantar an cinneadh a bhfuil achomharc á dhéanamh ina choinne.

(3) Sonrófar san achomharc cé n cinneadh lena mbaineann an t-achomharc agus na forais a bhfuil an t-achomharc bunaithe orthu.

(4) Féadfaidh achomharc a bheith bunaithe ar nithe a bhaineann le nós imeachta nó ar nithe substainteacha.

(5) Féadfaidh duine, aon tráth sula n-éistfear an t-achomharc, an t-achomharc a tharraingt siar go hiomlán nó go páirteach trína chur in iúl i scríbhinn don Bhord Achomhairc go bhfuil an t-achomharc á tharraingt siar.

(6) Maidir le finné ag éisteacht arna seoladh ag an mBord Achomhairc, tá na díolúintí agus na pribhléidí céanna aige nó aici a bheadh aige nó aici dá mba fhinné os comhair na hArd-Chúirte é nó í.

(7) Féadfaidh cathaoirleach an Bhoird Achomhairc—

(a) a ordú i scríbhinn d’achomharcóir freastal os comhair an Bhoird Achomhairc ar dháta agus ag tráth agus in áit a bheidh sonraithe san ordachán,

(b) a ordú i scríbhinn d’aon duine eile, a n-éileoidh an Bord Achomhairc a fhianaise nó a fianaise, freastal os comhair an Bhoird Achomhairc ar dháta agus ag tráth agus in áit a bheidh sonraithe san ordachán, agus féadfaidh sé nó sí a ordú don duine aon doiciméad a thabhairt atá i seilbh an duine agus a bhaineann leis an achomharc,

(c) a iarraidh ar an mBord iomchuí nó ar an gCoiste iomchuí a bhfuil achomharc á dhéanamh i gcoinne a chinnidh aon doiciméid atá ina sheilbh agus a bhaineann leis an achomharc a thabhairt ar aird, mar aon lena thuairimí i dtaobh an achomhairc,

(d) aon ordachán eile a thabhairt chun críche na n-imeachtaí, ar ordachán é is dealraitheach don chathaoirleach a bheith cóir agus réasúnach.

(8) Déanfar socrú le nósanna imeachta an Bhoird Achomhairc maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) fógra a thabhairt don achomharcóir agus do chathaoirleach an Bhoird iomchuí nó an Choiste iomchuí i ndáil leis an dáta, leis an tráth agus leis an áit le haghaidh shuí an Bhoird Achomhairc,

(b) ceart an achomharcóra maidir leis na nithe seo a leanas a chur in iúl dó nó di—

(i) a bheith i láthair ag suí an Bhoird Achomhairc, agus

(ii) a chás nó a cás a chur i láthair go pearsanta nó, ar a chostas nó ar a costas féin, trí ionadaí dlíthiúil,

(c) finnéithe a cheistiú,

(d) cinneadh ón mBord Achomhairc i dtaobh an ceart nó nach ceart fianaise a thabhairt faoi mhionn,

(e) imeachtaí a thaifeadadh.

(9) Tar éis achomharc a éisteacht faoin alt seo, féadfaidh an Bord Achomhairc—

(a) cinneadh an Bhoird iomchuí nó an Choiste iomchuí a dhaingniú, faoi réir aon leasaithe ar an gcéanna is cuí leis an mBord Achomhairc,

(b) an cinneadh a neamhniú agus a ordú don Bhord iomchuí nó don Choiste iomchuí cinneadh nua a dhéanamh, nó

(c) cibé ordacháin eile is cuí leis a thabhairt.

(10) Tabharfaidh cathaoirleach an Bhoird Achomhairc fógra—

(a) don achomharcóir i scríbhinn, arna chur leis an bpost cláraithe réamhíoctha chuig seoladh sonraithe an achomharcóra, maidir leis an gcinneadh a rinneadh ar an achomharc, maidir leis an dáta a rinneadh é agus maidir leis na cúiseanna a bhí leis, agus déanfaidh sé nó sí freisin an ceart chun achomharc a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt i gcoinne chinneadh an Bhoird Achomhairc a chur in iúl don achomharcóir,

(b) don Bhord iomchuí nó don Choiste iomchuí a ndearnadh an t-achomharc i gcoinne a chinnidh maidir leis an gcinneadh a rinneadh ar an achomharc, maidir leis an dáta a rinneadh é agus maidir leis na cúiseanna a bhí leis,

(c) i gcás inarbh é nó í an t-achomharcóir an duine a thaisc an gearán leis an gCoiste Iompair Ghairmiúil faoi Chuid 6, don ailtire cláraithe ar ina leith a rinneadh an gearán, agus déanfar an cinneadh a rinneadh ar an achomharc, an dáta a rinneadh é agus na cúiseanna a bhí leis a lua san fhógra.

Achomharc chuig an Ard-Chúirt i gcoinne cinnidh ón mBoird Achomhairc (Cuid 3)

26 .— (1) Féadfaidh duine a ndéanfaidh cinneadh ón mBord Achomhairc dochar dó nó di achomharc a dhéanamh, laistigh de 3 mhí tar éis dháta an chinnidh sin, chuig an Ard-Chúirt i gcoinne an chinnidh.

(2) Tar éis achomharc faoin alt seo a éisteacht, féadfaidh an Chúirt—

(a) cinneadh an Bhoird Achomhairc a dhaingniú, faoi réir aon leasaithe ar an gcéanna is cuí leis an gCúirt,

(b) an cinneadh a neamhniú agus a ordú don Bhord Achomhairc cinneadh nua a dhéanamh, nó

(c) cibé ordacháin eile a thabhairt is cuí leis an gCúirt,

agus féadfaidh an Chúirt a ordú conas a iomprófar costais an achomhairc.

(3) Tar éis achomharc faoin alt seo i gcoinne chinneadh ón mBoird Achomhairc i ndáil le cinneadh ón gCoiste Iompair Ghairmiúil a éisteacht, féadfaidh an Ard-Chúirt fianaise a ghlacadh ó aon duine ag a bhfuil seasamh i ngairm na hailtireachta i dtaobh céard é mí-iompar gairmiúil nó lagfheidhmíocht ghairmiúil.

Dlínse áirithe eile de chuid an Bhoird Achomhairc (Cuid 3).

27 .— (1) Más rud é go mainneoidh an Bord Iontrála—

(a) cinneadh dá dtagraítear i bhfo-alt (5) d’alt 15 a dhéanamh laistigh den tréimhse a shonraítear san fho-alt sin, nó

(b) cinneadh dá dtagraítear i bhfo-alt (11) d’alt 16

(i) a dhéanamh laistigh den tréimhse a shonraítear san fho-alt sin, mura rud é go bhfuil feidhm ag fomhír (ii), nó

(ii) más rud é gur fadaíodh an tréimhse sin faoi fho-alt (12) d’alt 16, a dhéanamh laistigh de thréimhse an fhadaithe sin (nó a dhéanamh laistigh den tréimhse dheireanach den fhadú sin más rud é gur fadaíodh an tréimhse sin níos mó ná aon uair amháin faoin bhfo-alt (12) sin),

féadfaidh an t-iarratasóir dá dtagraítear in alt 1516 gearán a dhéanamh leis an mBord Achomhairc gur tharla an mhainneachtain sin.

(2) Tar éis gearán den sórt sin a éisteacht agus tar éis deis a thabhairt don Bhord Iontrála éisteacht a fháil, féadfaidh an Bord Achomhairc, de réir mar is cuí leis—

(a) ordachán a thabhairt don Bhord Iontrála an cinneadh lena mbaineann a dhéanamh láithreach, nó

(b) cinneadh a dhéanamh é féin maidir leis an iarratas lena mbaineann agus dá dtagraítear in alt 1516 (agus i gcás ina ndéanfaidh an Bord Achomhairc amhlaidh beidh feidhm ag alt 26 maidir leis an gcinneadh sin mar atá feidhm aige maidir le haon chinneadh eile ón Bord Achomhairc).

class="0 0 0 justify 1 0"class="0 0 0 justify 1 0"