An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 4 Suirbhéirí Cainníochta a Chlárú ) Ar Aghaidh ( CUID 6 Feidhmiúlacht chun Cleachtadh )

21 2007

An tAcht um Rialú Foirgníochta 2007

CUID 5

Suirbhéirí Foirgníochta a Chlárú.

A comhlacht clárúcháin agus an Bord Iontrála (Cuid 5).

42 .— (1) Is é an Cumann Suirbhéirí Cairte an comhlacht clárúcháin chun críocha na Coda seo.

(2) Chun críocha na Treorach, is é an comhlacht clárúcháin an t-údarás inniúil sa Stát maidir le suirbhéirí cainníochta.

(3) Bunóidh an comhlacht clárúcháin Bord Iontrála chun daoine a chlárú faoin gCuid seo.

(4) Is iad a bheidh ar an mBord Iontrála cathaoirleach agus 7 ngnáthchomhalta agus déanfaidh an comhlacht clárúcháin na comhaltaí is déanaí atá luaite a cheapadh mar a leanas:

(a) 3 shuirbhéir foirgníochta arna n-ainmniú ag an gcomhlacht clárúcháin lena gceapadh amhlaidh, tar éis dul i gcomhairle leis na comhlachtaí dá dtagraítear i míreanna (b), (c) agus (e) d’alt 43(2);

(b) 4 dhuine arna n-ainmniú ag an Aire lena gceapadh amhlaidh, ar daoine iad nach suirbhéirí foirgníochta iad.

(5) Aturnae, abhcóide nó iarbhreitheamh den Chúirt Chuarda, den Ard-Chúirt nó den Chúirt Uachtarach a bheidh mar chathaoirleach ar an mBord Iontrála agus ceapfaidh an tAire é nó í mar chathaoirleach.

Suirbhéirí foirgníochta a chlárú.

43 .— (1) Bunóidh an comhlacht clárúcháin clár do shuirbhéirí foirgníochta (“an clár”).

(2) Beidh gach duine díobh seo a leanas cáilithe lena chlárú nó lena clárú sa chlár:

(a) céimí de chuid na bhforas seo a leanas—

(i) Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan,

(ii) cibé comhlachta oideachais eile a fhorordófar,

ar céimí é nó í, in aon bhliain roimh an mbliain 2005, a fuair céim Bhaitsiléara sa tSuirbhéireacht Foirgníochta ón bhforas sin nó, sa bhliain 2005 nó in aon bhliain dá héis, a fuair céim Onóracha Baitsiléara Eolaíochta sa tSuirbhéireacht Foirgníochta nó cibé céim, dioplóma nó cáilíocht eile a fhorordófar, ón bhforas sin agus ag a bhfuil, i ngach cás, taithí chuí 2 bhliain ar a laghad ar chomhlíonadh dualgas atá ar comhréir le dualgais suirbhéara foirgníochta;

(b) ánra nó comhlach den Chumann Suirbhéirí Cairte, an Rannán Suirbhéireachta Cainníochta, ag a bhfuil taithí chuí 2 bhliain ar a laghad ar chomhlíonadh dualgas atá ar comhréir le dualgais suirbhéara foirgníochta;

(c) ánra nó comhalta den Institiúid Cairte Foirgníochta, an Rannán Suirbhéireachta Cainníochta, ag a bhfuil taithí phraiticiúil 2 bhliain ar a laghad ar chomhlíonadh dualgas atá ar comhréir le dualgais suirbhéara foirgníochta;

(d) iaránra nó iarchomhalta den Institiúid Ailtireachta agus Suirbhéireachta, an Rannán Suirbhéireachta Cainníochta (atá cumaiscthe anois leis an Institiúid Cairte Foirgníochta), ag a bhfuil taithí phraiticiúil 2 bhliain ar a laghad ar chomhlíonadh dualgas atá ar comhréir le dualgais suirbhéara foirgníochta;

(e) ánra nó comhalta de Chomhlachas na nInnealtóirí Foirgníochta, an Rannán Suirbhéireachta Cainníochta, ag a bhfuil taithí phraiticiúil 2 bhliain ar a laghad ar chomhlíonadh dualgas atá ar comhréir le dualgais suirbhéara foirgníochta;

(f) duine a fuair céim Bhaitsiléara Eolaíochta sa tSuirbhéireacht Foirgníochta an 1 Eanáir 2001 nó dá éis agus roimh an mbliain 2005 nó a fuair céim Onóracha Baitsiléara Eolaíochta sa tSuirbhéireacht Foirgníochta sa bhliain 2005 nó aon bhliain dá héis agus atá rollaithe mar ánra nó mar chomhlach den Chumann Suirbhéirí Cairte nó mar ánra nó mar chomhalta den Institiúid Cairte Foirgníochta, den Institiúid Ailtireachta agus Suirbhéireachta nó de Chomhlachas na nInnealtóirí Foirgníochta;

(g) duine atá cáilithe lena chlárú nó lena clárú amhlaidh de bhua alt 44 (a bhaineann le sealbhóirí cáilíochtaí ó stáit eile);

(h) náisiúnach de chuid Ballstáit dár dámhadh cáilíocht i mBallstát ar cáilíocht í a bhfuil oibleagáid ar an Stát ina leith, de bhun birt iomchuí, aitheantas a thabhairt di mar cháilíocht a fhreagraíonn do cháilíocht dá dtagraítear i mír (a);

(i) náisiúnach nó cónaitheach de chuid stáit ar duine é nó í atá i dteideal, de bhua an chomhaontaithe seo a leanas, aitheantas a fháil sa Stát dá cháilíocht nó dá cáilíocht sa réimse suirbhéireachta foirgníochta, eadhon, comhaontú—

(i) arna dhéanamh idir an tAontas Eorpach agus an Eagraíocht Trádála Domhanda, agus

(ii) lena ndéantar foráil maidir leis na stáit lena mbaineann an comhaontú do thabhairt aitheantais do cháilíochtaí d’aicme a shonraítear sa chomhaontú;

(j) duine (nach duine atá cáilithe lena chlárú nó lena clárú de bhun alt 44)—

(i) dár dámhadh céim, dioplóma nó cáilíocht eile sa tsuirbhéireacht foirgníochta i stát seachas Ballstát nó stát is comhalta den Eagraíocht Trádála Domhanda, agus

(ii) atá in ann a thaispeáint go bhfuil dóthain taithí iarchéime aige ní aici ar chomhlíonadh dualgas atá ar comhréir le dualgais suirbhéara foirgníochta;

(k) duine a measúnaíodh a bheith cáilithe lena chlárú nó lena clárú ag an mBord Measúnachta Teicniúla de réir na nósanna imeachta maidir le measúnú taithí praiticiúla.

(3) Ní réamhriachtanas é comhaltas an chomhlachta clárúcháin le haghaidh clárúcháin sa chlár nó le haghaidh clárúcháin a choimeád i bhfeidhm agus muirearófar an táille chéanna le haghaidh clárúcháin sa chlár cibé acu an comhalta den chomhlacht clárúcháin an duine áirithe nó nach ea.

(4) Maidir le haon fhorordú i leith comhlachta oideachais nó i leith aon chéime, aon dioplóma nó aon cháilíochta eile a dhámhann sé nó a bhronnann sé, ní dhéanfar amhlaidh chun críocha críocha fho-alt (2)(a) mura rud é gur deimhin leis an Aire go soláthraítear an teagasc is gá i ngnéithe éagsúla dhisciplín na suirbhéireachta foirgníochta sa chúrsa a sholáthraíonn an comhlacht agus as a leanann dámhachtain nó bronnadh na céime, an dioplóma nó na cáilíochta eile.

(5) D’fhonn an tAire a dheimhniú dó féin nó di féin i dtaobh an ábhair sin roimhe seo, rachaidh an tAire i gcomhairle le hÚdarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann nó le Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna de réir mar is cuí.

Náisiúnaigh as stáit eile atá cáilithe lena gclárú (Cuid 5).

44 .— (1) Aon duine ar mian leis nó léi a bheith cláraithe de bhua coinníollacha chun aitheantas a thabhairt dá cháilíochtaí nó dá cáilíochtaí faoi Chaibidil I de Theideal III den Treoir a chomhlíonadh, féadfaidh sé nó sí iarratas a dhéanamh chuig an mBord Iontrála ar chinneadh á rá go bhfuil sé nó sí cáilithe lena chlárú nó lena clárú de bhun an ailt seo.

(2) Aon duine a dhéanfaidh iarratas faoin alt seo, cuirfidh sé nó sí na nithe seo a leanas faoi bhráid an Bhoird Iontrála:

(a) fianú inniúlachta arna eisiúint ag Ballstát eile i ndáil leis an duine sin;

(b) fianaise ar cháilíochtaí foirmiúla;

(c) más cuí, fianaise go bhfuil dualgais atá ar comhréir le dualgais suirbhéara foirgníochta comhlíonta ag an duine, ar bhonn lánaimseartha, ar feadh 2 bhliain ar a laghad le linn na 10 mbliana roimhe sin.

(3) Féadfaidh an Bord Iontrála a iarraidh go gcuirfidh an t-iarratasóir faisnéis bhreise a chur faoina bhráid laistigh de thréimhse shonraithe agus féadfaidh sé a cheangal ar an iarratasóir láithriú le haghaidh agallaimh má mheasann sé gur gá sin.

(4) I gcás ina bhfuil gá le hagallamh, beidh 4 chomhalta den Bhord Iontrála ar a laghad i láthair le haghaidh an agallaimh.

(5) Déanfar an t-agallamh a thaifeadadh i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfidh an Bord Iontrála, agus féadfar a cheangal ar an iarratasóir, tar éis an agallaimh, faisnéis bhreise a chur faoi bhráid na ndaoine a sheol an t-agallamh.

(6) Féadfaidh comhairleoir gairmiúil, lena n-áirítear dlíodóir, a bheith in éineacht le hiarratasóir ag an agallamh, ach is é nó is í an t-iarratasóir a iompróidh aon chaiteachas arna thabhú ag an iarratasóir de bharr comhairleoir a bheith in éineacht leis nó lé amhlaidh.

(7) Féadfaidh an Bord Iontrála, i ndáil le hiarratas faoin alt seo, fíorú neamhspleách a lorg maidir le doiciméid a thugtar dó de réir Airteagal 50 den Treoir.

(8) (a) Féadfaidh an Bord Iontrála a cheangal, de réir Airteagal 14 den Treoir, go ndéanfaidh duine a dhéanann iarratas faoin alt seo tréimhse oiriúnaithe suas go 3 bliana a chur i gcrích nó go ndéanfaidh sé nó sí triail infheidhmeachta.

(b) Chun na críche sin, déanfaidh an Bord Iontrála fógra a sheirbheáil ar an iarratasóir á lua—

(i) go bhféadfaidh an t-iarratasóir a roghnú tréimhse oiriúnaithe a chur i gcrích nó triail infheidhmeachta a dhéanamh (agus gairtear “an 2 rogha mhalartacha” de na roghanna malartacha sin i bhfomhír (iii)),

(ii) má roghnaíonn an t-iarratasóir tréimhse oiriúnaithe a chur i gcrích, go mairfidh an tréimhse cibé fad a shonraítear san fhógra,

(iii) más rud é nach roghnaíonn an t-iarratasóir ceann amháin den 2 rogha mhalartacha (agus nach gcuireann sé nó sí a chinneadh nó a cinneadh maidir leis sin a chur in iúl i scríbhinn don Bhord laistigh de thréimhse a shonraítear chuige sin san fhógra), go ndéanfaidh an Bord cinneadh i dtaobh an gceanglófar ar an iarratasóir tréimhse oiriúnaithe a chur i gcrích nó triail infheidhmeachta a dhéanamh (agus, má chinneann an Bord a cheangal ar an iarratasóir tréimhse oiriúnaithe a chur i gcrích, beidh fad na tréimhse sin comhionann leis an bhfad a luaitear san fhógra chun críocha fhomhír (ii)), agus

(iv) más rud é, maidir leis an iarratasóir, tar éis é nó í a chlárú de bhun an ailt seo, nach ndéanfaidh sé nó sí tréimhse oiriúnaithe a chur i gcrích go rathúil agus triail infheidhmeachta a dhéanamh agus pas a fháil inti ar tréimhse nó triail í ar ina leith, de bhua na Treorach agus an ailt seo—

(I) a roghnaigh sé nó sí í a chur i gcrích nó a dhéanamh agus pas a fháil inti, nó

(II) a cheanglaíonn an Bord Iontrála air nó uirthi í a chur i gcrích nó a dhéanamh agus pas a fháil inti.

scriosfar ainm an iarratasóra as an gclár.

(9) Deimhneoidh an Bord Iontrála dó féin, maidir leis an duine, go bhfuil eolas ar fhriotal aige nó aici is gá chun suirbhéireacht foirgníochta a chleachtadh sa Stát.

(10) I gcás ina gcinnfidh an Bord Iontrála—

(a) go bhfuil an t-iarratasóir cáilithe lena chlárú nó lena clárú sa chlár de bhun an ailt seo, déanfaidh sé na bearta is gá chun an t-iarratasóir a chlárú tar éis aon táille chláraithe is infheidhme a íoc, nó

(b) maidir leis an iarratasóir—

(i) nach bhfuil sé nó sí cáilithe lena chlárú nó lena clárú sa chlár de bhun an ailt seo, nó

(ii) gan dochar d’fho-alt (8), gur ceart dó nó di eolas ar fhriotal a fháil is gá chun suirbhéireacht foirgníochta a chleachtadh sa Stát,

déanfaidh an cathaoirleach fógra i scríbhinn a chur láithreach chuig an iarratasóir, leis an bpost réamhíoctha chuig seoladh an iarratasóra mar a tugadh ina iarratas nó ina hiarratas, ar fógra é ina ndéanfar an cinneadh, an dáta a rinneadh é agus na cúiseanna a bhí leis a chur in iúl don iarratasóir.

(11) Aon duine atá cláraithe de bhun an ailt seo—

(a) úsáidfidh sé nó sí an teideal gairmiúil — “suirbhéir foirgníochta”, agus

(b) mura rud é gur comhalta é nó í de chomhlacht dá dtagraítear in Iarscríbhinn 1 den Treoir, ní thabharfaidh sé nó sí le fios go sainráite, nó ní thabharfaidh sé nó sí le tuiscint trí aon fhocail nó litreacha a úsáid, gur comhalta é nó í den chomhlacht sin.

(12) Déanfaidh an Bord Iontrála cinneadh i dtaobh i dtaobh an bhfuil nó nach bhfuil duine cáilithe lena chlárú nó lena clárú sa chlár de bhun an ailt seo agus déanfar an cinneadh chomh tapa agus is féidir agus, in aon chás (ach faoi réir fho-alt (13)), laistigh de 3 mhí tar éis an dáta a chuirfidh an t-iarratasóir na doiciméid chomhlánaithe faoi bhráid an Bhoird.

(13) Más rud é, in imthosca áirithe an ábhair, go gcinneann an Bord Iontrála nach bhfuil sé indéanta aige an cinneadh dá dtagraítear i bhfo-alt (12) a dhéanamh laistigh den tréimhse dá dtagraítear san fho-alt sin féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn a chuirfear chuig an iarratasóir leis an bpost cláraithe réamhíoctha, an tréimhse sin a fhadú uair amháin nó níos mó ná uair amháin (ach ní bheidh tréimhse an fhadaithe sin nó comhiomlán thréimhsí an fhadaithe sin níos faide ná mí amháin).

(14) (a) Más dealraitheach don Bhord Iontrála maidir le duine atá cláraithe sa chlár de bhun an ailt seo—

(i) nach ndearna sé nó sí, i gcás ina bhfuil feidhm ag fo-alt (8), tréimhse oiriúnaithe a chríochnú go rathúil nó nó nach ndearna sé triail infheidhmeachta agus nach bhfuair sé pas i dtriail infheidhmeachta, de réir mar a bheidh, mar atá luaite san fho-alt sin, nó

(ii) nach bhfuair sé nó sí, i gcás ina bhfuil feidhm ag fo-alt (10)(b)(ii), eolas ar an bhfriotal a luaitear san fhoráil sin,

cinnfidh an Bord Iontrála go ndéanfar ainm an duine a scriosadh ón gclár.

(b) Má dhéanann an Bord Iontrála cinneadh den sórt sin, ordóidh sé don Chláraitheoir ainm an duine a scriosadh ón gclár; tar éis ainm an duine a scriosadh ón gclár, déanfaidh an Cláraitheoir láithreach fógra i scríbhinn faoin scriosadh a chur leis an bpost cláraithe réamhíoctha chuig an duine sin ag seoladh an duine mar atá luaite sa chlár.

(15) Maidir le cibé méid d’fhorálacha an ailt seo lena bhfuil éifeacht i gcásanna—

(a) inar náisiúnach de chuid Ballstáit an duine lena mbaineann,

(b) ina ndéantar aon ghníomh nó aon rud nó ina ndámhtar nó ina n-eisítear aon ghníomh nó aon rud i mBallstát, nó ina ndéanann údarás inniúil de chuid Ballstáit na nithe sin, nó

(c) ina ndéantar foráil maidir le hábhar faoi dhlí Ballstáit,

déanfar, go feadh an méid a choiscfeadh téarmaí na bhforálacha sin cóir chomhionann nó aitheantas a luaitear i bhfo-alt (16) a thabhairt don duine a luaitear san fho-alt sin, iad a léamh faoi réir cibé modhnuithe a lamhálfaidh cóir chomhionann nó aitheantas a thabhairt don duine sin.

(16) (a) Is é atá sa chóir chomhionann a luaitear i bhfo-alt (15) ná an chóir chomhionann a thugtar do dhuine de theaghlach (de réir bhrí Threoir 2004/38 an 29 Aibreán 2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) náisiúnaigh de chuid Ballstáit de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 24(1) den Treoir sin.

(b) Is é atá san aitheantas a luaitear i bhfo-alt (15) ná an t-aitheantas a cheanglaítear le hAirteagal 27 de Threoir 2004/83/CE an 29 Aibreán 2004 ón gComhairle a thabhairt do cháilíochtaí duine is tairbhí stádais dídeanaí nó cosanta coimhdigh (de réir bhrí na Treorach).

Táillí (Cuid 5).

45 .— (1) Duine a bheidh ag déanamh iarratais ar chlárú faoin gCuid seo, déanfaidh sé nó sí, an tráth a dhéanfar an t-iarratas, an táille shonraithe a íoc leis an gcomhlacht clárúcháin agus, ina theannta sin, mar choinníoll a ghabhann le leanúint de bheith cláraithe, táille bhliantúil shonraithe a íoc ar dháta a shonróidh an comhlacht clárúcháin.

(2) I gcás ina mbeidh fógra curtha faoi dhó ag an gCláraitheoir leis an bpost réamhíoctha chuig seoladh gairmí chláraithe de réir mar a thugtar sin sa chlár, á iarraidh go n-íocfar an táille bhliantúil féadfaidh an Cláraitheoir, más rud é nach mbeidh an táille íoctha ag an duine laistigh de 2 mhí tar éis an dara fógra a sheoladh, ainm an duine a bhaint den chlár agus air sin cuirfidh sé nó sí fógra leis an bpost cláraithe á chur in iúl don duine nach bhfuil sé nó sí cláraithe a thuilleadh.

(3) D’ainneoin fho-alt (2), féadfaidh an Cláraitheoir, i gcásanna cruatain fhíoraithe, an ceanglas maidir le táille a íoc faoin alt seo a tharscaoileadh, a ordú go bhféadfar táille de mhéid is lú ná an méid sonraithe a íoc chun críocha an ailt seo nó táille arna híoc faoin alt seo a mhaitheamh, go hiomlán nó go páirteach.

(4) I gcás ina ndéanfar ainm duine a bhaint den chlár mar gheall ar tháillí a bheith gan íoc agus go n-íocfaidh an duine na táillí gan íoc i dteannta aon táillí sonraithe eile, déanfaidh an Cláraitheoir ainm an duine a ataifeadadh sa chlár agus measfar go ndearnadh é a ataifeadadh an dáta ar baineadh den chlár é.

Toirmeasc ar dhuine an téarma “suirbhéir foirgníochta” a úsáid mura rud é go bhfuil sé nó sí cláraithe.

46 .— (1) Aon duine—

(a) nach bhfuil cláraithe faoin gCuid seo agus a úsáideann an teideal “suirbhéir foirgníochta”, ina aonar nó in éineacht le haon fhocail nó litreacha eile, nó aon ainm, teideal nó tuairisc, á thabhairt le tuiscint go bhfuil an duine cláraithe amhlaidh,

(b) a bhaineann úsáid, le hintinn mheabhlaireachta, as deimhniú arna eisiúint faoin gCuid seo chuig duine den sórt sin nó chuig aon duine eile,

(c) a dhéanann, nó a chuireann faoi deara go ndéanfar, aon dearbhú bréagach nó aon mhífhaisnéis d’fhonn clárú a fháil faoin gCuid seo, nó a chabhraíonn nó a neartaíonn le gníomh den sórt sin, nó

(d) a chleachtann nó a sheolann gnó faoin aon aon ainm, stíl nó teideal ina bhfuil na focail “suirbhéir foirgníochta”, mura rud é go bhfuil sé nó sí cláraithe faoin gCuid seo,

beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí dhéag, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(2) Más rud é, maidir leis an sárú ar ina leith a chiontaítear duine i gcion faoi fho-alt (1), go leantar de tar éis an chiontaithe, beidh an duine ciontach i gcion breise ar gach lá ar a leanfar den sárú agus, maidir le gach cion den sórt sin, dlífear, ar an duine a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €500 a chur air nó uirthi.

(3) Ní choiscfidh fo-alt (1) ar chomhlacht corpraithe, ar ghnólacht nó ar chomhpháirtíocht gnó a sheoladh faoi ainm, stíl nó teideal ina bhfuil na focail “suirbhéir foirgníochta” más rud é—

(a) go bhfuil an gnó, a mhéid a bhaineann sé le hailtireacht, faoi rialú agus faoi bhainistiú gairmí chláraithe, agus

(b) i ngach áitreabh ina seoltar an gnó dá chuid nó dá cuid a bhaineann le suirbhéireacht foirgníochta, gur gairmí cláraithe a sheolann é nó go seoltar faoi mhaoirsiú gairmí chláraithe é.

(4) Ní bheidh feidhm ag mír (a)(d) d’fho-alt (1) maidir le duine—

(a) a rinne iarratas ar chlárú faoin gCuid seo agus, ar ina leith, nach bhfuil cinneadh déanta ag an mBord Iontrála nó ag an mBord Measúnachta Teicniúla, de réir mar a bheidh, maidir leis an iarratas sin (agus i gcás nach bhfuil an t-iarratas chuig an mbord lena mbaineann tarraingthe siar ag an duine),

(b) a rinne achomharc chuig an mBord Achomhairc i gcoinne cinnidh ón mBord Iontrála nó ón mBord Measúnachta Teicniúla maidir le hiarratas dá dtagraítear i mír (a) agus ar ina leith nach bhfuil cinneadh déanta ag an mBord Achomhairc maidir leis an achomharc sin (agus i gcás nach bhfuil an t-achomharc chuig an mBord Achomhairc tarraingthe siar ag an duine), nó

(c) a rinne achomharc chuig an Ard-Chúirt i gcoinne cinnidh ón mBord Achomhairc dá dtagraítear i mír (b) agus ar ina leith nach bhfuil cinneadh déanta ag an Ard-Chúirt maidir leis an achomharc sin (agus i gcás nach bhfuil an t-achomharc chuig an Ard-Chúirt tarraingthe siar ag an duine).

(5) Féadfaidh an comhlacht clárúcháin a fhoráil le rialacháin nach mbeidh feidhm ag fo-alt (3) maidir le comhlacht corpraithe, gnólacht nó comhpháirtíocht, mura rud é go mbeidh cibé faisnéis is gá chun a chinneadh an bhfuil feidhm ag an bhfo-alt sin, de réir mar a fhorálfar sna rialacháin sin, tugtha aige nó aici don chomhlacht clárúcháin.

(6) Chun críocha an ailt seo, ní mheasfar, de bhíthin amháin go bhfuil duine ar fostú ag duine eile, nach bhfuil an duine sin ag cleachtadh.

(7) San alt seo, folaíonn “gnó” aon ghnóthas a sheoltar ar tháille nó ar luaíocht nó ar lena linn a sholáthraítear seirbhísí ar shlí seachas saor in aisce.

An Cláraitheoir (Cuid 5).

47 .— (1) Ceapfaidh an comhlacht clárúcháin Cláraitheoir chun bheith freagrach as an gclár a choimeád faoin gCuid seo.

(2) Féadfaidh an comhlacht clárúcháin, i dteannta tuarastal nó táille a íoc leis an gCláraitheoir, pinsean a íoc leis an gCláraitheoir nó ranníocaí a dhéanamh i leith pinsean a íoc, agus féadfaidh sé liúntais agus caiteachais a íoc leis an gCláraitheoir.

(3) Beidh an clár i cibé foirm a chinnfidh an comhlacht clárúcháin, lena n-áirítear foirm leictreonach, foirm fhótagrafach nó foirm eile.

(4) I gcás iarratas a bheith déanta ag duine ar chlárú de réir na Coda seo, más deimhin leis an mBord Iontrála go bhfuil an duine i dteideal a bheith cláraithe, déanfaidh an Cláraitheoir ainm an duine a thaifeadadh sa chlár.

(5) I gcás ina dtaifeadfar ainm duine sa chlár, cuirfidh an Cláraitheoir deimhniú chuig an duine, á rá go bhfuil an duine cláraithe.

(6) I gcás ina bhfaighidh duine deimhniú faoi fho-alt (5), cuirfidh an duine faoi deara láithreach an deimhniú a chur ar taispeáint san áit ina gcleachtann an duine suirbhéireacht foirgníochta gach tráth fad a leanfaidh a chlárú nó a clárú, ach ní aon tráth eile.

(7) Cinnteoidh an Cláraitheoir go gcoiméadfar an clár cothrom le dáta agus cuirfidh sé nó sí ar fáil é lena iniúchadh in oifig an Chláraitheora le linn gnáthuaireanta oibre.

(8) Déanfaidh gairmí cláraithe fógra a thabhairt don Chláraitheoir i dtaobh aon athraithe ar an ainm faoina seolann sé nó sí gnó nó ar an seoladh ag a seolann sé nó sí gnó.

Ainm a bhaint den chlár (Cuid 5).

48 .— (1) Faoi réir fho-alt (3), féadfaidh gairmí cláraithe iarratas a dhéanamh chuig an gCláraitheoir ar a ainm nó a hainm a bhaint den chlár agus, tar éis an t-iarratas a fháil agus tar éis an táille shonraithe a íoc, bainfidh an Cláraitheoir den chlár é.

(2) Féadfaidh duine a ndéantar a ainm nó a hainm a bhaint den chlár iarratas a dhéanamh chuig an gCláraitheoir ar a ainm nó a hainm a chur ar ais sa chlár agus, tar éis an t-iarratas a fháil agus tar éis an táille shonraithe a íoc, déanfaidh an Cláraitheoir an t-ainm a chur ar ais sa chlár, ach sin faoi réir aon choinníollacha a fhorchuirfidh an Bord Iontrála maidir leis an gcur ar ais sin.

(3) I gcás ina mbeidh gearán á imscrúdú ag an gCoiste Iompair Ghairmiúil faoi Chuid 6 i ndáil le duine, ní thabharfaidh an Cláraitheoir aird ar aon iarratas ar ainm an duine a bhaint den chlár go dtí go mbeidh an t-imscrúdú tugtha chun críche agus go mbeidh cinneadh déanta ag an gCoiste i dtaobh cén beart a bheidh le déanamh.

(4) Ní choiscfidh aon ní san alt seo ar an gCoiste Iompair Ghairmiúil diúltú ainm duine a chur ar ais sa chlár ar an bhforas go bhfuil sé nó sí neamhfheidhmiúil chun suirbhéireacht chainníochta a chleachtadh nó coinníollacha a chur ag gabháil leis an gcur ar ais sin.

(5) I gcás ina gcinnfidh an Coiste Iompair Ghairmiúil diúltú ainm duine a chur ar ais nó ina gcinnfidh sé coinníollacha a chur ag gabháil leis an gcur ar ais sin, déanfaidh an Cláraitheoir láithreach, fógra a chur chuig an duine leis an bpost cláraithe réamhíoctha chuig an seoladh is déanaí a thugtar sa chlár ar fógra é ina gcuirfear an cinneadh, an dáta a rinneadh é agus na cúiseanna a bhí leis in iúl don duine.

An Bord Measúnachta Teicniúla (Cuid 5).

49 .— (1) Bunóidh an comhlacht clárúcháin Bord Measúnachta Teicniúla chun breithniú a dhéanamh ar iarratais ar chlárú sa chlár ó dhaoine nach dtagann faoi réim aon cheann de mhíreanna (a) go (j) d’alt 43(2).

(2) Is iad a bheidh ar an mBord Measúnachta Teicniúla cathaoirleach agus 7 ngnáthchomhalta agus déanfaidh an comhlacht clárúcháin na comhaltaí is déanaí atá luaite a cheapadh mar a leanas:

(a) 3 shuirbhéir foirgníochta arna n-ainmniú ag an mbord clárúcháin lena gceapadh amhlaidh, tar éis dul i gcomhairle leis na comhlachtaí dá dtagraítear i míreanna (b), (c), agus (e) d’alt 43(2);

(b) 4 dhuine arna n-ainmniú ag an Aire lena gceapadh amhlaidh, ar daoine iad nach suirbhéirí foirgníochta iad.

(3) Aturnae, abhcóide nó iarbhreitheamh den Chúirt Chuarda, den Ard-Chúirt nó den Chúirt Uachtarach a bheidh mar chathaoirleach ar an mBord Measúnachta Teicniúla agus ceapfaidh an tAire é nó í mar chathaoirleach.

Nós imeachta an Bhoird Measúnachta Teicniúla (Cuid 5).

50 .— (1) Féadfaidh gach duine acu seo a leanas iarratas a dhéanamh chuig an mBord Measúnachta Teicniúla ar chinneadh á rá go bhfuil sé nó sí cáilithe lena chlárú nó lena clárú sa chlár de bhua an ailt seo:

(a) duine—

(i) a bhí, an 1 Bealtaine 1999, ina chomhalta nó ina comhalta neamhchorpraithe den Fhoras Cairte Foirgníochta, den Fhoras Ailtireachta agus Suirbhéireachta (atá cumaiscthe anois leis an bhForas Cairte Foirgníochta) nó den Chomhlachas Innealtóirí Foirgníochta, agus

(ii) atá ag comhlíonadh dualgas atá ar comhréir le dualgais suirbhéara foirgníochta ar feadh tréimhse 8 mbliana nó níos mó sa Stát (ach ní dhéanfar aon tréimhse ina gcomhlíontar dualgais den sórt sin tráth rite an Achta seo nó dá éis a áireamh chun críocha na fomhíre seo);

(b) duine atá ag comhlíonadh dualgas atá ar comhréir le dualgais suirbhéara foirgníochta ar feadh tréimhse 10 mbliana nó níos mó sa Stát (ach ní dhéanfar aon tréimhse ina gcomhlíontar dualgais den sórt sin tráth rite an Achta seo nó dá éis a áireamh chun críocha na míre seo).

(2) Aon duine a dhéanfaidh iarratas faoin alt seo cuirfidh sé nó sí na nithe seo a leanas faoi bhráid an Bhoird Measúnachta Teicniúla:

(a) curriculum vitae ina soláthrófar mionsonraí faoin obair atá déanta ag an iarratasóir i réimse na suirbhéireachta foirgníochta le linn na tréimhse dá dtagraítear i mír (a)(ii) nó, de réir mar a bheidh, i mír (b) d’fho-alt (1);

(b) cibé fíorú neamhspleách, a éileoidh an Bord Measúnachta Teicniúla, ar na doiciméid a chuirtear faoina bhráid amhlaidh.

(3) Féadfaidh an Bord Measúnachta Teicniúla a iarraidh ar an iarratasóir faisnéis bhreise a chur faoina bhráid laistigh de thréimhse shonraithe agus féadfaidh sé a cheangal ar an iarratasóir láithriú le haghaidh agallaimh má mheasann sé gur gá sin.

(4) I gcás ina gceanglaítear agallamh a bheith ann, beidh 4 chomhalta ar a laghad den Bhord Measúnachta Teicniúla i láthair le haghaidh an agallaimh.

(5) Déanfar an t-agallamh a thaifeadadh i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfidh an Bord Measúnachta Teicniúla agus féadfar, i ndiaidh an agallaimh, a éileamh ar an iarratasóir faisnéis bhreise a chur faoi bhráid na gcomhaltaí a sheol an t-agallamh.

(6) Féadfaidh comhairleoir gairmiúil, lena n-áirítear dlíodóir, a bheith in éineacht le hiarratasóir ag an agallamh, ach is é nó í an t-iarratasóir a iompróidh aon chaiteachas a thabhóidh an t-iarratasóir i gcás an comhairleoir gairmiúil sin a bheith in éineacht leis nó léi.

(7) I gcás ina gcinnfidh an Bord Measúnachta Teicniúla—

(a) go bhfuil an t-iarratasóir cáilithe lena chlárú nó lena clárú sa chlár de bhun an ailt seo, cuirfidh an cathaoirleach an méid sin in iúl don Bhord Iontrála agus déanfaidh an Bord Iontrála na bearta is gá chun an t-iarratasóir a chlárú tar éis aon táille chlárúcháin is infheidhme a íoc, nó

(b) nach bhfuil an t-iarratasóir cáilithe lena chlárú nó lena clárú sa chlár de bhun an ailt seo, déanfaidh an cathaoirleach fógra i scríbhinn a chur chuig an iarratasóir láithreach, leis an bpost réamhíoctha chuig seoladh an iarratasóra mar a tugadh ina iarratas nó ina hiarratas, ar fógra é ina ndéanfar an cinneadh, an dáta a rinneadh é agus na cúiseanna a bhí leis a chur in iúl don iarratasóir.

An Coiste Iompair Ghairmiúil (Cuid 5).

51 .— (1) Bunóidh an comhlacht clárúcháin Coiste Iompair Ghairmiúil (“an Coiste”).

(2) Is iad a bheidh ar an gCoiste cathaoirleach agus 11 ghnáthchomhalta, agus déanfaidh an comhlacht clárúcháin na comhaltaí is déanaí atá luaite a cheapadh mar a leanas:

(a) 5 shuirbhéir foirgníochta a bheidh ainmnithe ag an gcomhlacht clárúcháin lena gceapadh amhlaidh, tar éis dul i gcomhairle leis na comhlachtaí dá dtagraítear i míreanna (b), (c) agus (e) d’alt 43(2);

(b) 6 dhuine nach suirbhéirí foirgníochta iad agus—

(i) a n-ainmneoidh an tAire 5 acu lena gceapadh amhlaidh, agus

(ii) a n-ainmneoidh an tAire duine amháin acu, le toiliú an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, lena cheapadh nó lena ceapadh amhlaidh.

(3) Aturnae, abhcóide nó iarbhreitheamh den Chúirt Chuarda, den Ard-Chúirt nó den Chúirt Uachtarach a bheidh mar chathaoirleach ar an gCoiste agus ceapfaidh an tAire, le toiliú an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, é nó í mar chathaoirleach.

An Bord Achomhairc (Cuid 5).

52 .— (1) Bunóidh an comhlacht clárúcháin Bord Achomhairc.

(2) Is iad a bheidh ar an mBord Achomhairc cathaoirleach agus 5 ghnáthchomhalta, agus déanfaidh an comhlacht clárúcháin na comhaltaí is déanaí atá luaite a cheapadh mar a leanas:

(a) 2 shuirbhéir foirgníochta arna n-ainmniú ag an gcomhlacht clárúcháin lena gceapadh amhlaidh tar éis dul i gcomhairle leis na comhlachtaí dá dtagraítear i míreanna (b), (c) agus (e) d’alt 43(2), agus ní comhalta d’aon Bhord nó Coiste eile arna bhunú faoin gCuid seo aon duine acu;

(b) 3 dhuine nach suirbhéirí foirgníochta iad agus—

(i) a n-ainmneoidh an tAire 2 acu lena gceapadh amhlaidh, agus

(ii) a n-ainmneoidh an tAire duine amháin acu, le toiliú an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, lena cheapadh nó lena ceapadh amhlaidh.

agus ní comhalta d’aon Bhord nó d’aon Choiste eile a bhunaítear faoin gCuid seo aon duine acu.

(3) Aturnae, abhcóide nó iarbhreitheamh den Chúirt Chuarda, den Ard-Chúirt nó den Chúirt Uachtarach a bheidh mar chathaoirleach ar an mBord Achomhairc agus ceapfaidh an tAire é nó í mar chathaoirleach.

An nós imeachta maidir le hachomhairc (Cuid 5).

53 .— (1) Féadfaidh aon duine a ndéanfar difear dó nó dí mar gheall ar chinneadh arna thabhairt ag an mBord Iontrála, ag an mBord Measúnachta Teicniúla nó ag an gCoiste Iompair Ghairmiúil achomharc a dhéanamh chuig an mBord Achomhairc i gcoinne an chinnidh.

(2) Is i scríbhinn a dhéanfar achomharc agus taiscfear é leis an mBord Achomhairc laistigh de 3 mhí tar éis an dáta a dhéantar an cinneadh a bhfuil achomharc á dhéanamh ina choinne.

(3) Sonrófar san achomharc cé n cinneadh lena mbaineann an t-achomharc agus na forais a bhfuil an t-achomharc bunaithe orthu.

(4) Féadfaidh achomharc a bheith bunaithe ar nithe a bhaineann le nós imeachta nó ar nithe substainteacha.

(5) Féadfaidh duine, aon tráth sula n-éistfear an t-achomharc, an t-achomharc a tharraingt siar go hiomlán nó go páirteach trína chur in iúl i scríbhinn don Bhord Achomhairc go bhfuil an t-achomharc á tharraingt siar.

(6) Maidir le finné ag éisteacht arna seoladh ag an mBord Achomhairc, tá na díolúintí agus na pribhléidí céanna aige nó aici a bheadh aige nó aici dá mba fhinné os comhair na hArd-Chúirte é nó í.

(7) Féadfaidh cathaoirleach an Bhoird Achomhairc—

(a) a ordú i scríbhinn d’achomharcóir freastal os comhair an Bhoird Achomhairc ar dháta agus ag tráth agus in áit a bheidh sonraithe san ordachán,

(b) a ordú i scríbhinn d’aon duine eile, a n-éileoidh an Bord Achomhairc a fhianaise nó a fianaise, freastal os comhair an Bhoird Achomhairc ar dháta agus ag tráth agus in áit a bheidh sonraithe san ordachán, agus féadfaidh sé nó sí a ordú don duine aon doiciméad a thabhairt atá i seilbh an duine agus a bhaineann leis an achomharc,

(c) a iarraidh ar an mBord iomchuí nó ar an gCoiste iomchuí a bhfuil achomharc á dhéanamh i gcoinne a chinnidh aon doiciméid atá ina sheilbh agus a bhaineann leis an achomharc a thabhairt ar aird, mar aon lena thuairimí i dtaobh an achomhairc,

(d) aon ordachán eile a thabhairt chun críche na n-imeachtaí, ar ordachán é is dealraitheach don chathaoirleach a bheith cóir agus réasúnach.

(8) Déanfar socrú le nósanna imeachta an Bhoird Achomhairc maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) fógra a thabhairt don achomharcóir agus do chathaoirleach an Bhoird iomchuí nó an Choiste iomchuí i ndáil leis an dáta, leis an tráth agus leis an áit le haghaidh shuí an Bhoird Achomhairc,

(b) ceart an achomharcóra maidir leis na nithe seo a leanas a chur in iúl dó nó di—

(i) a bheith i láthair ag suí an Bhoird Achomhairc, agus

(ii) a chás nó a cás a chur i láthair go pearsanta nó, ar a chostas nó ar a costas féin, trí ionadaí dlíthiúil,

(c) finnéithe a cheistiú,

(d) cinneadh ón mBord Achomhairc i dtaobh an ceart nó nach ceart fianaise a thabhairt faoi mhionn,

(e) imeachtaí a thaifeadadh.

(9) Tar éis achomharc a éisteacht faoin alt seo, féadfaidh an Bord Achomhairc—

(a) cinneadh an Bhoird iomchuí nó an Choiste iomchuí a dhaingniú, faoi réir aon leasaithe ar an gcéanna is cuí leis an mBord Achomhairc,

(b) an cinneadh a neamhniú agus a ordú don Bhord iomchuí nó don Choiste iomchuí cinneadh nua a dhéanamh, nó

(c) cibé ordacháin eile is cuí leis a thabhairt.

(10) Tabharfaidh cathaoirleach an Bhoird Achomhairc fógra—

(a) don achomharcóir i scríbhinn, arna chur leis an bpost cláraithe réamhíoctha chuig seoladh sonraithe an achomharcóra, maidir leis an gcinneadh a rinneadh ar an achomharc, maidir leis an dáta a rinneadh é agus maidir leis na cúiseanna a bhí leis, agus déanfaidh sé nó sí freisin an ceart chun achomharc a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt i gcoinne chinneadh an Bhoird Achomhairc a chur in iúl don achomharcóir,

(b) don Bhord iomchuí nó don Choiste iomchuí a ndearnadh an t-achomharc i gcoinne a chinnidh maidir leis an gcinneadh a rinneadh ar an achomharc, maidir leis an dáta a rinneadh é agus maidir leis na cúiseanna a bhí leis,

(c) i gcás inarbh é nó í an t-achomharcóir an duine a thaisc an gearán leis an gCoiste Iompair Ghairmiúil faoi Chuid 6, don suirbhéir foirgníochta cláraithe ar ina leith a rinneadh an gearán, agus déanfar an cinneadh a rinneadh ar an achomharc, an dáta a rinneadh é agus na cúiseanna a bhí leis a lua san fhógra.

Achomharc chuig an Ard-Chúirt i gcoinne bhreith an Bhoird Achomhairc (Cuid 5).

54 .— (1) Féadfaidh duine a ndéanfaidh cinneadh ón mBord Achomhairc dochar dó nó di achomharc a dhéanamh, laistigh de 3 mhí tar éis dháta an chinnidh sin, chuig an Ard-Chúirt i gcoinne an chinnidh.

(2) Tar éis achomharc faoin alt seo a éisteacht, féadfaidh an Chúirt—

(a) cinneadh an Bhoird Achomhairc a dhaingniú, faoi réir aon leasaithe ar an gcéanna is cuí leis an gCúirt,

(b) an cinneadh a neamhniú agus a ordú don Bhord Achomhairc cinneadh nua a dhéanamh, nó

(c) cibé ordacháin eile a thabhairt is cuí leis an gCúirt,

agus féadfaidh an Chúirt a ordú conas a iomprófar costais an achomhairc.

(3) Tar éis achomharc faoin alt seo i gcoinne chinneadh ón mBoird Achomhairc i ndáil le cinneadh ón gCoiste Iompair Ghairmiúil a éisteacht, féadfaidh an Ard-Chúirt fianaise a ghlacadh ó aon duine ag a bhfuil seasamh i ngairm na suirbhéireachta foirgníochta i dtaobh céard é mí-iompar gairmiúil nó lagfheidhmíocht ghairmiúil.

Dlínse áirithe eile de chuid an Bhoird Achomhairc (Cuid 5).

55 .— (1) Más rud é go mainneoidh an Bord Iontrála cinneadh dá dtagraítear i bhfo-alt (12) d’alt 44—

(a) a dhéanamh laistigh den tréimhse a shonraítear i bhfo-alt (12), mura rud é go bhfuil feidhm ag fo-alt (12), nó

(b) más rud é gur fadaíodh an tréimhse sin faoi fho-alt (13) den alt sin, a dhéanamh laistigh de thréimhse an fhadaithe sin (nó a dhéanamh laistigh den tréimhse dheireanach den fhadú sin),

féadfaidh an t-iarratasóir dá dtagraítear in alt 44 gearán a dhéanamh leis an mBord Achomhairc gur tharla an mhainneachtain sin.

(2) Tar éis gearán den sórt sin a éisteacht agus tar éis deis a thabhairt don Bhord Iontrála éisteacht a fháil, féadfaidh an Bord Achomhairc, de réir mar is cuí leis—

(a) ordachán a thabhairt don Bhord Iontrála an cinneadh lena mbaineann a dhéanamh láithreach, nó

(b) cinneadh a dhéanamh é féin maidir leis an iarratas lena mbaineann agus dá dtagraítear in alt 44 (agus i gcás ina ndéanfaidh an Bord Achomhairc amhlaidh beidh feidhm ag alt 54 maidir leis an gcinneadh sin mar atá feidhm aige maidir le haon chinneadh eile ón mBord Achomhairc).