An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 3 Leasú ar an Acht um Thráchtáil Leictreonach 2000 ) Ar Aghaidh ( SCEIDEAL 1 Leasú Iarmhartach ar Achtanna Áirithe )

22 2007

An tAcht um Rialáil Cumarsáide (Leasú) 2007

CUID 4

Leasú ar an Acht Iomaíochta 2002

Leasú ar alt 3 den Acht Iomaíochta 2002 (léiriú).

22 .— Leasaítear alt 3 den Acht Iomaíochta 2002 mar a leanas:

(a) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1) roimh an míniú ar “oifigeach údaraithe”:

“tá le ‘ saoráidí gaolmhara ’, i ndáil le gnóthas cumarsáide leictreonaí, an bhrí chéanna atá in alt 2(1) den Acht um Rialáil Cumarsáide 2002 (Uimh. 20 de 2002);”;

(b) i bhfo-alt (1), tríd an míniú ar “Coimisiún” a aisghairm;

(c) trí na mínithe seo a leanas chur isteach i bhfo-alt (1) roimh an míniú ar “cinneadh coinníollach”:

“ciallaíonn ‘ Coimisiún ’ an Coimisiúin um Rialáil Cumarsáide a bhunaítear le Cuid 2 den Acht um Rialáil Cumarsáide 2002;

ciallaíonn ‘ údarás inniúil ’—

(a) ach amháin mar a fhoráiltear le mír (b), an tÚdarás Iomaíochta, agus

(b) más rud é go bhfuil an tÚdarás Iomaíochta agus an Coimisiún, faoi alt 47E, tar éis comhaontú gur chóir don Choimisiún, i ndáil le ní áirithe, na feidhmeanna a thugtar don údarás iomchuí le Cuid 2 a chomhlíonadh, nó go bhfuil cinneadh déanta ag an Aire faoin alt sin gur chóir don Choimisiún na feidhmeanna sin a fheidhmiú i ndáil leis an ní sin, ciallaíonn sé freisin an Coimisiún;

ciallaíonn ‘ Údarás Iomaíochta ’ an tÚdarás a leantar de le halt 29;”;

(d) trí na mínithe seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1) tar éis an mhínithe ar “stiúrthóir”:

“tá le ‘líonra cumarsáide leictreonaí’ an bhrí chéanna atá leis in alt 2 den Acht um Rialáil Cumarsáide 2002;

tá le ‘seirbhís cumarsáide leictreonaí’ an bhrí chéanna atá leis in alt 2 den Acht um Rialáil Cumarsáide 2002;

ciallaíonn ‘gnóthas cumarsáide leictreonaí’ gnóthas a sholáthraíonn líonra cumarsáide leictreonaí nó seirbhís cumarsáide leictreonaí nó saoráidí gaolmhara;”.

Leasú ar alt 4 den Acht Iomaíochta 2002 (comhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe atá frithiomaíoch).

23 .— Leasaítear alt 4 den Acht Iomaíochta 2002 mar a leanas:

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Féadfaidh ceachtar údarás inniúil a dhearbhú i scríbhinn gurb é a thuairim go gcomhlíonann earnáil shonraithe comhaontuithe, cinntí nó cleachtas comhbheartaithe na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (5), ach sin le comhthoiliú an údaráis inniúil eile. Má thagann an t-údarás inniúil a rinne an dearbhú ar an tuairim ina dhiaidh sin nach gcomhlíonann an earnáil na coinníollacha sin a thuilleadh, féadfaidh sé an dearbhú a chúlghairm, ach sin le comhthoiliú an údaráis inniúil eile.”;

(b) i bhfo-alt (4), trí “an t-údarás inniúil” a chur in ionad “an tÚdarás”.

Leasú ar alt 6 den Acht Iomaíochta 2002 (cion i leith alt 4(1) nó Airteagal 81(1) den Chonradh a shárú).

24 .— Leasaítear alt 6 den Acht Iomaíochta 2002 trí “ag an gCoimisiún Eorpach ” a chur in ionad “ag an gCoimisiún” gach áit a bhfuil sé.

Leasú ar alt 8 den Acht Iomaíochta 2002 (pionóis agus imeachtaí i ndáil le cionta faoi alt 6 agus 7).

25 .— Leasaítear alt 8 den Acht Iomaíochta 2002 mar a leanas:

(a) i bhfo-alt (4)—

(i) trí “an údarás inniúil” a chur in ionad “an Údarás”, sa chéad áit a bhfuil sé, agus

(ii) trí “ón údarás sin” a chur in ionad “ón Údarás”, “leis an údarás sin” a chur in ionad “leis an Údarás”, “an t-údarás sin” a chur in ionad “an tÚdarás” agus “don údarás sin” a chur in ionad “don Údarás”;

(b) i bhfo-alt (5) trí “leis an údarás inniúil” a chur in ionad “leis an Údarás” agus trí “an t-údarás inniúil” a chur in ionad “an tÚdarás” agus i bhfo-alt (9) trí “an t-údarás inniúil” a chur in ionad “an tÚdarás”.

Leasú ar alt 13 den Acht Iomaíochta 2002 (inghlacthacht ráiteas i ndoiciméid áirithe).

26 .— Leasaítear alt 13 den Acht Iomaíochta 2002 tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) d’fho-alt (3):

“(b) gur ullmhaíodh an doiciméad ar shlí eile seachas mar fhreagra ar aon fhiosrú a rinne nó aon cheist a chuir comhalta den údarás inniúil nó oifigeach dó, comhalta den Gharda Síochána, oifigeach do Choimisiún na hEorpa nó oifigeach údaraithe i ndáil le haon ní is ábhar do na himeachtaí sin.”.

Leasú ar alt 14 den Acht Iomaíochta 2002 (ceart caingne mar gheall ar sháruithe ar rialacha iomaíochta).

27 .— Leasaítear alt 14 den Acht Iomaíochta 2002 trí “ag an údarás inniúil” a chur in ionad “ag an Údarás”, “don údarás inniúil” a chur in ionad “don Údarás” agus “ón údarás inniúil” a chur in ionad “ón Údarás”.

Leasú ar alt 18 den Acht Iomaíochta 2002 (oibleagáid fógra a thabhairt i dtaobh cumasc agus fáltas áirithe).

28 .— Leasaítear alt 18 den Acht Iomaíochta 2002 mar a leanas:

(a) i bhfo-alt (13), trí “an Coimisiún Eorpach” a chur in ionad “an Coimisiún” agus trí “chuig an gCoimisiún Eorpach” a chur in ionad “chuig an gCoimisiún” agus i bhfo-alt (14), trí “an Coimisiún Eorpach” a chur in ionad “an Coimisiún” agus “ón gCoimisiún Eorpach” a chur in ionad “ón gCoimisiún”;

(b) i bhfo-alt (14), trí “an Choimisiúin sin” a chur in ionad “an Choimisiúin”.

Leasú ar alt 34 den Acht Iomaíochta 2002 (forálacha le haghaidh comhoibriú idir an tÚdarás agus comhlachtaí reachtúla).

29 .— Leasaítear alt 34 den Acht Iomaíochta 2002 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (12):

“(13) A mhéid a bheidh comhaontú comhoibrithe arna dhéanamh faoin alt seo ar neamhréir le comhaontú comhoibrithe lena mbaineann alt 47G (a cuireadh isteach le halt 30 den Acht um Rialáil Cumarsáide (Leasú) 2007), beidh feidhm ag an dara comhaontú comhoibrithe a luaitear.”.

Alt 47 den Acht Iomaíochta 2002 a ionadú.

30 .— Leasaítear an tAcht Iomaíochta 2002 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 47:

“Cumhacht chun faisnéis áirithe a bhaineann le cionta faoin Acht seo a nochtadh.

47.— (1) Féadfaidh duine údaraithe aon fhaisnéis a nochtadh don Údarás, do chomhalta den Údarás, do chomhalta d’fhoireann an Údaráis nó d’oifigeach údaraithe don Údarás, ar faisnéis í a bhaineann, i dtuairim an duine, le cion a dhéanamh in aghaidh an Achta seo.

(2) I gcás ciona faoi alt 6 nó 7, áfach, a bhaineann le seirbhís cumarsáide leictreonaí nó líonra cumarsáide leictreonaí, nó saoráidí gaolmhara a sholáthar, féadfaidh duine údaraithe an fhaisnéis a nochtadh freisin don Choimisiún, do chomhalta den Choimisiún nó do chomhalta d’fhoireann an Choimisiúin.

(3) Tá éifeacht leis an alt seo d’ainneoin aon dlí eile dá mhalairt.

(4) San alt seo, ciallaíonn ‘duine údaraithe’—

(a) an Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach, nó

(b) comhalta den Gharda Síochána, nó

(c) duine, nó duine d'aicme daoine, a ainmníodh faoi fho-alt (5).

(5) Féadfaidh an tAire, le fógra arna fhoilsiú san Iris Oifigiúil, duine, nó duine d'aicme daoine, a ainmniú chun críocha mhír (c) den mhíniú ar ‘duine údaraithe’ i bhfo-alt (4).”.

Cuid 4A nua a chur isteach san Acht Iomaíochta 2002.

31 .— Leasaítear an tAcht Iomaíochta 2002 tríd an gCuid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 47:

“CUID 4A

Comhlíonadh Fheidhmeanna an Choimisiúin faoin Acht seo

Feidhm an Choimisiúin chun gearáin a bhaineann leis an margadh cumarsáide leictreonaí a imscrúdú.

47A.— Beidh sé d’fheidhm ag an gCoimisiún, i dteannta a chuid feidhmeanna eile faoin Acht seo nó faoi aon achtachán eile, imscrúdú a dhéanamh, ar a thionscnamh féin nó mar fhreagra ar ghearán a arna dhéanamh ag aon duine leis, i dtaobh an ann do chomhaontú, cinneadh, nó cleachtas de chineál a shonraítear in alt 4, nó ar tharla mí-úsáid den chineál a shonraítear in alt 5, a bhaineann le seirbhís cumarsáide leictreonaí nó le líonra cumarsáide leictreonaí nó saoráidí gaolmhara a sholáthar.

Feidhmeanna an Choimisiúin a tharmligean.

47B.— (1) Ach amháin mar a fhoráiltear le fo-alt (2), féadfaidh an Coimisiún aon fheidhm dá fheidhmeanna faoin Acht seo a tharmligean chuig aon chomhalta den Choimisiún nó chuig aon chomhalta d’fhoireann an Choimisiúin.

(2) Ní ceadmhach don Choimisiún tarmligean a dhéanamh i leith na nithe seo a leanas a chomhlíonadh—

(a) a fheidhm faoi alt 4(3), ná

(b) an chumhacht chun cion a ionchúiseamh faoi alt 6 nó 7, nó le haghaidh faoisimh faoi alt 14.

An Coimisiún do thabhairt fógra don Údarás sula ngníomhóidh sé faoin Acht seo.

47C.— Sula gcomhlíonfaidh sé aon cheann dá chuid feidhmeanna faoin Acht seo, cuirfidh an Coimisiún in iúl i scríbhinn don Údarás go bhfuil ar intinn aige an fheidhm sin a chomhlíonadh.

Freagrachtaí an Údaráis maidir lena chur in iúl go bhfuil comhaontuithe, cinntí, cleachtais agus drochbhearta áirithe ann.

47D.— (1) Más rud é—

(a) go bhfuil drochamhras ag an Údarás, aon tráth, agus forais réasúnacha aige leis an drochamhras sin, go bhfuil nó go raibh comhaontú, cinneadh nó cleachtas de chineál a shonraítear in alt 4 ann, nó go bhfuil nó go raibh mí-úsáid den chineál a shonraítear in alt 5 ag tarlú, agus

(b) gur dealraitheach don Údarás go mbaineann an comhaontú, an cinneadh nó an cleachtas, nó an mhí-úsáid, le seirbhís cumarsáide leictreonaí nó le líonra cumarsáide leictreonaí, nó saoráid ghaolmhar, a sholáthar,

cuirfidh sé in iúl don Choimisiún i scríbhinn go bhfuil an drochamhras sin aige, mar aon le sonraí ina leagfar amach an bonn atá leis an drochamhras.

(2) Más rud é go bhfuil drochamhras ag an gCoimisiún, aon tráth, agus forais réasúnacha aige leis an drochamhras sin, go bhfuil nó go raibh comhaontú, cinneadh nó cleachtas de chineál a shonraítear in alt 4 ann, nó go bhfuil nó go raibh mí-úsáid den chineál a shonraítear in alt 5 ag tarlú, cuirfidh sé an drochamhras sin in iúl i scríbhinn don Údarás. Beidh feidhm ag an bhfo-alt seo is cuma cé acu a fheicfear don Choimisiún go mbaineann an sárú a bhfuil drochamhras faoi le seirbhís cumarsáide leictreonaí nó líonra cumarsáide leictreonaí, nó le saoráid ghaolmhar, a sholáthar.

Dlínse maidir le cionta a ionchúiseamh faoi ailt 6 agus 7.

47E.— (1) Déanfaidh an tÚdarás agus an Coimisiún gach iarracht aon cheist a réiteach trí chomhaontú ar ceist í a éireoidh maidir le cé acu is cóir na feidhmeanna a chomhlíonadh a thugtar d’údarás inniúil le Cuid 2 (alt 4(3) arna eisceadh) agus a bhainfidh le seirbhís cumarsáide leictreonaí nó líonra cumarsáide leictreonaí, nó saoráidí gaolmhara, a sholáthar.

(2) Más dóigh leis an Údarás nó leis an gCoimisiún aon tráth nach féidir an cheist a réiteach trí chomhaontú, féadfaidh sé an cheist a tharchur chuig an Aire lena réiteach.

(3) A luaithe is indéanta tar éis an cheist a bheith arna tarchur faoi fho-alt (2), déanfaidh an tAire an cheist a chinneadh agus ansin cuirfidh sé nó sí an cinneadh in iúl don Údarás agus don Choimisiún. Le linn cinneadh a dhéanamh—

(a) rachaidh an tAire i gcomhairle leis an Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha, agus

(b) cuirfidh sé nó sí i gcuntas aon uiríll a rinne an tÚdarás nó an Coimisiún maidir leis an gceist.

(4) Is cinneadh críochnaitheach cinneadh an Aire fho-alt (3).

Ní dhlífear gnóthas a ionchúiseamh ag an Údarás agus ag an gCoimisiún araon i leith an chiona chéanna.

47F.— Más rud é go bhfuil nó go raibh gnóthas a sholáthraíonn seirbhís cumarsáide leictreonaí nó líonra cumarsáide leictreonaí, nó saoráidí gaolmhara, á ionchúiseamh i leith ciona faoi alt 6 nó 7 ag an Údarás nó ag an gCoimisiún, ní dhlífear an gnóthas a ionchúiseamh ag an eintiteas eile de na heintitis sin i leith an chiona chéanna.

Comhaontú comhoibrithe idir an tÚdarás agus an Coimisiún maidir lena bhfeidhmeanna faoi seach a chomhlíonadh faoin Acht seo.

47G.— (1) A luaithe is indéanta tar éis thosach feidhme na Coda seo, rachaidh an tÚdarás agus an Coimisiún i mbun caibidlí chun teacht ar chomhaontú comhoibrithe lena ndéanfar—

(a) comhlíonadh a gcuid feidhmeanna faoi seach faoin Acht seo a éascú, agus

(b) dúblú ar ghníomhaíochtaí i ndáil le comhlíonadh na bhfeidhmeanna sin ag an Údarás agus ag an gCoimisiún a sheachaint, agus

(c) comhréireacht a chinntiú, a mhéid is indéanta, idir breitheanna, agus bearta eile, a dhéanfaidh an tÚdarás agus an Coimisiún a mhéid a bhaineann aon chuid de na breitheanna nó na bearta sin le comhlíonadh na bhfeidhmeanna sin.

(2) A mhéid is indéanta, le comhaontú comhoibrithe—

(a) ceanglófar ar an Údarás agus ar an gCoimisiún dul i gcomhairle lena chéile sula ndéanfaidh siad aon cheann dá bhfeidhmeanna faoi seach faoin Acht seo a chomhlíonadh más rud é go mbaineann comhlíonadh na bhfeidhmeanna lena mbaineann leis na saincheisteanna céanna, agus

(b) cumasófar don Údarás agus don Choimisiún aon fhaisnéis a bheidh ina sheilbh a sholáthar dá chéile má theastaíonn an fhaisnéis sin ón gceann eile chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh faoin Acht seo.

(3) Féadfaidh an tÚdarás agus an Coimisiún comhaontú comhoibrithe a athrú le comhaontú breise.

(4) Déanfaidh an tÚdarás agus an Coimisiún faoi seach cóip de chomhaontú comhoibrithe, nó d’athrú ar chomhaontú den sórt sin, a sholáthar don Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta agus don Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha, a luaithe is indéanta tar éis an comhaontú nó an t-athrú a dhéanamh.

(5) Beidh comhaontú comhoibrithe, agus aon athrú air, i scríbhinn.

(6) A luaithe is indéanta tar éis comhaontú comhoibrithe, nó athrú ar an gcomhaontú, a dhéanamh, foilseoidh an tÚdarás agus an Coimisiún i cibé slí is cuí leo fógra á rá go ndearnadh an comhaontú nó an t-athrú. Luafar san fhógra—

(a) go bhféadfar cóip den chomhaontú nó den athrú a iniúchadh in áitreabh an Údaráis agus áitreabh an Choimisiúin nó ar mhodh a bheidh sonraithe san fhógra, agus

(b) go bhféadfar cóip den chomhaontú nó den athrú a cheannach ón Údarás nó ón gCoimisiún ar shlí a shonrófar amhlaidh.

Más rud é, áfach, gur chomhlíon an tÚdarás nó an Coimisiún an fo-alt seo, glacfar leis gur chomhlíon an ceann eile acu é amhlaidh.

(7) A luaithe is indéanta tar éis comhaontú comhoibrithe, nó athrú ar an gcomhaontú, déanfaidh an tÚdarás socrú go ndéanfar cóip den chomhaontú nó den athrú a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(8) Déanfaidh an tÚdarás agus an Coimisiún cóipeanna de chomhaontú comhoibrithe, nó d’athrú ar an gcomhaontú, a chur ar fáil do dhaoine den phobal lena n-iniúchadh agus lena gceannach (ar chostas nach rachaidh thar an gcostas réasúnach a bhaineann le cóip a dhéanamh agus an costas (más ann) a bhaineann lena cur leis an bpost).

(9) I gcás go soláthróidh an tÚdarás nó an Coimisiún faisnéis faoi chomhaontú comhoibrithe lena mbaineann an t-alt seo, beidh feidhm freisin maidir le glacadóir na faisnéise ag aon achtachán lena sriantar nó lena dtoirmisctear nochtadh na faisnéise sin ag soláthraí na faisnéise.”.

Leasú ar Sceideal 1 a ghabhann leis an Acht Iomaíochta 2002.

32 .— Leasaítear Sceideal 1 a ghabhann leis an Acht Iomaíochta 2002—

(a) tríd an ítim den Sceideal a bhaineann leis an Stiúrthóir Rialála Teileachumarsáide a scriosadh, agus

(b) tríd an méid seo seo a leanas a dhéanamh—

(i) i gcolún (1), “An Coimisiún um Rialáil Cumarsáide” a chur in ionad “An Stiúrthóir Rialála Teileachumarsáide”, agus

(ii) i gcolún (2), “an tAire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha” a chur in ionad “an tAire Fiontar Poiblí” cibé áit a bhfuil sé.