An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 6 Cuntasacht agus Maoiniú an Údaráis ) Ar Aghaidh ( CUID 8 Lárionaid Ainmnithe a Rialáil )

23 2007

An tAcht Sláinte 2007

CUID 7

Oifig an Phríomh-Chigire Seirbhísí Sóisialacha

Oifig an Phríomh-Chigire Seirbhísí Sóisialacha.

40 .— (1) Bunaítear Oifig an Phríomh-Chigire Seirbhísí Sóisialacha nó sa Bhéarla the Office of the Chief Inspector of Social Services agus, maidir le sealbhóir na hoifige—

(a) tabharfar an Príomh-Chigire Seirbhísí Sóisialacha air nó uirthi, agus

(b) gairtear an “príomhchigire” de nó di san Acht seo.

(2) Faoi réir fho-alt (3) agus de réir alt 26, ceapfaidh an tÚdarás duine chun bheith ina phríomhchigire nó ina príomhchigire.

(3) D’ainneoin alt 26 agus le ceadú an Aire, féadfaidh an tÚdarás an chéad phríomhchigire a cheapadh.

(4) Íocfar leis an bpríomhchigire an luach saothair agus aon liúntais i leith caiteachas a chinnfidh an tÚdarás le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais.

(5) Beidh an príomhchigire i seilbh oifige ar feadh na tréimhse agus ar na téarmaí agus na coinníollacha a chinnfidh an tÚdarás le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais.

(6) Féadfaidh an tÚdarás an príomhchigire a bhriseadh as a oifig nó as a hoifig más deimhin leis—

(a) go bhfuil an príomhchigire tagtha chun bheith éagumasach, de dheasca easláinte, ar dhualgais na hoifige a chomhlíonadh go héifeachtach,

(b) gur breithníodh an príomhchigire ina fhéimheach nó ina féimheach,

(c) gur ciontaíodh an príomhchigire i gcion coiriúil,

(d) go bhfuil mainnithe ag an bpríomhchigire, gan leithscéal réasúnach, a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhall ar feadh tréimhse leanúnaí 3 mhí dar tosach tráth nach luaithe ná 6 mhí roimh lá an bhriste, nó

(e) gur chóir an príomhchigire a bhriseadh ar aon chúis shonraithe eile.

(7) Tabharfaidh an tÚdarás don duine a cheapfar mar phríomhchigire faoin alt seo deimhniú ar a cheapachán nó a ceapachán agus, le linn aon chumhacht a thugtar don phríomhchigire go cuí faoin Acht a fheidhmiú, tabharfaidh sé nó sí ar aird, ar iarraidh ó aon duine dá ndéanann sé difear, an deimhniú nó cóip den deimhniú, maille le céannacht phearsanta de chineál éigin.

Feidhmeanna an phríomhchigire.

41 .— (1) Is iad feidhmeanna an phríomhchigire—

(a) iniúchadh a dhéanamh ar chomhlíonadh fheidhmeanna na Feidhmeannachta ag an bhFeidhmeannacht—

(i) faoi ailt 39 go 42 agus 53 den Acht um Chúram Leanaí 1991, agus

(ii) faoi alt 10 den Acht Sláinte (Tithe Banaltrais) 1990,

(b) clár lárionad ainmnithe amháin nó níos mó a bhunú agus a chothabháil,

(c) lárionaid ainmnithe a chlárú agus a iniúchadh chun a mheasúnú an bhfuil an soláthraí seirbhíse—

(i) ag comhlíonadh na rialachán, agus

(ii) ag comhlíonadh na gcaighdeán, más ann, arna leagan síos ag an Údarás faoi alt 8(1)(b),

(d) aonaid cúraim speisialta a iniúchadh chun a mheasúnú an bhfuil an t-oibritheoir—

(i) ag comhlíonadh na rialachán maidir le haonaid cúraim speisialta faoi na hAchtanna um Chúram Leanaí 1991 agus 2001, agus

(ii) ag comhlíonadh na gcaighdeán, más ann, arna leagan síos ag an Údarás faoi alt 8(1)(b),

agus

(e) faoi réir comhaontú i scríbhinn idir an tAire agus an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, gníomhú mar dhuine údaraithe chun críocha alt 185 d’Acht na Leanaí 2001, arna leasú leis an Acht um Cheartas Coiriúil 2006.

(2) Más rud é go bhfuil an príomhchigire as láthair nó go bhfuil folúntas ann do phost an phríomhchigire, féadfaidh Cigire Seirbhísí Sóisialta, arna ainmniú nó arna hainmniú ag an Údarás chun críocha an fho-ailt seo feidhmeanna an phríomhchigire faoin alt seo a chomhlíonadh.

Cuntasacht an phríomhchigire do Choistí Oireachtais.

42 .— (1) San alt seo ciallaíonn “Coiste” Coiste arna cheapadh ag ceachtar Teach den Oireachtas nó ag dhá Theach an Oireachtais i gcomhar (seachas an Coiste dá dtagraítear in alt 24 nó an Coiste um Leasanna Chomhaltaí Dháil Éireann nó an Coiste um Leasanna Chomhaltaí Sheanad Éireann) nó fochoiste de Choiste den sórt sin.

(2) Faoi réir fho-alt (3), freastalóidh an príomhchigire, ar iarratas i scríbhinn ó Choiste, os comhair an Choiste chun cuntas ginearálta a thabhairt ar ghníomhaíochtaí Oifig an Phríomh-Chigire.

(3) Ní cheanglófar ar an bpríomhchigire cuntas a thabhairt os comhair Coiste ar aon ní atá nó a bhí nó a fhéadfaidh a bheith sa todhchaí ina ábhar d’imeachtaí os comhair cúirte nó binse sa Stát.

(4) Más é tuairim an phríomhchigire gur ní lena mbaineann fo-alt (3) aon ní a n-iarrtar air nó uirthi cuntas a thabhairt ina leith os comhair Coiste, cuirfidh sé nó sí an tuairim sin agus na cúiseanna atá leis an tuairim sin in iúl don Choiste agus, mura dtabharfar an fhaisnéis don Choiste tráth a bheidh an príomhchigire os a chomhair, tabharfar an fhaisnéis amhlaidh i scríbhinn.

(5) I gcás go mbeidh an príomhchigire tar éis tuairim an phríomhchigire a chur in iúl don Choiste de réir fho-alt (4) agus nach dtarraingeoidh an Coiste siar an iarraidh dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a mhéid a bhaineann sé le ní is ábhar don tuairim sin—

(a) féadfaidh an príomhchigire, tráth nach déanaí ná 21 lá tar éis don Choiste a bhreith gan an iarraidh a tharraingt siar a chur in iúl dó nó di, iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar mhodh achomair chun an cheist i dtaobh an ní lena mbaineann fho-alt (3) an ní a chinneadh, nó

(b) féadfaidh cathaoirleach an Choiste iarratas den sórt sin a dhéanamh thar ceann an Choiste,

agus cinnfidh an Ard-Chúirt an ní.

(6) Go dtí go gcinnfear iarratas faoi fho-alt (5), ní fhreastalóidh an príomhchigire os comhair an Choiste chun cuntas a thabhairt ar an ní lena mbaineann an t-iarratas.

(7) Má chinneann an Ard-Chúirt gur ní lena mbaineann fo-alt (3) an ní áirithe, tarraingeoidh an Coiste siar an iarraidh dá dtagraítear i bhfo-alt (2), ach má chinneann an Ard-Chúirt nach bhfuil feidhm ag fo-alt (3), freastalóidh an príomhchigire os comhair an Choiste chun cuntas a thabhairt ar an ní.

(8) Le linn dualgais an phríomhchigire faoin alt seo a chomhlíonadh, ní dhéanfaidh an príomhchigire ceist a chur nó tuairim a nochtadh i dtaobh tuillteanas aon bheartais de chuid an Rialtais nó de chuid Aire den Rialtas nó i dtaobh tuillteanas cuspóirí beartais den sórt sin.

Cigirí Seirbhísí Sóisialacha.

43 .— (1) Féadfaidh an tÚdarás, de réir alt 26, cibé líon daoine a chinnfidh sé a cheapadh chun cúnamh a thabhairt don phríomhchigire le linn dualgais an phríomhchigire a chomhlíonadh agus—

(a) tabharfar Cigirí Seirbhísí Sóisialacha ar na daoine a cheapfar, agus

(b) gairtear “cigirí” díobh san Acht seo.

(2) Comhlíonfaidh cigire feidhmeanna an phríomhchigire, a mhéid a chinnfidh an príomhchigire é, agus, le linn na feidhmeanna a chomhlíonadh go feadh an mhéid sin, tá ag an gcigire na cumhachtaí céanna agus na dualgais chéanna atá ag an bpríomhchigire le linn a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh faoin Acht seo.

(3) Tabharfar do dhuine a cheapfar faoin alt seo deimhniú ar a cheapachán nó a ceapachán agus, le linn aon chumhacht a thugtar don Údarás, tabharfaidh sé nó sí ar aird, ar iarraidh ó aon duine dá ndéanann sé difear, an deimhniú nó cóip den deimhniú, maille le céannacht phearsanta de chineál éigin.

Pleananna agus tuarascálacha Oifig an Phríomh-Chigire.

44 .— (1) Faoi réir aon ordachán a thabharfaidh an tÚdarás, ullmhóidh an príomhchigire—

(a) an plean corparáideach d’Oifig an Phríomh-Chigire Seirbhísí Sóisialacha, ar plean é a bheidh le ceadú ag an Údarás agus le háireamh ina phlean corparáideach arna ullmhú de réir alt 30, agus

(b) an plean gnó d’Oifig an Phríomh-Chigire Seirbhísí Sóisialacha, ar plean é a bheidh le ceadú ag an Údarás agus le háireamh ina phlean gnó arna ullmhú de réir alt 33.

(2) Ullmhóidh an príomhchigire tuarascáil ar chomhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoi alt 41 don bhliain roimhe sin, ar tuarascáil í a bheidh le háireamh sa tuarascáil bhliantúil iomchuí arna hullmhú ag an Údarás faoi alt 37.

(3) Aon uair a iarrfaidh an tÚdarás é, tabharfaidh an príomhchigire faisnéis i ndáil le cibé nithe a shonróidh an tÚdarás.

Socruithe leis an bhFeidhmeannacht.

45 .— (1) Féadfaidh an tAire, le hordachán i scríbhinn, a cheangal ar an bhFeidhmeannacht iniúchtaí a sheoladh—

(a) ar ionaid chónaithe do leanaí, arna míniú in alt 2(1) den Acht um Chúram Leanaí 1991, a dhéantar a sholáthar de réir alt 38(1) den Acht sin, nó

(b) ar thithe banaltrais mar a mhínítear in alt 2 den Acht Sláinte (Tithe Banaltrais) 1990.

(2) Le linn don Fheidhmeannacht gníomhú faoin alt seo, gníomhaíonn sí thar ceann an phríomhchigire agus le linn di gníomhú chuige sin tá na cumhachtaí céanna agus na dualgais chéanna aici atá ag an bpríomhchigire le linn iniúchtaí a sheoladh faoin Acht seo.

(3) Ní foláir don Fheidhmeannacht iniúchadh faoin alt seo a sheoladh ar an modh a shonróidh an príomhchigire agus de réir na rialachán agus aon chaighdeán a leagfaidh an tÚdarás amach.

(4) Féadfaidh an príomhchigire a cheangal ar an bhFeidhmeannacht aon fhaisnéis a theastóidh ón bpríomhchigire i ndáil le hiniúchadh nó le hiniúchadh beartaithe faoin alt seo a chur ar fáil don phríomhchigire.

(5) Déanfar na caiteachais a thabhóidh an Fheidhmeannacht ag comhlíonadh feidhmeanna de réir an ailt seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas don Fheidhmeannacht.