An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 7 Oifig an Phríomh-Chigire Seirbhísí Sóisialacha ) Ar Aghaidh ( CUID 9 Iniúchtaí agus Imscrúduithe )

23 2007

An tAcht Sláinte 2007

CUID 8

Lárionaid Ainmnithe a Rialáil

Toirmeasc ar lárionad ainmnithe neamhchláraithe a sheoladh.

46 .— (1) Ní dhéanfaidh duine gnó lárionaid ainmnithe a sheoladh mura mbeidh an lárionad cláraithe faoin Acht seo agus murab é nó í an duine soláthraí cláraithe an lárionaid.

(2) Ní dhéanfaidh an duine a bheidh i bhfeighil lárionaid ainmnithe, cibé acu is é nó is í an soláthraí cláraithe an duine sin nó duine eile, an lárionad a bhainistiú ná ní ghlacfaidh sé nó sí páirt i mbainistíocht an lárionaid mura bhfuil an lárionad cláraithe faoin Acht seo.

Toirmeasc ar iarratais ar chlárú atá bréagach nó míthreorach.

47 .— In iarratas ar chlárú nó ar athnuachan cláraithe faoin gCuid seo nó ina leith, ní dhéanfaidh duine go feasach ráiteas atá bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha.

Iarratais ar chlárú.

48 .— (1) Maidir le duine atá ag iarraidh lárionad ainmnithe a chlárú nó clárú lárionaid ainmnithe a athnuachan faoin gCuid seo, is chuig an bpríomhchigire a dhéanfaidh sé nó sí iarratas ar é a chlárú nó ar a chlárú a athnuachan.

(2) Áireoidh an t-iarratasóir leis an iarratas—

(a) an fhaisnéis fhorordaithe maidir le nithe forordaithe,

(b) aon fhaisnéis eile a cheanglóidh an príomhchigire le réasún ar an iarratasóir a áireamh, agus

(c) an táille iarratais fhorordaithe.

(3) Maidir le hiarratas faoi fho-alt (1) ar chlárú lárionaid ainmnithe a athnuachan, ní foláir é a dhéanamh 6 mhí ar a laghad, nó tréimhse is lú ná sin a shonróidh an príomhchigire, roimh dháta éagtha an chláraithe reatha.

(4) Más rud é, maidir le hiarratas faoi fho-alt (1) ar chlárú lárionaid ainmnithe a athnuachan—

(a) go ndéantar é laistigh den am a theorannaítear faoi fho-alt (3), agus

(b) nach ndéantar an bhreith faoi alt 50 an clárú a dheonú nó a dhiúltú roimh dháta éagtha an chláraithe reatha,

fanfaidh an clárú in éifeacht go dtí go ndéanfar an bhreith sin.

(5) Aon duine ar mian leis nó léi níos mó ná aon lárionad ainmnithe amháin a sheoladh nó a bhainistiú, déanfaidh sé nó sí iarratas ar leithligh ar gach ceann de na lárionaid a chlárú, nó ar chlárú gach ceann de na lárionaid a athnuachan.

Clár na lárionad ainmnithe.

49 .— (1) Taifeadfar sa chlár cuí arna bhunú agus arna chothabháil faoi alt 41 ag an bpríomhchigire, i leith gach lárionaid ainmnithe chláraithe—

(a) ainm an lárionaid,

(b) ainm—

(i) sholáthraí cláraithe an lárionaid, agus

(ii) an duine atá i bhfeighil an lárionaid cibé acu is é nó is í a sholáthraí cláraithe an duine sin nó duine eile,

(c) seoladh an áitribh ina seoltar gnó an lárionaid,

(d) ráiteas i dtaobh líon na gcónaitheoirí dár féidir cóiríocht a sholáthar sa lárionad,

(e) an dáta a bheidh éifeacht le clárú an lárionaid (dá ngairtear “an dáta clárúcháin” san Acht seo),

(f) aon choinníollacha atá ag gabháil le clárú an lárionaid, agus

(g) cibé sonraí eile a fhorordóidh an tAire.

(2) Faoi réir ailt 48 agus 51, is le haghaidh 3 bliana a bheidh clárú lárionaid ainmnithe.

(3) Maidir leis na cláir—

(a) coimeádfar iad in oifig an phríomhchigire,

(b) beidh siad ar oscailt lena n-iniúchadh saor in aisce ag daoine den phobal le linn gnáthuaireanta gnó, agus

(c) déanfar iad a chur ar fáil ar an Idirlíon agus ar aon mhodh eile a shonróidh an tAire.

(4) Ar iarraidh chuige sin, déanfaidh an príomhchigire cóip de thaifead in aon chlár arna chothabháil ag an bpríomhchigire a eisiúint ar an táille, más ann, a íoc, is táille a chinnfidh an príomhchigire agus nach rachaidh thar an gcostas réasúnach a bhainfidh leis an gcóip a dhéanamh.

Clárú a dheonú nó a dhiúltú.

50 .— (1) I gcás go ndéanfar iarratas faoi alt 48 ar lárionad ainmnithe a chlárú nó ar chlárú lárionaid ainmnithe a athnuachan, déanfaidh an príomhchigire, más deimhin leis nó léi, maidir leis an duine arb é nó í an soláthraí cláraithe, nó an soláthraí cláraithe beartaithe, agus maidir le gach duine eile a bheidh páirteach i mbainistiú an lárionaid ainmnithe—

(a) gur duine oiriúnach é nó í chun gurb é nó í soláthraí cláraithe an lárionaid ainmnithe agus chun bheith páirteach ina bhainistiú, agus

(b) más iarratas ar chlárú an t-iarratas, go gcomhlíonfaidh sé nó sí, nó, más iarratas ar athnuachan an t-iarratas, go bhfuil sé nó sí ag comhlíonadh, na nithe seo a leanas—

(i) caighdeáin arna leagan síos ag an Údarás faoi alt 8(1)(b),

(ii) rialacháin faoi alt 101, agus

(iii) aon achtachán eile is dealraitheach don phríomhchigire a bheith iomchuí agus a bheidh luaite i scríbhinn ag an bpríomhchigire leis an iarratasóir,

an t-iarratas a dheonú agus mura deimhin leis nó léi amhlaidh, é a dhiúltú.

(2) Féadfaidh an príomhchigire, le linn iarratas faoin alt seo a dheonú—

(a) coinníollacha is cuí leis an bpríomhchigire i ndáil leis an lárionad ainmnithe lena mbaineann a chur ag gabháil leis an gclárú, agus

(b) coinníollacha éagsúla a chur ag gabháil leis an gclárú i ndáil le clárú lárionad ainmnithe éagsúil nó earnálacha éagsúla lárionad ainmnithe.

(3) Ar an iarratas a dheonú, eiseoidh an príomhchigire deimhniú clárúcháin chuig an iarratasóir, tar éis na nithe seo a leanas a bhreacadh ar an deimhniú i dtosach.

(a) na hachtacháin, más ann, a bheidh luaite leis an iarratasóir faoi fho-alt (1)(b)(iii), agus

(b) na coinníollacha, más ann, a bheidh ag gabháil leis an gclárú faoi fho-alt (2).

Clárú a chealú, coinníollacha clárúcháin a athrú nó coinníollacha nua a fhorchur, ar chúis.

51 .— (1) Aon tráth, féadfaidh an príomhchigire, ar cheann amháin nó níos mó de na forais a shonraítear i bhfo-alt (2)—

(a) clárú lárionaid ainmnithe a chealú,

(b) aon choinníoll de chlárú lárionaid ainmnithe a athrú nó a bhaint, nó

(c) coinníoll breise a chur ag gabháil le clárú lárionaid ainmnithe.

(2) Is iad seo a leanas na forais dá dtagraítear i bhfo-alt (1):

(a) go bhfuil an soláthraí cláraithe, nó aon duine eile a ghlacann páirt i mbainistiú an lárionaid ainmnithe, ciontaithe i gceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

(i) cion faoin Acht seo;

(ii) cion faoi achtachán a bheidh luaite ag an bpríomhchigire de réir alt 50(1)(b)(iii) agus breactha de réir alt 50(3) ar dheimhniú clárúcháin an tsoláthraí chláraithe;

(iii) cion faoin Acht um Chúram Leanaí 1991;

(iv) cion in aghaidh an duine;

(b) nach duine cuí, i dtuairim an phríomhchigire, an soláthraí cláraithe nó aon duine eile a bheidh páirteach i mbainistiú an lárionaid chun bheith ina sholáthraí nó ina soláthraí cláraithe don lárionad nó chun bheith páirteach i mbainistiú an lárionaid;

(c) go bhfuil an lárionad ainmnithe, nó go raibh sé aon tráth, á sheoladh ar shlí eile seachas—

(i) de réir aon cheanglas nó aon choinníollacha a fhorchuirtear leis an Acht seo nó faoi, nó

(ii) de réir aon fhorála reachtúla eile is dóigh leis an bpríomhchigire a bheith iomchuí.

Iarratais ó sholáthraithe cláraithe.

52 .— (1) Aon soláthraí cláraithe a bheidh ag seoladh gnó lárionaid ainmnithe, féadfaidh sé nó sí iarratas a dhéanamh chun an phríomhchigire go ndéanfar aon choinníoll a ghabhann le clárú an lárionaid ainmnithe a athrú nó a bhaint.

(2) Féadfaidh an príomhchigire iarratas faoi fho-alt (1) a dheonú más deimhin leis nó léi maidir leis an gcoinníoll a athrú nó a bhaint—

(a) go bhfuil sé cuí sna himthosca, agus

(b) nach ndéanfaidh sé dochar do na daoine atá ina gcónaí sa lárionad ainmnithe,

agus mura deimhin leis nó léi amhlaidh, diúltóidh sé nó sí don iarratas.

(3) Maidir le hiarratas faoi fho-alt (1), déanfar é sa tslí fhorordaithe, luafar ann na mionsonraí forordaithe agus beidh an táille iarratais fhorordaithe ag gabháil leis.

(4) Chun críocha fho-alt (3),

(a) féadfar méideanna éagsúla a fhorordú le haghaidh imthosca éagsúla nó le haghaidh earnálacha éagsúla lárionad ainmnithe, agus

(b) féadfar foráil a dhéanamh leis na rialacháin go gcinnfidh an príomhchigire cén ceann de na méideanna éagsúla is iníoctha i gcás áirithe.

Fógra maidir le breitheanna beartaithe áirithe ón bpríomhchigire.

53 .— Má bheartaíonn an príomhchigire—

(a) faoi alt 5052, iarratas a dhiúltú,

(b) faoi alt 5052, iarratas a dheonú faoi réir aon choinníollacha, nó

(c) faoi alt 51

(i) clárú lárionaid ainmnithe a chealú,

(ii) aon choinníoll a ghabhann le clárú lárionaid ainmnithe a athrú nó a bhaint, nó

(iii) coinníoll breise a chur ag gabháil le clárú lárionaid ainmnithe,

tabharfaidh an príomhchigire fógra i scríbhinn don iarratasóir nó do sholáthraí cláraithe an lárionaid ainmnithe, de réir mar a bheidh, maidir leis an mbeartú, agus tabharfar na sonraí san fhógra sin.

Ceart chun freagra a thabhairt ar fhógra maidir le breith bheartaithe.

54 .— (1) Sonrófar i bhfógra i scríbhinn maidir le beartú faoi alt 53 go bhféadfaidh an t-iarratasóir nó an soláthraí cláraithe, de réir mar a bheidh, laistigh de theorainn ama 28 lá tar éis an fógra a thabhairt, uiríll i scríbhinn a dhéanamh chun an phríomhchigire maidir leis an ní is ábhar don bheartú.

(2) I gcás go mbeidh fógra i scríbhinn maidir le beartú tugtha faoi alt 53, ní thabharfaidh an príomhchigire breith maidir leis an ní is ábhar don bheartú—

(a) go dtí go ndéanfaidh an duine dár tugadh an fógra—

(i) uiríll i scríbhinn a chur faoi bhráid an phríomhchigire i ndáil leis an mbeartú, nó

(ii) fógra i scríbhinn a thabhairt don phríomhchigire á rá nach bhfuil sé ar intinn ag an duine uiríll a chur faoina bhráid nó faoina bráid,

(b) go mbeidh an teorainn ama 28 lá dá dtagraítear i bhfo-alt (1) caite.

Fógra maidir le breitheanna ón bpríomhchigire.

55 .— (1) Tabharfaidh an príomhchigire fógra i scríbhinn don iarratasóir nó don soláthraí cláraithe, de réir mar a bheidh, maidir le breith—

(a) faoi alt 5052, iarratas a dhiúltú,

(b) faoi alt 5052, iarratas a dheonú faoi réir aon choinníollacha, nó

(c) faoi alt 51

(i) clárú lárionaid ainmnithe a chealú,

(ii) aon choinníoll a ghabhann le clárú lárionaid ainmnithe a athrú nó a bhaint, nó

(iii) coinníoll breise a chur ag gabháil le clárú lárionaid ainmnithe.

(2) Cuirfear in iúl don iarratasóir nó don soláthraí cláraithe, de réir mar a bheidh, i bhfógra i scríbhinn faoin alt seo go bhfuil an ceart achomhairc a thugtar le halt 57 aige nó aici.

(3) Ní bheidh éifeacht le breith dá dtagraítear i bhfo-alt (1)

(a) mura ndéanfar aon achomharc i gcoinne na breithe, go dtí go mbeidh 28 lá, nó tréimhse is faide a chinnfidh an príomhchigire, caite tar éis don iarratasóir nó don soláthraí cláraithe fógra i scríbhinn faoin alt seo a fháil, nó

(b) má dhéantar achomharc chun na Cúirte Dúiche i gcoinne na breithe, go dtí go gcinnfear nó go dtarraingeofar siar an t-achomharc sin.

Iompar a cheanglaítear nó a thoirmisctear i ndáil le lárionad ainmnithe.

56 .— (1) Cinnteoidh an soláthraí cláraithe a bheidh ag seoladh gnó lárionaid ainmnithe go ndéanfar an deimhniú clárúcháin arna eisiúint i leith an lárionaid chláraithe a ghreamú in áit fheiceálach sa lárionad.

(2) Ní dhéanfaidh an soláthraí cláraithe a bheidh ag seoladh gnó lárionaid ainmnithe, in iarratas faoi alt 52 chun aon choinníoll a ghabhann le clárú an lárionaid chláraithe a athrú nó a bhaint, ráiteas go feasach a bheidh bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha.

(3) Mura bhfuil clárú mar lárionad ainmnithe de thuairisc áirithe déanta faoin gCuid seo i leith áitribh, gnóthais nó eagraíochta, ní dhéanfaidh duine, le hintinn duine eile a mheabhlú,

(a) ainm a thabhairt ar an áitreabh, ar an ngnóthas nó ar an eagraíocht a thugann de thuairisc air nó uirthi, ar aon slí, gur lárionad ainmnithe den tuairisc sin é, ná

(b) a thabhairt le tuiscint gur lárionad den tuairisc sin an t-áitreabh, an gnóthas nó an eagraíocht.

(4) Ní thabharfaidh an soláthraí cláraithe a bheidh ag seoladh gnó lárionaid ainmnithe de thuairisc ar an lárionad ainmnithe, ná ní thabharfaidh sé le tuiscint maidir leis an lárionad ainmnithe, gur lárionad ainmnithe é atá in ann—

(a) seirbhís a sholáthar, ar sárú ar choinníoll a ghabhann le clárú an lárionaid ainmnithe an tseirbhís sin a sholáthar, ná

(b) aon rud eile a dhéanamh ar sárú ar choinníoll a ghabhann le clárú an lárionaid ainmnithe an rud sin a dhéanamh.

Achomharc chun na Cúirte Dúiche in aghaidh bhreith an phríomhchigire maidir le clárú.

57 .— (1) Féadfaidh an soláthraí cláraithe a bheidh ag seoladh gnó lárionaid ainmnithe, nó duine a bheidh ag déanamh iarratais ar chlárú i leith lárionaid ainmnithe, achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche in aghaidh bhreith an phríomhchigire faoi alt 50, 5152.

(2) Maidir leis an soláthraí cláraithe nó duine eile a dhéanfaidh achomharc chun na Cúirte Dúiche faoi fho-alt (1)

(a) tionscnóidh sé nó sí an t-achomharc laistigh de 28 lá tar éis don duine an fógra i scríbhinn faoi alt 55 maidir leis an mbreith a fháil, agus

(b) an tráth céanna a thionscnófar an t-achomharc, tabharfaidh sé nó sí fógra i scríbhinn don phríomhchigire maidir leis an achomharc.

(3) Maidir le soláthraí cláraithe a bheidh ag seoladh gnó lárionaid ainmnithe agus a dhéanann achomharc chun na Cúirte Dúiche faoin alt seo féadfaidh sé nó sí leanúint den ghnó sin a sheoladh go dtí go gcinnfear nó go dtarraingeofar siar an t-achomharc sin nó achomharc breise faoi alt 62.

(4) Ar achomharc faoi fho-alt (1), féadfaidh an Chúirt Dúiche, de réir mar is cuí léi, breith an phríomhchigire a dhaingniú nó a ordú don phríomhchigire—

(a) an lárionad ainmnithe a chlárú nó clárú an lárionaid ainmnithe a athnuachan,

(b) clárú an lárionaid ainmnithe a chur ar ais ar an gclár,

(c) coinníoll a ghabhann leis an gclárú a athrú nó a bhaint, nó

(d) coinníoll breise a chur ag gabháil leis an gclárú.

(5) Maidir le hachomharc faoi fho-alt (1), déanfar é chuig breitheamh den Chúirt Dúiche a bheidh sannta don dúiche ina bhfuil an lárionad ainmnithe suite.

Féadfaidh an príomhchigire ordú Cúirte Dúiche a iarraidh chun breitheanna áirithe a fhorfheidhmiú.

58 .— (1) Má chreideann an príomhchigire ar fhorais réasúnacha maidir le haon duine go bhfuil aon duine ag seoladh gnó lárionaid ainmnithe mar shárú ar bhreith—

(a) faoi alt 50 52, iarratas a dhiúltú,

(b) faoi alt 5052, iarratas a dheonú faoi réir aon choinníollacha, nó

(c) faoi alt 51

(i) clárú an lárionaid ainmnithe a chealú,

(ii) aon choinníoll de chlárú lárionaid ainmnithe a athrú nó a bhaint, nó

(iii) aon choinníoll breise a chur ag gabháil le clárú lárionaid ainmnithe,

féadfaidh an príomhchigire iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche ar ordú chun an bhreith a fhorfheidhmiú.

(2) Féadfaidh an Chúirt Dúiche, ar iarratas a éisteacht faoin alt seo, ordú a dhéanamh—

(a) sna téarmaí a lorgóidh an príomhchigire san iarratas, nó

(b) i dtéarmaí eile de réir mar is cuí leis an gCúirt.

(3) Maidir le hiarratas faoi fho-alt (1), déanfar é chuig breitheamh den Chúirt Dúiche a bheidh sannta don dúiche ina bhfuil an lárionad ainmnithe suite.

Féadfaidh an príomhchigire ordú Cúirte Dúiche a lorg chun clárú a chealú nó a athrú.

59 .— (1) Má chreideann an príomhchigire ar fhorais réasúnacha go bhfuil baol ann do bheatha, nó baol tromaí ann do shláinte nó leas, na ndaoine a bhfuil cónaí orthu i lárionad ainmnithe, mar gheall ar aon ghníomh, mainneachtain gníomhú nó faillí ar thaobh—

(a) an tsoláthraí chláraithe a sheolann gnó an lárionaid ainmnithe, nó

(b) duine atá ag gníomhú thar ceann an tsoláthraí chláraithe,

féadfaidh an príomhchigire iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche ar ordú—

(i) chun clárú an lárionaid ainmnithe a chealú,

(ii) chun aon choinníoll a ghabhann le clárú an lárionaid ainmnithe a athrú nó a bhaint, nó

(iii) chun coinníoll breise a chur ag gabháil le clárú an lárionaid ainmnithe.

(2) Ní mór don phríomhchigire fógra faoi iarratas ar chinneadh críochnaitheach na nithe is ábhar don iarratas a thabhairt don soláthraí cláraithe.

(3) Féadfaidh an Chúirt Dúiche, ar iarratas faoin alt seo a éisteacht, ordú a dhéanamh—

(a) sna téarmaí a lorgóidh an príomhchigire san iarratas, nó

(b) i dtéarmaí eile de réir mar is cuí leis an gCúirt.

(4) Maidir le hiarratas faoi fho-alt (1), déanfar é chuig breitheamh den Chúirt Dúiche a bheidh sannta don dúiche ina bhfuil an lárionad ainmnithe suite.

Ordú eatramhach ex parte in imeachtaí faoi alt 59.

60 .— (1) Féadfar iarratas faoi alt 59 ón bpríomhchigire a dhéanamh ex parte agus gan fógra ar ordú eatramhach (dá ngairtear “ordú eatramhach ex parte” san alt seo agus in alt 61) agus, ar an iarratas sin, féadfar ordú eatramhach ex parte a dhéanamh—

(a) sna téarmaí a bheidh á lorg ag an bpríomhchigire san iarratas, nó

(b) i dtéarmaí eile a mheasfaidh an Chúirt Dúiche a bheith cuí,

más rud é, ag féachaint d’imthosca an cháis áirithe, go measfaidh an chúirt gur gá nó gur fóirsteanach an t-ordú a dhéanamh láithreach ar mhaithe le leas na ndaoine a bhfuil cónaí orthu sa lárionad ainmnithe.

(2) Beidh an t-iarratas ar ordú eatramhach ex parte bunaithe ar mhionnscríbhinn a bheidh mionnaithe ag an bpríomhchigire nó ag pearsa aonair a bheidh ag gníomhú thar ceann an phríomhchigire.

(3) Beidh éifeacht leis an ordú eatramhach ex parte ar feadh tréimhse, a shonrófar san ordú, nach faide ná 28 lá agus scoirfidh éifeacht de bheith leis i ndeireadh na tréimhse sin mura rud é—

(a) le toiliú na bpáirtithe, nó

(b) ar iarratas ón bpríomhchigire iar bhfógra don duine arbh é nó í soláthraí cláraithe an lárionaid ainmnithe tráth an iarratais a rinneadh ex parte faoi alt 59,

go ndaingneoidh an Chúirt Dúiche, laistigh den tréimhse sin, an t-ordú eatramhach ex parte le héifeacht ar feadh tréimhse breise sonraithe.

(4) Ní difear fo-alt (3) d’aon cheart de chuid páirtí in imeachtaí arna dtionscnamh faoi alt 59 iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Dúiche sna himeachtaí.

(5) Déanfaidh an príomhchigire, a luaithe is indéanta, cóip a sheirbheáil ar an duine arbh é nó í an soláthraí cláraithe tráth an iarratais ex parte, is cóip—

(a) den ordú eatramhach ex parte, agus

(b) den mhionnscríbhinn dá dtagraítear i bhfo-alt (2).

(6) Maidir leis an iarratas ex parte, ní mór don phríomhchigire cóip den iarratas agus den mhionnscríbhinn dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a sholáthar don Fheidhmeannacht agus, i gcás go ndéanfar ordú eatramhach ex parte, cóip den ordú a sholáthar don Fheidhmeannacht.

(7) Má scoireann ordú eatramhach ex parte d'éifeacht a bheith leis mar gheall ar oibriú fho-alt (3) ansin, le héifeacht ar an gcéad lá eile i ndiaidh don ordú sin scor d’éifeacht a bheith leis—

(a) athshuitear clárú an lárionaid ainmnithe agus an stádas mar sholáthraí cláraithe a bhí ag an duine arbh é nó í soláthraí cláraithe an lárionaid tráth an iarratais ex parte, faoi alt 59(1), agus

(b) tugtar ar ais don lárionad ainmnithe agus don soláthraí cláraithe an stádas céanna faoin Acht seo agus a bhí acu díreach roimh dháta an iarratais ex parte faoi alt 59.

Cinneadh críochnaitheach ábhar a ndéileálfar leo in ordú eatramhach ex parte faoi alt 59.

61 .— (1) Laistigh den 42 lá i ndiaidh dáta ordaithe eatramhaigh ex parte, féadfaidh an príomhchigire iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche ar chinneadh críochnaitheach ar na hábhair a ndéileálfar leo san ordú.

(2) Ní mór don phríomhchigire fógra faoi iarratas faoin alt seo a thabhairt don duine a bhí mar sholáthraí cláraithe an lárionaid tráth an iarratais ex parte a rinneadh faoi alt 59.

(3) Ar iarratas ar chinneadh críochnaitheach ar na hábhair a ndéileálfar leo san ordú eatramhach ex parte a éisteacht, déanfaidh an Chúirt Dúiche ordú—

(a) lena ndéantar an t-ordú eatramhach ex parte a dhaingniú, a athrú nó a chur ar ceal,

(b) lena n-athshuitear clárú an lárionaid ainmnithe agus an stádas mar sholáthraí cláraithe a bhí ag an duine arbh é nó í soláthraí cláraithe an lárionaid tráth an iarratais ex parte arna dhéanamh faoi alt 59, má cealaíodh an clárú faoin ordú eatramhach ex parte, nó

(c) lena ndéantar aon ordú eile a mheasfaidh an Chúirt a bheith cuí.

(4) Mura ndéanann an príomhchigire iarratas, laistigh den 42 lá atá leagtha amach i bhfo-alt (1), ar chinneadh críochnaitheach ar na nithe a ndéileálfar leo san ordú eatramhach ex parte, ansin, le héifeacht ar an gcéad lá eile tar éis an 42 lá a bheith caite—

(a) scoireann an t-ordú eatramhach ex parte d’éifeacht a bheith leis,

(b) athshuitear clárú an lárionaid ainmnithe agus an stádas mar sholáthraí cláraithe a bhí ag an duine arbh é nó í soláthraí cláraithe an lárionaid tráth an iarratais ex parte faoi alt 59, agus

(c) tugtar ar ais don lárionad ainmnithe agus don soláthraí cláraithe an stádas céanna faoin Acht seo a bhí acu díreach roimh dháta an iarratais ex parte faoi alt 59.

Achomhairc chun na Cúirte Cuarda i gcoinne breitheanna ón gCúirt Dúiche.

62 .— Féadfar achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Cuarda i gcoinne breithe ón gCúirt Dúiche faoi alt 57(4), 59(3)61(3).

Stádas an phríomhchigire in imeachtaí cúirte.

63 .— Is páirtí in aon imeachtaí cúirte faoin gCuid seo an príomhchigire agus, in aon imeachtaí den sórt sin, beidh sé nó sí i dteideal láithriú, éisteacht a fháil, fianaise a thabhairt ar aird agus fianaise a thabhairt.

Cúram a thabhairt do chónaitheoirí ar chlárú a chealú.

64 .— (1) Más rud é, maidir leis an bpríomhchigire—

(a) go gcealaíonn sé nó sí clárú faoi alt 51 agus go bhfuil éifeacht leis an gcealú, nó

(b) go bhfaigheann sé nó sí ordú chun clárú a chealú de réir alt 59 agus go bhfuil éifeacht leis an gcealú,

tabharfaidh an príomhchigire fógra láithreach don Fheidhmeannacht maidir leis an gcealú agus maidir leis an dáta ar a mbeidh éifeacht leis an gcealú.

(2) Déanfaidh an Fheidhmeannacht socruithe eile do chónaitheoirí an lárionaid ainmnithe a luaithe is indéanta tar éis fógra faoi fho-alt (1) a fháil.

(3) I gcás gurbh í an Fheidhmeannacht soláthraí cláraithe an lárionaid ainmnithe díreach roimh an gcealú, féadfaidh an Fheidhmeannacht, go dtí go ndéanfar na socruithe eile dá dtagraítear i bhfo-alt (2), d’ainneoin an chealaithe, leanúint de ghnó an lárionaid ainmnithe a sheoladh amhail is dá mbeadh sé cláraithe faoin Acht seo agus an Fheidhmeannacht mar sholáthraí cláraithe aige.

(4) I gcás nárbh í an Fheidhmeannacht soláthraí cláraithe an lárionaid ainmnithe díreach roimh an gcealú, ansin, maidir leis an bhFeidhmeannacht, go dtí go ndéanfar na socruithe eile dá dtagraítear i bhfo-alt (2)—

(a) le toiliú an duine arbh é nó í an soláthraí cláraithe díreach roimh dháta éifeachtach an chealaithe, nó

(b) le hordú ón gCúirt Dúiche,

rachaidh sí i bhfeighil an lárionaid ainmnithe, agus féadfaidh sí a ghnó a sheoladh amhail is dá mbeadh an lárionad ainmnithe cláraithe faoin Acht seo agus an Fheidhmeannacht mar sholáthraí cláraithe aige.

Faisnéis a chur faoi bhráid an phríomhchigire.

65 .— Déanfaidh soláthraí cláraithe lárionaid ainmnithe cibé faisnéis a chur faoi bhráid an phríomhchigire is dóigh leis an bpríomhchigire is gá chun a chumasú don phríomhchigire feidhmeanna an phríomhchigire a chomhlíonadh.

Toirmeasc ar lárionad ainmnithe a dhúnadh gan fógra a thabhairt.

66 .— (1) Ní scoirfidh an soláthraí cláraithe atá ag seoladh gnó lárionaid ainmnithe dá ghnó a sheoladh ná ní dhúnfaidh sé nó sí an lárionad ainmnithe mura rud é go dtabharfaidh an soláthraí cláraithe fógra i scríbhinn don phríomhchigire, de cibé tréimhse a fhorordófar, go bhfuil ar intinn déanamh amhlaidh amhail ó dháta a shonrófar san fhógra.

(2) Féadfar tréimhsí éagsúla a fhorordú le haghaidh earnálacha éagsúla lárionad ainmnithe.

Clárú a chealú ar lárionad ainmnithe a dhúnadh.

67 .— Má scoireann soláthraí cláraithe de ghnó lárionaid ainmnithe a sheoladh agus má dhúnann sé nó sí an lárionad, maidir leis an bpríomhchigire—

(a) déanfaidh sé nó sí nóta á rá sin sa chlár cuí, agus

(b) déanfaidh sé nó sí clárú an lárionaid ainmnithe a chealú.

Fógra maidir le duine a cheapadh faoi dhlí chun dul i bhfeighil lárionaid ainmnithe.

68 .— (1) Déanfaidh duine a cheapfar leis an dlí nó faoin dlí chun dul i bhfeighil lárionaid ainmnithe in ionad a sholáthraí chláraithe, fógra maidir leis an gceapachán a thabhairt don phríomhchigire a luaithe is indéanta ach tráth nach déanaí ná 48 n-uaire an chloig tar éis an duine a cheapadh.

(2) Féadfaidh an príomhchigire fógra is déanaí ná sin a ghlacadh i gcás gur dóigh leis an bpríomhchigire gur cheart agus gur chuí déanamh amhlaidh.

(3) I gcás go bhfaighidh an príomhchigire faisnéis de réir fho-alt (1) agus go mbeidh cúis aige nó aici lena chreidiúint gur ar mhaithe le sláinte agus leas na gcónaitheoirí é—

(a) féadfaidh sé nó sí fógra a thabhairt don Fheidhmeannacht, agus

(b) féadfaidh an Fheidhmeannacht socruithe eile a dhéanamh le haghaidh chónaitheoirí an lárionaid.

Foráil idirthréimhseach chun lárionaid ainmnithe láithreacha a chlárú.

69 .— (1) San alt seo ciallaíonn “foras”—

(a) aon fhoras nó cuid d’fhoras,

(b) aon lárionad cónaithe nó cuid de lárionad cónaithe, nó

(c) aon teach nó cuid de theach,

atá ina lárionad ainmnithe mar a mhínítear in alt 2(1) díreach roimh theacht i ngníomh don Chuid seo.

(2) Aon duine a raibh gnó forais á sheoladh aige nó aici agus seirbhísí cónaithe á soláthar san fhoras aige nó aici díreach roimh an dáta a thiocfaidh an Chuid seo i ngníomh, féadfaidh sé nó sí leanúint de dhéanamh amhlaidh, d’ainneoin alt 46, go ceann tréimhse nach faide ná 3 bliana nó cibé tréimhse is giorra ná sin a chinnfidh an príomhchigire.

(3) Déanfaidh duine a mbeidh gnó forais á sheoladh aige nó aici de réir fho-alt (2), fógra a thabhairt don príomhchigire, a luaithe is indéanta ach tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis don lárionad teacht chun bheith ina lárionad ainmnithe de réir fhorálacha an Achta seo, go bhfuil an duine ag seoladh an ghnó sin.

(4) Le linn na tréimhse a thuairiscítear i bhfo-alt (2) ina bhféadfaidh duine, de réir an fho-ailt sin, gnó forais a sheoladh, beidh feidhm ag an Acht seo maidir leis an duine agus leis an bhforas amhail dá mba lárionad ainmnithe cláraithe faoin Acht seo an foras agus an duine mar sholáthraí cláraithe aige.