An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 1 Réamhráiteach ) Ar Aghaidh ( CUID 3 Leasuithe Iarmhartacha agus Leasuithe Eile ar Acht na Leanaí 2001 )

26 2007

An tAcht um Chúram Leanaí (Leasú) 2007

CUID 2

Leasú ar an Acht um Chúram Leanaí 1991

Míniú ar “Príomh-Acht”.

2 .— Sa Chuid seo, ciallaíonn “Príomh-Acht” an tAcht um Chúram Leanaí 1991.

Leasú ar alt 29 den Phríomh-Acht.

3 .— Leasaítear alt 29 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(5) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun cosc a chur ar na nithe seo a leanas—

(a) duine díobh seo a leanas d’ullmhú tuarascála ar imeachtaí faoi Chuid III, IV nó VI—

(i) abhcóide nó aturnae,

(ii) faoi réir fho-alt (6), duine a thagann faoi réim aicme daoine atá ag feidhmiú thar ceann an Bhoird, agus atá údaraithe i scríbhinn ag an mBord, de réir bhrí alt 225(1) (arna leasú le halt 18 den Acht um Chúram Leanaí (Leasú) 2007) den Acht um Chúram Leanaí 2001, nó

(iii) duine a thagann faoi réim aon aicme eile daoine arna sonrú i rialacháin arna ndéanamh faoi fho-alt (7) chun críocha an fho-ailt seo,

(b) foilsiú tuarascála arna hullmhú de réir mhír (a), nó

(c) foilsiú chinneadh aon chúirte in imeachtaí den sórt sin,

de réir rialacha cúirte, ar choinníoll nach bhfuil aon fhaisnéis sa tuarascáil nó sa chinneadh a chumasódh na páirtithe sna himeachtaí nó aon leanbh lena mbaineann na himeachtaí a shainaithint agus, dá réir sin, mura rud é go n-ordóidh an chúirt a mhalairt in imthosca speisialta an ábhair, ar chúiseanna a shonrófar san ordú, féadfaidh duine dá dtagraítear i mír (a), chun tuarascáil den sórt sin a ullmhú—

(i) freastal ar na himeachtaí, agus

(ii) rochtain a fháil ar aon doiciméid chúirte chuí,

ach sin faoi réir aon orduithe a thabharfaidh an chúirt chuige sin.

(6) Déanfaidh an Bord dá dtagraítear i bhfo-alt (5)(a)(ii) comhairle a ghlacadh leis an Aire sula dtugann sé údarú d’aicme daoine chun críocha fho-alt (5).

(7) Féadfaidh an tAire, tar éis comhairle a ghlacadh leis an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, rialacháin a dhéanamh lena sonrófar aicme daoine chun críocha fho-alt (5) más deimhin leis an Aire gur dóigh gurb é a leanfadh as foilsiú tuarascálacha arna n-ullmhú de réir fo-alt (5)(a) ag daoine a thagann faoi réim na haicme sin ná faisnéis a sholáthar a bheadh ina cabhair maidir le hoibriú feabhsaithe an Achta seo, go háirithe i ndáil le cúram agus cosaint leanaí.

(8) Ní fhorléireofar aon ní atá san alt seo mar ní a dhéanann dochar do na nithe seo a leanas—

(a) aon fhoráil eile den Acht seo (lena n-áirítear an tAcht seo arna leasú leis an Acht um Chúram Leanaí (Leasú) 2007) nó aon rud a fhéadfar a dhéanamh faoi fhoráil den sórt sin, nó

(b) alt 267(2) d’Acht na Leanaí 2001.

(9) I bhfo-alt (5), folaíonn ‘imeachtaí’ imeachtaí a tosaíodh ach nár críochnaíodh roimh thosach feidhme an fho-ailt sin.”.

Leasú ar Chuid VI den Phríomh-Acht.

4 .— Cuirtear na hailt seo a leanas isteach sa Phríomh-Acht i ndiaidh alt 43:

“Orduithe a bhaineann le leanaí atá faoi chúram an tuismitheora altrama chéanna nó an ghaoil chéanna ar feadh cúig bliana nó níos mó.

43A.— (1) Tá feidhm ag an alt seo maidir le leanbh atá faoi chúram Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte cibé acu faoi alt 4 nó faoi alt 18 atá sé nó sí faoi chúram agus cibé acu le tuismitheoir altrama, faoi alt 36(1)(a), nó le gaol, faoi alt 36(1)(d), a suíodh an leanbh.

(2) Tar éis iarratas a fháil ó thuismitheoir altrama, nó ó ghaol, lenar suíodh an leanbh, féadfaidh an chúirt ordú a dheonú faoin alt seo, ach sin más rud é amháin gur deimhin léi—

(a) go raibh an tuismitheoir altrama nó an gaol ag tabhairt aire don leanbh ar feadh tréimhse nach giorra ná cúig bliana dar thosach an dáta a suíodh an leanbh de réir an Achta seo agus dar chríoch dáta an iarratais,

(b) gur ar mhaithe le leas an linbh atá sé an t-ordú a dheonú,

(c) gur thoiligh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte roimh ré le deonú an ordaithe,

(d) go ndearna Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, thar ceann an tuismitheora altrama nó an ghaoil—

(i) más rud é go bhfuil an leanbh faoina cúram faoi alt 4, toiliú le deonú an ordaithe a fháil ó thuismitheoir a bhfuil an leanbh faoina choimeád nó faoina coimeád an tráth iomchuí nó ó dhuine (seachas an tuismitheoir altrama nó an gaol) atá ag gníomhú in loco parentis don leanbh, nó

(ii) más rud é go bhfuil an leanbh faoina cúram faoi alt 18, fógra i dtaobh an iarratais a thabhairt do thuismitheoir a bhfuil an leanbh faoina choimeád nó faoina coimeád an tráth iomchuí nó do dhuine (seachas an tuismitheoir altrama nó an gaol) atá ag gníomhú in loco parentis don leanbh, agus

(e) go ndearnadh, a mhéid is indéanta, aird chuí a thabhairt ar mhianta an linbh, ag féachaint d’aois agus do thuiscint an linbh.

(3) Le linn cinneadh a dhéanamh i dtaobh an raibh tuismitheoir altrama nó gaol ag tabhairt aire do leanbh ar feadh na tréimhse a cheanglaítear le fo-alt (2)(a), déanfar neamhshuim d’aon bhearna, le linn na tréimhse sin, i suíomh an linbh mura rud é gur mó ná 30 lá an líon iomlán laethanta sa bhearna cibé acu is laethanta i ndiaidh a chéile atá i gceist nó nach ea.

(4) Ní bheidh feidhm ag ceanglas fho-alt (2)(d) maidir le toiliú ó thuismitheoir nó ó dhuine eile nó maidir le fógra a thabhairt do thuismitheoir nó do dhuine eile más rud é—

(a) gur deimhin leis an gcúirt go bhfuil sé nó sí ar iarraidh agus nach féidir le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte teacht air nó uirthi, nó

(b) go n-ordóidh an chúirt amhlaidh, ag féachaint do leas an linbh.

(5) Faoi réir aon choinníollacha nó srianta arna bhforchur faoi fho-alt (6), údarófar le hordú faoin alt seo don tuismitheoir altrama nó don ghaol dá ndeonaítear é—

(a) an rialú céanna a bheith aige nó aici ar an leanbh, thar ceann Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, a bheadh aige nó aici dá mba rud é gurb é nó í an tuismitheoir altrama nó an gaol tuismitheoir an linbh, agus

(b) cibé ní a dhéanamh atá réasúnach (faoi réir fhorálacha an Achta seo agus na rialachán atá i bhfeidhm de thuras na huaire faoin Acht seo), thar ceann Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, in imthosca uile an cháis chun sláinte, forbairt nó leas an linbh a choimirciú agus a chur chun cinn, agus go háirithe toiliú a thabhairt—

(i) maidir le haon scrúdú, cóireáil nó measúnú, de chineál liachta nó síciatrach, is gá i leith an linbh, agus

(ii) maidir le pas a eisiúint chuig an leanbh, nó saoráidí pas a sholáthar don leanbh, chun a chumasú don leanbh taisteal thar lear ar feadh tréimhse teoranta.

(6) Le linn di an t-ordú a dheonú, féadfaidh an chúirt aon choinníollacha nó srianta is cuí léi a fhorchur maidir leis an méid údaráis a bheidh ag an tuismitheoir altrama nó ag an ngaol dá ndeonaítear an t-ordú.

(7) Aon toiliú a thabharfaidh tuismitheoir altrama nó gaol de chuid an linbh de réir ordaithe faoin alt seo, is údarás leordhóthanach é chun scrúdú nó measúnú, de chineál liachta nó síciatrach, a dhéanamh, chun cóireáil liachta nó shíciatrach a sholáthar, chun pas a eisiúint nó chun saoráidí pas a sholáthar, de réir mar a bheidh.

(8) In éagmais toiliú dá dtagraítear i bhfo-alt (5) a bheith tugtha ag an tuismitheoir altrama nó ag an ngaol ar deonaíodh ordú faoin alt seo dó nó di, tá údarás ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte toiliú a thabhairt de réir alt 18(3) i ndáil leis an leanbh.

(9) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo nó in alt 18 mar ní a chuireann ó éifeacht aon toiliú a bheadh éifeachtach thairis sin de bhua alt 23 den Acht um Chionta Neamh-Mharfacha in aghaidh an Duine 1997.

(10) Maidir le haon socrú nó aon ordú atá i bhfeidhm faoi alt 37 maidir le rochtain ar an leanbh díreach sula ndeonaítear ordú faoin alt seo, leanfaidh sé de bheith i bhfeidhm, mura rud é, le linn an t-ordú a dheonú—

(a) i gcás socraithe faoi fho-alt (1) d’alt 37, go ndéanfaidh an chúirt ordú faoi fho-alt (2) den alt sin, nó

(b) i gcás ordaithe faoi fho-alt (2) nó (3) d’alt 37, go ndéanfaidh an chúirt an t-ordú sin a athrú nó a urscaoileadh.

(11) Ní dochar fo-alt (10) do dhlínse na cúirte ordú a dhéanamh, aon tráth, faoi alt 37 maidir le rochtain ar an leanbh nó ordú den sórt sin, lena n-áirítear ordú arna choimeád i bhfeidhm nó arna athrú de bhun an fho-ailt sin, a athrú nó a urscaoileadh.

(12) Ní dochar an t-alt seo agus alt 43B d’aon fhorálacha eile den Acht seo, nó d’aon fhorálacha de na rialacháin atá i bhfeidhm de thuras na huaire faoin Acht seo, ar forálacha iad lena sanntar feidhmeanna d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ar mhaithe le leas aon linbh atá faoi chúram.

(13) Chun críocha an ailt seo agus alt 43B, ciallaíonn ‘tráth iomchuí’—

(a) i ndáil le leanbh atá faoi chúram faoi alt 4, tráth díreach sular tógadh an leanbh faoi chúram faoin alt sin, agus

(b) i ndáil le leanbh atá faoi chúram faoi alt 18, tráth díreach sula ndearnadh ordú cúraim i ndáil leis an leanbh.

Ordú faoi alt 43A a athrú, a urscaoileadh nó a scor.

43B.— (1) Féadfaidh an chúirt ordú faoi alt 43A, nó aon choinníoll nó srian a ghabhann leis an ordú sin, a athrú nó a urscaoileadh tar éis iarratas a fháil ó aon duine de na daoine seo a leanas:

(a) Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte;

(b) tuismitheoir altrama nó gaol dár deonaíodh an t-ordú;

(c) tuismitheoir a bhfuil an leanbh lena mbaineann faoina choimeád nó faoina coimeád an tráth iomchuí;

(d) duine (seachas an tuismitheoir altrama nó an gaol dár deonaíodh an t-ordú) atá ag gníomhú in loco parentis don leanbh lena mbaineann;

(e) duine, i dtuairim na cúirte, ag a bhfuil leas bona fide sa leanbh lena mbaineann.

(2) Scoireann ordú faoi alt 43A d’éifeacht a bheith leis—

(a) má tá an leanbh lena mbaineann faoi chúram faoi alt 4, an tráth a théann an tuismitheoir nó an duine eile, a gceanglaítear ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte faoin alt sin aird a thabhairt ar a mhianta nó ar a mianta, i mbun chúram an linbh arís,

(b) más tá an leanbh lena mbaineann ina ábhar nó ina hábhar d’ordú cúraim, an tráth a dhéantar an t-ordú cúraim a urscaoileadh faoi alt 22 nó an tráth a scoireann sé d’éifeacht a bheith leis faoi alt 44(2),

(c) más rud é, de réir alt 43 agus rialachán arna ndéanamh ag an Aire, go ndéantar an leanbh lena mbaineann a aistriú ó choimeád an tuismitheora altrama nó an ghaoil dár deonaíodh an t-ordú faoi alt 43A, láithreach ar an leanbh a aistriú,

(d) má iarrann an tuismitheoir altrama nó an gaol dár deonaíodh an t-ordú faoi alt 43A ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an leanbh lena mbaineann a aistriú óna choimeád nó óna coimeád, an tráth a dhéantar an leanbh a aistriú de réir na hiarrata, nó

(e) an tráth a shlánaíonn an leanbh 18 mbliana d’aois nó an tráth a phósann sé nó sí,

cibé acu is túisce.”.

Alt nua a chur in ionad alt 49 den Phríomh-Acht.

5 .— Aisghairtear alt 49 (arna leasú le hítim 54 de Chuid 6 de Sceideal 7 a ghabhann leis an Acht Sláinte 2004) den Phríomh-Acht agus cuirtear an t-alt seo a leanas ina ionad:

“Mínithe do Chuid VII.

49.— Sa Chuid seo—

ciallaíonn ‘duine údaraithe’ duine arna cheapadh nó arna ceapadh faoi alt 54 mar dhuine údaraithe chun críocha na Coda seo;

ciallaíonn ‘leanbh réamhscoile’—

(a) leanbh nach bhfuil sé bliana d’aois slánaithe aige nó aici, agus

(b) leanbh nach bhfuil ag freastal—

(i) ar scoil, nó

(ii) ar bhunachas a sholáthraíonn clár oideachais atá comhchosúil le clár oideachais arna sholáthar ag scoil;

ciallaíonn ‘seirbhís réamhscoile’ aon réamhscoil, grúpa súgartha, naíolann lae, creis, seirbhís cúraim lae nó seirbhís eile den tsamhail chéanna a fhónann do leanaí réamhscoile, lena n-áirítear seirbhísí a fhaigheann cabhair deontais ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte;

ciallaíonn ‘scoil’ bunachas—

(a) a sholáthraíonn bunoideachas dá cuid mac léinn,

(b) a sholátharaíonn oideachas luathóige, nó

(c) a sholáthraíonn bunoideachas dá cuid mac léinn mar aon le hoideachas luathóige;

ciallaíonn ‘leanbh aoise scoile’ leanbh atá ag freastal ar sheirbhís aoise scoile;

ciallaíonn ‘seirbhís aoise scoile’ seirbhís cúraim leanaí—

(a) a sholáthraítear ar bhonn rialta do leanaí (nó d’aicme leanaí)—

(i) a fhreastalaíonn ar scoil, nó

(ii) a fhreastalaíonn ar bhunachas a sholáthraíonn clár oideachais atá comhchosúil le clár oideachais arna sholáthar ag scoil;

(b) a sholáthraítear lasmuigh de ghnáthuaireanta scoile, agus

(c) a dhéantar an bonn ar dá réir a fhaightear rochtain uirthi a chur in iúl go poiblí do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí leanaí dá dtagraítear i mír (a).”.

Leasú ar alt 50 den Phríomh-Acht.

6 .— Leasaítear alt 50 (arna leasú le hítim 55 de Chuid 6 de Sceideal 7 a ghabhann leis an Acht Sláinte 2004) den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1), trí “nó leanaí aoise scoile” a chur isteach i ndiaidh “réamhscoile”,

(b) i bhfo-ailt (2)(a) agus (c) agus (3)(a), (b) agus (c), trí “nó seirbhísí aoise scoile” a chur isteach i ndiaidh “réamhscoile”, agus

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) Amhail ar agus ó thosach feidhme alt 13 den Acht um Chúram Leanaí (Leasú) 2007, féadfar rialacháin a dhéanamh faoin alt seo ar rialacháin iad a mbeidh feidhm acu maidir le daoine a thagann faoi réim alt 58(2) (arna chur isteach leis an alt 13 sin).”.

Leasú ar alt 51 den Phríomh-Acht.

7 .— Leasaítear alt 51 (arna ionadú le hítim 56 de Chuid 6 de Sceideal 7 a ghabhann leis an Acht Sláinte 2004) den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2)—

“(3) Déanfaidh duine a bhfuil seirbhís aoise scoile á seoladh aige nó aici tráth thosach feidhme an fho-ailt seo fógra a thabhairt ar an modh forordaithe d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

(4) Déanfaidh aon duine a bheartaíonn, tar éis thosach feidhme fho-alt (3), seirbhís aoise scoile a sheoladh fógra a thabhairt ar an modh forordaithe d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.”.

Leasú ar alt 52 den Phríomh-Acht.

8 .— Leasaítear alt 52 den Phríomh-Acht—

(a) trí “nó seirbhís aoise scoile” a chur isteach i ndiaidh “seirbhís réamhscoile”, agus

(b) trí “ar an tseirbhís” a scriosadh agus “ar an tseirbhís réamhscoile nó leas leanaí aoise scoile a fhreastalaíonn ar an tseirbhís aoise scoile, de réir mar a bheidh,” a chur ina ionad.

Leasú ar alt 53 den Phríomh-Acht.

9 .— Leasaítear alt 53 (arna leasú le hítim 57 de Chuid 6 de Sceideal 7 a ghabhann leis an Acht Sláinte 2004) den Phríomh-Acht trí “nó ar gach seirbhís aoise scoile” a chur isteach i ndiaidh “ar gach seirbhís réamhscoile”.

Leasú ar alt 55 den Phríomh-Acht.

10 .— Leasaítear alt 55 (arna leasú le hítim 59 de Chuid 6 de Sceideal 7 a ghabhann leis an Acht Sláinte 2004) den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-ailt (1) agus (2), trí “nó seirbhís aoise scoile” a chur isteach i ndiaidh “seirbhís réamhscoile”, agus

(b) i bhfo-alt (3), trí “nó na leanaí aoise scoile” a chur isteach i ndiaidh “na leanaí réamhscoile”.

Leasú ar alt 56 den Phríomh-Acht.

11 .— Leasaítear alt 56 (arna leasú le hítim 60 de Chuid 6 de Sceideal 7 a ghabhann leis an Acht Sláinte 2004) den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-ailt (1) agus (2), trí “nó seirbhísí aoise scoile” a chur isteach i ndiaidh “seirbhísí réamhscoile”, agus

(b) i bhfo-alt (3), trí “nó faoi sheirbhísí aoise scoile” a chur isteach i ndiaidh “faoi sheirbhísí réamhscoile”.

Leasú ar alt 57 den Phríomh-Acht.

12 .— Leasaítear alt 57(2) den Phríomh-Acht trí “nó seirbhís aoise scoile, nó iad araon,” a chur isteach i ndiaidh “seirbhís réamhscoile”.

Alt nua a chur in ionad alt 58 den Phríomh-Acht.

13 .— Aisghairtear alt 58 den Phríomh-Acht agus cuirtear an t-alt seo a leanas ina ionad:

“Díolúintí.

58.— (1) Ní bheidh feidhm ag rialacháin faoi alt 50 ná ag ailt 51 go 57 maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) cúram linbh amháin nó níos mó a ghlactar ar láimh ag gaol de chuid an linbh nó na leanaí nó ag céile an ghaoil sin, nó

(b) duine a thugann cúram do leanbh amháin nó níos mó ón teaghlach céanna agus ní do leanaí ar bith eile den sórt sin (seachas leanaí de chuid an duine sin féin) i dteach cónaithe an duine sin.

(2) Ní bheidh feidhm ag ailt 51 go 57 maidir le duine a bhfuil cúram á thabhairt aige nó aici do líon leanaí nach mó ná 5, nach gceadaítear níos mó ná 3 díobh a bheith ina leanaí réamhscoile, ó theaghlaigh éagsúla (ach gan leanaí de chuid an duine sin féin a chur san áireamh) i dteach cónaithe an duine sin.

(3) San alt seo, ciallaíonn ‘leanbh’ duine nach bhfuil aois 18 mbliana slánaithe aige nó aici.”.