An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 3 Leasuithe ar an Acht um Chaomhnú Fostaíochta 1977 ) Ar Aghaidh ( CUID 5 Leasuithe ar an Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1971 )

27 2007

An tAcht um Chaomhnú Fostaíochta (Comhiomarcaíochtaí Eisceachtúla agus Nithe Gaolmhara) 2007

CUID 4

Leasuithe ar an Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1967

Leasú ar alt 2 (léiriú) den Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1967.

14 .— Leasaítear alt 2 den Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1967 i bhfo-alt (1) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “an tAire”:

“ciallaíonn ‘Aire’ an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta;”.

Leasú ar alt 4 (na haicmí daoine lena mbaineann an tAcht seo) den Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1967.

15 .— Leasaítear alt 4 den Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1967 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Faoi réir an ailt seo agus alt 47, beidh feidhm ag an Acht seo maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) fostaithe a fhostaítear i bhfostaíocht atá inárachaithe le haghaidh gach sochair faoin Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005,

(b) fostaithe a bhí ar fostú amhlaidh san fhostaíocht sin i gcaitheamh na tréimhse ceithre bliana dar chríoch dáta na fostaíochta a fhoirceannadh, agus

(c) fostaithe a bhfuil 66 bliana d’aois slánaithe acu agus atá i bhfostaíocht ab inárachaithe i gcomhair gach sochair faoin Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005 murach—

(i) an aois sin a bheith slánaithe acu, nó

(ii) gur fostaíocht eiscthe í an fhostaíocht lena mbaineann de bhíthin mhír 2, 4 nó 5 de Chuid 2 de Sceideal 1 a ghabhann leis an Acht sin.”.

Leasú ar alt 7 (ceart ginearálta chun íocaíochta iomarcaíochta) den Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1967.

16 .— Leasaítear an tAcht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1967 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Chun críocha fho-alt (1), maidir le fostaí a dhífhostófar, ní mheasfar é nó í a bheith dífhostaithe de bhíthin iomarcaíochta más rud é—

(a) gur aon cheann amháin é an dífhostú de roinnt dífhostuithe arb ionann is comhiomarcaíochtaí iad, i dteannta a chéile, mar atá mhínithe in alt 6 den Acht um Chaomhnú Fostaíochta 1977,

(b) go ndearnadh na dífhostuithe lena mbaineann ar bhonn éigeantach,

(c) gur cuireadh na daoine seo a leanas, nó go bhfuiltear chun na daoine seo a leanas a chur, in ionad na bhfostaithe dífhostaithe, san áit chéanna nó in áit eile sa Stát (ach amháin i gcás go bhfuil oibríocht láithreach a bhfuil téarmaí agus coinníollacha bunaithe ag baint léi ag an bhfostóir)—

(i) daoine eile atá, nó atá le bheith, ar fostú go díreach ag an bhfostóir, nó

(ii) daoine eile a soláthraítear a gcuid seirbhísí don fhostóir sin de bhun socruithe eile, nó a bhfuiltear chun a gcuid seirbhísí a sholáthar amhlaidh,

(d) go gcomhlíonann, nó go gcomhlíonfaidh, na daoine eile sin na feidhmeanna céanna go bunúsach a chomhlíon na fostaithe dífhostaithe, agus

(e) go bhfuil téarmaí agus coinníollacha fostaíochta na ndaoine eile sin níos measa go hábhartha ná téarmaí agus coinníollacha fostaíochta na bhfostaithe dífhostaithe, nó go bhfuil siad le bheith amhlaidh.”.

Leasú ar alt 38 (breitheanna oifigeach breithiúnachta) den Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1967.

17 .— Leasaítear alt 38 den Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1967 i bhfo-alt (1) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (a) go (f):

“(a) i dtaobh cé hé nó cé hí an fostóir ag fostaí,

(b) i ndáil leis na nithe seo a leanas a íoc as an gCiste Árachais Shóisialaigh—

(i) lacáistí d’fhostóirí faoi alt 29, nó

(ii) cnapshuimeanna le fostaithe faoi alt 32,

(c) i dtaobh cibé nithe eile a éiríonn faoin Acht seo agus a fhorordófar,”.

Leasú ar alt 39 (An Binse Achomhairc Iomarcaíochta agus achomhairc agus tarchur chuige) den Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1967.

18 .— Leasaítear alt 39 den Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1967 i bhfo-alt (16) trí “sa tslí fhorordaithe” a scriosadh.

Tuilleadh leasuithe (pionóis) ar an Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1967.

19 .— Leasaítear an tAcht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1967 i ngach foráil dá chuid a shonraítear sa Tábla a ghabhann leis an alt seo tríd an méid a a shonraítear i gcolún (3) den Tábla sin a chur in ionad an méid a shonraítear i gcolún (2) den Tábla sin os coinne uimhir na forála lena mbaineann.

AN TÁBLA

(1)

(2)

(3)

An fhoráil

Le scriosadh

Le cur ina ionad

Alt 17(3)

€3,000

€5,000

Alt 18(4)

€3,000

€5,000

Alt 36(3)

€3,000

€5,000

Alt 39(17)(e)

£150

€5,000