Ar Aghaidh (SCEIDEAL 1 Reachtanna a Choimeádtar)

28 2007

/images/harp.jpg


Uimhir 28 de 2007


AN tACHT UM ATHCHÓIRIÚ AN DLÍ REACHTÚIL 2007

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

1 . Mínithe.

2 . Athchóiriú an dlí reachtúil i gcoitinne, aisghairm agus cosaint.

3 . Aisghairm shonrach.

4 . Gearrtheidil a shannadh.

5 . Leasú ar an Short Titles Act 1896.

6 . Leasú ar an Acht um Ghearrtheidil 1962.

7 . Leasuithe ilghnéitheacha ar ghearrtheidil iar-1800.

8 . Fianaise ar sheanreachtanna áirithe, etc.

9 . Cosaint.

10 . Gearrtheideal agus comhlua.

SCEIDEAL 1

Reachtanna a Choimeádtar

CUID 1

Reachtanna Éireannacha Réamh-Aontachta 1169 go 1800

CUID 2

Reachtanna Shasana 1066 go 1706

CUID 3

Reachtanna na Breataine Móire 1707 go 1800

CUID 4

Reachtanna Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann 1801 go 1922

SCEIDEAL 2

Reachtanna a Aisghairtear go Sonrach

CUID 1

Reachtanna Éireannacha Réamh-Aontachta 1169 go 1800

CUID 2

Reachtanna Shasana 1066 go 1706

CUID 3

Reachtanna na Breataine Móire 1707 go 1800

CUID 4

Reachtanna Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann 1801 go 1922


Na hAchtanna dá dTagraítear

Bill of Rights 1688

1 Will. & Mary, Sess. 2. c.2

Documentary Evidence Act 1868

31 & 32 Vict., c. 37

Documentary Evidence Act 1882

45 & 46 Vict., c. 9

Dower Act, 1297

25 Edw. 1, Magna Carta, c. 7

Drainage and Improvement of Lands Supplemental Act (Ireland) (No. 2) 1867

31 & 32 Vict., c. 3

Dublin Hospitals Regulation Act 1856

19 & 20 Vict., c. 110

Evidence Act 1845

8 & 9 Vict., c. 113

Forfeiture Act 1639

15 Chas., 1. c.3

General Pier and Harbour Act 1861 Amendment Act 1862

25 & 26 Vict., c. 19

Government of Ireland Act 1920

10 & 11 Geo. 5, c. 67

An tAcht Léiriúcháin 2005

2005, Uimh. 23

Irish Free State (Agreement) Act 1922

12 & 13 Geo. 5, c. 4

Land Transfer (Ireland) Act 1848

11 & 12 Vict., c. 120

Leasing Powers for Religious Worship in Ireland Act 1855

18 & 19 Vict., c. 39

An tAcht Rialtais Áitiúil 2001

2001, Uimh. 37

Magna Carta (Obstructing of Rivers) 1297

25 Edw. 1, Magna Carta, c. 16

Medical Act 1858

21 & 22 Vict., c. 90

Railways Traverse Act 1868

31 & 32 Vict., c. 70

Renewable Leasehold Conversion Act 1849

12 & 13 Vict., c. 105

Short Titles Act 1896

59 & 60 Vict., c. 14

An tAcht um Ghearrtheidil 1962

1962, Uimh. 5

Statute of Conspiracy (Maintenance and Champerty)

Reachtanna dar dáta éiginnte. Stat. de Consp.

Statutes of the Exchequer (Distress)

Reachtanna dar dáta éiginnte. Les Estatuz del Eschekere, forálacha Distr’. sc’cii. idir cc. 13 agus 14

Statute Quia Emptores, 1290

18 Edw. 1, Stat. d’ni R. de t’ris, & c.

/images/harp.jpg


Uimhir 28 de 2007


AN tACHT UM ATHCHÓIRIÚ AN DLÍ REACHTÚIL 2007

[An tiontú oifigiúil]

DO CHUR ATHCHÓIRIÚ AN DLÍ REACHTÚIL CHUN CINN TRÍ REACHTANNA ÁIRITHE A AISGHAIRM A ACHTAÍODH ROIMH 6 NOLLAIG 1922 AGUS A bhFUIL SCORTHA ACU D’ÉIFEACHT A BHEITH LEO NÓ ATÁ ÉIRITHE NEAMHRIACHTANACH, TRÍ NA REACHTANNA SIN A SHAINAITHINT AR DE CHINEÁL POIBLÍ AGUS GINEARÁLTA GO PRÍOMHA IAD AGUS A ACHTAÍODH AMHLAIDH ACH NACH bhFUIL Á nAISGHAIRM LEIS AN ACHT SEO, TRÍ GHEARRTHEIDIL A SHANNADH DO REACHTANNA ÁIRITHE D’FHONN A LUA A ÉASCÚ AGUS TRÍ REACHTANNA ÁIRITHE A LEASÚ A MHÉID A BHAINEANN SIAD LE GEARRTHEIDIL, DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE FIANAISE PRIMA FACIE A THABHAIRT AR REACHTANNA ÁIRITHE, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA.

[8 Bealtaine, 2007]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1 .— San Acht seo, folaíonn “reacht”, i gcás ina gceadaíonn an comhthéacs é, ordú ríoga, cairt nó doiciméad den tsamhail chéanna—

(a) ar de chineál poiblí agus ginearálta é nó í, agus

(b) a ndéantar, de bhua a sheandachta nó a seandachta, agus de bhua go ndearnadh é nó í a dheonú nó a dhéanamh ar shlí eile sula ndearnadh an córas parlaiminteach a fhorbairt nó le linn an córas parlaiminteach a fhorbairt, aird bhreithiúnach a thabhairt air nó uirthi mar ní lena ngabhann feidhm agus éifeacht achta parlaiminte.

Athchóiriú an dlí reachtúil i gcoitinne, aisghairm agus cosaint.

2 .— (1) Faoi réir fho-alt (2), aisghairtear gach reacht a achtaíodh roimh an 6 Nollaig 1922 agus atá i bhfeidhm sa Stát díreach roimh an Acht seo a rith.

(2) Ní bhaineann fo-alt (1) leis na nithe seo a leanas—

(a) na reachtanna a shonraítear i Sceideal 1,

(b) aon reacht a achtaíodh roimh an 6 Nollaig 1922, agus a bhí i bhfeidhm sa Stát díreach roimh an Acht seo a rith is reacht—

(i) a achtaíodh mar Acht príobháideach, nó a foilsíodh in aon sraith oifigiúil Achtanna príobháideacha (cibé cuma ina dtuairiscítear í), nó

(ii) a achtaíodh mar Acht áitiúil nó mar Acht pearsanta, nó a foilsíodh in aon sraith oifigiúil Achtanna áitiúla nó pearsanta (cibé cuma ina dtuairiscítear í),

seachas i gcás an reacht sin a bheith leagtha amach i Sceideal 2, nó

(c) gan dochar d’alt 27 den Acht Léiriúcháin 2005 agus d’alt 9, aon chosaint, nó aon ní idirthréimhseach nó leanúnach, dá bhforáiltear i leith reachta a aisghaireadh le haon achtachán, nó faoi aon achtachán, a ritheadh roimh an Acht seo a rith.

(3) D’ainneoin fho-alt (2)(a), aisghairtear na forálacha seo a leanas den Bill of Rights 1688:

(a) an Réamhaithris go léir go dtí na focail “Upon which Letters Election haveing beene accordingly made.”;

(b) an seachtú mír i ndiaidh na bhfocal “for the Vindicating and Asserting their auntient Rights and Liberties, Declare”;

(c) na focail go léir ó “And they doe Claime Demand and Insist” go dtí alt 2 ach gan alt 2 a áireamh.

Aisghairm shonrach.

3 .— (1) Ar mhaithe le háis tagartha agus chun na críche dá dtagraítear in alt 2 (2)(b), leagtar amach i Sceideal 2 liosta reachtanna a achtaíodh roimh an 6 Nollaig 1922 is reachtanna—

(a) nach raibh aisghairthe go hiomlán roimh an Acht seo a rith, agus

(b) nach ndéantar iad a chosaint de bhua alt 2 (2),

agus chun críocha an fho-ailt seo folaíonn “aisghairthe go hiomlán” reacht lena mbaineann alt 2 (2)(c).

(2) Más rud é, maidir le reacht, seachas reacht lena mbaineann mír (a)(b) d’alt 2(2), nach ndéantar tagairt dó i Sceideal 2, ní ionann sin is a rá go ndéantar an reacht sin a chosaint nó a choimeád i bhfeidhm chun aon chríche seachas an chríoch dá bhforáiltear le halt 2(2)(c) nó dá dtagraítear in alt 2 (2)(c).

(3) Ní mheasfar gur fianaise é go raibh feidhm iomlán ag reacht, agus go raibh éifeacht iomlán leis, díreach roimh an Acht seo a rith, an reacht a bheith san áireamh i Sceideal 2.

Gearrtheidil a shannadh.

4 .— I leith gach reachta a luaitear sa chéad cholún de Chuid 1, 2, 34 de Sceideal 1, féadfar, maidir le gach reacht díobh—

(a) é a lua faoin ngearrtheideal (más ann) a shanntar dó sa cheathrú colún den Chuid lena mbaineann os coinne lua an reachta sin sa chéad cholún, nó

(b) leanúint de bheith á lua faoina ghearrtheideal (más ann) dá dtagraítear sa tríú colún den Chuid lena mbaineann os coinne lua an reachta sin sa chéad cholún.

Leasú ar an Short Titles Act 1896.

5 .— Leasaítear an Short Titles Act 1896 sa Chéad Sceideal—

(a) trí “1688” a chur isteach i ndiaidh “Bill of Rights” sa tríú colún os coinne an lua “1 Will. & Mary, Sess. 2. c. 2.” sa chéad cholún, agus

(b) trí “Act 1848” a chur isteach i ndiaidh “Land Transfer (Ireland)” sa tríú colún os coinne an lua “11 & 12 Vict. c. 120.” sa chéad cholún.

Leasú ar an Acht um Ghearrtheidil 1962.

6 .— Leasaítear an tAcht um Ghearrtheidil 1962—

(a) sa Chéad Sceideal, trí “1639 15 Chas. 1. c. 3” a chur in ionad “1639 15 Chas. 1. seis. 2. c. 3” sa chéad cholún,

(b) sa Dara Sceideal—

(i) i gCuid I—

(I) trí “Reachtanna dar dáta éiginnte. Les Estatuz del Eschekere, forálacha Distr’. sc’cii. idir cc. 13 agus 14” chur in ionad “1266 51 Hen. 3 (Statutes of the Exchequer ; an dáta éiginnte). sts. 4, 5” sa chéad cholún, agus

(II) trí “Statute of the Exchequer (Distress)” a chur in ionad “An tAcht Tochsail, 1266” sa tríú colún,

(ii) i gCuid IV—

(I) trí “Stat. d’ni R. de t’ris, & c.” a chur in ionad “(Statute of Westminster the Third). cc. 1, 2.” sa chéad cholún os coinne na tagartha do “Reacht Quia Emptores, 1290” sa tríú colún, agus

(II) trí “25 Edw. 1 (Magna Carta). c. 7” a chur in ionad “25 Edw. 1. c. 7” sa chéad cholún,

agus

(iii) i gCuid VI, i leith na tagartha seisiúin agus caibidle “25 Edw. 1. c. 16” sa chéad cholún agus i leith an ghearrtheidil sa tríú colún os coinne na tagartha sin—

(I) trí “(Magna Carta)” a chur isteach i ndiaidh “25 Edw. 1.” sa chéad cholún, agus

(II) trí “Magna Carta (Obstructing of Rivers) 1297” a chur in ionad “Magna Carta, 1297” sa tríú colún os coinne na tagartha sin,

agus

(c) sa Tríú Sceideal—

(i) trí “Reacht dar dáta éiginnte, Stat. de Consp.” a chur in ionad “1305 33 Edw. 1 (Statute of Champerty, nó Statute de Conspiratoribus; an dáta éiginnte)”

(ii) trí “An tAcht um Chomhcheilg (Claonchothú agus Campháirtíocht)” a chur in ionad “An tAcht um Champháirtíocht, 1305” sa tríú colún.

Leasuithe ilghnéitheacha ar ghearrtheidil iar-1800.

7 .— (1) Aon Acht dá dtagraítear sa Tábla a ghabhann leis an alt seo faoi threoir a bhliana, a sheisiúin agus a chaibidle sa chéad cholún agus faoi threoir a ghearrtheidil sa dara colún, leasaítear é a mhéid dá bhforáiltear sa tríú colún os coinne lua an Achta lena mbaineann. Mar áis tagartha, tá an gearrtheideal nua le haghaidh an Achta lena mbaineann leagtha amach sa cheathrú colún os coinne lua an Achta sin.

(2) Ní dhéanfar aon ní san alt seo nó sna leasuithe a dhéantar leis a léamh mar ní a dhéanann difear do lua Achta faoina ghearrtheideal mar atá leagtha amach sa dara colún den tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

Bliain, seisiún agus caibidil

An gearrtheideal

An leasú

An gearrtheideal nua

1849 (12 & 13 Vict.) c. 105

Renewable Leasehold Conversion Act

In alt 39, tríd an méid seo a leanas a chur isteach ag deireadh an ailt sin:

“This Act may also be cited as the Renewable Leasehold Conversion Act 1849 and references in this section to the Renewable Leasehold Conversion Act shall be read as including, as an alternative, a reference to the Renewable Leasehold Conversion Act 1849”.

Renewable Leasehold Conversion Act 1849

1855 (18 & 19 Vict.) c. 39

Leasing Powers Act for Religious Worship in (Ireland) 1855

In alt 2, trí “Leasing Powers for Religious Worship in Ireland Act 1855” a chur in ionad “Leasing Powers Act for Religious Worship in (Ireland) 1855”.

Leasing Powers for Religious Worship in Ireland Act 1855

1856 (19 & 20 Vict.) c. 110

Dublin Hospitals Regulation Act

In alt 1, trí “Dublin Hospitals Regulation Act 1856” a chur in ionad “Dublin Hospitals Regulation Act”.

Dublin Hospitals Regulation Act 1856

1858 (21 & 22 Vict.) c. 90

Medical Act

In alt 1, trí “Medical Act 1858” a chur in ionad “Medical Act”.

Medical Act 1858

1862 (25 & 26 Vict.) c. 19

General Pier and Harbour Act, 1861, Amendment Act

In alt 1, trí “General Pier and Harbour Act 1861 Amendment Act 1862” a chur in ionad “General Pier and Harbour Act, 1861, Amendment Act”.

General Pier and Harbour Act 1861 Amendment Act 1862

Bliain, seisiún agus caibidil

An gearrtheideal

An leasú

An gearrtheideal nua

1867 (31 & 32 Vict.) c. 3

Drainage and Improvement of Lands Supplemental Act (Ireland) 1867

In alt 3, trí “Drainage and Improvement of Lands Supplemental Act (Ireland) (No. 2) 1867” a chur in ionad “Drainage and Improvement of Lands Supplemental Act (Ireland) 1867”.

Drainage and Improvement of Lands Supplemental Act (Ireland) (No. 2) 1867

1868 (31 & 32 Vict.) c. 70

Railways Traverse Act

In alt 1, trí “Railways Traverse Act 1868” a chur in ionad “Railways Traverse Act”.

Railways Traverse Act 1868

Fianaise ar sheanreachtanna áirithe, etc.

8 .— (1) I dteannta fhorálacha an Evidence Act 1845, an Documentary Evidence Act 1868 agus an Documentary Evidence Act 1882 (a mhéid a bhaineann siad leis na foilseacháin sin ina dhiaidh seo), féadfar fianaise prima facie ar reacht a thabhairt i ngach cúirt agus i ngach imeacht dlíthiúil—

(a) trí chóip den reacht arna fhoilsiú i gceann de na foilseacháin seo a leanas a thabhairt ar aird:

(i) the Historic and Municipal Documents of Ireland, 1172 to 1320, arna fhoilsiú sa bhliain 1870 le húdarás ó na Lords Commissioners of Her Majesty’s Treasury, faoi stiúradh an Master of the Rolls (dá ngairtear “H.M.D.I.” sna Sceidil);

(ii) the Calendar of Documents relating to Ireland, 1171 to 1251, arna fhoilsiú sa bhliain 1875 le húdarás ó na Lords Commissioners of Her Majesty’s Treasury, faoi stiúradh an Master of the Rolls (dá ngairtear “C.D.I. vol. 1” sna Sceidil);

(iii) the Calendar of Documents relating to Ireland, 1252 to 1284, arna fhoilsiú sa bhliain 1877 le húdarás ó na Lords Commissioners of Her Majesty’s Treasury, faoi stiúradh an Master of the Rolls (dá ngairtear “C.D.I. vol. 2” sna Sceidil);

(iv) the Calendar of Documents relating to Ireland, 1285 to 1292, arna fhoilsiú sa bhliain 1879 le húdarás ó na Lords Commissioners of Her Majesty’s Treasury, faoi stiúradh an Master of the Rolls (dá ngairtear “C.D.I. vol. 3” sna Sceidil);

(v) the Calendar of Documents relating to Ireland, 1293 to 1301, arna fhoilsiú sa bhliain 1881 le húdarás ó na Lords Commissioners of Her Majesty’s Treasury, faoi stiúradh an Master of the Rolls (dá ngairtear “C.D.I. vol. 4” sna Sceidil);

(vi) the Calendar of Documents relating to Ireland, 1302 to 1307, arna fhoilsiú sa bhliain 1886 le húdarás ó na Lords Commissioners of Her Majesty’s Treasury, faoi stiúradh an Master of the Rolls (dá ngairtear “C.D.I. vol. 5” sna Sceidil);

(vii) Reachtanna agus ordanáis, agus achtanna Pharlaimint na hÉireann, Ríthe John go Henry V (arb é an chéad imleabhar é den Irish Record Office Series of Early Statutes) arna fhoilsiú sa bhliain 1907 faoi údarás ó na Lords Commissioners of His Majesty’s Treasury faoi stiúradh an Master of the Rolls (dá ngairtear “P.R.O. vol. 1” sna Sceidil);

(viii) rollaí Reachtanna Pharlaimint na hÉireann, réimeas Henry a Sé (arb é an dara himleabhar é den Irish Record Office Series of Early Statutes) arna fhoilsiú sa bhliain 1910 faoi údarás ó na Lords Commissioners of His Majesty’s Treasury faoi stiúradh an Master of the Rolls (dá ngairtear “P.R.O. vol. 2” sna Sceidil);

(ix) rollaí Reachtanna pharlaimint na hÉireann, 1ú go 12ú bliain de réimeas Rí Edward VI (arb é an tríú himleabhar é den Irish Record Office Series of Early Statutes) arna fhoilsiú sa bhliain 1914 faoi údarás ó na Lords Commissioners of His Majesty’s Treasury, faoi stiúradh an Master of the Rolls in Éirinn (dá ngairtear “P.R.O. vol. 3” sna Sceidil);

(x) rollaí Reachtanna pharlaimint na hÉireann, 12ú agus 13ú go 21ú agus 22ú bliain de réimeas Rí Edward IV (arb é an ceathrú himleabhar é den Irish Record Office Series of Early Statutes) arna fhoilsiú sa bhliain 1939 faoi údarás ón Aire Airgeadais agus faoi stiúradh an Aire Dlí agus Cirt (dá ngairtear “P.R.O. vol. 4” sna Sceidil);

(xi) rollaí Reachtanna na Parlaiminte Éireannaí, Richard III go Henry VIII (arb é an cúigiú himleabhar é den tsraith seanreachtanna Éireannacha) arna fhoilsiú sa bhliain 2002 ag Cartlann Náisiúnta na hÉireann (dá ngairtear “P.R.O. vol. 5” sna Sceidil);

(b) trí chóip arna tógáil as an gcóip den reacht arna fhoilsiú in aon fhoilseachán dá dtagraítear i mír (a) a thabhairt ar aird, i gcás ina bhfuil an chóip arna tógáil amhlaidh deimhnithe ag oifigeach de chuid institiúide sonraithe mar chóip dhílis chruinn den reacht mar atá sé san fhoilseachán lena mbaineann; agus déanfar aon doiciméad a airbheartaíonn a bheith ina chóip arna tógáil amhlaidh (cibé slí ina sonrófar í) a ghlacadh i bhfianaise gan chruthúnas ar phost oifigiúil nó ar lámhscríbhneoireacht an duine a shíníonn an deimhniú, nó ar a údarás nó a húdarás chun déanamh amhlaidh.

(2) (a) I bhfo-alt (1)(b), ciallaíonn “institiúid shonraithe” Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, nó cibé leabharlann nó cartlann eile a ainmneoidh an Taoiseach i scríbhinn faoi mhír (b).

(b) Féadfaidh an Taoiseach leabharlann nó cartlann a ainmniú chun críocha an ailt seo agus, ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt leis an ainmniú, measfar ant-ainmniú a bheith déanta i leith na bhfoilseachán go léir dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(a). Féadfar ainmniú faoin mhír seo a chúlghairm.

(c) Déanfar fógra faoi ainmniú a dhéanamh faoi mhír (b) nó faoi chúlghairm a dhéanamh faoin mír sin a fhoilsiú san Iris Oifigiúil a luaithe is indéanta tar éis é nó í a dhéanamh.

(3) Féadfaidh institiúid shonraithe muirear nó muirir a fhorchur chun íoc as na costais a thabhaíonn sí le linn cóip de reacht a sholáthar faoin alt seo, lena n-áirítear costais a bhaineann leis an gcóip den reacht a aisghabháil agus a chóipeáil ón bhfoilseachán lena mbaineann agus leis an gcóip sin a sheiceáil agus a dheimhniú.

Cosaint.

9 .— (1) Ní dhéanann an tAcht seo difear d’aon phrionsabal nó riail dlí nó cothromais atá ann faoi láthair ná d’aon dlínse, foirm nó cúrsa pléadála, cleachtas nó nós imeachta atá bunaithe, ná d’aon iontaobhas láithreach, d’ainneoin é nó í a bheith, ar aon slí, tagtha ó aon reacht a aisghairtear leis an Acht seo nó sonraithe nó aitheanta le haon reacht den sórt sin.

(2) (a) Maidir leis an aisghairm a dhéantar leis an Acht seo—

(i) ní dhéanann sí difear d’aon chomhlacht do leanúint de bheith ar marthain is comhlachta a bhí ar marthain díreach roimh an Acht seo a rith nó a corpraíodh (nó a bunaíodh ar shlí eile), a daingníodh nó a athbheodh trí chairt nó litir phaitinne a dheonú, agus

(ii) ní dhéanann sí difear don chairt nó don litir phaitinne sin, a mhéid atá sí ar marthain amhlaidh, mar aon le haon leasú ar chairt nó litir phaitinne den sórt sin atá ar marthain agus arna deonú amhlaidh nó arna déanamh go cuí ar shlí eile faoi aon le haon achtachán nó faoi nó eile.

(b) Ní léifear aon ní san Acht seo mar ní a dhéanann difear d’alt 11(16) den Acht Rialtais Áitiúil 2001.

(3) I gcás aon reachta nach n-aisghairtear leis an Acht seo a bheith curtha i bhfeidhm, daingnithe, athbheoite nó buanaithe le reacht aisghairthe, ní dhéanann an aisghairm difear don chur i bhfeidhm, don daingniú, don athbheochan ná don bhuanú sin.

(4) (a) Ní dhéanann aisghairm an Government of Ireland Act 1920 leis an Acht seo difear d’aon Ordú i gComhairle arna dhéanamh faoin Acht sin agus lena n-oiriúnaítear tagairtí in achtachán, nó in aon chuid den achtachán sin, atá i bhfeidhm fós tráth rite an Achta seo agus lena mbaineann an t-oiriúnú.

(b) Ní dhéanann aisghairm an Achta um Shaorstát Éireann (Socrú) 1922 leis an Acht seo difear d’aon Ordú i gComhairle arna dhéanamh faoin Acht sin agus lena modhnaítear agus lena n-oiriúnaítear tagairtí in achtachán, nó in aon chuid den achtachán sin, atá i bhfeidhm fós tráth rite an Achta seo agus lena mbaineann an modhnú agus an t-oiriúnú.

Gearrtheideal agus comhlua.

10 .— (1) Féadfar an tAcht um Athchóiriú an Dlí Reachtúil 2007 a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Ghearrtheidil 1896 go 2007 a ghairm den Short Titles Act 1896, den Acht um Ghearrtheidil 1962, d’ailt 4 go 7, den fho-alt seo agus, a mhéid a bhaineann sé le halt 4, de Sceideal 1 le chéile.