An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 2 Leasú ar Achtacháin a Bhaineann le Bannaí ) Ar Aghaidh ( CUID 4 Tátail atá le Baint in Imthosca Áirithe )

29 2007

An tAcht um Cheartas Coiriúil 2007

CUID 3

Pianbhreith a Ghearradh

Léiriú (Cuid 3).

24 .— (1) Sa Chuid seo—

folaíonn “príosúnacht”—

(a) coinneáil i bhForas Naomh Pádraig,

(b) coinneáil in ait arna soláthar faoi alt 2 d’Acht na bPríosún 1970, agus

(c) coinneáil in ait arna sonrú faoi alt 3 d’Acht na bPríosún 1972,

agus déanfar “príosún” agus “pianbhreith príosúnachta” a fhorléiriú dá réir sin;

ciallaíonn “loghadh ó phianbhreith”, i ndáil leis an bpianbhreith a ghearrtar ar dhuine, loghadh a thuillfidh sé nó sí ón bpianbhreith sin faoi na rialacha nó faoin gcleachtas trína bhféadfaidh príosúnaigh i gcoitinne loghadh pianbhreithe a thuilleamh trí trí dhúthracht agus dea-iompar.

(2) Sa Chuid seo, folóidh tagairtí do chion a shonraítear i Sceideal 2

(a) tagairtí do pháirteachas mar chúlchoirí de chuid duine a dhéanann cion den sórt sin, agus

(b) tagairtí do chion ar iarracht nó comhcheilg é cion den sórt sin a dhéanamh nó gríosú a dhéanamh i leith cion den sórt sin a dhéanamh.

Cion eile a dhéanamh laistigh de thréimhse shonraithe.

25 .— (1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3), más rud é, maidir le duine (seachas duine faoi atá bhun 18 mbliana d’aois)—

(a) gur ciontaíodh é nó í ar díotáil i gcion a shonraítear i Sceideal 2 (dá ngairtear “an chéad chion” san alt seo),

(b) gur cuireadh pianbhreith príosúnachta air nó uirthi ar feadh téarma nach giorra ná 5 bliana i leith an chiona sin, agus

(c) a chiontaítear ar díotáil i leith ciona a shonraítear i Sceideal 2 (dá ngairtear “an chion dá éis sin” san alt seo) ar cion é a dhéantar—

(i) laistigh den tréimhse 7 mbliana ó dháta an chiontaithe sa chéad chion agus, d’fhonn an tréimhse sin a chinneadh, déanfar neamhshuim d’aon tréimhse príosúnachta i leith an chéad chiona nó an chiona dá éis sin, nó

(ii) le linn aon tréimhse príosúnachta den sórt sin

(gairtear “an tréimhse shonraithe” san alt seo den tréimhse iomlán arb e atá inti na tréimhsí dá dtagraítear i bhfomhíreanna (i) agus (ii)),

déanfaidh an chúirt, le linn di pianbhreith a ghearradh ar an duine i leith an chiona dá éis sin, a shonrú gur téarma nach lú ná trí cheathrú den téarma uasta príosúnachta a fhorordaítear le dlí i leith ciona den sórt sin an téarma íosta príosúnachta atá le cur isteach ag an duine agus, más príosúnacht saoil an téarma uasta a fhorordaítear amhlaidh, sonróidh an chúirt téarma príosúnachta nach giorra ná 10 mbliana.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) má tá feidhm ag aon cheann de na forálacha seo a leanas i leith an chiona dá éis sin:

(a) alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil 1990;

(b) alt 15(8) d’Acht 1925;

(c) alt 26(8), 27(8), 27A(8) nó 27B(8) d’Acht 1964;

(d) alt 12A(13) d’Acht 1990; nó

(e) alt 27(3F) den Acht um Mí-Úsáid Drugaí 1977.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) i gcás inar deimhin leis an gcúirt go mbeadh se neamhréireach, in imthosca uile an cháis, an téarma príosúnachta dá dtagraítear san fho-alt sin i leith an chiona dá éis sin a shonrú mar théarma íosta na príosúnachta atá le cur isteach ag an duine lena mbaineann.

(4) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le duine i leith an chiona dá éis sin ach amháin i gcás ina ndéantar an cion tar éis thosach feidhme an ailt seo a agus beidh feidhm ag an bhfo-alt sin maidir le duine cibé acu roimh an tosach feidhme sin nó dá éis a dhéantar an chéad chion.

(5) Más rud é, i ndáil le pianbhreith téarma príosúnachta a ghearrtar ar dhuine i leith an chéad chiona—

(a) go ndéantar oibriú an téarma uile a fhionraí, ansin ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir leis an gcion sin, nó

(b) go ndéantar oibriú cuid den téarma a fhionraí, measfar, maidir leis an gcuid sin den téarma nach bhfionraítear a oibriú, gurb é an téarma príosúnachta arna ghearradh ar an duine é i leith an chéad chiona chun críocha fho-alt (1).

(6) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le duine má dhéantar an ciontú i leith an chéad chiona a neamhniú de thoradh achomhairc nó ar shlí eile.

(7) Maidir le tagairt san alt seo do phianbhreith a ghearrtar ar dhuine i leith an chéad chiona—

(a) má dhéantar an phianbhreith a athrú ar achomharc, forléireofar í mar thagairt don phianbhreith arna hathrú amhlaidh, nó

(b) más rud é, ar iarratas ón Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí faoi alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil 1993, go neamhníonn an Chúirt Achomhairc Choiriúil an phianbhreith agus go ndéanann an Chúirt sin pianbhreith eile a ghearradh ar an duine in ionad na pianbhreithe sin, forléireofar í mar thagairt don phianbhreith eile sin.

(8) Chun críocha fho-ailt (1)(c) agus (10), ciallaíonn tréimhse príosúnachta aon tráth ar lena linn—

(a) atá an duine lena mbaineann arna athchur nó arna hathchur faoi choimeád,

(b) atá pianbhreith á cur isteach ag an duine lena mbaineann i bpríosún, nó

(c) atá an duine lena mbaineann arna scaoileadh saor go sealadach faoi alt 2 den an tAcht um Dhlínse Choiriúil 1960.

(9) Folóidh tagairtí san alt seo don chion dá éis sin tagairtí do dhara cion nó do chion dá éis sin a shonraítear i Sceideal 2 ar cion é ina gciontaítear duine ar díotáil (seachas duine atá faoi bhun 18 mbliana d’aois) le linn na tréimhse sonraithe.

(10) Ní rachaidh an tréimhse shonraithe i ndáil le duine lena mbaineann an t-alt seo in éag ach amháin i gcás nach ndéantar an duine a chiontú i gcion a shonraítear i Sceideal 2—

(a) le linn na tréimhse 7 mbliana ó dháta an chiontaithe sa chion dá éis sin agus, d’fhonn an tréimhse sin a chinneadh, déanfar neamhshuim d’aon tréimhse príosúnachta i leith an chéad chiona nó an chiona dá éis sin, nó

(b) le linn aon tréimhse príosúnachta den sórt sin.

(11) Más rud é, tar éis fo-alt (1) a chur chun feidhme maidir le duine i leith ciontaithe ar díotáil i gcion a shonraítear i Sceideal 2

(a) go neamhnítear a chiontú nó a ciontú i leith an chéad chiona ar achomharc nó ar shlí eile, nó

(b) go ndéantar an phianbhreith a ghearrtar ar an duine i leith an chéad chiona a athrú ar achomharc ar shlí a fhágann nach dtagann sí faoi réim fho-alt (1)(b) a thuilleadh,

féadfaidh an duine iarratas a dhéanamh chuig an gcúirt a ghearr an phianbhreith air nó uirthi i leith an chiona dá éis sin chun athbhreithniú a dhéanamh ar an bpianbhreith agus féadfaidh an chúirt, má mheasann sí gur cuí déanamh amhlaidh, an phianbhreith sin a athrú.

(12) (a) Más rud é, maidir le pianbhreith arna gearradh ar dhuine i leith ciontaithe ar díotáil i gcion a shonraítear i Sceideal 2, nach dtagann sí faoi réim fho-alt (1)(b), ach—

(i) go ndéantar an phianbhreith a athrú ar achomharc, nó

(ii) ar iarratas ón Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí faoi alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil 1993, go ndéanann an Chúirt Achomhairc Choiriúil an phianbhreith a neamhniú agus go ngearrann an Chúirt sin pianbhreith eile ar an duine in ionad na pianbhreithe sin,

ar shlí a fhágann go dtagann an phianbhreith ansin faoi réim fho-alt (1)(b), beidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le cion a shonraítear i Sceideal 2 (“an cion dá éis sin”) agus ar cion é arna dhéanamh ag an duine laistigh den tréimhse shonraithe.

(b) Más rud é, sna himthosca dá dtagraítear i mír (a), go mbeifear, tráth an achomhairc dá dtagraítear i bhfomhír (i) den mhír sin agus lena mbaineann nó, de réir mar a bheidh, tráth an iarratais dá dtagraítear i bhfomhír (ii) den mhír sin agus lena mbaineann, tar éis pianbhreith a ghearradh ar an duine lena mbaineann i leith an chiona dá éis sin, féadfaidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí iarratas a dhéanamh chuig an gcúirt a ghearr an phianbhreith chun athbhreithniú a dhéanamh ar an bpianbhreith agus cuirfidh an chúirt fo-alt (1) chun feidhme maidir leis an duine sin i leith an chiona dá éis sin agus, más cuí, athróidh sí an phianbhreith dá réir sin.

(13) Maidir leis an gcumhacht a thugtar le halt 23 den Acht um Cheartas Coiriúil 1951 chun pionós a iomalartú nó a loghadh, ní dhéanfar, i gcás duine a bhfuil pianbhreith arna gearradh de réir fho-alt (1) i leith an chiona dá éis sin á cur isteach aige nó aici, an chumhacht sin a chur i bhfeidhm maidir leis an duine sin roimh dhul in éag don téarma íosta príosúnachta arna shonrú ag an gcúirt de réir an fho-ailt sin lúide aon laghdú ar an téarma sin a éiríonn faoi fho-alt (14).

(14) Maidir leis na rialacha nó leis an gcleachtas trína bhféadfaidh príosúnaigh i gcoitinne loghadh pianbhreithe a thuilleamh trí dhúthracht agus dea-iompar, beidh feidhm acu i gcás duine a bhfuil pianbhreith arna gearradh de réir fho-alt (1) á cur isteach aige nó aici i leith an chiona dá éis sin agus déanfar an téarma íosta príosúnachta arna shonrú ag an gcúirt de réir an fho-ailt sin a laghdú de mhéid aon loghtha a bheidh tuillte amhlaidh ag an duine.

(15) I gcás duine a bhfuil pianbhreith arna gearradh de réir fho-alt (1) i leith an chiona dá éis sin á chur isteach aige nó aici, ní dhéanfar aon chumhachtaí a thugtar le rialacha arna ndéanamh faoi alt 2 den Acht um Dhlínse Choiriúil 1960 chun duine a bhfuil pianbhreith príosúnachta á cur isteach aige nó aici a scaoileadh saor go sealadach, a fheidhmiú le linn na tréimhse ar lena linn a thoirmisctear le fo-alt (13) a phionós nó a pionós a iomalartú nó a loghadh ach amháin ar chúis thromaí de chineál daonchairdiúil, agus ní mhairfidh aon scaoileadh saor arna dheonú amhlaidh ach cibé fad teoranta atá cóir ag féachaint don chúis sin.

(16) Déanfar an tagairt d’alt 2 den Acht um Dhlínse Choiriúil 1960 i bhfo-alt (15) a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn an t-alt sin arna chur chun feidhme le halt 4 d’Acht na bPríosún 1970.

Orduithe faireacháin agus orduithe cosanta daoine.

26 .— (1) Más rud é, maidir le duine (seachas duine atá faoi bhun 18 mbliana d’aois) (dá ngairtear “an ciontóir” san alt seo), go gciontaítear é nó í ar díotáil i gcion a shonraítear i Sceideal 2, déanfaidh an chúirt breithniú i dtaobh an cuí ordú nó orduithe a dhéanamh faoin alt seo i ndáil leis an gciontóir ar ordú nó orduithe atá ann chun faireachán a dhéanamh ar an gciontóir tar éis é nó í a scaoileadh saor ó phríosún nó chun aon duine a chosaint.

(2) Féadfaidh an chúirt ordú a dhéanamh (dá ngairtear “ordú faireacháin” san alt seo) i ndáil leis an gciontóir á cheangal ar an gciontóir, a luaithe is indéanta tar éis an t-ordú a theacht i bhfeidhm, fógra i scríbhinn a thabhairt do chigire den Gharda Síochána don cheantar ina bhfuil a theach cónaithe nó a teach cónaithe suite i dtaobh sheoladh an tí sin mar aon le fógra i scríbhinn a thabhairt do chigire den sórt sin i dtaobh aon athraithe ar sheoladh a thí cónaithe nó a tí cónaithe nó i dtaobh aon asláithreachta óna theach cónaithe nó óna teach cónaithe atá beartaithe ar feadh tréimhse is faide ná 7 lá agus an fógra sin a thabhairt sula dtarlaíonn aon athrú den sórt sin ar a sheoladh nó ar a seoladh nó aon asláithreacht den sórt sin, de réir mar a bheidh

(3) Féadfar ordú faireacháin a dhéanamh ar feadh cibé tréimhse a mheasann an chúirt is cuí agus ar tréimhse í nach faide ná 7 mbliana.

(4) Féadfaidh an chúirt ordú a dhéanamh (dá ngairtear “ordú cosanta daoine” san alt seo) i ndáil leis an gciontóir d’fhonn íospartach an chiona lena mbaineann, nó aon duine eile a ainmnítear san ordú, a chosaint ar chiapadh ag an gciontóir fad atá an t-ordú i bhfeidhm.

(5) Féadfaidh an chúirt foráil a dhéanamh in ordú cosanta daoine go dtoirmisctear ar an gciontóir gabháil d’aon iompar ar dhóigh dó, i dtuairim na cúirte, a bheith ina chúis le heagla, anó nó scaoll don íospartach nó d’aon duine eile a ainmnítear san ordú nó ar dhóigh dó gurbh é a bheadh ann ná imeaglú aon duine den sórt sin.

(6) Féadfar ordú cosanta daoine a dhéanamh ar feadh cibé tréimhse a mheasann an chúirt is cuí agus ar tréimhse í nach faide ná 7 mbliana.

(7) Maidir le hordú faireachán nó ordú cosanta daoine i ndáil leis an gciontóir, tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an dáta—

(a) a théann an phianbhreith príosúnachta a ghearrtar air nó uirthi i leith an chiona lena mbaineann in éag nó, de réir mar a bheidh, a thosaíonn loghadh a phianbhreithe nó a pianbhreithe, nó

(b) má dhéantar an ciontóir a phríosúnú i leith ciona eile, an dáta a théann an phianbhreith príosúnachta sin in éag nó, de réir mar a bheidh, a thosaíonn loghadh na pianbhreithe sin,

cibé acu is déanaí.

(8) I gcás ina ndéantar ordú faireacháin nó ordú cosanta daoine (cibé acu atá, nó nach bhfuil, sé i bhfeidhm), féadfaidh an chúirt a dhéanann an t-ordú, más cuí léi amhlaidh, tar éis iarratas a fháil ón gciontóir, an t-ordú a athrú nó a chúlghairm más deimhin léi gur ceart é a athrú nó a chúlghairm mar gheall ar cibé nithe nó imthosca a shonraítear san iarratas agus atá tar éis teach chun cinn nó tarlú ó rinneadh an t-ordú.

(9) Déanfar iarratas faoi fho-alt (8) trí fhógra a thabhairt do chigire den Gharda Síochána don cheantar ina raibh gnáthchónaí ar an gciontóir an tráth a rinneadh an t-ordú nó, más cuí, do chigire den Gharda Síochána don cheantar ina bhfuil teach cónaithe an chiontóra suite tráth an iarratais..

(10) Aon duine a mhainníonn, gan cúis réasúnach, ordú faireacháin nó ordú cosanta daoine a chomhlíonadh, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear ar é nó í a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná €2,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(11) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear d’aon ordú, srian nó oibleagáid eile, nó d’aon choinníoll a ghabhann le haon ordú, srian nó oibleagáid eile, a bhfuil an ciontóir faoina réir, cibé acu a dhéantar nó a ghearrtar é nó í faoi faoi reacht nó ar shlí eile ar leith ón alt seo, le linn ordú faireacháin nó ordú cosanta daoine a bheith i bhfeidhm.

(12) San alt seo, ciallaíonn “teach cónaithe”, i ndáil le ciontóir, an t-aon chónaí nó an príomhchónaí atá aige nó aici nó, más rud e nach bhfuil aon chónaí den sórt sin aige nó aici, an áit chónaithe is gnáthaí atá aige nó aici nó, más rud e nach bhfuil aon chónaí den sórt sin aige nó aici, an áit a dtugann sé nó sí cuairt uirthi go rialta.

Leasú ar an Acht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Dlíthiúil) 1962.

27 .— Leasaítear an tAcht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Dlíthiúil) 1962—

(a) tríd na hailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 6:

“Deimhniú um chúnamh dlíthiúil (ordú faireacháin).

6A.— (1) Más rud é—

(a) go mbeidh ordú faireacháin arna dhéanamh i ndáil le duine, agus

(b) go mbeidh deimhniú um chúnamh dlíthiúil in aisce (dá ngairtear ‘deimhniú um chúnamh dlíthiúil (ordú faireacháin)’ san Acht seo) arna dheonú ina leith ag an gcúirt a ndéantar iarratas chuici chun an t-ordú a athrú nó a chúlghairm,

beidh an duine i dteideal cúnaimh dhlíthiúil in aisce a fháil chun iarratas ar athrú nó cúlghairm an ordaithe faoi alt 26(8) den Acht um Cheartas Coiriúil 2007 a ullmhú agus a stiúradh agus chun go mbeidh aturnae aige nó aici agus, má mheasann an chúirt gur cuí é, chun go sannfar abhcóide dó nó di chun na críche sin ar cibé modh a fhorordófar le rialacháin faoi alt 10 den Acht seo.

(2) Déanfar deimhniú um chúnamh dlíthiúil (ordú faireacháin) a dheonú i ndáil le duine a bhfuil ordú faireacháin arna dhéanamh ina leith más rud é (agus sa chás sin amháin)—

(a) go ndéantar iarratas ar dheimhniú den sórt sin,

(b) gur dealraitheach don chúirt a ndéantar an t-iarratas chuici chun an t-ordú a athrú nó, más cuí, a chúlghairm—

(i) nach leor acmhainní an duine chun a chumasú dó nó di cúnamh dlíthiúil a fháil, agus

(ii) mar gheall ar na coinníollacha a shonraítear san ordú nó mar gheall ar imthosca eisceachtúla, gur gá, ar mhaithe leis an gceartas, go mbeadh cúnamh dlíthiúil ag an duine chun an t-iarratas ar athrú nó cúlghairm an ordaithe a ullmhú agus a stiúradh.

(3) San alt seo, tá le ‘ordú faireacháin’ an bhrí atá leis in alt 26 den Acht um Cheartas Coiriúil 2007.

Deimhniú um chúnamh dlíthiúil (ordú cosanta daoine)

6B.— (1) Más rud é—

(a) go mbeidh ordú cosanta daoine arna dhéanamh i ndáil le duine, agus

(b) go mbeidh deimhniú um chúnamh dlíthiúil in aisce (dá ngairtear ‘deimhniú um chúnamh dlíthiúil (ordú cosanta daoine)’ san Acht seo) arna dheonú ina leith ag an gcúirt a ndéantar iarratas chuici chun an t-ordú a athrú nó a chúlghairm,

beidh an duine i dteideal cúnaimh dhlíthiúil in aisce a fháil chun iarratas ar athrú nó cúlghairm an ordaithe faoi alt 26(8) den Acht um Cheartas Coiriúil 2007 a ullmhú agus a stiúradh agus chun go mbeidh aturnae aige nó aici agus, má mheasann an chúirt gur cuí é, chun go sannfar abhcóide dó nó di chun na críche sin ar cibé modh a fhorordófar le rialacháin faoi alt 10 den Acht seo.

(2) Déanfar deimhniú um chúnamh dlíthiúil (ordú cosanta daoine) a dheonú i ndáil le duine a bhfuil ordú cosanta daoine arna dhéanamh ina leith más rud é (agus sa chás sin amháin)—

(a) go ndéantar iarratas ar dheimhniú den sórt sin,

(b) gur dealraitheach don chúirt a ndéantar an t-iarratas chuici chun an t-ordú a athrú nó, más cuí, a chúlghairm—

(i) nach leor acmhainní an duine chun a chumasú dó nó di cúnamh dlíthiúil a fháil, agus

(ii) mar gheall ar na coinníollacha a shonraítear san ordú nó mar gheall ar imthosca eisceachtúla, gur gá, ar mhaithe leis an gceartas, go mbeadh cúnamh dlíthiúil ag an duine chun an t-iarratas ar athrú nó cúlghairm an ordaithe a ullmhú agus a stiúradh.

(3) San alt seo, tá le ‘ordú cosanta daoine’ an bhrí atá leis in alt 26 den Acht um Cheartas Coiriúil 2007.”,

(b) in alt 7, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:

“(3) I gcás ina mbeidh deimhniú um chúnamh dlíthiúil (ordú faireacháin) nó deimhniú um chúnamh dlíthiúil (ordú cosanta daoine) arna dheonú i leith duine, déanfar, faoi réir na rialachán faoi alt 10 den Acht seo, aon táillí, costais nó caiteachais eile faoina rachfar go cuí ag ullmhú agus ag stiúradh iarratas an duine ar athrú nó ar chúlghairm an ordaithe faireacháin nó an ordaithe cosanta daoine lena mbaineann an deimhniú a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.”,

agus

(c) in alt 9(2), trí “, deimhniú um chúnamh dlíthiúil (An Chúirt Uachtarach), deimhniú um chúnamh dlíthiúil (ordú faireacháin) nó deimhniú um chúnamh dlíthiúil (ordú cosanta daoine)” a chur in ionad “nó deimhniú um chúnamh dlíthiúil (An Chúirt Uachtarach)”.