An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (SCEIDEAL 1 Na hAchtacháin a Aisghairtear)

30 2007

TODO

SCEIDEAL 2

Cuspóirí Réamhchóireála Scardaidh

Alt 63(4).

Maidir le scardtaí atá faoi réir ceadúnais faoi alt 63 do dhul isteach in oibreacha dramhuisce, beidh siad faoi réir cibé réamhchóireála a cheanglófar chun an méid seo a leanas a bhaint amach:

(a) sláinte na foirne atá ag obair i gcórais bhailiúcháin agus i ngléasraí cóireála a chosaint;

(b) a chinntiú nach ndéantar damáiste d’oibreacha dramhuisce;

(c) a chinntiú nach ndéantar dochar d’oibriú gléasra cóireála dramhuisce ná do chóireáil sloda;

(d) a chinntiú nach ndéanann scardtaí ó ghléasraí cóireála dochar do shláinte daoine nó don chomhshaol nó nach gcoisceann siad uiscí glactha ar aon Treoracha ón gComhphobal Eorpach a chomhlíonadh;

(e) a chinntiú gur féidir sloda a dhiúscairt go sábháilte ar shlí atá inghlactha ó thaobh an chomhshaoil de.