An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID 4 Dramhuisce ) Ar Aghaidh (CUID 6 Seirbhísí Uisce Tuathúil )

30 2007

TODO

CUID 5

Méadair

Forléiriú (Cuid 5).

71 .— Sa Chuid seo—

ciallaíonn “méadar soláthair uisce” feiste mheicniúil, leictreonach nó eile chun toilleadh nó ráta sreafa uisce a thomhas, i dteannta aon trealaimh teagmhasaigh chun sonraí a bhailiú nó a tharchur;

ciallaíonn “méadar scardaidh dramhuisce” feiste leictreonach nó eile chun toilleadh nó ráta scardaidh dramhuisce a thomhas, i dteannta aon trealaimh teagmhasaigh chun críocha sonraí a bhailiú nó a tharchur;

féadfar “méadar” a fhorléiriú mar mhéadar soláthair uisce nó mar mhéadar scardaidh dramhuisce, de réir mar is cuí;

folaíonn “ údarás seirbhísí uisce ”—

(a) soláthróir údaraithe seirbhísí uisce, agus

(b) duine a sholáthraíonn seirbhísí uisce i gcomhpháirt leo seo a leanas nó thar a gceann—

(i) údarás seirbhísí uisce, nó

(ii) soláthróir údaraithe seirbhísí uisce.

Méadair a sholáthar.

72 .— (1) Faoi réir aon ordacháin ón Aire faoin Acht seo—

(a) féadfaidh údarás seirbhísí uisce—

(i) uisce a sholáthar de réir tomhais,

(ii) toilleadh an uisce a sholáthraítear nó toilleadh an dramhuisce a scardtar a thomhas le méadar nó a thomhas ar shlí eile,

(iii) faoi réir achtacháin eile a chomhlíonadh i ndáil le muirear a ghearradh i leith seirbhísí uisce, cíos a mhuirearú nó costais a ghnóthú thairis sin ó thomhaltóir arb iad na costais iad a thabhaíonn sé i leith gach méadair nó gléis eile arna sholáthar d’fhonn an t-uisce a sholáthraítear don tomhaltóir sin nó an dramhuisce a scardann an tomhaltóir sin a thomhas,

(iv) a cheangal ar aon tomhaltóir uisce a sholáthraíonn sé an soláthar sin a ghlacadh trí mhéadar soláthair uisce sonraithe,

(v) a cheangal ar aon tomhaltóir seirbhísí dramhuisce a sholáthraíonn sé a ndramhuisce a scardadh trí mhéadar scardaidh dramhuisce sonraithe,

agus

(b) maidir le húdarás seirbhísí uisce—

(i) déanfaidh sé gach méadar, cibé acu méadar arna ligean aige ar fruiliú le tomhaltóir nó arna sholáthar saor in aisce, a choimeád i ndea-riocht chun soláthar uisce nó chun scardadh dramhuisce a thomhas, agus, má mhainníonn sé déanamh amhlaidh, ní bheidh an tomhaltóir sin faoi dhliteanas cíos a íoc fad a leanfar den mhainneachtain, agus

(ii) beidh rochtain aige ar an méadar sin agus beidh de chead aige gach tráth réasúnach an méadar sin a shuiteáil, a léamh, a thabhairt chun siúil, a scrúdú, a dheisiú, a athsholáthar nó a athshuiteáil.

(2) Déanfaidh úinéir méadair—

(a) faoi réir cheanglais na nAchtanna Méadreolaíochta 1980 go 1998,

(b) faoi réir cheanglais aon ionstraime iomchuí arna déanamh faoi na hAchtanna sin, agus

(c) faoi réir cheanglais aon rialachán iomchuí arna ndéanamh faoi Acht na gComhphobal Eorpach 1972,

a chinntiú gur méadar é an méadar den chineál ceart agus den mhéid ceart is gá chun tomhailt nó scardadh, a shamhlaítear nó is féidir a shamhlú, a thomhas go cruinn. Chun na críche sin cuirfear i gcuntas, go háirithe, na dálaí oibríochta don mhéadar, lena n-áirítear raon ráta sreafa, raon teochta, agus raon brú choibhneasta an uisce nó an dramhuisce a bheidh le tomhas le méadar.

(3) Más rud é, tar éis tástáil de bhun na nAchtanna Méadreolaíochta 1980 go 1998 nó aon ionstraime nó rialachán iomchuí a shonraítear i bhfo-alt (2), go gcinntear gur mhainnigh méadar toilleadh an uisce a soláthraíodh, nó toirt an dramhuisce a scardadh, a thaifeadadh i gceart, ansin féadfaidh údarás seirbhísí uisce an úsáid a mheas ar bhonn sonraí stairiúla, agus féadfaidh an t-údarás seirbhísí uisce aon mhéid muirear a chinntear a bheith gan íoc ar bhonn an mheastacháin sin a ghnóthú ón duine dár soláthraíodh na seirbhísí uisce.

(4) Faoi réir fho-alt (2), féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i ndáil le méadar a sholáthar.

(5) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (4), féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin faoin bhfo-alt sin maidir le gach ceann nó aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a) freagracht an tomhaltóra maidir le méadar agus aon phíopaí nó feisteáin choimhdeacha de chuid údaráis seirbhísí uisce a choimeád slán;

(b) méadair a ligean ar cíos;

(c) léamha méadair a ghlacadh;

(d) úsáid a mheas ar bhonn sonraí stairiúla;

(e) aon nithe teagmhasacha nó coimhdeacha.

(6) Tá cion déanta ag duine más rud é—

(a) go mainníonn sé nó sí ceanglas faoi fho-alt (1)(a)(iv)(v) a chomhlíonadh,

(b) go sáraíonn sé nó sí fo-alt (2), nó

(c) go sáraíonn sé nó sí rialachán arna dhéanamh faoi fho-alt (4) a ndeirtear gur pianrialachán é.

Feidhmíocht méadar.

73 .— (1) D’fhonn úsáid uisce nó scardadh dramhuisce arna cinneadh nó arna chinneadh ag méadar a thomhas, is fianaise prima facie é clárú an mhéadair sin ar an toirt a dhéantar a sholáthar nó a scardadh, de réir mar a bheidh.

(2) Féadfaidh an tAire treoirlínte a eisiúint d’údarás seirbhísí uisce i ndáil le nósanna imeachta atá le glacadh chun plé le gearáin ó chustaiméirí i ndáil le feidhmíocht méadar, agus gníomhóidh an t-údarás seirbhísí uisce de réir na dtreoirlínte sin.

Cur isteach ar mhéadair.

74 .— (1) Aon duine—

(a) a dhéanann oibriú cuí méadair a aistriú, a dhamáistiú nó a chuireann faoi deara oibriú cuí méadair a aistriú nó a dhamáistiú nó ar shlí eile a dhéanann dochrú nó a chuireann faoi deara dochrú a dhéanamh ar oibriú cuí méadair,

(b) a dhéanann athrú go calaoiseach nó a chuireann faoi deara athrú a dhéanamh go calaoiseach ar mhéadar,

(c) a choisceann nó a chuireann faoi deara go gcoiscfear toilleadh an uisce nó an dramhuisce atá á sholáthar nó á scardadh trí mhéadar a chlárú go cuí, nó

(d) a dhéanann seachshlí go calaoiseach nó a chuireann faoi deara seachshlí a dhéanamh go calaoiseach ar mhéadar arna sholáthar d’fhonn toilleadh uisce nó dramhuisce a sholáthraítear nó a scardtar a thomhas,

tá cion déanta aige nó aici.

(2) Más rud é, in imeachtaí i leith ciona faoi mhír (b)(c) d’fho-alt (1) go líomhnaítear go ndearna an cosantóir cosc ar an méadar sin toilleadh an uisce arna sholáthar d’áitreabh nó méid an dramhuisce arna scardadh as áitreabh a thaifeadadh go cruinn, agus más rud é go gcruthaítear, le linn na tréimhse sin a líomhnaítear gur tharla an cosc sin nó díreach dá héis—

(a) go raibh modh saorga chun an cosc sin a dhéanamh i láthair san áitreabh sin nó ina mhaighean, agus

(b) go raibh an cosantóir ag áitiú an áitribh,

beidh an cruthúnas sin ina fhianaise prima facie, sna himeachtaí sin, ar an líomhain.

(3) Aon duine a mhonaraíonn, a allmhairíonn, a dhíolann, a thairgeann lena dhíol, a sholáthraíonn nó a bhfuil ina sheilbh nó ina seilbh, gan leithscéal dleathach, aon ní arna dhearadh nó arna oiriúnú chun cosc a chur ar mhéadar toilleadh an uisce arna sholáthar d’áitreabh nó toilleadh an dramhuisce arna scardadh as áitreabh a thaifeadadh go cruinn, tá cion déanta aige nó aici.

(4) (a) Aon tomhaltóir seirbhísí uisce a mbeidh forais réasúnacha aige nó aici lena chreidiúint nach bhfuil an cion uisce arna sholáthar d’áitreabh nó an cion dramhuisce arna scardadh as áitreabh á chlárú go cuí ag méadar lena mbaineann an t-alt seo toisc gur cuireadh isteach go neamhdhleathach ar an méadar, déanfaidh an t-úsáideoir sin gach beart réasúnach chun a chinntiú go scoirfear den chur isteach sin.

(b) Aon duine a mhainníonn mír (a) a chomhlíonadh, tá cion déanta aige nó aici.

(5) Féadfaidh údarás seirbhísí uisce aon damáiste atá déanta d’aon mhaoin dá chuid i gcúrsa ciona nó ag eascairt as cion faoi fho-alt (1) a aisiriú nó a dheisiú agus aon chostais atá i gceist a ghnóthú ón duine nó ó na daoine atá ciontach sa chion.

(6) Gan dochar d’aon ionchúiseamh eile, ná do cheart chun ionchúiseamh a dhéanamh, más rud é, i dtuairim údaráis seirbhísí uisce—

(a) gur tógadh soláthairtí uisce gan údarú, nó

(b) gur scardadh dramhuisce chuig oibreacha dramhuisce gan údarú, nó

(c) gur cuireadh isteach ar aon slí ar mhéadar gan údarú,

ar shlí go soláthraítear toilleadh uisce níos mó do dhuine ná mar a chláraigh méadar tríd an méadar sin, nó go scardann duine toirt dramhuisce níos mó ná mar a cláraíodh tríd an méadar sin, féadfaidh an t-údarás seirbhísí uisce an úsáid nó an scardadh neamhthaifeadta nó neamhúdaraithe a mheas agus an costas atá air a ghnóthú ón duine sin nó a chur faoi deara é a ghnóthú ón duine sin.

(7) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha fho-alt (6), agus nósanna imeachta agus modheolaíochtaí a leagan amach a bheidh le glacadh chun an úsáid nó an scardadh neamhthaifeadta nó neamhúdaraithe a mheas.