Ar Aghaidh ( AN SCEIDEAL Na hAchtanna a Aisghairtear )

32 2007

/images/harp.jpg


Uimhir 32 de 2007


AN tACHT UM GHNÓTHAÍ POBAIL, TUAITHE AGUS GAELTACHTA (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA) 2007

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

1 . Mínithe.

2 . Feidhmeanna an Aire.

3 . Leasú ar an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht um Shaoráil Faisnéise 1997.

4 . Leasú ar alt 8 den Acht um Choimisiún Forbartha an Iarthair 1998.

5 . Leasú ar alt 2 d’Acht 2003.

6 . Leasú ar alt 3 d’Acht 2003.

7 . Na hAchtanna um Arramara Teoranta (Scaireanna a Fháil) 1949 go 2002 a aisghairm.

8 . Caiteachais Airí.

9 . Gearrtheideal agus comhlua.

AN SCEIDEAL

Na hAchtanna a Aisghairtear


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Thionscail Ailgíneacha (Éire) Teoranta (Scaireanna d’Fháil) 1949

1949, Uimh. 22

An tAcht um Thionscail Ailgíneacha (Éire) Teoranta (Scaireanna d’Fháil) 1954

1954, Uimh. 29

An tAcht um Arramara Teoranta (Scaireanna a Fháil) 2002

2002, Uimh. 11

An tAcht um Shaoráil Faisnéise 1997

1997, Uimh. 13

Acht an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta (Cumhachtaí agus Feidhmeanna) 2003

2003, Uimh. 39

Na hAchtanna um Théarmaí Fostaíochta (Faisnéis) 1994 agus 2001

An tAcht um Choimisiún Forbartha an Iarthair 1998

1998, Uimh. 42

/images/harp.jpg


Uimhir 32 de 2007


AN tACHT UM GHNÓTHAÍ POBAIL, TUAITHE AGUS GAELTACHTA (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA) 2007

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHAINGNIÚ FHEIDHMEANNA AN AIRE GNÓTHAÍ POBAIL, TUAITHE AGUS GAELTACHTA, DO LEASÚ AN ACHTA UM SHAORÁIL FAISNÉISE 1997, DO LEASÚ AN ACHTA UM CHOIMISIÚN FORBARTHA AN IARTHAIR 1998, DO LEASÚ ACHT AN AIRE GNÓTHAÍ POBAIL, TUAITHE AGUS GAELTACHTA (CUMHACHTAÍ AGUS FEIDHMEANNA) 2003, d’AISGHAIRM NA nACHTANNA UM ARRAMARA TEORANTA (SCAIREANNA A FHÁIL) 1949 GO 2002, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA.

[9 Iúil, 2007]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1 .— San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “ Acht 2003 ” Acht an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta (Cumhachtaí agus Feidhmeanna) 2003;

folaíonn “ forbairt phobail ” forbairt áitiúil agus scéimeanna lena dtugtar tacaíocht do phobail d’fhonn a chumasú dóibh saol na ndaoine sna pobail a fheabhsú;

ciallaíonn “ Roinn ” an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta;

ciallaíonn “ Aire ” an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta;

ciallaíonn “ an Straitéis Náisiúnta Drugaí ” straitéisí náisiúnta arna gceadú ag an Rialtas ó am go ham chun cur in aghaidh mí-úsáide drugaí sa Stát;

folaíonn “ forbairt tuaithe ”—

(a) gníomhaíochtaí eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha a chur chun cinn agus a chothú agus tacaíocht a thabhairt don chéanna i limistéir thuaithe trí réimse leathan scéimeanna a chur i ngníomh, agus

(b) tionscnaimh chun fostaíocht a choinneáil i limistéir thuaithe agus chun cúnamh a thabhairt i ndáil le rathúnas na limistéar sin;

maidir le “ scéim ”—

(a) ciallaíonn sé cláir nó bearta arna n-oibriú, arna mbainistiú, arna soláthar nó arna gcoimirciú ag an Roinn, cibé acu go hiomlán nó go páirteach, go díreach nó go neamhdhíreach nó in éineacht nó i gcomhar le haon duine eile (lena n-áirítear an tAontas Eorpach nó aon Roinn Stáit) i ndáil le haon cheann d’fheidhmeanna an Aire atá sonraithe in alt 2(1) a chomhlíonadh, agus

(b) folaíonn sé cibé cláir nó bearta a sholáthraítear do phobal amháin nó do limistéar tuaithe amháin nó d’aicme pobal nó limistéar tuaithe ar bhonn na nithe seo a leanas—

(i) riachtanais shonracha an phobail sin nó an limistéir tuaithe sin nó na haicme pobal nó limistéar tuaithe sin, de réir mar a bheidh,

(ii) comhchoitiantacht leasanna na haicme pobal nó limistéar tuaithe sin, de réir mar a bheidh, nó

(iii) dáileadh geografach na haicme pobal nó limistéar tuaithe sin, de réir mar a bheidh.

Feidhmeanna an Aire.

2 .— (1) Gan dochar do ghinearáltacht aon fhorála eile den Acht seo, nó d’aon achtachán eile, lena dtugtar feidhmeanna don Aire, is iad seo a leanas feidhmeanna an Aire agus measfar gurbh iad feidhmeanna an Aire iad riamh—

(a) tacaíocht a thabhairt agus cur chun cinn a dhéanamh maidir le forbairt phobail,

(b) ttacaíocht a thabhairt agus cur chun cinn a dhéanamh maidir le gníomhaíocht shaorálach agus daonchairdeas,

(c) tacaíocht a thabhairt agus cur chun cinn a dhéanamh maidir le forbairt tuaithe,

(d) comhordú a dhéanamh ar chur i ngníomh na Straitéise Náisiúnta Drugaí (lena n-áirítear nithe a bhaineann le leithroinnt seirbhísí agus saoráidí chun cur in aghaidh mí-úsáide drugaí i limistéir sa Stát inar mó go mór mí-úsáid den sórt sin ná mar atá i limistéir eile sa Stát),

(e) tacaíocht a thabhairt agus cur chun cinn a dhéanamh maidir leis an nGaeilge, lena n-áirítear beartas a chomhordú maidir leis sin, agus an Ghaeltacht agus na hOileáin a fhorbairt,

(f) tacaíocht a thabhairt agus cur chun cinn a dhéanamh maidir le comhar Thuaidh/Theas a thagann faoi réim fheidhmeanna an Aire (lena n-áirítear feidhmeanna faoi mhíreanna (a) go (e)), agus

(g) tacaíocht a thabhairt agus cur chun cinn a dhéanamh maidir le comhar Thuaidh/Theas i ndáil leis an oidhreacht, leis an gcultúr agus leis an teanga Ultach-Albanach.

(2) Féadfaidh an tAire―

(a) le toiliú an Aire Airgeadais, aon scéim a fhorbairt agus a chur i ngníomh ar scéim í, i dtuairim an Aire, a lena dtugtar tacaíocht, nó lena ndéantar cur chun cinn, maidir le haon fheidhm de chuid an Aire (lena n-áirítear feidhmeanna atá sonraithe i bhfo-alt (1)),

(b) aon scéim a choimeád ar bun ar scéim í, i dtuairim an Aire, lena dtugtar tacaíocht, nó lena ndéantar cur chun cinn, maidir le haon fheidhm den sórt sin,

(c) le toiliú an Aire Airgeadais, aon scéim a leathnú.

(3) Ní bheidh an tAire, ná ní mheasfar an tAire a bheith, ina fhostóir nó ina fostóir, de réir bhrí na nAchtanna um Théarmaí Fostaíochta (Faisnéis) 1994 agus 2001, de bhua maoiniú a sholáthar do dhuine nó do dhaoine faoi aon scéim agus dá bhua sin amháin.

(4) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo as féin―

(a) chun cosc a chur ar an Aire aon scéim a fhoirceannadh, nó

(b) chun teorannú a dhéanamh ar ghinearáltacht aon fheidhmeanna a thugtar d’Aire Stáit eile nó do Roinn nó eile d’aon ghníomhaireacht eile nó d’aon chomhlacht eile Stáit (cibé le hachtachán nó ar shlí eile).

Leasú ar an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht um Shaoráil Faisnéise 1997.

3 .— Leasaítear an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht um Shaoráil Faisnéise 1997 i gCuid 1―

(a) trí “Uimh. 42 de 1998” a chur isteach ag deireadh an chéad cholúin den Chuid sin,

(b) trí “An tAcht um Choimisiún Forbartha an Iarthair 1998” a chur isteach ag deireadh an dara colúin den Chuid sin os coinne na bhfocal a chuirtear isteach le mír (a), agus

(c) trí “Alt 18” a chur isteach sa tríú colún den Chuid sin os coinne na bhfocal a chuirtear isteach le mír (b).

Leasú ar alt 8 den Acht um Choimisiún Forbartha an Iarthair 1998.

4 .— Leasaítear alt 8(5) den Acht um Choimisiún Forbartha an Iarthair 1998 trí “€1,000,000” a chur in ionad “£250,000”.

Leasú ar alt 2 d’Acht 2003.

5 .— Leasaítear alt 2(4) d’Acht 2003 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) na hionaid seo a leanas:

(i) ionaid daonra atá laistigh de gha 120 ciliméadar ón gceann cúrsa sin agus a bheidh sonraithe i rialacháin arna ndéanamh ag an Aire le toiliú an Aire Airgeadais agus an Aire Iompair;

(ii) ionaid oideachais dara leibhéal a bheidh sonraithe i rialacháin arna ndéanamh ag an Aire, le toiliú an Aire Airgeadais agus an Aire Iompair, i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ag an Aire chun a chreidiúint, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Oideachais agus Eolaíochta, go ndéanfaí dochar mór do riachtanais oideachais na mac léinn lena mbaineann mura ndéanfaí na hionaid sin a shonrú amhlaidh; nó

(iii) ionaid dá dtagraítear i bhfomhír (i) agus ionaid dá dtagraítear i bhfomhír (ii) araon,”.

Leasú ar alt 3 d’Acht 2003.

6 .— Leasaítear alt 3(1)(b) agus (c) d’Acht 2003 trí na focail “aon” agus “den sórt sin” a scriosadh.

Na hAchtanna um Arramara Teoranta (Scaireanna a Fháil) 1949 go 2002 a aisghairm.

7 .— Aisghairtear na hAchtanna a shonraítear sa Sceideal.

Caiteachais Airí.

8 .— (1) Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(2) Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire Airgeadais ag riaradh an Achta seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal agus comhlua.

9 .— (1) Féadfar an tAcht um Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta (Forálacha Ilghnéitheacha) 2007 a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Choimisiún Forbartha an Iarthair 1998 agus 2007 a ghairm den Acht um Choimisiún Forbartha an Iarthair 1998 agus d’alt 4 le chéile.

(3) Féadfar Achtanna an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta (Cumhachtaí agus Feidhmeanna) 2003 agus 2007 a ghairm d’Acht an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta 2003 agus d’ailt 5 agus 6 le chéile.