An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 1 Réamhráiteach agus Ginearálta ) Ar Aghaidh ( CUID 3 Leasú Iarmhartach ar an Acht Rialtais Áitiúil 2001 )

39 2007

An tAcht Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar (Leasú) 2007

CUID 2

Leasuithe ar an bPríomh-Acht

Leasú ar alt 8 (rialacháin agus orduithe a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais) den Phríomh-Acht.

3 .— Leasaítear alt 8 den Phríomh-Acht trí “, an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil” a chur isteach i ndiaidh “an tAire”.

Leasú ar alt 9 (caiteachais) den Phríomh-Acht.

4 .— Leasaítear alt 9 den Phríomh-Acht trí “agus an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil” a chur isteach i ndiaidh “an tAire”.

Leasú ar alt 40 (ceart chun saothar a chur ar fáil) den Phríomh-Acht.

5 .— Leasaítear alt 40 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (1)(g) trí na focail “gan luach saothair a íoc le húinéir an chóipchirt sa saothar” a scriosadh.

Leasú ar alt 42 (ceart chun ligean ar cíos agus tabhairt ar iasacht) den Phríomh-Acht.

6 .— Leasaítear alt 42 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (6)(b) trí “Faoi réir fho-alt (7), beidh” a chur in ionad “Beidh”, agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

“(7) Maidir leis an gceart chun saothar a thabhairt ar iasacht, níl feidhm aige aon tráth i dtréimhse ar lena linn atá scéim um luach saothair d’údair i bhfeidhm de bhun alt 42A i ndáil le saothair d’aicme a bhfuil an saothar sin san áireamh inti, cibé acu atá, nó nach bhfuil, an t-údar, nó (i gcás saothair comhúdar) aon duine de na húdair, ina rannpháirtí sa scéim sin.”.

Alt nua 42A den Phríomh-Acht.

7 .— Cuirtear an t-alt seo a leanas isteach i ndiaidh alt 42 den Phríomh-Acht:

“Scéim um Luach Saothair ó Iasachtaí leis an bPobal.

42A.— (1) Féadfaidh an tAire Comhshaoil, Oidhreachta, agus Rialtais Áitiúil, scéim a bhunú le rialachán, ar scéim í ar a dtabharfar an Scéim um Luach Saothair ó Iasachtaí leis an bPobal, chun luach saothair a thabhairt d’údair, as airgead arna vótáil chuige sin ag an Oireachtas ar luach saothair é as leabharlanna poiblí do thabhairt saothair cháilitheacha ar iasacht.

(2) Chun críocha fho-alt (1), saothar cáilitheach i ndáil le tréimhse áirithe is ea saothar más rud é—

(a) i ndáil leis an tréimhse sin, gur saothar é atá san áireamh in aicme saothar a ndearbhaítear ina leith le rialacháin arna ndéanamh chun críocha an fho-ailt sin gur aicme saothar í lena mbaineann an scéim, agus

(b) maidir le húdar an tsaothair (nó, i gcás saothair comhúdar, aon duine amháin nó níos mó de na comhúdair), gur saoránach nó géillsineach de chuid Ballstáit den LEE é nó í, nó gur pearsa aonair é nó í a bhfuil sainchónaí nó gnáthchónaí air nó uirthi i mBallstát den sórt sin.

(3) Maidir le rialacháin arna ndéanamh chun críocha fho-alt (1), déanfar foráil chuimsitheach leo maidir le hoibriú na Scéime um Luach Saothair ó Iasachtaí leis an bPobal, agus féadfaidh forálacha a bhaineann leis na nithe seo a leanas a bheith iontu—

(a) an modh ina nglacann údair ar leithligh páirt sa scéim, lena n-áirítear na nithe seo a leanas, ach gan é a bheith teoranta dóibh—

(i) ceanglas maidir le clárú údar agus a gcuid saothar mar choinníoll a ghabhann le páirt a ghlacadh sa scéim, agus

(ii) i gcás saothar comhúdair, foráil maidir le hidirdhealú a dhéanamh idir na daoine de na comhúdair ar saoránaigh nó géillsinigh iad de chuid Ballstát den LEE, nó ar pearsana aonair iad a bhfuil sainchónaí nó gnáthchónaí orthu i mBallstát den sórt sin, agus na daoine de na comhúdair nach saoránaigh nó géillsinigh nó pearsana aonair den sórt sin iad,

(b) i ndáil le haon cheanglas maidir le clárú údar—

(i) an modh ina gcoimeádfar an clár, agus

(ii) foirm agus sonraí na n-iontrálacha sa chlár,

(c) an modh ina a ríomhfar teidil na n-údar rannpháirteach, lena n-áirítear na nithe seo a leanas, ach gan é a bheith teoranta dóibh—

(i) an modh ina ríomhfar, nó ina measfar, líon na gcásanna ina ndéantar saothair de chuid údar ar leithligh, nó saothair ar leithligh de chuid údar ar leithligh, a thabhairt ar iasacht,

(ii) an ráta luach saothair, lena n-áirítear—

(I) rátaí difreálacha luach saothair le haghaidh aicmí áirithe saothair, agus

(II) i gcás saothar comhúdar, rátaí difreálacha luach saothair do na comhúdair ar leithligh,

(iii) na tréimhsí ar ina leith a fhéadfar íocaíochtaí a dhéanamh faoin scéim, agus

(iv) méid íosta agus méid uasta is iníoctha, i leith tréimhse sonraithe, le húdair rannpháirt-eacha ar leithligh,

(d) an modh ina bhfuil íocaíochtaí faoin scéim le déanamh,

(e) duine amháin nó níos mó nó comhlacht amháin nó níos mó a bhunú nó a ainmniú chun cumhachtaí a fheidhmiú agus dualgais a chomhlíonadh i leith riaradh na scéime nó aon chuid di (lena n-áirítear íocaíochtaí faoin scéim a dhéanamh), agus

(f) socruithe a dhéanamh le húdaráis i dtíortha eile maidir leis na nithe seo a leanas—

(i) clárú cómhalartach údar agus saothar, agus

(ii) comhroinnt agus malartú sonraí a bhaineann le hoibriú na scéime agus scéimeanna dá samhail sna tíortha sin.

(4) Aon duine a sháraíonn foráil de chuid rialachán arna ndéanamh chun críocha fho-alt (1), ar foráil í a ndeirtear ina leith gur foráil í a dtarraingíonn sárú uirthi oibriú an fho-ailt seo, tá sé nó sí ciontach i gcion is inphionóis ar chiontú achomhair le fíneáil nach mó ná €5,000.

(5) San alt seo—

folaíonn ‘údar’, i ndáil le taifeadadh taibhithe, an taibheoir;

ciallaíonn ‘leabharlann phoiblí’ leabharlann ar a bhfuil rochtain ag daoine den phobal agus a n-oibríonn údarás leabharlainne de réir bhrí alt 77(1) den Acht Rialtais Áitiúil 2001 í nó a oibrítear faoi threoir údaráis den sórt sin.”.

Alt nua a chur in ionad alt 58 (gan cóipcheart a bheith sáraithe trí thabhairt ar iasascht) den Phríomh-Acht.

8 .— Leasaítear an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 58:

“Gan cóipcheart a bheith sáraithe trí thabhairt ar iasacht ag forais oideachais.

58.— Ní dhéantar an cóipcheart i saothar a shárú trí fhoras oideachais do thabhairt cóipe den saothar ar iasacht”.

Alt 69 (leabharlannaithe nó cartlannaithe do dhéanamh cóipeanna: díolúintí) den Phríomh-Acht a aisghairm.

9 .— Aisghairtear alt 69 den Phríomh-Acht.

Leasú ar alt 205 (cóipeanna de thaifeadtaí taibhithe cáilitheacha a chur ar fáil don phobal) den Phríomh-Acht.

10 .— Leasaítear alt 205 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (5)(g) trí“gan luach saothair a íoc le húinéir na gceart” a scriosadh.

Leasú ar alt 207 (ceart cíosa agus iasachta taibheora) den Phríomh-Acht.

11 .— Leasaítear alt 207 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (2) trí “Faoi réir fho-alt (3A), beidh” a chur in ionad “Beidh”,

(b) i bhfo-alt (3)(b) trí “ Faoi réir fho-alt (3A), beidh” a chur in ionad “Beidh”, agus

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) Maidir leis an gceart chun iasacht a thabhairt i ndáil le taifeadadh, níl feidhm aige aon tráth i dtréimhse ar lena linn atá scéim um luach saothair d’údair i bhfeidhm, de bhun alt 42A, i ndáil le saothair d’aicme a bhfuil an taifeadadh sin san aireamh inti, cibé acu atá nó nach bhfuil an taibheoir, nó (i gcás taifeadta taibhithe ag roinnt taibheoirí) aon duine de na taibheoirí, ina rannpháirtí sa scéim sin.”.

Alt nua a chur in ionad alt 226 (gan cearta taibheoirí a bheith sáraithe trí thabhairt ar iasacht) den Phríomh-Acht.

12 .— Leasaítear an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 226:

“Gan cearta taibheoirí a bheith sáraithe trí thabhairt ar iasacht ag forais oideachais.

226.— Ní dhéantar na cearta a thugtar leis an gCuid seo a shárú trí fhoras oideachais do thabhairt cóipe de thaifeadadh taibhithe ar iasacht.”.

Leasú ar alt 320 (léiriú) den Phríomh-Acht.

13 .— Leasaítear alt 320 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (2), trí “ar foras é arna fhorordú ag an Aire chun críche alt 58” a scriosadh, agus

(b) i bhfo-alt (3), trí “agus ar foras é arna fhorordú ag an Aire chun críche alt 58” a scriosadh.