Ar Aghaidh ( SCEIDEAL 1 )

40 2007

/images/harp.jpg


Uimhir 40 de 2007


AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH 2007

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

1 . Mínithe.

2 . Sochair árachais shóisialaigh (rátaí nua).

3 . Íocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh (rátaí nua).

4 . Forlíonadh ar ioncam teaghlaigh (rátaí seachtainiúla nua).

5 . Ranníocaí fostaíochta (leasú ar theorainneacha agus uasteorainn tuillimh).

6 . Ranníocaí roghnacha (leasú ar an uasteorainn ioncaim).

7 . Deontas tuismitheora is baintreach — deontas a mhéadú.

8 . Leasuithe ar an Acht um Ranníocaí Sláinte 1979.

9 . Gearrtheideal agus forléiriú.

SCEIDEAL 1

SCEIDEAL 2


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Ranníocaí Sláinte 1979

1979, Uimh. 4

An tAcht Leasa Shóisialaigh 2006

2006, Uimh. 36

An tAcht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005

2005, Uimh. 26

/images/harp.jpg


Uimhir 40 de 2007


AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH 2007

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA LEASA SHÓISIALAIGH AGUS DO LEASÚ AN ACHTA UM RANNÍOCAÍ SLÁINTE 1979.

[20 Nollaig, 2007]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1 .— San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 2006” an tAcht Leasa Shóisialaigh 2006;

ciallaíonn “Príomh-Acht” an tAcht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005.

Sochair árachais shóisialaigh (rátaí nua).

2 .— (1) Leasaítear Sceideal 2 a ghabhann leis an bPríomh-Acht (arna leasú le halt 2(1) d’Acht 2006) trí na Codanna atá leagtha amach i Sceideal 1 a chur in ionad Chodanna 1 go 4 den Sceideal 2 sin.

(2) Tagann an t-alt seo i ngníomh—

(a) a mhéid a bhaineann sé le sochar cuardaitheora poist, an 27 Nollaig 2007,

(b) a mhéid a bhaineann sé le sochar breoiteachta, sochar sláinte agus sábháilteachta, sochar díobhála agus aisce mhíthreorach, an 31 Nollaig 2007,

(c) a mhéid a bhaineann sé le sochar cúramóra, pinsean Stáit (aistriú), pinsean easláine agus íocaíocht dá dtagraítear i mír (a) den mhíniú ar “íocaíocht iomchuí” in alt 178 den Phríomh-Acht, an 3 Eanáir 2008, agus

(d) a mhéid a bhaineann sé le pinsean míthreorach, sochar báis faoi alt 81, 82 nó 83 den Phríomh-Acht, pinsean Stáit (ranníocach), pinsean baintrí (ranníocach), pinsean baintrí fir (ranníocach) agus íocaíocht chaomhnóra (ranníocach), an 4 Eanáir 2008.

Íocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh (rátaí nua).

3 .— (1) Leasaítear Sceideal 4 a ghabhann leis an bPríomh-Acht (arna leasú le halt 3(1) d’Acht 2006) trí na Codanna atá leagtha amach i Sceideal 2 a chur in ionad Chodanna 1 go 3 den Sceideal 4 sin.

(2) Tagann an t-alt seo i ngníomh—

(a) a mhéid a bhaineann sé le liúntas cuardaitheora poist, liúntas réamhscoir agus cúnamh feirme, an 26 Nollaig 2007,

(b) a mhéid a bhaineann sé le liúntas leasa forlíontach, an 31 Nollaig 2007,

(c) a mhéid a bhaineann sé le liúntas míchumais, an 2 Eanáir 2008,

(d) a mhéid a bhaineann sé le híocaíocht teaghlaigh aontuismitheora (seachas i gcás í a bheith iníoctha i leith baintrí nó baintrí fir), liúntas cúramóra agus íocaíocht dá dtagraítear i mír (b) nó (c) den mhíniú ar “íocaíocht iomchuí” in alt 178 den Phríomh-Acht, an 3 Eanáir 2008, agus

(e) a mhéid a bhaineann sé le pinsean Stáit (neamhranníocach), pinsean dall, pinsean baintrí (neamhranníocach), pinsean baintrí fir (neamh-ranníocach), íocaíocht teaghlaigh aontuismitheora is iníoctha i leith baintrí nó baintrí fir agus íocaíocht chaomhnóra (neamhranníocach), an 4 Eanáir 2008.

Forlíonadh ar ioncam teaghlaigh (rátaí seachtainiúla nua).

4 .— (1) Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 228 (arna leasú le halt 4(1) d’Acht 2006) den Phríomh-Acht:

“228.— Faoi réir an Achta seo, beidh liúntas (dá ngairtear ‘forlíonadh ar ioncam teaghlaigh’ san Acht seo) iníoctha as airgead a sholáthróidh an tOireachtas i leith teaghlaigh más lú an t-ioncam seachtainiúil teaghlaigh ná—

(a) i gcás teaghlaigh nach bhfuil ach 1 leanbh ann, €490,

(b) i gcás teaghlaigh a bhfuil 2 leanbh ann, €570,

(c) i gcás teaghlaigh a bhfuil 3 leanbh ann, €655,

(d) i gcás teaghlaigh a bhfuil 4 leanbh ann, €760,

(e) i gcás teaghlaigh a bhfuil 5 leanbh ann, €870,

(f) i gcás teaghlaigh a bhfuil 6 leanbh ann, €970,

(g) i gcás teaghlaigh a bhfuil 7 leanbh ann, €1,090, nó

(h) i gcás teaghlaigh a bhfuil 8 leanbh nó níos mó ann, €1,170.”.

(2) Tagann an t-alt seo i ngníomh an 3 Eanáir 2008.

Ranníocaí fostaíochta (leasú ar theorainneacha agus uasteorainn tuillimh).

5 .— (1) Leasaítear alt 13(2) (arna leasú le halt 5(1) d’Acht 2006) den Phríomh-Acht—

(a) i mír (a) trí “€352” a chur in ionad “€339”,

(b) i mír (b) trí “€352” a chur in ionad “€339”, agus

(c) i mír (c) trí “€50,700” a chur in ionad “€48,800”.

(2) Tagann an t-alt seo i ngníomh an 1 Eanáir 2008.

Ranníocaí roghnacha (leasú ar an uasteorainn ioncaim).

6 .— (1) Leasaítear alt 29(1)(b) (arna leasú le halt 6(1) d’Acht 2006) den Phríomh-Acht trí “€50,700” a chur in ionad “€48,800”.

(2) Tagann an t-alt seo i ngníomh an 1 Eanáir 2008.

Deontas tuismitheora is baintreach — deontas a mhéadú.

7 .— (1) Leasaítear alt 137(1) den Phríomh-Acht (arna leasú le halt 9(1) d’Acht 2006) trí “€6,000” a chur in ionad “€4,000”.

(2) Tá éifeacht leis an alt seo i leith daoine a n-éireoidh a dteideal chun deontais tuismitheora is baintreach an 5 Nollaig 2007 nó dá éis.

Leasuithe ar an Acht um Ranníocaí Sláinte 1979.

8 .— (1) Leasaítear alt 7A den Acht um Ranníocaí Sláinte 1979 (arna leasú le halt 13(1) d’Acht 2006)—

(a) i bhfo-alt (1)—

(i) i mír (a), trí “€500” a chur in ionad “€480”, agus

(ii) i mír (b), trí “€26,000” a chur in ionad “€24,960”,

agus

(b) i bhfo-alt (2), trí “€26,000” a chur in ionad “€24,960”.

(2) Tagann an t-alt seo i ngníomh an 1 Eanáir 2008.

Gearrtheideal agus forléiriú.

9 .— (1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh 2007 a ghairm den Acht seo.

(2) Léifear na hAchtanna Leasa Shóisialaigh agus an tAcht seo (seachas alt 8) le chéile mar aon ní amháin.