Ar Aghaidh ( AN SCEIDEAL Cumhachtaí chun a Cheangal ar Dhaoine Fianaise a Thabhairt nó Doiciméid a Thabhairt ar Aird )

1 2009

/images/harp.jpg


Uimhir 1 de 2009


AN tACHT UM AN mBANC-CHORPARÁID ANGLA-ÉIREANNACH 2009

[An tiontú oifigiúil]


RIAR NA nALT

Alt

1 . Mínithe.

2 . Feidhmeanna a chomhlíontar ar mhaithe le leas an phobail.

3 . Creat caidrimh idir an tAire agus an Banc Angla-Éireannach.

4 . Éifeacht an Achta seo.

5 . Scaireanna sa Bhanc Angla-Éireannach a fháil.

6 . An éifeacht a bheidh ag fáil na scaireanna.

7 . Feidhmiú ginearálta chearta an Aire mar scairshealbhóir.

8 . Cumhacht an Aire scaireanna a aistriú chuig ainmnitheach.

9 . Éifeacht ar chearta áirithe eile.

10 . Múchadh ceart áirithe i ndáil le scaireanna.

11 . Leasanna cothromais i scaireanna.

12 . Díliostú.

13 . Dífheidhmiú, etc., forálacha áirithe d’Achtanna an Bhainc Ceannais.

14 . Dífheidhmiú, etc., dlíthe áirithe a bhaineann le cuideachtaí.

15 . Dífheidhmiú forálacha áirithe den Acht Iomaíochta 2002 agus den Acht um Fhorais Chreidmheasa (Tacaíocht Airgeadais) 2008.

16 . Dífheidhmiú ceanglas áirithe i ndáil le fógra i dtaobh scaireanna a fháil.

17 . Airteagail an Bhainc Angla-Éireannaigh a chur ar fionraí, etc.

18 . Féadfaidh an tAire bliain airgeadais an Bhainc Angla-Éireannaigh a athrú.

19 . Stiúrthóirí, etc., ar an mBanc Angla-Éireannach a chur as oifig.

20 . Stiúrthóirí, etc., ar an mBanc Angla-Éireannach a cheapadh.

21 . Ní bheidh cúlstiúrthóireacht ná stiúrthóireacht de facto ann.

22 . Measúnóir a cheapadh.

23 . Caiteachais, etc., an Mheasúnóra agus foireann a fhostú.

24 . Aighneachtaí a chur faoi bhráid an Mheasúnóra.

25 . Luach comhiomlán cóir réasúnach a chinneadh.

26 . Dréacht-tuarascáil a scaipeadh le haghaidh tuairimí.

27 . Tuarascáil ón Measúnóir.

28 . Scéim Cúitimh.

29 . Éilimh ar chúiteamh.

30 . An méid is iníoctha mar chúiteamh.

31 . Athbhreithniú ar chinneadh maidir le cúiteamh, etc.

32 . Teorainn a chur le hathbhreithniú breithiúnach ar chinneadh an Mheasúnóra.

33 . Caiteachais, etc., an Aire.

34 . Féadfaidh an tAire urrúis, etc., a eisiúint.

35 . Cionta faoin Acht seo.

36 . Rialacháin — comhlíonadh feidhmeanna a éascú.

37 . Rialacháin — an tAcht seo a chur i ngníomh go ginearálta.

38 . Leasú ar Achtanna eile.

39 . Gearrtheideal.

AN SCEIDEAL

Cumhachtaí chun a Cheangal ar Dhaoine Fianaise a Thabhairt nó Doiciméid a Thabhairt ar Aird


Na hAchtanna dá dTagraítear

Na hAchtanna um Urrúis faoi Chumhdach Sócmhainne 2001 agus 2007

Acht an Bhainc Cheannais 1942

1942, Uimh. 22

Acht an Bhainc Ceannais 1971

1971, Uimh. 24

Acht an Bhainc Ceannais 1989

1989, Uimh. 16

Acht an Bhainc Ceannais 1997

1997, Uimh. 8

Acht an Bhainc Ceannais agus Údarás Seirbhísí Airgeadais na hÉireann 2003

2003, Uimh. 12

Acht an Bhainc Ceannais agus Údarás Seirbhísí Airgeadais na hÉireann 2004

2004, Uimh. 21

Acht na gCuideachtaí 1963

1963, Uimh. 33

Acht na gCuideachtaí (Leasú) 1983

1983, Uimh. 13

Acht na gCuideachtaí 1990

1990, Uimh. 33

Achtanna na gCuideachtaí

An tAcht Iomaíochta 2002

2002, Uimh. 14

An tAcht um Chosaint Tomhaltóirí 2007

2007, Uimh. 19

An tAcht um Fhorais Chreidmheasa (Tacaíocht Airgeadais) 2008

2008, Uimh. 18

Acht na gComhphobal Eorpach 1972

1972, Uimh. 27

An tAcht Airgeadais 1970

1970, Uimh. 14

An tAcht um Chistí Infheistíochta, Cuideachtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha 2006

2006, Uimh. 41

An tAcht um Painéal Táthcheangail na hÉireann 1997

1997, Uimh. 5

An tAcht Rialtais Áitiúil 2001

2001, Uimh. 37

An tAcht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta 1990

1990, Uimh. 18

An tAcht Ionstraimí Reachtúla 1947

1947, Uimh. 44

Na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach 1977 go 2007

/images/harp.jpg


Uimhir 1 de 2009


AN tACHT UM AN mBANC-CHORPARÁID ANGLA-ÉIREANNACH 2009

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ, AR MHAITHE LE LEAS AN PHOBAIL, CHUN COBHSAÍOCHT AN CHÓRAIS AIRGEADAIS SA STÁT A CHOTHABHÁIL, AGUS CHUN NA CRÍCHE SIN—

(A)DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LEIS NA SCAIREANNA GO LÉIR SA BHANC-CHORPARÁID ANGLA-ÉIREANNACH CUIDEACHTA PHOIBLÍ THEORANTA A AISTRIÚ CHUIG AN AIRE AIRGEADAIS NÓ CHUIG AINMNITHEACH AN AIRE,

(B)DO MHÚCHADH CEARTA ÁIRITHE SA BHANC ANGLA-ÉIREANNACH,

(C)DO DHÍFHEIDHMIÚ FORÁLACHA ÁIRITHE D’ACHTANNA NA gCUIDEACHTAÍ AGUS D’ACHTACHÁIN EILE A MHÉID A BHAINEANN SIAD LEIS AN mBANC ANGLA-ÉIREANNACH,

(D)DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE DAOINE A CHUR AS OIFIGÍ, POIST NÓ FOSTAÍOCHT ÁIRITHE LEIS AN mBANC ANGLA-ÉIREANNACH AGUS MAIDIR LE DAOINE EILE A CHEAPADH CHUN NA nOIFIGÍ NÓ NA bPOST NÓ NA FOSTAÍOCHTA SIN,

(E)DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE MEASÚNÓIR A CHEAPADH CHUN A MHEASÚNÚ AR CHEART CÚITEAMH A ÍOC LE DAOINE AR AISTRÍODH A SCAIREANNA CHUIG AN AIRE AIRGEADAIS NÓ AR MÚCHADH A gCEARTA, AGUS, MÁS CEART, DO CHINNEADH AN MHÉID CHÓIR RÉASÚNAIGH AB INÍOCTHA MAR CHÚITEAMH DEN SÓRT SIN,

(F)DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE hAON CHÚITEAMH DEN SÓRT SIN A ÍOC,

(G)DO DHÉANAMH LEASUITHE IARMHARTACHA AR ACHTACHÁIN ÁIRITHE EILE, AGUS

(H)DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE COMHGHAOLMHARA.

[21 Eanáir, 2009]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1 .— San Acht seo—

ciallaíonn “Banc Angla-Éireannach” an chuideachta ar a dtugtaí, roimh a hathchlárú de bhua alt 6, Banc-Chorparáid Angla-Éireannach Cuideachta Phoiblí Theoranta agus, tar éis an athchláraithe sin, Banc-Chorparáid Angla-Éireannach Teoranta;

ciallaíonn “airteagail” airteagail chomhlachais;

ciallaíonn “Measúnóir” an duine arna cheapadh nó arna ceapadh faoi alt 22;

ciallaíonn “Banc Ceannais” Banc Ceannais agus Údarás Seirbhísí Airgeadais na hÉireann;

ciallaíonn “faisnéis atá íogair ó thaobh tráchtála de” faisnéis a bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis, dá nochtfaí í—

(a) go ndéanfaí dochar ábhartha do leasanna tráchtála nó tionscail duine nó grúpa nó aicme daoine, nó

(b) go ndéanfaí dochar do staid iomaíochta duine i seoladh ghnó, ghairm nó shlí bheatha an duine;

tá le “foras creidmheasa” an bhrí chéanna atá leis in Acht an Bhainc Ceannais 1997;

ciallaíonn “cearta múchta” cearta sa Bhanc Angla-Éireannach nó i ndáil leis arna múchadh le halt 10(1);

tá le “Gobharnóir” an bhrí chéanna atá leis in Acht an Bhainc Cheannais 1942;

ciallaíonn “meabhrán” meabhrán comhlachais;

ciallaíonn “Aire” an tAire Airgeadais;

ciallaíonn “ainmnitheach” ainmnitheach de chuid an Aire, lenan-áirítear ainmnitheach is cuideachta;

tá le “margadh rialáilte” an bhrí chéanna atá leis i Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Margaí in Ionstraimí Airgeadais) 2007 (I.R. Uimh. 60 de 2007);

tá le “Údarás Rialála” an bhrí chéanna atá leis in Acht an Bhainc Cheannais 1942;

folaíonn “leas urrúis” aon mhorgáiste, muirear, lian, gealltán nó eire eile;

folaíonn “scaireanna” gnáthscaireanna, scaireanna tosaíochta, scairbharántais agus stoc;

tá le “fochuideachta”, i ndáil leis an mBanc Angla-Éireannach, an bhrí chéanna atá leis in alt 155 d’Acht na gCuideachtaí 1963;

tá le “foghnóthas”, i ndáil leis an mBanc Angla-Éireannach, an bhrí chéanna atá leis i Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Cuideachtaí: Grúpchuntais) 1992 (I.R. Uimh. 201 de 1992);

ciallaíonn “scaireanna aistrithe” na scaireanna sa Bhanc Angla-Éireannach a aistrítear chuig an Aire faoi alt 5;

Feidhmeanna a chomhlíontar ar mhaithe le leas an phobail.

2 .— (1) Tá ag an Aire, ar mhaithe le leas an phobail, na feidhmeanna dá bhforáiltear faoin Acht seo de bhrí go bhfuil an tAire, tar éis dul i gcomhairle le stiúrthóirí an Bhainc Angla-Éireannaigh, leis an nGobharnóir agus an leis an Údarás Rialála, den tuairim—

(a) go bhfuil ábhair buartha thromchúiseacha ann maidir le hinmharthanacht an Bhainc Angla-Éireannaigh nó go mbeidís ann mura ndéanfaí na feidhmeanna sin a chomhlíonadh, agus

(b) gur gá na feidhmeanna sin a chomhlíonadh, ar mhaithe le leas an phobail—

(i) chun suaitheadh tromchúiseach i ngeilleagar an Stáit a leigheas,

(ii) chun damáiste tromchúiseach ionchasach don chóras airgeadais sa Stát a chosc agus chun cobhsaíocht leanúnach an chórais sin a chinntiú, agus

(iii) chun cumas an Bhainc Angla-Éireannaigh leanúint dá oibríochtaí mar ghnóthas leantach a chaomhnú.

(2) Féadfaidh an tAire leanúint de bheith i gcomhairle leis an nGobharnóir agus leis an Údarás Rialála i gcomhlíonadh leanúnach fheidhmeanna an Aire faoin Acht seo.

(3) Ní choisceann aon ní san Acht seo ar Bhanc Ceannais na hÉireann ná ar an Údarás Rialála a chuid feidhmeanna a chomhlíonadh i ndáil leis an mBanc Angla-Éireannach nó i ndáil le haon fhoras creidmheasa arna údarú nó arna rialáil sa Stát, ná ní dhéanann aon ní san Acht seo difear d’aon oibleagáid a eascraíonn faoi na conarthaí a rialaíonn na Comhphobail Eorpacha (de réir na brí a thugtar le halt 1 d’Acht na gComhphobal Eorpach 1972) ná faoi Reacht CEBC (de réir na brí a thugtar le halt 2 d’Acht an Bhainc Cheannais 1942).

Creat caidrimh idir an tAire agus an Banc Angla-Éireannach.

3 .— (1) Féadfaidh an tAire ó am go ham creat caidrimh a shonrú i scríbhinn chun an caidreamh idir an tAire nó ainmnitheach an Aire agus an Banc Angla-Éireannach a rialú, agus féadfaidh sé nó sí ó am go ham aon chreat caidrimh den sórt sin a leasú nó a chúlghairm. Leis an gcreat caidrimh, déanfar deighilt an Bhainc Angla-Éireannaigh ón Aire nó ó ainmnitheach an Aire a aithint agus idirghabháil an Aire nó ainmnitheach an Aire i seoladh ghnó an Bhainc Angla-Éireannaigh a theorannú don mhéid is gá chun leas an phobail a chosaint. Beidh an creat caidrimh de réir ceanglas rialaitheach i gcónaí.

(2) Gníomhóidh an Banc Angla-Éireannach agus aon ainmnitheach de chuid an Aire de réir aon chreata caidrimh a shonraítear faoi fho-alt (1).

(3) Féadfaidh an tAire ordachán i scríbhinn a thabhairt don Bhanc Angla-Éireannach á cheangal air aon ní a dhéanamh nó staonadh ó aon ní a dhéanamh ar ní é, i dtuairim an Aire, ar gá nó ar fóirsteanach é a dhéanamh nó staonadh óna dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, faoi réir ceanglas rialaitheach.

(4) Féadfaidh an tAire a údarú d’ainmnitheach an Aire ordachán faoi fho-alt (3) a thabhairt, agus beidh an éifeacht chéanna a bheidh le hordachán ón Aire le hordachán arna thabhairt ag ainmnitheach faoi údarás den sórt sin.

(5) Comhlíonfaidh an Banc Angla-Éireannach ordachán faoi alt (3).

Éifeacht an Achta seo.

4 .— Beidh éifeacht le forálacha an Achta seo d’ainneoin aon ní atá—

(a) in Achtanna na gCuideachtaí nó in aon achtachán eile, nó

(b) i meabhrán agus in airteagail an Bhainc Angla-Éireannaigh nó aon cheann dá fhochuideachtaí nó dá fhoghnóthais.

Scaireanna sa Bhanc Angla-Éireannach a fháil.

5 .— (1) Ar thosach feidhme an Achta seo, aistrítear chuig an Aire na scaireanna go léir sa Bhanc Angla-Éireannach.

(2) Aistrítear le fo-alt (1) na scaireanna sa Bhanc Angla-Éireannach gan aon ionstraim a bheith riachtanach.

(3) Dílsítear le fo-alt (1) don Aire teideal chun na scaireanna—

(a) saor ó aon dliteanas nó ó aon cheart, teideal nó leas (lena n-áirítear leas urrúis) cothromasach nó tairbhiúil a bhí ag gabháil roimhe sin le haon scair den sórt sin, agus

(b) mar aon leis na cearta, na sochair agus na pribhléidí go léir a bheidh, ar thosach feidhme an Achta seo nó dá éis, ag gabháil le haon scair den sórt sin nó a fhabhróidh chuici nó a eascróidh aisti.

An éifeacht a bheidh ag fáil na scaireanna.

6 .— (1) Ar thosach feidhme an Achta seo, maidir leis an Aire—

(a) measfar é nó í a bheith taifeadta sa chlár de chomhaltaí an Bhainc Angla-Éireannaigh mar shealbhóir na scaireanna aistrithe, agus

(b) tiocfaidh sé nó sí chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Bhanc Angla-Éireannach.

(2) Ar thosach feidhme an Achta seo—

(a) tiocfaidh an Banc Angla-Éireannach chun bheith ina chuideachta phríobháideach faoi theorainn scaireanna faoin ainm “Banc-Chorparáid Angla-Éireannach Teoranta”,

(b) measfar a mheabhrán a bheith leasaithe chun a stádas mar chuideachta phríobháideach faoi theorainn scaireanna a léiriú,

(c) measfar socrú a bheith ina chlásal cuspóirí chun, mar chuspóirí, aon ní a cheanglaítear nó a údaraítear leis an Acht seo a dhéanamh, agus gníomhú mar thaca le críocha an Achta seo agus i dtaca leo agus chun iad a chur ar aghaidh,

(d) measfar a chuid airteagal a bheith arna leasú chun alt 33 d’Acht na gCuideachtaí 1963 a chomhlíonadh agus beidh siad le forléiriú dá réir sin, agus

(e) eiseoidh cláraitheoir na gcuideachtaí deimhniú corpraithe is iomchuí do chuideachta phríobháideach faoi theorainn scaireanna chuige.

(3) Maidir le scairdheimhniú a eisíodh roimh thosach feidhme an Achta seo i ndáil le scaireanna sa Bhanc Angla-Éireannach, ní fianaise é ar úinéireacht, tráth tar éis an tosach feidhme sin, ar na scaireanna (seachas chun teideal chun cúitimh a shuíomh).

(4) Ní ceadmhach don Bhanc Angla-Éireannach glaoch a dhéanamh chun aon mhéideanna gan íoc a bheidh dlite i leith aon cheann de na scaireanna a íoc aon tráth a bheidh na scaireanna sin á sealbhú ag an Aire nó ag ainmnitheach an Aire. Aon duine, áfach, a bheidh faoi dhliteanas, ar thosach feidhme an Achta seo, méid a bheidh dlite i leith aon cheann de na scaireanna sin a íoc leis an mBanc Angla-Éireannach, leanfaidh sé nó sí de bheith faoi dhliteanas amhlaidh d’ainneoin aon ní san fho-alt seo.

(5) Glacfar leis gur sásamh é foilsiú an Achta seo ar an gceanglas faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Cuideachtaí Teoranta Príobháideacha Comhalta Aonair) 1994 (I.R. Uimh. 275 de 1994)) fógra a thabhairt faoin mBanc Angla-Éireannach do theacht chun bheith ina chuideachta phríobháideach theoranta comhalta aonair (de réir bhrí na Rialachán sin) mar thoradh ar aistriú a chuid scaireanna chuig an Aire faoin Acht seo.

Feidhmiú ginearálta chearta an Aire mar scairshealbhóir.

7 .— (1) Tá cearta an Aire mar scairshealbhóir sa Bhanc Angla-Éireannach infheidhmithe ar thosach feidhme an Achta seo agus uaidh sin amach.

(2) I gcás go mbeidh ceart nó cumhacht i leith scaire sa Bhanc Angla-Éireannach infheidhmithe trí aturnae nó seachvótálaí, féadfaidh an tAire aturnae nó seachvótálaí a cheapadh a fhéadfaidh an ceart nó an chumhacht a fheidhmiú thar ceann an Aire.

Cumhacht an Aire scaireanna a aistriú chuig ainmnitheach.

8 .— (1) Féadfaidh an tAire, aon tráth, cuid de na scaireanna sa Bhanc Angla-Éireannach a bheidh á sealbhú aige nó aici, nó iad go léir, a aistriú chuig ainmnitheach de chuid an Aire a shonróidh an tAire ó am go ham.

(2) Is ar cibé téarmaí a shonróidh an tAire, ag féachaint do leas an phobail agus do cheanglais rialaitheacha, a shealbhaíonn ainmnitheach de chuid an Aire scaireanna arna n-aistriú chuige nó chuici.

(3) Ní dhéanfaidh ainmnitheach an Aire aon scair den sórt sin a aistriú seachas chuig an Aire nó chuig ainmnitheach eile de chuid an Aire.

(4) Féadfaidh ainmnitheach an Aire feidhmeanna uile an Aire i ndáil leis an mBanc Angla-Éireannach, ar feidhmeanna iad a deirtear a bheith infheidhmithe ag ainmnitheach an Aire, a fheidhmiú.

(5) Féadfaidh an tAire le hordú aon fheidhm eile de chuid an Aire faoin Acht seo a thabhairt d’ainmnitheach de chuid an Aire.

(6) Déanfar fógra i dtaobh ordú a dhéanamh faoi fho-alt (5) a fhoilsiú san Iris Oifigiúil a luaithe is indéanta.

(7) Féadfaidh sé gurb í Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta an t-ainmnitheach a shonróidh an tAire faoi fho-alt (1) agus, más ea, measfar go bhfolaíonn feidhmeanna na Gníomhaireachta sin gníomhú mar ainmnitheach de chuid an Aire chun críocha an Achta seo.

Éifeacht ar chearta áirithe eile.

9 .— (1) San alt seo, ciallaíonn “ionstraim iomchuí” comhaontú, ceadúnas, urrús, oibleagáid nó ionstraim eile (seachas an Scéim um Fhorais Chreidmheasa (Tacaíocht Airgeadais) 2008 (I.R. Uimh. 411 de 2008) nó ionstraim arna déanamh faoin Scéim sin) ar páirtí inti aon cheann díobh seo a leanas nó a bhfuil aon cheann díobh seo a leanas faoi cheangal aici:

(a) an Banc Angla-Éireannach;

(b) aon fhochuideachta nó foghnóthas dá chuid;

(c) aon chomhlacht corpraithe ina bhfuil aon leas ag an mBanc Angla-Éireannach nó ag aon fhochuideachta nó foghnóthas dá chuid.

(2) Maidir le haon fhoráil in ionstraim iomchuí a bheadh (ar leith ón bhfo-alt seo) ina cúis le haon cheann de na hiarmhairtí a shonraítear i bhfo-alt (4) do tharlú de bhua—

(a) fógra an Aire gur beartaíodh an tAcht seo a achtú,

(b) aistriú scaireanna chuig an Aire faoin Acht seo,

(c) athchlárú an Bhainc Angla-Éireannaigh mar chuideachta phríobháideach faoi theorainn scaireanna de bhua alt 6;

(d) díliostú aon chothromais nó urrúis eile de bhua alt 12, nó

(e) aon ní eile a dhéantar nó a údaraítear a dhéanamh de bhun nó de bharr aon fhorála den Acht seo,

ní bheidh aon éifeacht léi ach amháin go feadh aon mhéid a fhorálfaidh an tAire a mhalairt le hordú faoi fho-alt (5).

(3) Measfar, maidir le foráil dá dtagraítear i bhfo-alt (2), nach raibh éifeacht léi riamh aon tráth tar éis an 14 Eanáir 2009, ach amháin go feadh aon mhéid a fhorálfaidh an tAire a mhalairt le hordú faoi fho-alt (5).

(4) Is iad seo a leanas na hiarmhairtí:

(a) oibleagáid a chruthú;

(b) ceart nó oibleagáid a chur ar fionraí nó a mhúchadh (cibé cuma a dtuairiscítear é agus cibé acu go hiomlán nó go páirteach) nó teacht chun bheith faoi réir ceart nó oibleagáid;

(c) an ionstraim iomchuí lena mbaineann nó ceart nó oibleagáid fúithi a fhoirceannadh;

(d) ceart chun an ionstraim nó ceart nó oibleagáid fúithi a fhoirceannadh do theacht chun bheith infheidhmithe;

(e) méid do theacht chun bheith dlite agus iníoctha nó go bhféadfar a dhearbhú é a bheith dlite agus iníoctha;

(f) aon athrú eile ar mhéid nó ar uainiú aon íocaíochta a bheidh le déanamh nó a bheidh le fáil ag aon duine;

(g) aon cheart chun aon íocaíocht a choimeád siar, a ghlan-chomhshó nó a fhritháireamh;

(h) teagmhas mainneachtana nó sárú ar cheart a eascróidh;

(i) aon cheart gan aon mhéid, ionstraim theagmhasach nó creidmheas a airleacan do theacht chun bheith infheidhmithe;

(j) oibleagáid a eascróidh chun éarlais nó comhthaobhacht a sholáthar nó a aistriú;

(k) ceart chun ráthaíocht, slánaíocht nó leas urrúis (cibé cuma a dtuairiscítear é) a fhorfheidhmiú;

(l) aon réamhíocaíocht shainordaitheach a imspreagtar;

(m) aon oibleagáid chun comhthaobhacht nó a cóimhéid a thabhairt ar ais;

(n) cur ar ceal aon oibleagáide chun aon mhéid a airleacan nó chun creidmheas nó ionstraim theagmhasach a sholáthar;

(o) imeachtaí chun an ionstraim a fhorfheidhmiú do theacht chun bheith inchoimeádta ar aghaidh go feadh aon mhéid nach mbeadh na himeachtaí sin inchoimeádta ar aghaidh murach gur aistríodh na scaireanna nó murach nach ndearnadh nó nár eascair aon ní eile a rinneadh nó a d’eascair de bhua an Achta seo nó i dtaca leis an Acht seo, de réir mar a bheidh;

(p) aon cheart nó leigheas eile (cibé acu atá nó nach bhfuil sé ar comhchineál leo sin dá dtagraítear i míreanna (a) go (o)) a eascróidh nó a thiocfaidh chun bheith infheidhmithe;

(q) foirceannadh nó athrú oibleagáide chun seirbhís nó táirge a sholáthar.

(5) Más deimhin leis an Aire, i gcás nó i gcásanna áirithe, go bhfuil éifeacht rídhochraideach ag fo-ailt (1) go (4) sna himthosca go léir, nó go bhfuil sé míchóir go míchuí nó go mbeidh cruatan míchuí ann dá mbarr, agus gur cuí sna himthosca go léir déanamh amhlaidh, d’ainneoin aon ní sna fo-ailt sin, féadfaidh sé nó sí le hordú a fhoráil go mbeidh éifeacht le foráil in ionstraim iomchuí lena ndéantar foráil maidir le hiarmhairt a luaitear nó dá dtagraítear i bhfo-alt (4) go feadh an mhéid a shonraítear san ordú.

(6) Maidir le hordú faoi fho-alt (5)

(a) féadfar foráil a dhéanamh ann i ndáil le héifeacht forála—

(i) in ionstraim iomchuí áirithe,

(ii) in ionstraimí iomchuí de chineál áirithe, nó

(iii) i gcearta arna sealbhú faoi ionstraim iomchuí, nó in ionstraimí iomchuí de chineál áirithe ag duine áirithe nó ag aicme áirithe daoine,

(b) i gcás ordú lena ndéantar socrú i ndáil le hionstraimí iomchuí de chineál áirithe, féadfar an cineál a shonrú ann faoi threoir aon sainghné chomhchoiteann de na hionstraimí lena mbaineann,

(c) i gcás ordú lena ndéantar socrú i ndáil le cearta arna sealbhú ag aicme áirithe daoine, féadfar an aicme a shonrú ann faoi threoir aon sainghné chomhcoiteann de na daoine lena mbaineann, agus

(d) féadfaidh sé a bheith sainráite ann go bhfuil éifeacht chúlghabhálach leis siar go dáta tar éis an 14 Eanáir 2009.

(7) Déanfar fógra i dtaobh ordú a dhéanamh faoi fho-alt (5) a fhoilsiú san Iris Oifigiúil a luaithe is indéanta.

(8) Má mheasann an tArd-Aighne go bhfuil ábhar in ordú faoi fho-alt (5) atá íogair ó thaobh tráchtála de, féadfaidh sé nó sí a ordú—

(a) go measfar na hoibleagáidí i ndáil leis an ordú faoi alt 3(1) den Acht Ionstraimí Reachtúla 1947 a bheith comhlíonta trí leagan den ordú a bhfuil an t-ábhar atá íogair ó thaobh tráchtála de fágtha ar lár as a chur i gcló, a chur chuig na forais a luaitear in alt 3(1)(a) den Acht sin, a fhoilsiú agus a dhíol, nó

(b) i gcás nárbh fhéidir leagan den sórt sin a ullmhú, nó go mbeadh an leagan míthreorach go tromchúiseach dá bharr, beidh an t-ordú díolmhaithe ó oibriú alt 3(1) den Acht sin.

(9) Déanfar, i leagan d’ordú arna ullmhú de réir ordacháin arna thabhairt ag an Ard-Aighne faoi fho-alt (8)(a), a chur in iúl gur fágadh an t-ábhar sin ar lár as an leagan den ordú agus cuirfear cineál ginearálta an ábhair sin in iúl.

(10) Foilseofar ordachán arna thabhairt ag an Ard-Aighne faoi fho-alt (8) san Iris Oifigiúil.

(11) Féadfar fianaise a thabhairt maidir le hordachán arna thabhairt ag an Ard-Aighne faoi fho-alt (8) trí chóip den Iris Oifigiúil a airbheartaíonn an t-ordachán a bheith inti a thabhairt ar aird.

(12) Ní dhéanann aon ní san Acht seo difear d’oibriú na nAchtanna um Urrúis faoi Chumhdach Sócmhainne 2001 agus 2007 i ndáil leis an mBanc Angla-Éireannach agus a chuid fochuideachtaí agus foghnóthas.

Múchadh ceart áirithe i ndáil le scaireanna.

10 .— (1) Ar thosach feidhme an Achta seo, múchtar na cearta seo a leanas amhail i gcoinne an Aire agus an Bhainc Angla-Éireannaigh:

(a) cearta (de thuairisc ar bith) chun suibscríobh le haghaidh scaireanna, nó roghanna ar scaireanna, sa Bhanc Angla-Éireannach a eascróidh as fostaíocht nó oifig pearsan aonair leis an mBanc Angla-Éireannach, nó le haon fhochuideachtaí nó foghnóthais dá chuid, nó i dtaca leis an gcéanna;

(b) roghanna nó cearta eile a shealbhaíonn duine chun suibscríobh le haghaidh scaireanna sa Bhanc Angla-Éireannach nó chun scaireanna a fháil ar shlí eile ón mBanc Angla-Éireannach.

(2) Féadfaidh an Banc Angla-Éireannach, tráth ar bith tar éis thosach feidhme an Achta seo, a shocrú trí rún na cearta a ghabhann le haon scaireanna i gcuideachta is fochuideachta nó foghnóthas dá chuid a athrú. Beidh lánfheidhm ag rún den sórt sin agus lánéifeacht leis ó dháta an rúin, d’ainneoin aon ní in Achtanna na gCuideachtaí ná i meabhrán ná in airteagail na cuideachta lena mbaineann.

Leasanna cothromais i scaireanna.

11 .— (1) Más rud é go raibh, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, aon scaireanna aistrithe faoi réir cirt, teidil nó leasa cothromais nó thairbhiúil (lena n-áirítear leas urrúis), sealbhóidh an duine arbh é nó í úinéir dlíthiúil na scaireanna sin é nó í díreach roimh an tosach feidhme sin aon suim arna híoc leis nó léi mar chúiteamh i bhfáil na scaireanna sin ar iontaobhas don duine a shealbhaigh an ceart, an teideal nó an leas i gcomhréir leis an teideal lena mbaineann.

(2) Aon duine a shealbhóidh airgead ar iontaobhas do dhuine eile faoi fho-alt (1), déanfaidh sé nó sí amhlaidh ar na téarmaí céanna (a mhéid is féidir) le téarmaí an chirt, an teidil nó an leasa dá dtagraítear san fho-alt sin.

Díliostú.

12 .— (1) Ar thosach feidhme an Achta seo, scoirtear d’aon liostú ar scaireanna de chuid an Bhainc Angla-Éireannaigh gan aon ghá a bheith le haon fhógra eile a thabhairt d’aon duine ná le toiliú ó aon duine eile.

(2) I bhfo-alt (1) tá le “liostú” an bhrí chéanna atá leis i Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Glacthaí chuig Liostú agus Forálacha Ilghnéitheacha) 2007 (I.R. Uimh. 286 de 2007).

(3) Féadfaidh an tAire le hordú foráil a dhéanamh maidir le scor de ghlacadh le haon urrúis (seachas urrúis a thuairiscítear i bhfo-alt (1)) a d’eisigh an Banc Angla-Éireannach ar mhargadh (lenan-áirítear margadh rialáilte), nó den chéanna a thrádáil ar aon mhargadh.

(4) Déanfar fógra á rá go ndearnadh ordú faoi fho-alt (3) a fhoilsiú san Iris Oifigiúil a luaithe is indéanta.

Dífheidhmiú, etc., forálacha áirithe d’Achtanna an Bhainc Ceannais.

13 .— (1) Níl feidhm ag fo-ailt (1) ná (2) d’alt 57DF (a cuireadh isteach le hAcht an Bhainc Ceannais agus Údarás Seirbhísí Airgeadais na hÉireann 2004) d’Acht an Bhainc Cheannais 1942 (dá ngairtear “Acht 1942” san alt seo) maidir le doiciméad rialaitheach ná le doiciméad beartais a bhaineann leis an mBanc Angla-Éireannach.

(2) Féadfaidh an tAire le hordú fo-ailt (1) nó (2) d’alt 57DF d’Acht 1942 nó iad araon a athfheidhmiú, i ndáil le doiciméad rialaitheach nó le doiciméad beartais a bhaineann leis an mBanc Angla-Éireannach.

(3) Féadfar fo-ailt (1) nó (2) d’alt 57DF d’Acht 1942 nó iad araon a athfheidhmiú le hordú faoi fho-alt (2)

(a) i ndáil le doiciméad rialaitheach nó doiciméad beartais áirithe, nó

(b) i ndáil le doiciméid rialaitheacha nó doiciméid bheartais d’aicme áirithe.

(4) Déanfar fógra á rá go ndearnadh ordú faoi fho-alt (2) a fhoilsiú san Iris Oifigiúil a luaithe is indéanta.

(5) Ní dhéanann dífheidhmiú fo-ailt (1) agus (2) d’alt 57DF d’Acht 1942 le fo-alt (1) difear do cheart an Údaráis Rialála dul i gcomhairle—

(a) leis an bPainéal Sainchomhairleach Tomhaltóirí de bhun alt 57CY den Acht sin, ná

(b) leis an bPainéal Sainchomhairleach Tionscail de bhun alt 57DB den Acht sin.

(6) Níl feidhm ag alt 57DE(3) d’Acht 1942 maidir le haon sainchomhairle leis an bPainéal Sainchomhairleach Tomhaltóirí ná leis an bPainéal Sainchomhairleach Tionscail a bhaineann leis an mBanc Angla-Éireannach nó a fhéadfaidh a bheith ag baint leis le linn tréimhse ar lena linn a bhí fo-ailt (1) agus (2) d’alt 57DF den Acht sin dífheidhmithe faoi fho-alt (1).

(7) Níl feidhm ag míreanna (b) go (f) d’alt 28(1) d’Acht an Bhainc Ceannais 1971 i ndáil leis an mBanc Angla-Éireannach ná le haon fhochuideachta ná foghnóthas dá chuid a fhad is comhalta de an tAire nó ainmnitheach an Aire.

(8) San alt seo, tá le téarma a úsáidtear freisin i gCuid VIIC (a cuireadh isteach le hAcht an Bhainc Ceannais agus Údarás Seirbhísí Airgeadais na hÉireann 2004) d’Acht 1942 an bhrí chéanna atá leis sa Chuid sin.

(9) Tá éifeacht leis an alt seo d’ainneoin alt 2(3).

Dífheidhmiú, etc., dlíthe áirithe a bhaineann le cuideachtaí.

14 .— (1) Aon ní a dhéanfar faoin Acht seo ní beart atheagrúcháin é—

(a) chun críocha Rialachán na gComhphobal Eorpach (Forais Chreidmheasa a Atheagrú agus a Fhoirceannadh) 2004 (I.R. Uimh. 198 de 2004), ná

(b) chun críocha Rialachán na gComhphobal Eorpach (Gnóthais Árachais a Atheagrú agus a Fhoirceannadh) 2003 (I.R. Uimh. 168 de 2003).

(2) Le linn na tréimhse 90 lá (nó aon tréimhse is faide, gan dul thar 6 mhí, a fhorordóidh an tAire le hordú) tar éis aon athraithe a cheanglófaí, murach an fo-alt seo, a nochtadh i litreacha gnó agus i ríomhphoist ghnó agus ar shuíomh gréasáin an Bhainc Angla-Éireannaigh, níl feidhm maidir leis ag forálacha Achtanna na gCuideachtaí lena gceanglaítear an nochtadh sin a dhéanamh.

(3) Déanfar fógra á rá go ndearnadh ordú faoi fho-alt (2) a fhoilsiú san Iris Oifigiúil a luaithe is indéanta.

(4) Níl feidhm ag na forálacha seo a leanas d’Achtanna na gCuideachtaí:

(a) ailt 60(1), 72, 81 go 85 agus 200(1) d’Acht na gCuideachtaí 1963;

(b) ailt 41 agus 45 d’Acht na gCuideachtaí (Leasú) 1983;

(c) alt 26(6) agus Cuid IV d’Acht na gCuideachtaí 1990;

i ndáil leis an mBanc Angla-Éireannach ná le fochuideachtaí ná le foghnóthais dá chuid a fhad is comhalta den Bhanc Angla-Éireannach an tAire nó ainmnitheach an Aire.

(5) Maidir le haon fhoráil eile dlí nó foráil eile de mheabhrán nó d’airteagail an Bhainc Angla-Éireannaigh lena gcoiscfí nó lena gcuirfí srian thairis sin ar an Aire nó ar ainmnitheach an Aire cumhachtaí, cearta agus teidil uile comhaltaí cuideachta a fheidhmiú níl feidhm aici maidir leis ná le comhaltas an Aire nó ainmnitheach an Aire de.

(6) D’ainneoin fho-ailt (4) agus (5) , féadfaidh an tAire nó ainmnitheach an Aire tar éis dul i gcomhairle le stiúrthóirí an Bhainc Angla-Éireannaigh, gníomhú de réir aon fhorála (go hiomlán nó go páirteach) dá dtagraítear i gceachtar de na fo-ailt sin amhail is dá leanfadh an fhoráil sin d’fheidhm a bheith léi.

(7) Ní ceadmhach achainí a thabhairt chun an Banc Angla-Éireannach a fhoirceannadh faoi Chuid VI d’Acht na gCuideachtaí 1963 gan cead ón Aire.

(8) Féadfaidh an tAire le hordú aon fhoráil dá dtagraítear i bhfo-alt (4) a athfheidhmiú, i ndáil leis an mBanc Angla-Éireannach nó le haon fhochuideachtaí nó foghnóthais dá chuid.

(9) Déanfar fógra á rá go ndearnadh ordú faoi fho-alt (8) a fhoilsiú san Iris Oifigiúil a luaithe is indéanta.

(10) Níl d’éifeacht le haon ní san alt seo aon cheanglas chun taifid a choimeád, nó chun rúin a thaifeadadh, i bhfoirm chuí a dhífheidhmiú.

(11) Níl d’éifeacht le haon ní san alt seo—

(a) a fhágáil gur dleathach aon sárú ar aon fhoráil dá dtagraítear san alt seo is sárú a rinneadh roimh thosach feidhme an Achta seo,

(b) aon duine a shaoradh ó aon oibleagáid aon fhoráil den sórt sin a chomhlíonadh tráth ar bith roimh thosach feidhme an Achta seo, ná

(c) dochar a dhéanamh d’aon imeachtaí arna dtionscnamh nó a bheidh le tionscnamh i ndáil le sárú, nó sárú oibleagáide, dá dtagraítear i mír (a) (b).

Dífheidhmiú forálacha áirithe den Acht Iomaíochta 2002 agus den Acht um Fhorais Chreidmheasa (Tacaíocht Airgeadais) 2008.

15 .— (1) Níl feidhm ag Codanna 2 ná 3 den Acht Iomaíochta 2002 maidir leis an Aire d’fháil scaireanna sa Bhanc Angla-Éireannach, ná d’aistriú scaireanna ann chuig ainmnitheach an Aire, faoin Acht seo.

(2) Níl feidhm ag alt 7 den Acht um Fhorais Chreidmheasa (Tacaíocht Airgeadais) 2008 maidir leis an Aire d’fháil scaireanna sa Bhanc Angla-Éireannach, ná d’aistriú scaireanna ann chuig ainmnitheach an Aire, faoin Acht seo.

Dífheidhmiú ceanglas áirithe i ndáil le fógra i dtaobh scaireanna a fháil.

16 .— (1) Níl feidhm ag Caibidil VI de Chuid II d’Acht an Bhainc Ceannais 1989 i ndáil leis an Aire d’fháil scaireanna sa Bhanc Angla-Éireannach, nó i ndáil leis an Aire d’aistriú scaireanna ann chuig ainmnitheach an Aire, faoin Acht seo.

(2) Níl feidhm ag Rialachán 14 (seachas mír (9) den Rialachán sin) de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Forais Chreidmheasa a Cheadúnú agus a Mhaoirsiú) 1992 (I.R. Uimh. 395 de 1992) i ndáil leis an Aire d’fháil scaireanna sa Bhanc Angla-Éireannach, nó i ndáil leis an Aire d’aistriú scaireanna ann chuig ainmnitheach an Aire, faoin Acht seo.

(3) Níl feidhm ag Cuid 4 (seachas míreanna (3) agus (4) d’Airteagal 40C) de Rialacháin Chreata na gComhphobal Eorpach (Árachas Saoil) 1994 i ndáil leis an Aire d’fháil scaireanna sa Bhanc Angla-Éireannach, nó i ndáil leis an Aire d’aistriú scaireanna ann chuig ainmnitheach an Aire, faoin Acht seo.

(4) Maidir leis an Aire d’fháil scaireanna sa Bhanc Angla-Éireannach, nó d’aistriú scaireanna ann chuig ainmnitheach an Aire, faoin Acht seo-

(a) ní tairiscint, táthcheangal ná aon idirbheart iomchuí eile iad de réir bhrí an Achta um Painéal Táthcheangail na hÉireann 1997, nó

(b) ní tairiscint táthcheangail iad de réir bhrí Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Tairiscintí Táthcheangail (Treoir 2004/25/CE)) 2006 (I.R. Uimh. 255 de 2006).

(5) Níl feidhm ag na nithe seo a leanas maidir leis an Aire d’fháil scaireanna sa Bhanc Angla-Éireannach, nó i ndáil leis an Aire d’aistriú scaireanna ann chuig ainmnitheach an Aire, faoin Acht seo:

(a) Cuid 5 de na Rialacháin Trédhearcachta (Treoir 2004/109/CE) 2007 (I.R. Uimh. 277 de 2007);

(b) Cuid 7 de na Rialacha Trédhearcachta arna ndéanamh ag Údarás Rialála Seirbhísí Airgeadais na hÉireann i Meitheamh 2007 faoi alt 22 den Acht um Chistí Infheistíochta, Cuideachtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha 2006.

(6) Measfar go gcomhlíonann foilsiú an Achta seo aon oibleagáid eile atá ar an Aire faoi aon dlí fógra a thabhairt i dtaobh an tAire d’fháil scaireanna sa Bhanc Angla-Éireannach, nó d’aistriú scaireanna ann chuig ainmnitheach an Aire, faoin Acht seo, nó aon ní eile a dhéanamh i ndáil leis an gcéanna.

(7) Tá éifeacht leis an alt seo d’ainneoin alt 2(3) .

Airteagail an Bhainc Angla-Éireannaigh a chur ar fionraí, etc.

17 .— (1) Níl feidhm i ndáil leis an mBanc Angla-Éireannach, a fhad is comhalta de an tAire nó ainmnitheach an Aire, ag aon fhoráil d’Achtanna na gCuideachtaí ná ag meabhrán ná airteagail an Bhainc Angla-Éireannaigh lena gceanglaítear ar an mBanc Angla-Éireannach nó ar chomhalta fógra a thabhairt, nó aon toiliú a fháil, sula ndéanfar aon rud. Go háirithe, féadfaidh an tAire nó ainmnitheach an Aire tráth ar bith gan aon fhógra ná aon toiliú ba ghá thairis sin—

(a) aon chruinniú (lena n-áirítear cruinniú ginearálta) den Bhanc Angla-Éireannach a thionól,

(b) aon rún a rith ar chruinniú arna chomóradh gan fógra,

(c) cinneadh a dhéanamh ar an tslí atá leagtha amach i Rialachán 9 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Cuideachtaí Príobháideacha Teoranta Comhalta Aonair) 1994 (I.R. Uimh. 275 de 1994), ach sin gan an teorainn a fhorchuirtear le mír (2) den Rialachán sin, agus

(d) rún scríofa a rith ar an tslí atá leagtha amach in alt 141(8)(a) d’Acht na gCuideachtaí 1963, ach sin gan an teorainn a fhorchuirtear le halt 141(8)(c) den Acht sin.

(2) I gcás go n-athrófar meabhrán agus airteagail an Bhainc Angla-Éireannaigh le rún faoi mhír (b), (c)(d) d’fho-alt (1) , beidh éifeacht leis an athrú láithreach, gan aon ghá a bheith le toiliú rialaitheach ná le toiliú eile.

(3) Measfar gur cuid d’airteagail an Bhainc Angla-Éireannaigh rialachán 6 de Chuid II de Thábla A sa Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht na gCuideachtaí 1963.

(4) Measfar nach raibh éifeacht le forálacha airteagail an Bhainc Angla-Éireannaigh lena n-údaraítear dá stiúrthóirí scaireanna a eisiúint agus a leithroinnt le linn na tréimhse dar tosach an 15 Eanáir 2009 agus dar críoch tosach feidhme an Achta seo.

Féadfaidh an tAire bliain airgeadais an Bhainc Angla-Éireannaigh a athrú.

18 .— (1) Féadfaidh an tAire nó ainmnitheach an Aire, tar éis dul i gcomhairle le stiúrthóirí an Bhainc Angla-Éireannaigh, bliain airgeadais an Bhainc a athrú.

(2) Aon chuntais, tuarascálacha nó tuairisceáin a gceanglófaí le dlí (seachas dlí a bhaineann le cánachas) nó le hairteagail an Bhainc Angla-Éireannaigh iad a ullmhú nó a chur isteach i gcomhair bliana airgeadais, déanfar, i leith an chuid den bhliain airgeadais díreach roimh athrú ar bhliain airgeadais de bhua fho-alt (1), iad a áireamh i gcuntais, i dtuarascálacha nó i dtuairisceáin, de réir mar a bheidh, na chéad bhliana den bhliain airgeadais athraithe agus is cuid de na cuntais, na tuarascálacha nó na tuairisceáin sin iad.

Stiúrthóirí, etc., ar an mBanc Angla-Éireannach a chur as oifig.

19 .— (1) Féadfaidh an tAire nó ainmnitheach an Aire aon duine—

(a) a chur as post mar stiúrthóir ar an mBanc Angla-Éireannach nó ar aon cheann dá fhochuideachtaí nó dá fhoghnóthais,

(b) a chur as oifig mar rúnaí air nó mar rúnaí ar aon cheann dá fhochuideachtaí nó dá fhoghnóthais,

(c) a chur as aon cheann díobh seo a leanas:

(i) post fostaíochta leis nó le haon cheann dá fhochuideachtaí nó dá fhoghnóthais;

(ii) post feidhmiúcháin (lena n-áirítear an príomhfheidhmeannach agus aon phost den sórt sin a shealbhaítear de bhua duine a bheith ina stiúrthóir nó ina rúnaí air nó ar aon cheann dá fhochuideachtaí nó dá fhoghnóthais) ann nó in aon cheann dá fhochuideachtaí nó dá fhoghnóthais;

(iii) sainchomhairleacht leis nó le haon cheann dá fhochuideachtaí nó dá fhoghnóthais;

cibé acu atá nó nach bhfuil gaol conarthach idir an duine agus é, nó idir an duine agus an fhochuideachta nó an foghnóthas, de réir mar is gá sa chás,

(d) a chur as oifig mar iniúchóir air nó mar iniúchóir ar aon cheann dá fhochuideachtaí nó dá fhoghnóthais,

(e) a chur as oifig mar iontaobhaí ar chiste pinsean arna bhunú nó atá ar marthain thairis sin go príomha chun sochair d’aon cheann amháin nó níos mó, nó d’aon aicme nó d’aon aicmí, díobh seo a leanas:

(i) oifigigh dó nó fostaithe de nó d’aon cheann dá fhochuideachtaí nó dá fhoghnóthais;

(ii) iaroifigigh dó nó iarfhostaithe de nó d’aon cheann dá fhochuideachtaí nó dá fhoghnóthais;

(iii) céilí agus cleithiúnaithe iaroifigeach éagtha dó nó iarfhostaithe éagtha de nó d’aon cheann dá fhochuideachtaí nó dá fhoghnóthais, nó

(f) a chur as oifig mar iontaobhaí ar scairscéim fostaithe arna bunú chun sochair d’fhostaithe de nó d’aon cheann dá fhochuideachtaí nó dá fhoghnóthais.

(2) Maidir le duine a chur as oifig de bhua fho-alt (1)--

(a) beidh éifeacht leis gan aon ghá a bheith ann fógra a thabhairt, cruinniú a ghairm, rún a rith ná toiliú a fháil, agus

(b) féadfar é a bheith sainráite go mbeidh éifeacht leis láithreach agus, má tá sé sainráite amhlaidh, beidh an éifeacht sin leis.

(3) Is fo-alt é fo-alt (1) i dteannta aon chumhachta atá ag an Aire nó ag ainmnitheach an Aire faoi Achtanna na gCuideachtaí nó faoi mheabhrán nó airteagail an Bhainc Angla-Éireannaigh chun duine a chur as oifig nó as post dá dtagraítear i bhfo-alt (1).

(4) Is ar mhaithe le leas an phobail (lena n-áirítear muinín an phobail as an mBanc Angla-Éireannach), agus ar mhaithe leis sin amháin, agus faoi réir aon cheanglas rialaitheach a fheidhmeofar feidhmeanna an Aire nó ainmnitheach an Aire faoin alt seo.

(5) Ní dhéantar le haon ní san alt seo aon cheart a bhaint ó dhuine a chuirfear as oifig chun cúitimh nó damáistí i leith a oifig nó a hoifig nó a cheapachán nó a ceapachán a chailliúint. Mar sin féin—

(a) ní ceadmhach do chúirt, binse ná coimisinéir um chearta aon leigheas a dheonú a mbeadh d’éifeacht leis go gcoiscfí nó go gcuirfí srian ar an Aire nó ar ainmnitheach an Aire a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a fheidhmiú faoi fho-alt (1), agus

(b) ní ceadmhach do chúirt, binse ná coimisinéir um chearta aon ordú a dhéanamh faoi na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach 1977 go 2007 chun duine den sórt sin a athfhostú nó a athfhruiliú.

(6) San alt seo folaíonn “stiúrthóir” stiúrthóir arna cheapadh nó arna ceapadh faoi alt 20.

Stiúrthóirí, etc., ar an mBanc Angla-Éireannach a cheapadh.

20 .— (1) Féadfaidh an tAire nó ainmnitheach an Aire, le toiliú an Bhainc Ceannais, duine a cheapadh-

(a) mar stiúrthóir ar an mBanc Angla-Éireannach nó ar aon cheann dá fhochuideachtaí nó dá fhoghnóthais,

(b) mar phríomhfheidhmeannach air nó mar phríomhfheidhmeannach ar aon cheann dá fhochuideachtaí nó dá fhoghnóthais,

(c) mar rúnaí air nó mar rúnaí ar aon cheann dá fhochuideachtaí nó dá fhoghnóthais,

(d) mar iniúchóir air nó mar iniúchóir ar aon cheann dá fhochuideachtaí nó dá fhoghnóthais,

(e) mar iontaobhaí ar chiste pinsean arna bhunú nó atá ar marthain thairis sin go príomha chun sochair d’aon cheann amháin nó níos mó, nó d’aon aicme nó d’aon aicmí, díobh seo a leanas:

(i) oifigigh dó nó fostaithe de nó d’aon cheann dá fhochuideachtaí nó dá fhoghnóthais;

(ii) iaroifigigh dó nó iarfhostaithe de nó d’aon cheann dá fhochuideachtaí nó dá fhoghnóthais;

(iii) céilí agus cleithiúnaithe iaroifigeach éagtha dó nó iarfhostaithe éagtha de nó d’aon cheann dá fhochuideachtaí nó dá fhoghnóthais,

(f) mar iontaobhaí ar scairscéim fostaithe arna bunú chun sochair d’fhostaithe de nó d’aon cheann dá fhochuideachtaí nó dá fhoghnóthais,

cibé acu a eascraíonn aon fholúntas lena mbaineann faoi alt 19(1) nó ar shlí eile .

(2) Faoi réir fho-alt (3), féadfar ceapachán duine faoin alt seo a bheith sainráite chun éifeacht a bheith leis láithreach agus, má tá sé sainráite amhlaidh, beidh an éifeacht sin leis.

(3) Duine a cheapfar faoin alt seo, sealbhóidh sé nó sí oifig ar feadh na ré, agus ar na téarmaí agus na coinníollacha, a chinnfidh an tAire nó ainmnitheach an Aire.

(4) Tá éifeacht le ceapachán faoi fho-alt (1)

(a) fiú amháin mura sealbhaíonn an duine a cheapfar aon scaircháilíocht is gá de réir mheabhrán nó airteagail an Bhainc Angla-Éireannaigh nó na fochuideachta nó an fhoghnóthais (de réir mar a bheidh) lena mbaineann, agus

(b) cibé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann sé nó sí ceanglas ar bith eile le haghaidh ceapacháin faoin meabhrán nó faoi na hairteagail sin.

(5) Is fo-ailt iad fo-ailt (1) go (4) i dteannta aon chumhachta atá ag an Aire nó ag ainmnitheach an Aire, faoi mheabhrán nó faoi airteagail an Bhainc Angla-Éireannaigh, duine a cheapadh chun oifige nó poist dá dtagraítear i bhfo-alt (1).

(6) Is ar mhaithe le leas an phobail (lena n-áirítear muinín an phobail as an mBanc Angla-Éireannach a athbhunú), agus ar mhaithe leis sin amháin, agus faoi réir aon cheanglas rialaitheach a fheidhmeofar feidhmeanna an Aire agus ainmnitheach an Aire faoin alt seo.

Ní bheidh cúlstiúrthóireacht ná stiúrthóireacht de facto ann.

21 .— (1) A fhad is comhalta den Bhanc Angla-Éireannach an tAire nó ainmnitheach an Aire, ní mheasfar maidir le haon duine de na daoine a luaitear i bhfo-alt (2) gur cúlstiúrthóir é nó í (de réir na brí a thugtar le halt 27(1) d’Acht na gCuideachtaí 1990) ná gur stiúrthóir de facto mar a thugtar air é nó í ná (mura gceaptar ina stiúrthóir ar shlí eile é nó í) gur duine é nó í a urscaoileann freagrachtaí bainistíochta de chuid—

(a) an Bhainc Angla-Éireannaigh,

(b) aon cheann dá fhochuideachtaí, ná

(c) aon cheann dá fhoghnóthais.

(2) Is iad na daoine iad—

(a) an tAire,

(b) ainmnitheach an Aire,

(c) aon duine a dtarmligfear feidhmeanna an Aire faoin Acht seo chuige nó chuici, cibé acu faoin Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta 1990 nó ar shlí eile,

(d) an Gobharnóir,

(e) aon stiúrthóir ar an mBanc Ceannais,

(f) aon chomhalta den Údarás Rialála,

(g) oifigigh, nó sainchomhairleoirí nó comhairleoirí, don Aire, don Bhanc Ceannais nó don Údarás Rialála agus daoine atá fostaithe ag an gcéanna nó faoin gcéanna nó atá ag gníomhú thar ceann an chéanna.

Measúnóir a cheapadh.

22 .— (1) Déanfaidh an tAire, a luaithe a mheasfaidh sé nó sí gur cuí é sna himthosca, duine a cheapadh (dá ngairtear an “Measúnóir” san Acht seo) chun luach comhiomlán cóir réasúnach na scaireanna aistrithe agus na gceart múchta agus an méid cúitimh, más ann, is iníoctha dá dhroim sin le daoine i leith na scaireanna sin agus na gceart sin a chinneadh.

(2) Le linn dó nó di a chinneadh an tráth cuí é chun an Measúnóir a cheapadh, beidh aird ag an Aire ar leas an phobail.

(3) Le linn dó nó di duine a cheapadh mar Mheasúnóir, cinnteoidh an tAire go bhfuil eolas suntasach nó taithí shuntasach ag an duine, i dtuairim an Aire, ar an earnáil seirbhísí airgeadais.

(4) Ní fhéadfaidh an tAire duine a cheapadh mar Mheasúnóir mura deimhin leis an Aire nach mbeadh aon easaontacht de chineál ábhartha ann i dtaca leis an duine, dá gceapfaí é nó í, idir aon leasanna pearsanta nó gnó agus feidhmeanna an Mheasúnóra a chomhlíonadh.

(5) Níl duine incheaptha mar Mheasúnóir má tá an duine—

(a) ina chomhalta nó ina comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó má tá sé nó sí ainmnithe, le toiliú an duine, mar iarrthóir lena thoghadh nó lena toghadh mar chomhalta den sórt sin,

(b) ina chomhalta nó ina comhalta de Pharlaimint na hEorpa nó má tá sé nó sí ainmnithe, le toiliú an duine, mar iarrthóir lena thoghadh nó lena toghadh mar chomhalta den sórt sin nó chun folúntas a líonadh i gcomhaltas na Parlaiminte sin, nó

(c) ina chomhalta nó ina comhalta d’údarás áitiúil (de réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúil 2001) nó má tá sé nó sí ainmnithe, le toiliú an duine, mar iarrthóir lena thoghadh nó lena toghadh mar chomhalta den sórt sin.

(6) Chun comhlíonadh a chuid feidhmeanna nó a cuid feidhmeanna faoin Acht seo a éascú, tá ag an Measúnóir na cumhachtaí atá leagtha amach sa Sceideal agus féadfaidh sé nó sí cibé cumhachtaí díobh sin a fheidhmiú, chun aon chríche áirithe, a chinnfidh sé nó sí, dá lánrogha féin, is cuí chun na críche sin.

(7) Le linn dó nó di a chuid feidhmeanna nó a cuid feidhmeanna a chomhlíonadh faoin Acht seo, maidir leis an Measúnóir—

(a) tá sé nó sí neamhspleách,

(b) ní ghníomhóidh sé nó sí ach amháin mar shaineolaí, agus

(c) gníomhóidh sé nó sí a luaithe is féidir i gcomhréir leis an gcothroime.

(8) Cuirfidh an Measúnóir comhlíonadh a chuid feidhmeanna nó a cuid feidhmeanna i gcrích laistigh de cibé tréimhse a shonróidh an tAire ó am go ham.

Caiteachais, etc., an Mheasúnóra agus foireann a fhostú.

23 .— (1) Déanfaidh an tAire cibé caiteachais de chuid duine a cheapfar mar Mheasúnóir (lena n-áirítear luach saothair) a chinnfidh an tAire a íoc nó a aisíoc.

(2) Féadfaidh an Measúnóir, le toiliú an Aire, cibé foireann nó daoine eile a fhostú is dóigh leis an Measúnóir is gá chun cuidiú leis nó léi le linn a chuid feidhmeanna nó a cuid feidhmeanna a chomhlíonadh agus déanfaidh sé nó sí bearta réasúnacha chun a dheimhniú dó féin nó di féin nach ndéanann easaontacht ábhartha leasa difear d’aon duine a fhostófar amhlaidh.

Aighneachtaí a chur faoi bhráid an Mheasúnóra.

24 .— (1) Féadfaidh na daoine seo a leanas, agus ní fhéadfaidh aon daoine eile, aighneachtaí a chur faoi bhráid an Mheasúnóra maidir le luach comhiomlán na scaireanna aistrithe agus na gceart múchta:

(a) an Banc Ceannais;

(b) an Gobharnóir;

(c) duine arna cheapadh nó arna ceapadh ag an Measúnóir faoi fho-alt (4)(a) chun ionadaíocht a dhéanamh d’aicme daoine ar aistríodh a scaireanna chuig an Aire le halt 5 nó ar múchadh a gcearta faoi alt 10;

(d) duine—

(i) ar aistríodh a scaireanna chuig an Aire le halt 5, nó

(ii) ar múchadh a chearta nó a cearta faoi alt 10,

ach nach bhfuil in aicme dá mbeidh ionadaí ceaptha ag an Measúnóir faoi fho-alt (4)(a);

(e) an tAire, agus, má shonraíonn an tAire amhlaidh, Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta;

(f) aon duine eile a n-iarrfaidh an Measúnóir aighneacht air nó uirthi.

(2) Féadfaidh an Measúnóir aighneacht a iarraidh faoi fho-alt (1)(f) ar dhuine ar aistríodh a scaireanna chuig an Aire le halt 5 nó ar múchadh a chearta nó a cearta faoi alt 10 fiú má tá an duine in aicme daoine dá mbeidh ionadaí ceaptha ag an Measúnóir faoi fho-alt (4)(a).

(3) Aon aighneacht a chuirfear faoi bhráid an Mheasúnóra faoi fho-alt (1) déanfar í de réir nósanna imeachta a chinnfidh an Measúnóir faoi fho-alt (4).

(4) Faoi réir aon rialachán a dhéanfaidh an tAire faoi alt 36, cinnfidh an Measúnóir, dá lánrogha féin, nósanna imeachta le haghaidh na nithe seo a leanas—

(a) ionadaithe a cheapadh do dhaoine a shealbhaíonn an aicme chéanna nó na haicmí céanna scaireanna nó ag a bhfuil, go substaintiúil, na leasanna céanna,

(b) foirm agus cineál aighneachtaí a bheidh le cur faoi bhráid an Mheasúnóra,

(c) an tslí inar chóir faisnéis rúnda a chosaint ar nochtadh poiblí, agus

(d) aon cheann d’fheidhmeanna an Mheasúnóra a chomhlíonadh.

Luach comhiomlán cóir réasúnach a chinneadh.

25 .— (1) Cinnfidh an Measúnóir luach comhiomlán cóir réasúnach na scaireanna aistrithe de gach aicme agus na gceart múchta amhail ar an 15 Eanáir 2009 chun cúiteamh cóir réasúnach a íoc i leith na scaireanna sin a fháil agus na cearta sin a mhúchadh.

(2) Cinnfidh an Measúnóir an luach dá dtagraítear i bhfo-alt (1)

(a) ar bhonn fhíorstaid airgeadais an Bhainc Angla-Éireannaigh an 15 Eanáir 2009, agus margadhluachanna foluiteacha shócmhainní an Bhainc Angla-Éireannaigh agus méid a dhliteanas iarbhír, teagmhasach agus ionchasach ar an dáta sin á gcur i gcuntas,

(b) ag féachaint do na cearta a ghabhann le gach aicme scaireanna aistrithe, agus

(c) á chur i gcás nach ndéanfadh an Stát sa todhchaí, go díreach nó go neamhdhíreach, aon chúnamh airgeadais, infheistíocht nó ráthaíocht (seachas an ráthaíocht dá bhforáiltear cheana faoin Acht um Fhorais Chreidmheasa (Tacaíocht Airgeadais) 2008) a thabhairt don Bhanc Angla-Éireannach nó a dhéanamh ann.

(3) Le linn an luach dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a chinneadh, tabharfaidh an Measúnóir aird ar na nithe seo a leanas—

(a) praghas luaite na scaireanna ag deireadh gnó an 15 Eanáir 2009, agus na gluaiseachtaí sa phraghas sin le linn cibé tréimhse is dóigh leis an Measúnóir is cuí,

(b) aon fhaisnéis iomchuí maidir le gnó an Bhainc Angla-Éireannaigh amhail ón 15 Eanáir 2009, cibé acu atá sí ar fáil go poiblí nó nach bhfuil,

(c) cibé acu a bhí an Banc Angla-Éireannach neamhábalta, an 15 Eanáir 2009, nó ar dhóigh go dtiocfadh sé chun bheith neamhábalta, leanúint ar aghaidh mar ghnóthas leantach sa ghearrthéarma, sa mheántéarma nó san fhadtéarma, nó a bhí baol ábhartha ann nach mbeadh sé ábalta leanúint ar aghaidh amhlaidh,

(d) inmharthanacht a mhúnla gnó,

(e) a leibhéil chaipitil agus sócmhainneachta an 15 Eanáir 2009,

(f) a leachtaíocht,

(g) téarmaí na Scéime um Fhorais Chreidmheasa (Tacaíocht Airgeadais) 2008 (I.R. Uimh. 411 de 2008),

(h) aon rochtain a bhí, nó ar dhóigh a bheadh, ag an mBanc Angla-Éireannach ar mhaoiniú ó bhainc cheannais limistéar an euro, lena n-áirítear an Banc Ceannais agus an Banc Ceannais Eorpach,

(i) aon fhianaise iomchuí a gheobhaidh an Measúnóir i gcomhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna,

(j) aon aighneachtaí a chuirfear faoi bhráid an Mheasúnóra, agus

(k) aon ní iomchuí eile.

(4) Déanfaidh an Measúnóir an cinneadh a cheanglaítear le fo-alt (1) ar bhonn na faisnéise agus na fianaise a bheidh ar fáil dó nó di an tráth a chuirfidh sé nó sí a fheidhm nó a feidhm i gcrích.

(5) Ní hionann agus fionnadh fíorais chun aon chríche eile seachas chun críocha an Achta seo aon tátal arna bhaint ag an Measúnóir nó fionnadh arna dhéanamh aige nó aici le linn an cinneadh a dhéanamh a cheanglaítear le fo-alt (1).

(6) Ní choisceann aon ní san Acht seo ar an Measúnóir a chinneadh gur nialas an méid cúitimh chóir réasúnaigh a bheidh le híoc i ndáil leis na scaireanna aistrithe nó na cearta múchta.

(7) Aon uair a iarrfaidh an tAire amhlaidh, tabharfaidh an Measúnóir tuarascáil don Aire maidir lena dhul chun cinn nó lena dul chun cinn i dtaca leis an gcinneadh a dhéanamh a cheanglaítear leis an alt seo.

Dréacht-tuarascáil a scaipeadh le haghaidh tuairimí.

26 .— (1) Sula dtabharfaidh an Measúnóir tuarascáil don Aire faoi alt 27, cuirfidh an Measúnóir dréacht dá thuarascáil nó dá tuarascáil—

(a) chuig gach duine a chuir aighneacht faoi bhráid an Mheasúnóra, agus

(b) chuig aon duine eile, nó gach duine in aon aicme daoine, a shonróidh an tAire i scríbhinn,

is dréacht ina n-iarrfar ar an duine aighneachtaí i scríbhinn a chur faoina bhráid nó faoina bráid maidir leis an dréacht-tuarascáil agus ina sonrófar tréimhse réasúnach chun déanamh amhlaidh.

(2) Féadfaidh an Measúnóir aon fhianaise nó ábhar a fhágáil ar lár as an dréacht-tuarascáil dá mba rud é go nochtfaí faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de nó go mbeadh sé contrártha do leas an phobail ar shlí eile dá ndéanfaí an fhianaise nó an t-ábhar sin a áireamh inti.

(3) Sula gcuirfidh an Measúnóir an tuarascáil faoi bhráid an Aire faoi alt 27, breithneoidh sé nó sí aon aighneachtaí arna ndéanamh de réir iarraidh an Mheasúnóra faoi fho-alt (1) agus athbhreithneoidh sé nó sí an tuarascáil de réir mar is cuí.

(4) Aon duine a gcuirfidh an Measúnóir cóip de dhréacht-tuarascáil chuige nó chuici faoi fho-alt (1), déanfaidh sé nó sí cion má nochtann sé nó sí an tuarascáil nó a mbeidh inti, nó aon chuid den tuarascáil nó dá mbeidh inti, d’aon duine seachas chun comhairle ghairmiúil a fháil.

(5) Aon duine dá nochtfar dréacht-tuarascáil ón Measúnóir (cibé acu faoi fho-alt (4) chun comhairle ghairmiúil a fháil nó ar shlí eile), déanfaidh sé nó sí cion má nochtann sé nó sí an tuarascáil nó a mbeidh inti, nó aon chuid den tuarascáil nó dá mbeidh inti, d’aon duine eile seachas chun comhairle ghairmiúil a fháil.

Tuarascáil ón Measúnóir.

27 .— (1) Nuair a bheidh luach comhiomlán na scaireanna aistrithe agus na gceart múchta cinnte ag an Measúnóir de réir an Achta seo, tabharfaidh an Measúnóir tuarascáil don Aire maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) luach comhiomlán cóir réasúnach na scaireanna aistrithe agus na gceart múchta, agus an méid iomlán is iníoctha dá dhroim sin mar chúiteamh cóir réasúnach,

(b) an luach is inchurtha síos do gach aicme scaire nó cirt mhúchta a measfaidh an Measúnóir is bun le héileamh bailí ar chúiteamh a íoc, agus

(c) an measann an Measúnóir gur cuí sna himthosca ús a íoc ar na méideanna is iníoctha, agus, má mheasann sé nó sí gur cuí, cén ráta úis ar chóir a bheith i gceist.

(2) Sa tuarascáil faoi fho-alt (1), leagfaidh an Measúnóir na nithe seo a leanas amach—

(a) achoimre ar an bhfianaise ar ar bhraith an Measúnóir le linn a chinneadh nó a cinneadh a dhéanamh, agus

(b) na cúiseanna a bhí ag an Measúnóir chun an cinneadh a dhéanamh.

(3) Sa tuarascáil faoi fho-alt (1), ní dhéanfaidh an Measúnóir aon éilitheoir ar chúiteamh a chéannú.

(4) Déanfaidh an tAire cibé socruithe is gá chun go gcuirfear cistí leordhóthanacha ar fáil as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis chun a chumasú íocaíochtaí cúitimh a dhéanamh de réir thuarascáil an Mheasúnóra faoi fho-alt (1).

(5) Cuirfidh an tAire faoi deara tuarascáil an Mheasúnóra faoi fho-alt (1) a fhoilsiú a luaithe is indéanta.

(6) Féadfaidh an tAire aon fhianaise nó ábhar a fhágáil ar lár as an tuarascáil fhoilsithe dá mba rud é go nochtfaí faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de nó go mbeadh sé contrártha do leas an phobail ar shlí eile dá ndéanfaí an fhianaise nó an t-ábhar sin a áireamh inti.

Scéim Cúitimh.

28 .— (1) I gcás ina mbeidh tuarascáil tugtha ag an Measúnóir don Aire faoi alt 27 á rá go bhfuil cúiteamh iníoctha le daoine i leith scaireanna aistrithe agus ceart múchta, déanfaidh an tAire, laistigh de mhí amháin tar éis fógra a fháil faoin gcinneadh (nó, i gcás aon achomhairc nó athbhreithnithe bhreithiúnaigh, laistigh de mhí amháin tar éis an t-achomharc nó an t-athbhreithniú breithiúnach a chríochnú), scéim (dá ngairtear “Scéim Cúitimh na Banc-Chorparáide Angla-Éireannaí” san alt seo) ina ndéanfar foráil maidir le nósanna imeachta le haghaidh na nithe seo a leanas—

(a) éileamh a dhéanamh ar chúiteamh,

(b) más gá, ríomh an mhéid is iníoctha le gach duine lena mbaineann a éascú,

(c) na méideanna sin a íoc leis na daoine sin, agus

(d) má mheasann an Measúnóir go bhfuil sé iomchuí sna himthosca ús a íoc, an t-ús sin a íoc.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfar foráil a dhéanamh le Scéim Cúitimh na Banc-Chorparáide Angla-Éireannaí maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) an Measúnóir do cheartú aon earráid chléireachais, ríomha nó cló, nó aon earráid dá samhail, a bheidh i dtuarascáil an Mheasúnóra faoi alt 27 nó in aon chinneadh maidir le cúiteamh is iníoctha le duine;

(b) an tslí ina dtabharfar fógra do dhaoine i dtaobh cibé acu a glacadh lena n-éilimh ar chúitimh nó a diúltaíodh dóibh.

Éilimh ar chúiteamh.

29 .— (1) Tiomsóidh an Measúnóir liosta, i cibé foirm is cuí leis an Measúnóir, de na daoine atá i dteideal cúitimh i ndáil le scaireanna aistrithe agus cearta múchta.

(2) Féadfaidh an Measúnóir an liosta dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a thiomsú ó na nithe seo a leanas—

(a) clár chomhaltaí an Bhainc Angla-Éireannaigh díreach roimh thosach feidhme an Achta seo,

(b) aon taifid arna gcoimeád ag an mBanc Angla-Éireannach ar roghanna nó cearta den chineál dá dtagraítear in alt 10(1)(a) agus (b), agus

(c) aon taifead eile a gcreideann an Measúnóir le réasún ina leith gur taifead iomchuí iontaofa é.

(3) Féadfaidh an Measúnóir a cheangal ar dhuine a éilíonn cúiteamh fianaise a sholáthar, i cibé foirm a theastóidh ón Measúnóir, mar thaca leis an éileamh. Má theastaíonn fianaise ón Measúnóir mar thaca le héileamh den sórt sin, ní bheidh d’oibleagáid air nó uirthi an t-éileamh a bhreithniú mura soláthraítear aon fhianaise nó má dhéantar fianaise atá neamhiomlán nó nach bhfuil leordhóthanach a sholáthar.

An méid is iníoctha mar chúiteamh.

30 .— (1) Déanfar luach scaire aistrithe d’aicme áirithe chun críocha cúitimh a chinneadh—

(a) trí luach comhiomlán cóir réasúnach na scaireanna aistrithe arna chinneadh faoi alt 25 a chionroinnt idir aicmí scaireanna, agus

(b) tríd an luach arna chinneadh faoi mhír (a) d’aicme scaireanna a roinnt ar an líon scaireanna den aicme sin arna n-eisiúint iarbhír an 15 Eanáir 2009.

(2) Le linn an cúiteamh (más ann) is iníoctha i leith aicme scaireanna aistrithe a chinneadh, beidh aird ag an Measúnóir ar na cearta a ghabhann le scaireanna den aicme sin.

(3) Faoi réir fho-alt (4), measfar gurb é luach cirt mhúchta chun críocha cúitimh an cion de luach scaire aistrithe den aicme iomchuí a mheasann an Measúnóir a bheith réasúnach sna himthosca.

(4) Measfar gur nialas luach cirt mhúchta, ar rogha nó ceart chun scair d’aicme áirithe a fháil é, más rud é gur lú fíorluach scaire den aicme sin sa Bhanc Angla-Éireannach (arna mheasúnú ar bhonn lánchaolaithe, amhail is gur tógadh nó gur feidhmíodh na roghanna agus na cearta eile go léir chun scaireanna den aicme sin a fháil) an 15 Eanáir 2009 ná an luach ar ab infheidhmithe an rogha nó anceart.

Athbhreithniú ar chinneadh maidir le cúiteamh, etc.

31 .— (1) Féadfar achomharc a dhéanamh chuig Binse Achomhairc Seirbhísí Airgeadais na hÉireann (dá ngairtear “an Binse” san alt seo)—

(a) in aghaidh chinneadh an Mheasúnóra faoi alt 25,

(b) in aghaidh dhiúltú an Mheasúnóra d’éileamh duine ar chúiteamh, nó

(c) in aghaidh chinneadh an Mheasúnóra maidir leis an tsuim a mbeidh duine ina teideal mar chúiteamh.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir leis an Aire sa tslí chéanna a bhfuil feidhm aige maidir le duine ag a bhfuil ceart, nó a éilíonn go bhfuil ceart aige nó aici, chun cúitimh.

(3) Is é nó is í an Measúnóir an freagróir in achomharc faoi fho-alt (1).

(4) Ar achomharc faoi fho-alt (1) a éisteacht, féadfaidh an Binse a chinneadh féin a chur in ionad an chinnidh nó an cinneadh nó an diúltú a ndéanfar an t-achomharc ina aghaidh a dhaingniú, a neamhniú nó a athrú agus féadfaidh sé aon ordú iarmhartach eile a dhéanamh.

(5) Déanfaidh an Binse achomharc faoi fho-alt (1)(a) a chinneadh a luaithe is féidir i gcomhréir leis an gcothroime agus ar bhonn an ábhair a bhí os comhair an Mheasúnóra mura rud é gurb é tuairim an Bhinse gur chóir aighneacht nó aighneachtaí eile a iarraidh.

(6) Le linn cinneadh a dhéanamh, chun críocha achomhairc faoi fho-alt (1)(a), cibé acu ar chóir cinneadh an Mheasúnóra a dhaingniú, a neamhniú nó a athrú, is í an tástáil a bheidh le cur chun feidhme ag an mBinse an ndearna an t-achomharcóir a shuíomh, mar ábhar dóchúlachta, ag cur an mhéid oilteachta agus saineolais atá ag an Measúnóir i gcuntas agus ag glacadh an phróisis ina iomláine, gur cuireadh an cinneadh ó bhail mar gheall ar earráid shuntasach thromchúiseach nó mar gheall ar shraith earráidí den sórt sin.

(7) Tá feidhm ag alt 25 maidir leis an mBinse le linn dó a bhreith a thabhairt in achomharc faoi fho-alt (1)(a) go feadh an mhéid chéanna a raibh feidhm aige maidir leis an Measúnóir le linn dó nó di a chinneadh nó a cinneadh a dhéanamh faoin alt sin.

(8) Tá feidhm ag na forálacha (seachas fo-ailt (1) agus (4) d’alt 57L) de Chaibidil 3 de Chuid VIIA (a cuireadh isteach le hAcht an Bhainc Ceannais agus Údarás Seirbhísí Airgeadais na hÉireann 2003) d’Acht an Bhainc Cheannais 1942 maidir le hachomharc faoin alt seo ach amháin go bhfuil tagairtí sa Chaibidil sin don Údarás Rialála le léamh mar thagairtí don Mheasúnóir.

(9) Chun achomharc faoin alt seo a chinneadh, féadfaidh an Binse ceist dlí a tharchur chun na hArd-Chúirte de réir alt 57AJ (a cuireadh isteach le hAcht an Bhainc Ceannais agus Údarás Seirbhísí Airgeadais na hÉireann 2003) d’Acht an Bhainc Cheannais 1942.

(10) Más deimhin leis an mBinse, ar scrúdú a dhéanamh ar na doiciméid i ndáil le hachomharc faoi fho-alt (1), nach n-ardaítear aon saincheist leis an achomharc nach bhfuil an Binse tar éis a chinneadh i dtaca le hachomharc eile den sórt sin, féadfaidh sé—

(a) an t-achomharc céadluaite a scriosadh amach, nó

(b) é a chinneadh gan éisteacht.

(11) Ina theannta sin, más deimhin leis an mBinse go n-ardaítear, go substaintiúil, na saincheisteanna céanna le roinnt achomharc os a chomhair—

(a) féadfaidh sé ceann de na hachomhairc sin a roghnú mar achomharc ionadaitheach le haghaidh na n-achomharc go léir, agus

(b) féadfaidh sé déileáil lena bhreith maidir leis an achomharc sin mar chinneadh lena gcinntear na saincheisteanna sin, nó cuid de na saincheisteanna sin, i ngach achomharc de na hachomhairc eile.

(12) Féadfaidh an Binse achomharc a dhíbhe ag aon chéim má tá an Binse den tuairim go ndearnadh é de mheon mímhacánta nó gur achomharc suaibhreosach, cráiteach nó aincheaptha é nó go mbaineann sé le ní fánach.

(13) Is breith chríochnaitheach breith an Bhinse maidir le hachomharc faoin alt seo (lena n-áirítear breith a thabharfar faoi fho-alt (10) gan éisteacht agus breith go bhfuil breith ar achomharc áirithe le tabhairt, faoi fho-alt (11), chun saincheist nó saincheisteanna a chinneadh i roinnt achomharc).

Teorainn a chur le hathbhreithniú breithiúnach ar chinneadh an Mheasúnóra.

32 .— (1) Ní dheonófar cead le haghaidh athbhreithniú breithiúnach ar chinneadh an Mheasúnóra faoi alt 25 ná ar aon bhreith eile i ndáil le cúiteamh—

(a) mura rud é—

(i) go ndéanfar an t-iarratas ar athbhreithniú breithiúnach chun na hArd-Chúirte laistigh de mhí amháin i ndiaidh Thuarascáil an Mheasúnóra chun an Aire, nó i ndiaidh an fhógra don iarratasóir faoin mbreith, de réir mar a bheidh, nó

(ii) gur deimhin leis an gCúirt—

(I) go bhfuil cúiseanna substaintiúla ann nach ndearnadh an t-iarratas laistigh den tréimhse sin, agus

(II) go bhfuil sé cóir, sna himthosca go léir, cead a dheonú, ag féachaint do leasanna daoine eile dá ndéantar difear, agus

(b) mura deimhin leis an gCúirt go ndéantar leis an iarratas saincheist shubstaintiúil a ardú lena cinneadh ag an gCúirt.

(2) Féadfaidh an Chúirt cibé ordú a dhéanamh ar athbhreithniú breithiúnach a éisteacht is cuí léi, lena n-áirítear ordú lena dtarchuirfear an ní ar ais chuig an Measúnóir mar aon le cibé ordacháin is dóigh leis an gCúirt is cuí nó is gá.

(3) Tá feidhm ag an alt seo maidir leis an Aire sa tslí chéanna a bhfuil feidhm aige maidir le duine ag a bhfuil ceart, nó a éilíonn go bhfuil ceart aige nó aici, chun cúitimh.

Caiteachais, etc., an Aire.

33 .— (1) Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas agus aisíocfar iad leis an Aire as cistí an Bhainc Angla-Éireannaigh.

(2) Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire i leith an Mheasúnóra, agus aon chaiteachais nó caiteachas eile a thabhóidh an tAire faoin Acht seo, a íoc as cistí an Bhainc Angla-Éireannaigh nó, mura féidir sin sna himthosca agus más cuí leis an Aire é, as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis.

Féadfaidh an tAire urrúis, etc., a eisiúint.

34 .— Chun críocha an Achta seo agus chun a chumasú don Aire cistí a chur ar fáil le haghaidh oibríochtaí leantacha an Bhainc Angla-Éireannaigh, féadfaidh an tAire, aon uair agus agus a mhinice is oiriúnach leis nó léi, urrúis a chruthú agus a eisiúint—

(a) agus iad faoi réir cibé ráta úis is oiriúnach leis nó léi, nó gan a bheith faoi ús,

(b) ar cibé comaoin airgid nó comaoin nach comaoin airgid nó comaoin iarchurtha is oiriúnach leis nó léi, agus

(c) faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha maidir le haisíoc, athcheannach, cealú agus fuascailt nó aon ní eile is oiriúnach leis nó léi.

Cionta faoin Acht seo.

35 .— Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin Acht seo dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

Rialacháin — comhlíonadh feidhmeanna a éascú.

36 .— (1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun a éascú don Mheasúnóir, nó don Aire nó d’ainmnitheach don Aire, a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh an tAire, go háirithe, foráil a dhéanamh maidir leis na nósanna imeachta a úsáidfear chun aighneachtaí a dhéanamh chuig an Measúnóir, lena n-áirítear, i gcás ina measfaidh an Measúnóir go bhfuil baint ag aicme daoine seachas duine aonair le saincheist ar leith agus gur féidir déileáil go cuí leis an tsaincheist trí dhuine amháin a éisteacht mar ionadaí don aicme, nósanna imeachta d’fhonn duine a cheapadh chun ionadaíocht a dhéanamh don aicme.

(3) Féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha a bheith i rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin alt seo ar dealraitheach don Aire gur gá nó gur fóirsteanach é chun críocha na rialachán.

(4) Déanfar rialacháin arna ndéanamh faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ndéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis na rialacháin a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na rialachán, beidh na rialacháin ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoi na rialacháin.

Rialacháin — an tAcht seo a chur i ngníomh go ginearálta.

37 .— (1) Féadfaidh an tAire, maidir le haon deacracht a eascróidh i ndáil le hoibriú an Achta seo, rialacháin a dhéanamh chun aon ní a dhéanamh ar dealraitheach gur gá nó gur fóirsteanach é chun an tAcht seo a thabhairt i ngníomh.

(2) Féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha a bheith i rialacháin arna ndéanamh faoin alt seo ar dealraitheach don Aire gur gá nó gur fóirsteanach é chun críocha na rialachán.

(3) I gcás ina mbeartaíonn an tAire rialacháin a dhéanamh faoin alt seo—

(a) rachaidh sé nó sí, sula ndéanfaidh sé nó sí amhlaidh, i gcomhairle le haon Aire eile den Rialtas is cuí leis an Aire ag féachaint d’fheidhmeanna an Aire eile sin den Rialtas i ndáil leis na rialacháin atá beartaithe,

(b) cuirfidh sé nó sí faoi deara dréacht de na rialacháin atá beartaithe a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas, agus

(c) ní dhéanfaidh sé nó sí na rialacháin mura mbeidh, agus go dtí go mbeidh, rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.

Leasú ar Achtanna eile.

38 .— (1) Leasaítear alt 54 den Acht Airgeadais 1970 tríd an méid seo a leanas a chur isteach tar éis fho-alt (7C) (a cuireadh isteach leis an Acht um Fhorais Chreidmheasa (Tacaíocht Airgeadais) 2008:

“(7D) Maidir leis an Aire Airgeadais—

(a) féadfaidh sé nó sí idirbhearta de ghnáthchineál baincéireachta a dhéanamh le haon duine de réir mar is cuí leis nó léi—

(i) i dtaca le comhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin Acht um an mBanc-Chorparáid Angla-Éireannach 2009, agus

(ii) chun bainistiú níos fearr a dhéanamh ar aon fhéichiúnas a thabhóidh an tAire faoin Acht sin,

agus

(b) féadfaidh sé nó sí chun críocha na n-idirbheart sin cibé cistí a eisiúint as an Státchiste is cuí leis nó léi.

Is ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis a mhuirearófar na caiteachais agus na costais eile a thabhóidh an tAire Airgeadais i dtaca leis na hidirbhearta sin nó ag eascairt astu.”.

(2) Leasaítear an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta 1990 mar a leanas:

(a) trí “faoi na hachtacháin seo a leanas:” a chur in ionad “faoi—”;

(b) trí na míreanna a bhfuil na huimhreacha (gg) go (ggggg) leo a athuimhriú mar mhíreanna (ga) go (gd) faoi seach;

(c) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (gd) (a cuireadh isteach leis an Acht um Fhorais Chreidmheasa (Tacaíocht Airgeadais) 2008 agus arna hathuimhriú le mír (b)):

“(ge) alt 54(7D) (a cuireadh isteach leis an Acht um an mBanc-Chorparáid Angla-Éireannach 2009) den Acht Airgeadais 1970,”;

(d) trí “agus” a scriosadh tar éis mhír (r);

(e) tríd an méid seo a leanas a chur isteach tar éis mhír (s) (a cuireadh isteach leis an Acht um Fhorais Chreidmheasa (Tacaíocht Airgeadais) 2008):

“(t) fo-ailt (3) agus (4) d’alt 3, agus alt 34, den Acht um an mBanc-Chorparáid Angla-Éireannach 2009”.

(3) Leasaítear Sceideal 2 (a cuireadh isteach le hAcht an Bhainc Ceannais agus Údaráis Seirbhísí Airgeadais na hÉireann 2003) a ghabhann le hAcht an Bhainc Ceannais 1942 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i gCuid 1 tar éis na míre a bhaineann leis an Acht um Chosaint Tomhaltóirí 2007:

An tAcht um an mBanc-Chorparáid Angla-Éireannach 2009

An tAcht iomlán, ach amháin alt 2

”.

Gearrtheideal.

39 .— Féadfar an tAcht um an mBanc-Chorparáid Angla-Éireannach 2009 a ghairm den Acht seo.