An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 2 Dáilcheantair Dhála agus an Líon Comhaltaí ) Ar Aghaidh ( CUID 4 Coimisiún um Thoghlaigh )

4 2009

An tAcht Toghcháin (Leasú) 2009

CUID 3

Toghlaigh Pharlaimint na hEorpa agus an Líon Comhaltaí

Leasú ar alt 15 den Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1997.

7 .— Leasaítear alt 15 den Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1997 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Aon limistéar a shonraítear sa Tríú Sceideal measfar gurb é an limistéar sin é mar a bhí an l Márta 2008.”.

Sceideal nua a chur in ionad an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1997.

8 .— Leasaítear an tAcht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1997 maidir le toghcháin Eorpacha a dhéanfar tar éis an 1 Eanáir 2009 tríd an Sceideal seo a leanas a chur in ionad an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin:

Alt 15.

“AN TRÍÚ SCEIDEAL

Toghlaigh

Toghlach

Limistéar

An Líon Comhaltaí

Baile Átha Cliath

Na contaetha seo a leanas:

Dún Laoghaire-Ráth an Dúin, Fine Gall agus Baile Átha Cliath Theas;

agus cathair Bhaile Átha Cliath.

3

An tOirthear

Na contaetha seo a leanas:

Ceatharlach, Cill Dara, Cill Chainnigh, Laois, Lú, an Mhí, Uíbh Fhailí, Loch Garman agus Cill Mhantáin.

3

An tIarthuaisceart

Na contaetha seo a leanas:

An Cabhán, An Clár, Dún na nGall, Gaillimh, Liatroim, An Longfort, Maigh Eo, Muineachán, Ros Comáin, Sligeach agus an Iarmhí;

agus cathair na Gaillimhe.

3

An Deisceart

Na contaetha seo a leanas:

Corcaigh, Ciarraí, Luimneach, Tiobraid Árann Thuaidh, Tiobraid Árann Theas agus Port Láirge;

agus cathracha Chorcaí, Luimnigh agus Phort Láirge.

3

”.