An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 5 Toghcháin do Pharlaimint na hEorpa ) Ar Aghaidh ( AN SCEIDEAL )

4 2009

An tAcht Toghcháin (Leasú) 2009

CUID 6

Toghcháin Áitiúla

Airteagail nua a chur in ionad airteagail 11 go 20 de na Rialacháin um Thoghcháin Áitiúla.

15 .— Leasaítear na Rialacháin um Thoghcháin Áitiúla trí na hairteagail seo a leanas a chur in ionad airteagail 11 go 20:

“Fógra toghcháin.

11.— Déanfaidh an ceann comhairimh, tráth nach déanaí ná an t-ochtú lá is fiche roimh an lá vótaíochta, fógra poiblí a thabhairt faoin toghchán (dá ngairtear an ‘fógra toghcháin’ sna Rialacháin seo) agus luafar ann:

(a) na tráthanna chun ainmniúcháin a ghlacadh;

(b) an ceanglas ar iarrthóirí dá dtagraítear in airteagal 14(7) 15 aontú a áirithiú nó éarlais a thaisceadh de réir airteagal 15;

(c) na tráthanna agus an áit ag a bhféadfar páipéir ainmniúcháin a fháil;

(d) na tráthanna agus an áit ag a bhfreastalóidh an ceann comhairimh chun ainmniúcháin a ghlacadh; agus

(e) an lá agus an tréimhse atá ceaptha chun an vótaíocht a dhéanamh má théitear in iomaidh sa toghchán.

Clár na bpáirtithe polaitíochta.

12.— An lá (gan aon lá eisiata a áireamh) roimh an lá is déanaí chun an fógra toghcháin a fhoilsiú, cuirfidh Cláraitheoir na bPáirtithe Polaitíochta cóip de Chlár na bPáirtithe Polaitíochta chuig gach ceann comhairimh.

Ainmniú a bheith riachtanach.

13.— Ní bheidh duine i dteideal a ainm nó a hainm a chur isteach i bpáipéar ballóide mar iarrthóir i dtoghchán mura rud é go mbeidh an duine sin ainmnithe mar a fhoráiltear leis na Rialacháin seo agus go mbeidh rialaithe ag an gceann comhairimh go bhfuil páipéar ainmniúcháin an duine bailí.

Ainmniú iarrthóirí.

14.— (1) I dtoghchán, féadfaidh duine é féin nó í féin a ainmniú mar iarrthóir nó, le toiliú uaidh nó uaithi, féadfaidh duine eile (is duine atá cláraithe mar thoghthóir i limistéar an údaráis áitiúil a bhfuil sé beartaithe ag an duine an t-iarrthóir a ainmniú dó), mar mholtóir, é nó í a ainmniú.

(2) Déanfar gach iarrthóir a ainmniú trí pháipéar ainmniúcháin ar leithligh san fhoirm a ordóidh an tAire.

(3) Is gá páipéar ainmniúcháin ar leithligh do gach toghlimistéar áitiúil a n-ainmnítear iarrthóir dó.

(4) Luafar i ngach páipéar ainmniúcháin ainmneacha an iarrthóra (agus an sloinne i dtosach) agus an seoladh agus an tslí bheatha (más ann) atá aige nó aici.

(5) Féadfaidh iarrthóir ainm an pháirtí polaitíochta arb iarrthóir dó é nó í, agus is páirtí atá cláraithe i gClár na bPáirtithe Polaitíochta mar pháirtí atá eagraithe chun bheith san iomaidh i dtoghchán áitiúil, a chur sa pháipéar ainmniúcháin, ar choinníoll go ndéanfar, an tráth a sheachadfar an páipéar ainmniúcháin ar an gceann comhairimh, deimhniú san fhoirm a shonraítear i gCuid II den Sceideal (dá ngairtear ‘deimhniú cleamhnachta polaitíochta’ sna Rialacháin seo) lena bhfíordheimhnítear an iarrthóireacht a thabhairt ar aird don cheann comhairimh, ar deimhniú é a bheidh sínithe ag an oifigeach nó na hoifigigh don pháirtí sin a mbeidh a ainm nó a hainm nó a n-ainmneacha sa Chlár sin de bhun alt 25(7)(d) d’Acht 1992. I gcás go dtabharfar deimhniú den sórt sin ar aird, cuirfidh an ceann comhairimh faoi deara, ar choinníoll gur deimhin leis nó léi gur cuí déanamh amhlaidh i ndáil leis an iarrthóir, go ndéanfar—

(a) ráiteas ina luafar ainm an pháirtí polaitíochta iomchuí agus cóip d’fheathal an pháirtí polaitíochta mar atá cláraithe sa Chlár sin a shonrú i ndáil leis an iarrthóir ar gach páipéar ballóide, agus

(b) ráiteas ina luafar ainm an pháirtí polaitíochta iomchuí a shonrú i ndáil leis an iarrthóir ar fhógraí.

(6) I gcás nach iarrthóir do pháirtí polaitíochta atá cláraithe i gClár na bPáirtithe Polaitíochta mar pháirtí atá eagraithe chun bheith san iomaidh i dtoghchán áitiúil iarrthóir, beidh an t-iarrthóir i dteideal an abairt ‘Neamh-Pháirtí’ a chur i ndiaidh a ainm nó a hainm ar an bpáipéar ainmniúcháin agus, má dhéanann an t-iarrthóir amhlaidh, cuirfidh an ceann comhairimh faoi deara go ndéanfar ráiteas ina luafar an abairt sin i ndáil leis an iarrthóir a shonrú ar gach páipéar ballóide agus ar fhógraí.

(7) I gcás iarrthóra nach mbeidh a iarrthóireacht nó a hiarrthóireacht fíordheimhnithe le deimhniú cleamhnachta polaitíochta faoi fho-airteagal (5), comhlíonfar ceann amháin nó an ceann eile de na míreanna seo a leanas roimh dheireadh na tréimhse ama arna ceapadh leis na Rialacháin seo chun ainmniúcháin a ghlacadh:

(a) beidh aontaithe ag 15 dhuine (gan an t-iarrthóir agus aon mholtóir a áireamh) is toghthóirí sa toghlimistéar áitiúil (a ngairtear ‘aontaitheoir’ de gach duine acu sa Chuid seo) le hainmniú an iarrthóra;

(b) beidh éarlais taiscthe de réir airteagal 15 ag an iarrthóir nó ag duine éigin thar a cheann nó thar a ceann.

(8) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir leis na haontuithe a cheanglaítear le fo-airteagal (7)(a) a dhéanamh le hainmniú iarrthóra dá dtagraítear san fho-airteagal sin:

(a) chun aontú leis an ainmniú, déanfaidh aontaitheoir dearbhú reachtúil san fhoirm a ordóidh an tAire agus ina luafar na nithe seo a leanas:

(i) a uimhir nó a huimhir (lena n-áirítear litreacha ceantair vótaíochta) i gclár na dtoghthóirí rialtais áitiúil a bheidh i bhfeidhm an dáta a dhéanfar an dearbhú reachtúil;

(ii) an áit a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi agus ar ina leith atá sé nó sí cláraithe i gclár na dtoghthóirí rialtais áitiúil dá dtagraítear i bhfomhír (i);

(iii) a shonraí teagmhála nó a sonraí teagmhála, lena n-áirítear uimhreacha teileafóin (más ann);

(iv) ainm an toghlimistéir áitiúil, ar an dáta a dhéanfar an dearbhú reachtúil, ina bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi;

(v) ainm agus seoladh an iarrthóra;

(vi) an fhoirm chéannachta arna tabhairt ar aird aige nó aici de réir mhír (b), lena n-áirítear aon uimhir atá uirthi agus a idirdhealaíonn í ó fhoirmeacha den tsamhail chéanna a shealbhaíonn daoine eile;

(vii) go n-aontaíonn sé nó sí le hainmniú an iarrthóra;

(viii) nár aontaigh sé nó sí le hainmniú aon iarrthóra eile maidir leis an toghchán sin;

(b) nuair a bheidh an dearbhú reachtúil dá dtagraítear i mír (a) á dhéanamh ag aontaitheoir, tabharfaidh sé nó sí céannacht fhótagrafach shonraithe, de réir fho-airteagal (9)(b), ar aird don duine a mbeidh an dearbhú á thógáil agus á ghlacadh aige nó aici agus, ar dhéanamh amhlaidh dó nó di, measfar, chun críocha an Achta i dtaobh Dearbhuithe Reachtúla 1938, go bhfuil aithne phearsanta air nó uirthi ag an duine a mbeidh an dearbhú á thógáil agus á ghlacadh aige nó aici;

(c) beidh éifeacht leis an aontú maidir leis an toghlimistéar áitiúil ina bhfuil an áit dá dtagraítear i mír (a)(ii) suite tráth an toghcháin lena mbaineann agus maidir leis sin amháin;

(d) faoi réir mhír (e), beidh éifeacht leis an aontú maidir leis an toghchán sa toghlimistéar áitiúil dá dtagraítear i mír (c) is túisce a dhéanfar tar éis an dearbhú reachtúil a dhéanamh, agus maidir leis sin amháin;

(e) d’ainneoin mhír (d), scoirfidh an t-aontú d’éifeacht a bheith leis má scoireann clár na dtoghthóirí rialtais áitiúil dá dtagraítear i mír (a) de bheith i bhfeidhm sula ndéanfar an toghchán dá dtagraítear i mír (d);

(f) déanfaidh an t-iarrthóir nó an moltóir an líon dearbhuithe reachtúla is gá (is é sin le rá, na 15 dhearbhú reachtúla arb iad na haontuithe iad) a chur ag gabháil leis an bpáipéar ainmniúcháin agus beidh na dearbhuithe ag gabháil amhlaidh leis an bpáipéar ainmniúcháin a sheachadfar ar an gceann comhairimh de réir airteagal 18;

(g) i gcás go gcuirfear níos mó ná an líon dearbhuithe reachtúla is gá ag gabháil leis an bpáipéar ainmniúcháin, déanfar na dearbhuithe (chomh fada leis an líon is gá) is túisce a cuireadh ag gabháil leis an bpáipéar ainmniúcháin a chur i gcuntas agus aon dearbhuithe eile a eisiamh;

(h) is dleathach do chomhalta den Gharda Síochána nó d’oifigeach don údarás clárúcháin dearbhú reachtúil dá dtagraítear i mír (a) a thógáil agus a ghlacadh agus déanfaidh an comhalta nó an t-oifigeach lena mbaineann aon dearbhú den sórt sin a stampáil;

(i) déanfaidh údarás clárúcháin agus ceann comhairimh socrú maidir le foirmeacha a sholáthar saor in aisce, chun dearbhú reachtúil dá dtagraítear i mír (a) a dhéanamh, d’aon duine a iarrfaidh foirm den sórt sin.

(9) Chun críocha fho-airteagail (7)(a) agus (8)—

(a) maidir le duine a mbeidh a iarratas nó a hiarratas chun a ainm nó a hainm a thaifeadadh san fhorlíonadh ar chlár na dtoghthóirí rialtais áitiúil ceadaithe ag an údarás clárúcháin an tráth is déanaí chun páipéar ainmniúcháin a sheachadadh ar an gceann comhairimh, nó roimhe, measfar é nó í a bheith cláraithe mar thoghthóir sa toghlimistéar áitiúil is infheidhme, agus

(b) maidir le haon chineál céannachta fótagrafaí atá forordaithe de thuras na huaire faoi alt 3 d’Acht 1992 chun críocha alt 46(6)(b) den Acht sin, meastar gur “céannacht fhótagrafach shonraithe” é den chineál dá dtagraítear i bhfo-airteagal (8)(b).

(10) Déanfaidh an ceann comhairimh páipéir ainmniúcháin a chur ar fáil le linn ghnáthuaireanta oifige an údaráis áitiúil i cibé áit nó áiteanna a ainmnítear san fhógra toghcháin gach lá a bhíonn oifigí an údaráis áitiúil ar oscailt le haghaidh gnó phoiblí le linn na tréimhse a thosóidh le foilsiú an fhógra sin agus a chríochnóidh ar 12 meán lae ar an lá is déanaí chun ainmniúcháin a ghlacadh agus soláthróidh an ceann comhairimh páipéar nó páipéir ainmniúcháin saor in aisce d’aon duine a iarrfaidh sin, ach ní bheidh sé d’oibleagáid i dtoghchán páipéar arna sholáthar ag an gceann comhairimh de bhun an airteagail seo a úsáid, ar choinníoll gur san fhoirm a ordóidh an tAire de réir airteagal 14(2) a bheidh an páipéar ainmniúcháin a úsáidtear sa toghchán.

(11) Déanfar gach tagairt san airteagal seo do Chlár na bPáirtithe Polaitíochta a fhorléiriú mar thagairt don chóip den Chlár sin a chuirfear chuig an gceann comhairimh de bhun airteagal 12.

Éarlais ó iarrthóirí áirithe.

15.— (1) Tá feidhm ag an airteagal seo maidir le hiarrthóir dá dtagraítear in airteagal 14(7) mura rud é gur roghnaigh an t-iarrthóir lena mbaineann go n-aontófaí lena ainmniú nó lena hainmniú sa tslí a shonraítear in airteagal 14(7)(a) agus 14(8).

(2) Féadfaidh iarrthóir i dtoghchán dá dtagraítear in airteagal 14(7), nó féadfaidh duine éigin thar a cheann nó thar a ceann, roimh dheireadh na tréimhse ama arna ceapadh faoin Acht seo chun ainmniúcháin a ghlacadh, an tsuim chuí a shonraítear i bhfo-airteagal (3) a thaisceadh mar éarlais leis an gceann comhairimh i leith gach toghlimistéir áitiúil a mbeidh an t-iarrthóir ainmnithe dó, agus mura ndéanfar an tsuim sin a thaisceadh i leith aon toghlimistéir áitiúil den sórt sin, measfar iarrthóireacht an iarrthóra don toghlimistéar áitiúil sin a bheith tarraingthe siar.

(3) Is é €100 méid na héarlaise i gcás toghcháin comhaltaí chun comhairle contae nó cathrach agus €50 i gcás aon toghcháin eile.

(4) Maidir leis an éarlais a fhéadfaidh iarrthóir a thaisceadh nó a fhéadfar a thaisceadh thar a cheann nó thar a ceann de bhun an airteagail seo, féadfar í a thaisceadh trí dhlíthairiscint nó, le toiliú an cheann comhairimh, ar aon slí eile.

Éarlais a thabhairt ar ais nó a dhiúscairt.

16.— (1) Tabharfar ar ais an éarlais arna taisceadh ag iarrthóir nó thar ceann iarrthóra i leith toghlimistéir áitiúil, más rud é—

(a) go dtarraingeoidh an t-iarrthóir siar a iarrthóireacht nó a hiarrthóireacht de réir alt 22 i leith an toghlimistéir áitiúil,

(b) go measfar, faoi airteagal 25(2) nó faoi airteagal 28(1), gur tharraing an t-iarrthóir a iarrthóireacht nó a hiarrthóireacht siar i leith an toghlimistéir áitiúil,

(c) go bhfaighidh an t-iarrthóir bás sula gcríochnófar an vótaíocht,

(d) nach mbeidh an t-iarrthóir ainmnithe go bailí mar iarrthóir i leith an toghlimistéir áitiúil sula mbeidh an t-am caite chun ainmniúcháin a ghlacadh,

(e) go dtoghfar an t-iarrthóir, nó

(f) nach dtoghfar an t-iarrthóir ach gur mó ná aon cheathrú den chuóta an líon is mó vótaí a bheidh creidiúnaithe dó nó di ag aon chéim den chomhaireamh vótaí i leith an toghlimistéir áitiúil.

(2) Déanfar aon éarlais nach dtabharfar ar ais faoi fho-airteagal (1) a fhorghéilleadh.

(3) I gcás go mbeidh éarlais le tabhairt ar ais faoi fho-airteagal (1), tabharfar ar ais í don duine a rinne í a thaisceadh, ar choinníoll go ndéanfar éarlais arna taisceadh ag duine a gheobhaidh bás sula dtabharfar an éarlais ar ais a thabhairt ar ais d’ionadaí pearsanta an duine sin.

(4) Déanfaidh an ceann comhairimh éarlais a fhorghéillfear faoin airteagal seo a úsáid faoi chomhair a chaiteachais nó a caiteachais le linn an toghchán a stiúradh agus tabharfaidh an ceann comhairimh cuntas ina leith dá réir sin.

(5) San airteagal seo, tá le ‘ionadaí pearsanta’ an bhrí a shanntar dó le halt 3 den Acht Comharbais 1965.

Na tráthanna chun ainmniúcháin a ghlacadh.

17.— Is é an tráth is luaithe chun ainmniúcháin a ghlacadh 10 a chlog a.m. an lá (gan aon lá eisiata a áireamh) díreach tar éis an lae is déanaí chun an fógra toghcháin a fhoilsiú agus is é an tráth is déanaí chun ainmniúcháin a ghlacadh 12 a chlog, meán lae, an seachtú lá (gan aon lá eisiata a áireamh) díreach tar éis an lae is déanaí chun an fógra sin a fhoilsiú.

Seachadadh páipéar ainmniúcháin.

18.— (1) Seachadfaidh an t-iarrthóir nó moltóir an iarrthóra gach páipéar ainmniúcháin don cheann comhairimh laistigh de na tráthanna a shonraítear in airteagal 17.

(2) Seachadfaidh an t-iarrthóir an páipéar ainmniúcháin go pearsanta ach amháin, nuair a bheidh an t-iarrthóir molta ag duine eile, go bhféadfar é a sheachadadh mar atá ráite thuas nó go bhféadfaidh an moltóir é a dhéanamh go pearsanta.

(3) Freastalóidh an ceann comhairimh chun ainmniúcháin a ghlacadh san áit a bheidh sonraithe chuige sin san fhógra toghcháin idir 10 a chlog a.m. agus 12 a chlog, meán lae, agus idir 2 a chlog p.m. agus 5 a chlog p.m. an lá (gan aon lá eisiata a áireamh) roimh an lá is déanaí chun ainmniúcháin a ghlacadh agus idir 10 a chlog a.m. agus 12 a chlog, meán lae, an lá is déanaí sin.

Páipéir ainmniúcháin a roghnú.

19.— Uimhreoidh an ceann comhairimh na páipéir ainmniúcháin san ord ina nglacfar iad, agus measfar gurb é an chéad pháipéar ainmniúcháin bailí arna ghlacadh ag an gceann comhairimh lena n-ainmnítear iarrthóir lena thoghadh nó lena toghadh do thoghlimistéar áitiúil ainmniúchán an iarrthóra sin don toghlimistéar áitiúil sin.

Rialú ar bhailíocht páipéar ainmniúcháin.

20.— (1) (a) Tabharfaidh an ceann comhairimh rialú ar bhailíocht gach páipéir ainmniúcháin laistigh d’uair an chloig tar éis a sheachadta agus féadfaidh sé nó sí a rialú go bhfuil sé neamhbhailí i gcás, agus sa chás sin amháin, go measfaidh an ceann comhairimh nach bhfuil an páipéar déanta amach nó sínithe go cuí.

(b) Gan dochar do mhír (a), féadfaidh an ceann comhairimh a rialú freisin go bhfuil páipéar ainmniúcháin iarrthóra dá dtagraítear in airteagal 14(7)(a) neamhbhailí, má mheasann sé nó sí nár comhlíonadh forálacha fho-alt (7)(a) agus (8) d’airteagal 14.

(c) Ní rialóidh an ceann comhairimh go bhfuil páipéar ainmniúcháin neamhbhailí mar gheall ar aontaitheoir d’aontú le hainmniú líon is mó ná iarrthóir amháin sa toghchán céanna.

(2) Beidh an t-iarrthóir a ainmnítear le gach páipéar ainmniúcháin agus moltóir an iarrthóra, más ann, agus duine amháin eile arna shonrú nó arna sonrú ag an iarrthóir nó ag an moltóir, de réir mar a bheidh, i dteideal freastal nuair a bheidh rialú á dhéanamh ag an gceann comhairimh ar an bpáipéar ainmniúcháin sin, agus ní bheidh aon duine eile i dteideal freastal, ach amháin le cead an cheann comhairimh.

(3) Cuirfidh an ceann comhairimh i gcoinne ainm iarrthóra i bpáipéar ainmniúcháin más rud é—

(a) nach é an t-ainm sin an t-ainm a thugtar de ghnáth ar an iarrthóir,

(b) go bhfuil an t-ainm sin míthreorach agus gur dóigh go gcuirfeadh sé daoine amú,

(c) go bhfuil an t-ainm sin rófhada, nó

(d) go bhfuil tagairt pholaitiúil san ainm sin,

agus i gcás go gcuirfidh an ceann comhairimh i gcoinne ainm amhlaidh, ligfidh sé nó sí don iarrthóir nó don mholtóir, de réir mar is cuí, an t-ainm a leasú agus, mura leasaítear amhlaidh é chun sástacht an cheann comhairimh, féadfaidh an ceann comhairimh é a leasú, de réir mar is cuí leis nó léi, tar éis dó nó di dul i gcomhairle leis an iarrthóir nó leis an moltóir, má bhíonn ceachtar acu i láthair, nó féadfaidh sé nó sí a rialú go bhfuil an páipéar ainmniúcháin neamhbhailí mar nach ndearnadh amach i gceart é.

(4) Cuirfidh an ceann comhairimh i gcoinne na tuairisce ar iarrthóir i bpáipéar ainmniúcháin más é tuairim an cheann comhairimh go bhfuil sí mícheart nó nach leor í chun an t-iarrthóir a aithint, nó go bhfuil sí rófhada nó go bhfuil tagairt pholaitiúil inti seachas, más cuí, tagairt d’oifig phoiblí nó thofa atá, nó a bhí tráth, á sealbhú ag an iarrthóir nó do thaifead arna dhéanamh de bhun fho-airteagal (5) nó (6) d’airteagal 14. I gcás go gcuirfidh an ceann comhairimh i gcoinne tuairisce amhlaidh, ligfidh sé nó sí don iarrthóir nó don mholtóir, de réir mar is cuí, an tuairisc a leasú agus, mura leasaítear amhlaidh í chun sástacht an cheann comhairimh. féadfaidh an ceann comhairimh í a leasú nó í a scriosadh, de réir mar is cuí leis nó léi, tar éis dó nó di dul i gcomhairle leis an iarrthóir nó leis an moltóir, má bhíonn ceachtar acu i láthair, nó féadfaidh sé nó sí rialú a thabhairt go bhfuil an páipéar ainmniúcháin neamhbhailí mar nach ndearnadh amach i gceart é.

(5) Nuair a bheidh rialú déanta aige nó aici ar bhailíocht páipéir ainmniúcháin, cuirfidh an ceann comhairimh nóta i dtaobh na breithe ar an bpáipéar ainmniúcháin agus síneoidh sé nó sí an nóta. Má rialaíonn an ceann comhairimh go bhfuil an páipéar neamhbhailí, cuirfidh an t-oifigeach ráiteas isteach á rá cad iad na fáthanna a bhí leis an mbreith. Is breith chríochnaitheach í breith an cheann comhairimh faoin airteagal seo agus ní fhéadfar í a fhreaschur ach amháin de thoradh achainí lena dtabharfar an toghchán faoi cheist.

(6) A luaithe is indéanta tar éis rialú a dhéanamh ar bhailíocht páipéir ainmniúcháin, déanfaidh an ceann comhairimh fógra i scríbhinn i dtaobh an rialaithe a thabhairt don iarrthóir, leis an bpost nó ar shlí eile.

(7) Gach duine a bhfuil cinneadh déanta ina leith faoin airteagal seo go bhfuil a pháipéar ainmniúcháin nó a páipéar ainmniúcháin bailí agus nach bhfuil a iarrthóireacht nó a hiarrthóireacht tarraingthe siar de réir airteagal 22 nó nach meastar faoi airteagal 15(2), 25(2) nó 28(1) í a bheith tarraingthe siar, beidh sé nó sí arna ainmniú nó arna hainmniú go bailí mar iarrthóir.”.

Leasú ar airteagal 83 de na Rialacháin um Thoghcháin Áitiúla.

16 .— Leasaítear na Rialacháin um Thoghcháin Áitiúla tríd an bhfo-airteagal seo a leanas a chur in ionad fho-airteagal (8) d’airteagal 83:

“(8) Ní aistreoidh an ceann comhairimh barrachas iarrthóra a mheastar a bheith tofa aon uair is lú an barrachas sin, i dteannta aon bharrachais eile atá gan aistriú, ná an difríocht idir an cuóta agus líon na vótaí atá creidiúnaithe don iarrthóir leanúnach is airde agus an difríocht idir líon na vótaí atá creidiúnaithe don dá iarrthóir leanúnacha is ísle agus, i gcásanna ina bhfuil éarlais taiscthe de réir airteagal 15 ag an iarrthóir is ísle, nó ag duine éigin thar a cheann nó thar a ceann sa toghchán lena mbaineann—

(a) gur mó ná aon cheathrú den chuóta líon na vótaí atá creidiúnaithe don iarrthóir is ísle, nó

(b) nach mó ná aon cheathrú den chuóta suim líon na vótaí atá creidiúnaithe don iarrthóir is ísle i dteannta an bharrachais sin agus aon bharrachais eile atá gan aistriú.”.

Leasú ar airteagal 84 de na Rialacháin um Thoghcháin Áitiúla.

17 .— Leasaítear na Rialacháin um Thoghcháin Áitiúla tríd an bhfo-airteagal seo a leanas a chur in ionad fho-airteagal (2) d’airteagal 84:

“(2) I gcás go bhfuil líon iomlán na vótaí a fuair an bheirt nó níos mó de na hiarrthóirí is ísle vótaí, i dteannta aon bharrachais atá gan aistriú, faoi bhun líon na vótaí atá creidiúnaithe don chéad iarrthóir eile is airde, déanfaidh an ceann comhairimh an bheirt nó níos mó de na hiarrthóirí sin is ísle a eisiamh d’aon iarracht, ar choinníoll—

(a) i gcásanna ina ndearna an dara hiarrthóir is ísle, nó duine éigin thar a cheann nó thar a ceann, éarlais a thaisceadh de réir airteagal 15 sa toghchán lena mbaineann, gur mó ná an ceathrú cuid den chuóta líon na vótaí atá creidiúnaithe don iarrthóir sin,nó

(b) i gcásanna ina ndearna aon duine den bheirt nó níos mó de na hiarrthóirí sin is ísle, nó duine éigin thar a cheann nó thar a ceann, éarlais a thaisceadh de réir airteagal 15 sa toghchán lena mbaineann agus nach mó ná an ceathrú cuid den chuóta líon na vótaí atá creidiúnaithe d’aon iarrthóir den sórt sin, gur léir dá n-eisiafaí na hiarrthóirí duine ar dhuine de réir fho-airteagal (1) agus dá ndéanfaí aon bharrachas neamhaistrithe a aistriú, nárbh fhéidir dá thoradh líon vótaí ba mhó ná an ceathrú cuid den chuóta a chreidiúnú don iarrthóir sin.”.

Leasú ar airteagal 86 de na Rialacháin um Thoghcháin Áitiúla.

18 .— Leasaítear na Rialacháin um Thoghcháin Áitiúla tríd an bhfo-airteagal seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-airteagal (2) d’airteagal 86:

“(3) Nuair is féidir na folúntais deiridh a líonadh faoin airteagal seo, ní dhéanfar aon aistriú eile vótaí ach amháin nach bhfuil líon vótaí is mó ná an ceathrú cuid den chuóta creidiúnaithe d’aon duine de na hiarrthóirí leanúnacha agus gur gá chun críocha airteagal 16(1)(f) aistriú den sórt sin a dhéanamh d’fhonn a fháil amach an bhféadfaí an líon sin vótaí a chreidiúnú don iarrthóir sin.”.

Leasú ar an Acht um Thoghcháin Áitiúla (Síntiúis agus Caiteachas a Nochtadh) 1999.

19 .— Leasaítear an tAcht um Thoghcháin Áitiúla (Síntiúis agus Caiteachas a Nochtadh) 1999 in alt 6(1)(b) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (i):

“(i) (I) caiteachais riachtanacha taistil agus caiteachais riachtanacha eile arna dtabhú ag iarrthóir nó ag aontaitheoir le linn dó nó di ceanglais airteagal 14(7)(a) agus (8) de na Rialacháin um Thoghcháin Áitiúla 1995 (I.R. Uimh. 297 de 1995) a chomhlíonadh, nó

(II) íoc éarlaise ag iarrthóir nó thar ceann iarrthóra faoi airteagal 15 de na Rialacháin um Thoghcháin Áitiúla 1995 (I.R. Uimh. 297 de 1995);”.

Na Rialacháin um Thoghcháin Áitiúla a Dhaingniú.

20 .— (1) Beidh éifeacht reachtúil leis na Rialacháin um Thoghcháin Áitiúla amhail is dá mba Acht den Oireachtas iad.

(2) Dá mba rud é go mbeadh fo-alt (1), murach an fo-alt seo, ar neamhréir le ceart bunreachtúil aon duine, beidh oibriú fho-alt (1) faoi réir cibé teorannú is gá chun a áirithiú nach mbeidh sé ar neamhréir amhlaidh ach beidh lánfheidhm aige agus lánéifeacht leis thairis sin.