Ar Aghaidh ( AN SCEIDEAL Comhlachtaí nach mbaineann an míniú ar “Comhlacht Seirbhíse Poiblí” leo )

5 2009

/images/harp.jpg


Uimhir 5 de 2009


AN tACHT UM BEARTA AIRGEADAIS ÉIGEANDÁLA AR MHAITHE LE LEAS AN PHOBAIL 2009

[An tiontú oifigiúil]


RIAR NA nALT

Alt

1 . Léiriú.

2 . Asbhaint a dhéanfar as luach saothair seirbhíseach poiblí.

3 . Rialacháin i ndáil le socruithe bailiúcháin, etc.

4 . Oibleagáid chun íocaíochtaí a dhéanamh isteach sa Státchiste, etc.

5 . Ceart seirbhíseach poiblí áirithe fógra a thabhairt.

6 . Asbhaintí arna ndéanamh as luach saothair daoine áirithe a scoireann de bheith ina seirbhísigh phoiblí.

7 . Gan aon sochar breise, etc., a bheith i gceist.

8 . Díolúine, etc., ó asbhaintí in imthosca áirithe.

9 . Laghdú ar íocaíochtaí le gairmithe sláinte.

10 . Íocaíochtaí eile a laghdú.

11 . Neamh-infheidhmeacht maidir le seirbhísigh phoiblí.

12 . An Scéim Bhainistithe Dramhaíola Feirme.

13 . Athbhreithniú bliantúil agus tuarascáil bhliantúil do Thithe an Oireachtais.

14 . Rialacháin.

15 . Deireadh a chur le hamhrais.

16 . Leasú ar na hAchtanna Cánach Ioncaim.

17 . Leasú ar an Acht Rialtais Áitiúil 1998 — íocaíochtaí isteach sa Chiste Rialtais Áitiúil ag an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil.

18 . Leasú ar an Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005 — forlíonadh luathchúraim leanaí.

19 . Gearrtheideal.

AN SCEIDEAL

Comhlachtaí nach mbaineann an míniú ar “Comhlacht Seirbhíse Poiblí” leo


Na hAchtanna dá dTagraítear

Achtanna na gCuideachtaí

An tAcht Iomaíochta 2002

2002, Uimh. 14

An tAcht Cosanta 1954

1954, Uimh. 18

An tAcht Cosanta (Leasú) 2007

2007, Uimh. 24

An tAcht um Thionól na hEorpa (Ionadaithe na hÉireann) 1979

1979, Uimh. 19

An tAcht Cuanta 1946

1946, Uimh. 9

An tAcht Cuanta 1996

1996, Uimh. 11

An tAcht Rialtais Áitiúil 1998

1998, Uimh. 16

An tAcht Rialtais Áitiúil 2001

2001, Uimh. 37

An tAcht um Oifigí Aireachta agus Páirliminte 1938

1938, Uimh. 38

An tAcht um Oifigí Aireachta, Parlaiminte agus Breithiúnacha agus um Chomhaltaí den Oireachtas (Forálacha Ilghnéitheacha) 2001

2001, Uimh. 33

An tAcht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú) 1973

1973, Uimh. 22

An tAcht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta, Parlaiminte agus Breithiúnacha (Leasú) 1977

1977, Uimh. 29

An tAcht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta, Parlaiminte agus Breithiúnacha (Leasú) 1983

1983, Uimh. 32

Acht na bPinsean 1990

1990, Uimh. 25

An tAcht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005

2005, Uimh. 26

An tAcht um Athchóiriú an Dlí Leasa Shóisialaigh agus um Pinsin 2006

2006, Uimh. 5

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha) 2008

2008, Uimh. 22

Na hAchtanna Aoisliúntas 1834 go 1963

An tAcht Comhdhlúite Cánacha 1997

1997, Uimh. 39

An tAcht Oideachais Ghairme Beatha 1930

1930, Uimh. 29

/images/harp.jpg


Uimhir 5 de 2009


AN tACHT UM BEARTA AIRGEADAIS ÉIGEANDÁLA AR MHAITHE LE LEAS AN PHOBAIL 2009

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ, AR MHAITHE LE LEAS AN PHOBAIL, MAIDIR LE RANNÍOC A ÍOC AG DAOINE ÁIRITHE SA tSEIRBHÍS PHOIBLÍ (LENA nÁIRÍTEAR COMHALTAÍ DE THITHE AN OIREACHTAIS AGUS SEALBHÓIRÍ OIFIGE ÁIRITHE) ATÁ INA gCOMHALTAÍ DE SCÉIM PINSEAN CEIRDE NÓ DE SHOCRÚ PINSEAN (CIBÉ AINM A THUGTAR AIR) DÁ bhFORÁILTEAR FAOI NA hACHTANNA AOISLIÚNTAS 1834 GO 1963 NÓ FAOI AON ACHTACHÁN NÓ BEART RIARACHÁIN EILE A bhFUIL AN ÉIFEACHT CHÉANNA LEIS NÓ A gCEANGLAÍTEAR AR AIRE AMHÁIN NÓ NÍOS MÓ DEN RIALTAS Í NÓ É A DHÉANAMH NÓ A CHEADÚ, NÓ TOILIÚ LÉI NÓ LEIS (CIBÉ SLÍ INA mBEIDH SÉ SAINRÁITE), DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE LAGHDÚ A DHÉANAMH AR AN MÉID IS INÍOCTHA, NÓ AR AN RÁTA ÍOCAÍOCHTA, AS AIRGEAD A SHOLÁTHRAÍTEAR AG AN OIREACHTAS NÓ AS AN bPRÍOMH-CHISTE NÓ TORADH FÁIS AN CHISTE SIN LE DAOINE ÁIRITHE I LEITH SEIRBHÍSÍ ÁIRITHE DON STÁT NÓ THAR CEANN AN STÁIT, DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE hALT 4 DEN ACHT RIALTAIS ÁITIÚIL 1998, LEIS NA hACHTANNA CÁNACH IONCAIM AGUS LE CUID 4A DEN ACHT COMHDHLÚITE LEASA SHÓISIALAIGH 2005 A LEASÚ, DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE DLITEANAIS, FABHRUITHE NÓ ÍOCAÍOCHTAÍ ATÁ DLITE FAOI SCÉIM AR A dTUGTAR AN SCÉIM BHAINISTITHE DRAMHAÍOLA FEIRME A IARCHUR AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA.

[27 Feabhra, 2009]

DE BHRÍ gur tharla suaitheadh tromchúiseach sa gheilleagar agus gur tháinig meath ar imthosca eacnamaíochta an Stáit, ar nithe iad a chuireann leas an phobail i mbaol;

AGUS DE BHRÍ dá dheasca sin gur tháinig meathlú tromchúiseach ar ioncam an Stáit agus go bhfuil gealltanais shuntasacha agus mhéadaitheacha ar an Státchiste i leith pinsean seirbhíse poiblí;

AGUS DE BHRÍ gur gá caiteachas reatha an Státchiste a laghdú go substaintiúil chun a thaispeáint do na margaí idirnáisiúnta airgeadais go bhfuil rialú suntasach á dhéanamh ar chaiteachas poiblí d’fhonn rochtain leanúnach ar mhaoiniú idirnáisiúnta a chinntiú, agus chun rátáil chreidmheasa an Stáit a chosaint agus chun an creimeadh ar iomaíochas idirnáisiúnta an Stáit a aisiompú;

AGUS DE BHRÍ gur ualach an-substaintiúil ualach na gcaillteanas post agus na laghduithe tuarastail san earnáil phríobháideach agus go bhfuil sé cothromasach go mbeadh an earnáil phoiblí páirteach in iompar an ualaigh sin;

AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé riachtanach na bearta san Acht seo a ghlacadh mar chuid de réimse beart chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim eacnamaíoch;

AGUS DE BHRÍ gur fabhraí go suntasach agus go sonraíoch luach pinsean seirbhíse poiblí ná luach na bpinsean atá ar fáil i gcoitinne i gcineálacha eile fostaíochta—

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS AR AN ÁBHAR SIN MAR A LEANAS:

Léiriú.

1 .— San Acht seo—

ciallaíonn “Státseirbhís” Státseirbhís an Rialtais agus Státseirbhís an Stáit;

ciallaíonn “Aire” an tAire Airgeadais;

ciallaíonn “seirbhíseach poiblí”—

(a) duine atá fostaithe ag comhlacht seirbhíse poiblí, nó a shealbhaíonn aon oifig nó post eile, i gcomhlacht seirbhíse poiblí,

(b) comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó comhalta d’údarás áitiúil (de réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúil 2001),

(c) comhalta de Pharlaimint na hEorpa le haghaidh toghlaigh sa Stát, is comhalta atá ag fáil an liúntais dá dtagraítear in alt 2 den Acht um Thionól na hEorpa (Ionadaithe na hÉireann) 1979, nó

(d) sealbhóir oifige cáilithí,

ach ní fholaíonn sé an tUachtarán, comhalta den bhreithiúnacht nó breitheamh míleata arna cheapadh nó arna ceapadh faoi Chaibidil IVC de Chuid V den Acht Cosanta 1954 (arna leasú leis an Acht Cosanta (Leasú) 2007);

ciallaíonn “comhlacht seirbhíse poiblí”—

(a) an Státseirbhís,

(b) an Garda Síochána,

(c) na Buan-Óglaigh,

(d) údarás áitiúil chun críocha an Achta Rialtais Áitiúil 2001,

(e) Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte,

(f) Banc Ceannais agus Údarás Seirbhísí Airgeadais na hÉireann,

(g) coiste gairmoideachais arna bhunú faoi alt 7 den Acht Oideachais Ghairme Beatha 1930,

(h) comhlacht (seachas comhlacht a shonraítear nó dá dtagraítear sa Sceideal) arna bhunú—

(i) le hachtachán nó faoi achtachán (seachas Achtanna na gCuideachtaí), nó

(ii) faoi Achtanna na gCuideachtaí de bhun cumhachtaí a thugtar le hachtachán eile nó faoi achtachán eile, agus a mhaoinítear go hiomlán nó go páirteach trí airgead arna sholáthar, nó trí iasachtaí arna ndéanamh nó arna ráthú, ag Aire den Rialtas nó trí eisiúint scaireanna arna sealbhú ag Aire den Rialtas nó thar ceann Aire den Rialtas,

agus arb ann do scéim pinsean seirbhíse poiblí ina leith nó a bhfuil feidhm ag scéim pinsean seirbhíse poiblí ina leith nó a fhéadfar scéim pinsean seirbhíse poiblí a dhéanamh ina leith,

(i) comhlacht (seachas comhlacht a shonraítear nó dá dtagraítear sa Sceideal) atá á mhaoiniú go hiomlán nó go páirteach agus go díreach nó go neamhdhíreach as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas nó as an bPríomh-Chiste nó toradh fáis an Chiste sin agus a bhfuil scéim pinsean seirbhíse poiblí ann ina leith, nó a bhfuil feidhm ag scéim pinsean seirbhíse poiblí ina leith, nó a bhféadtar scéim pinsean seirbhíse poiblí a dhéanamh ina leith,

(j) aon fhochuideachta do chomhlacht, nó aon chuideachta atá faoi rialú (de réir na brí a thugtar le halt 10 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997) ag comhlacht, lena mbaineann mír (d), (e), (f), (g) (h)(i) agus a bhfuil scéim pinsean seirbhíse poiblí ann ina leith, nó a bhfuil feidhm ag scéim pinsean seirbhíse poiblí ina leith, nó a bhféadtar scéim pinsean seirbhíse poiblí a dhéanamh ina leith;

ciallaíonn “ scéim pinsean seirbhíse poiblí ” scéim pinsean ceirde nó socrú pinsean, cibé ainm a thugtar air, le haghaidh aon chuid den tseirbhís phoiblí—

(a) dá bhforáiltear—

(i) faoi na hAchtanna Aoisliúntas 1834 go 1963, nó

(ii) faoi aon achtachán nó beart riaracháin eile chun na críche céanna leis na hAchtanna sin agus a bhfuil an éifeacht chéanna leis atá leis na hAchtanna sin, nó

(b) a dhéanann Aire iomchuí nó a bheidh ceadaithe ag Aire iomchuí nó ag an Aire nó acu araon, nó a gceanglaítear ceadú nó toiliú a fháil ina leith ó Aire iomchuí nó ón Aire, nó uathu araon,

ach ní fholaíonn sé scéim nó socrú den sórt sin i leith comhlachta a shonraítear nó dá dtagraítear sa Sceideal;

tá le “ oifig cháilitheach ” an bhrí chéanna atá leis in alt 13 (a cuireadh isteach leis an Acht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta, Parlaiminte agus Breithiúnacha (Leasú) 1977) den Acht um Oifigí Aireachta agus Páirliminte 1938, is é sin le rá—

(a) oifig aireachta de réir bhrí an ailt sin (arna leasú leis an Acht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú) 1973), nó

(b) oifig rúnaíochta de réir bhrí an ailt sin (arna leasú leis an Acht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta, Parlaiminte agus Breithiúnacha (Leasú) 1983 agus leis an Acht um Oifigí Aireachta, Parlaiminte agus Breithiúnacha agus um Chomhaltaí den Oireachtas (Forálacha Ilghnéitheacha) 2001);

ciallaíonn “ Aire iomchuí ”, i ndáil le scéim pinsean seirbhíse poiblí, an tAire nó na hAirí den Rialtas atá freagrach as an scéim a dhéanamh nó a cheadú, nó as toiliú a thabhairt léi;

ciallaíonn “ luach saothair ” díolaíochtaí a bhfuil feidhm ag Caibidil 4 de Chuid 42 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997, nó a gcuirtear í chun feidhme, maidir leo, agus is iníoctha ag comhlacht seirbhíse poiblí nó thar a cheann le seirbhíseach poiblí as a sheirbhísí nó a seirbhísí mar sheirbhíseach poiblí;

ciallaíonn “ fochuideachta ” fochuideachta de réir bhrí Achtanna na gCuideachtaí.

Asbhaint a dhéanfar as luach saothair seirbhíseach poiblí.

2 .— (1) Beidh feidhm ag an alt seo—

(a) maidir le duine—

(i) ar seirbhíseach poiblí é nó í an 1 Márta 2009, nó

(ii) nach seirbhíseach poiblí é nó í ar an dáta sin ach a cheapfar, nó a thiocfaidh ar shlí eile chun bheith, ina sheirbhíseach poiblí nó ina seirbhíseach poiblí tar éis an dáta sin, agus

(b) maidir le duine ar duine é nó í, an 1 Márta 2009 nó aon tráth dá éis sin—

(i) a bheidh ina chomhalta nó ina comhalta de scéim pinsean seirbhíse poiblí,

(ii) a bheidh i dteideal sochair faoi scéim den sórt sin, nó

(iii) a gheobhaidh íocaíocht in ionad comhaltais i scéim den sórt sin.

(2) San alt seo, gairtear “duine iomchuí” de dhuine lena mbaineann an t-alt seo.

(3) Maidir leis an duine atá freagrach as luach saothair a íoc le duine iomchuí nó a údaraíonn luach saothair a íoc le duine iomchuí, déanfaidh sé nó sí méid a asbhaint nó cuirfidh sé nó sí faoi deara go ndéanfar méid a asbhaint de réir an ráta nó na rátaí infheidhme a shonraítear sa Tábla san fho-alt seo—

(a) i gcás na tréimhse 1 Márta 2009 go 31 Nollaig 2009, i leith na tréimhse sin, agus

(b) i gcás na bliana 2010 agus gach bliain ina dhiaidh sin, i leith na bliana lena mbaineann,

as an luach saothair is iníoctha leis an duine iomchuí ó am go ham i rith na tréimhse sin nó aon bhliain den sórt sin.

AN TÁBLA

Méid an Luach Saothair

Ráta na hasbhainte

Suas le €15,000

3 faoin gcéad

Aon bharrachas is mó ná €15,000 ach nach mó ná €20,000

6 faoin gcéad

Aon mhéid is mó ná €20,000

10 faoin gcéad

(4) Maidir leis an asbhaint a cheanglaítear leis an alt seo, déanfar í de réir aon rialachán arna ndéanamh ag an Aire faoi alt 3.

(5) Tá éifeacht leis an alt seo d’ainneoin—

(a) aon achtacháin eile,

(b) aon scéime nó socrú pinsean,

(c) aon chomhaontú nó socrú conarthach eile, nó

(d) aon chomhthuisceana, ionchais, ciorcláin nó ionstraime nó doiciméid eile.

Rialacháin i ndáil le socruithe bailiúcháin, etc.

3 .— (1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun asbhaintí arna ndéanamh faoi alt 2 a ríomh, a dhéanamh, a bhailiú, a dhiúscairt agus a ghnóthú.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh an tAire foráil a dhéanamh i rialacháin faoin alt seo maidir le haon cheann de na nithe seo a leanas:

(a) ríomh, asbhaint agus bailiú asbhaintí a bheidh le déanamh ar bhonn an mheastacháin is fearr is féidir a dhéanamh le réasún ar luach saothair is dóigh a bheidh inmhuirearaithe i leith cánach faoi Sceideal E a ghabhann leis an Acht Comhdhlúite Cánacha 1997 le linn na tréimhse lena mbaineann agus meán-asbhaintí ó gach seirbhíseach poiblí thar an tréimhse sin a ríomh;

(b) cibé suim a asbhaint as aon deontas nó vóta de chuid comhlachta seirbhíse poiblí nó as aon íocaíocht eile leis as airgead a sholáthróidh an tOireachtas go díreach nó go neamhdhíreach nó a sholáthrófar as an bPríomh-Chiste nó as toradh fáis an Chiste sin, is suim a bheidh, chomh gar dóibh agus is féidir a mheas, in ionannas do na hasbhaintí go léir faoi alt 2 nó do chuid díobh a dhlífear a íoc le linn na tréimhse lena mbaineann an deontas, an vóta nó an íocaíocht eile, agus maidir leis an Aire d’eisiúint ordacháin chuig na daoine lena mbaineann;

(c) déileáil le haon ró-íocaíocht nó gearríocaíocht asbhaintí;

(d) faoi réir ailt 2(3) agus 4, an modh ina ndéanfar asbhaintí agus na tréimhsí ar laistigh díobh a dhéanfar iad, agus an modh ina ndéanfar agus na tréimhsí ar laistigh díobh a dhéanfar asbhaintí, nó aon aicme asbhaintí, a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste;

(e) na daoine nó na haicmí daoine a ainmniú a bheidh faoi dhliteanas cuntas a thabhairt i dtaobh asbhaintí;

(f) sonraí a thabhairt ar bhonn tréimhsiúil do dhaoine lena mbaineann maidir leis na méideanna a asbhaintear faoin Acht seo;

(g) i gcás ina mainneoidh duine asbhaintí a asbhaint nó a chur ar aghaidh de réir an Achta seo agus de réir rialachán a dhéanfar faoin alt seo, asbhaint a dhéanamh as aon deontas nó vóta de chuid comhlachta seirbhíse poiblí, nó as aon íocaíocht eile leis, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas go díreach nó go neamhdhíreach nó a sholáthrófar as an bPríomh-Chiste nó as toradh fáis an Chiste sin.

Oibleagáid chun íocaíochtaí a dhéanamh isteach sa Státchiste, etc.

4 .— (1) Gan dochar d’fho-alt (2), agus faoi réir na nithe seo a leanas—

(a) aon cheanglas faoi aon rialacháin a dhéantar faoi alt 3 aon ró-íocaíocht a aisíoc, nó

(b) aon cheanglas a éiríonn faoi alt 56 aon asbhaint a aisíoc,

déanfar aon asbhaintí arna ndéanamh faoi alt 2 a íoc isteach sa Státchiste nó a dhiúscairt chun tairbhe don Státchiste de réir ordachán ón Aire, nó a íoc nó a dhiúscairt ar shlí eile de réir mar a ordóidh an tAire.

(2) Más rud é, maidir le haon mhéid a asbhaintear faoi alt 2 (seachas méid dá dtagraítear i mír (a)(b) d’fho-alt (1)), nach mbeidh sé curtha ar aghaidh go cuí de réir aon rialachán faoi alt 3, ansin féadfaidh an tAire, de bhreis ar aon mhodh dá bhforáiltear le rialacháin faoin alt sin chun méid a ghnóthú, an méid a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla ón duine ar a bhfuil oibleagáid é a chur ar aghaidh.

Ceart seirbhíseach poiblí áirithe fógra a thabhairt.

5 .— (1) Maidir le seirbhíseach poiblí (seachas duine atá ag fónamh mar chomhalta de na Buan-Óglaigh) ar lú ná dhá bhliain an tréimhse a bheidh tugtha aige nó aici sa tseirbhís an 1 Márta 2009 agus a raibh sochair ag fabhrú chuige nó chuici i scéim pinsean seirbhíse poiblí ach nach raibh aon chearta caomhnaithe ar phinsean faoin scéim sin aige nó aici, féadfaidh sé nó sí, tráth ar bith roimh an 1 Aibreán 2009, fógra míosa i scríbhinn a thabhairt chun a fhostaíocht nó a fostaíocht, a oifig nó a hoifig nó a phost nó a post mar sheirbhíseach poiblí a fhoirceannadh.

(2) Maidir le fógra i scríbhinn de réir fho-alt (1), beidh éifeacht leis gan é a bheith de cheangal ar an duine ceanglas conarthach ná reachtúil ar bith a chomhlíonadh i leith tréimhse fógra is faide ná sin a thabhairt sula scoireann sé nó sí de bheith ina sheirbhíseach ná ina seirbhíseach poiblí.

(3) Más rud é, maidir le duine lena mbaineann fo-alt (1), go ndéanann sé nó sí a fhostaíocht nó a fostaíocht, a oifig nó a hoifig nó a phost nó a post mar sheirbhíseach poiblí a fhoirceannadh tar éis 1 Márta 2009 de réir an fho-ailt sin, agus más rud é, tráth an fhoirceanta, go bhfuil tréimhse is lú ná dhá bhliain tugtha aige nó aici sa tseirbhís, ansin, d’ainneoin forála ar bith eile den Acht seo, déanfar aon asbhaint arna déanamh de bhun alt 2 as luach saothair an duine sin mar sheirbhíseach poiblí, a aisíoc leis nó léi.

Asbhaintí arna ndéanamh as luach saothair daoine áirithe a scoireann de bheith ina seirbhísigh phoiblí.

6 .— (1) Aon asbhaint a dhéanfar de bhun alt 2 (seachas i leith duine lena mbaineann fo-alt (1)(b)(iii) den alt sin) as luach saothair duine mar sheirbhíseach poiblí is duine a scoireann de bheith ina sheirbhíseach poiblí nó ina seirbhíseach poiblí, agus nach mbeidh aon sochar aoisliúntais (lena n-áirítear sochar caomhnaithe, de réir na brí a thugtar le halt 28 d’Acht na bPinsean 1990) fabhraithe chuige nó chuici agus nach bhfuil a sheirbhís nó a seirbhís aistrithe chuig comhlacht seirbhíse poiblí eile de réir socruithe arna gceadú ag an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil nó ag an Aire Airgeadais, ní dhéileálfar léi mar asbhaint chun críocha an Achta seo.

(2) Maidir leis an duine atá faoi dhliteanas cuntas a thabhairt in aon asbhaint dá dtagraítear i bhfo-alt (1), déanfaidh sé nó sí í a aisíoc, a luaithe is indéanta, leis an duine ar asbhaineadh í as a luach saothair.

(3) Má fhaigheann duine aisíocaíocht faoi fho-alt (2) ar scor dó nó di de bheith ina sheirbhíseach poiblí nó ina seirbhíseach poiblí agus más mian leis nó léi dá éis sin go ndéanfaí an tseirbhís ar ina leith a tugadh an aisíocaíocht sin, a áireamh chun críocha aoisliúntais, ansin—

(a) déanfaidh an duine an aisíocaíocht, móide ús iolraithe (de réir socruithe arna gcinneadh ag an Aire), a aisíoc leis an duine a thug an aisíocaíocht dó nó di, agus

(b) beidh an aisíoc sin, móide an méid úis is iníoctha faoi mhír (a), le háireamh mar asbhaint faoi alt 2.

Gan aon sochar breise, etc., a bheith i gceist.

7 .— (1) Ní léifear aon ní san Acht seo mar ní a thugann aon sochar breise is iníoctha, nó a fhéadfaidh teacht chun bheith iníoctha, faoi scéim pinsean seirbhíse poiblí.

(2) Ní ranníoc pinsin chun críocha Achtanna na bPinsean 1990 asbhaint faoi alt 2.

Díolúine, etc., ó asbhaintí in imthosca áirithe.

8 .— Más rud é gur deimhin leis an Aire gurb ann d’aicme áirithe nó do ghrúpa áirithe seirbhíseach poiblí atá, mar gheall ar imthosca eisceachtúla (de bharr gné áirithe nó coinníll áirithe dá bhfostaíocht, dá n-oifig nó dá bpost) ina seirbhísigh phoiblí a ndéantar, i dtuairim an Aire, iad a idirdhealú go hábhartha ó aicmí nó ó ghrúpaí eile seirbhíseach poiblí a bhfuil feidhm ag alt 2 maidir leo, ansin féadfaidh an tAire le hordachán, más dóigh leis nó léi gur cóir agus gur cothromasach sna himthosca uile déanamh amhlaidh—

(a) an aicme nó an grúpa sin a dhíolmhú ó asbhaintí faoi alt 2, go hiomlán nó a mhéid is dóigh leis an Aire is cuí, nó

(b) an oibleagáid faoi alt 2 a mhodhnú chun asbhaintí a dhéanamh as a luach saothair i cibé slí is cuí leis an Aire, ag féachaint do chineál agus do mhéid an ualaigh airgeadais a bheadh le hiompar thairis sin ag an aicme nó ag an ngrúpa sin,

agus déanfar forálacha an Achta seo a bhaineann le hasbhaintí, agus forálacha aon rialachán arna ndéanamh faoi aon cheann de na forálacha sin a léamh faoi réir aon ordacháin den sórt sin.

Laghdú ar íocaíochtaí le gairmithe sláinte.

9 .— (1) D’ainneoin aon achtacháin, conartha, socrú, comhthuisceana, ionchais, ciorcláin nó ionstraime nó doiciméid eile, féadfaidh an tAire Sláinte agus Leanaí, le toiliú an Aire Airgeadais, le rialachán, laghdú a dhéanamh, cibé acu trí fhoirmle nó ar shlí eile, ar mhéid nó ar ráta na híocaíochta a beidh le déanamh le gairmithe sláinte, nó le haicmí gairmithe sláinte, i leith aon seirbhísí a thabharfaidh siad do chomhlacht sláinte nó thar a cheann ó dháta an rialacháin.

(2) Beidh feidhm ag fo-alt (1) maidir leis na seirbhísí a thugtar ó dháta an rialacháin, d’ainneoin go mb’fhéidir gur thosaigh na gairmithe sláinte lena mbaineann ar an tseirbhís a sholáthar roimh dháta an rialacháin.

(3) Féadfaidh rialachán arna dhéanamh faoi fho-alt (1) méideanna nó rátaí éagsúla a shocrú i gcomhair seirbhísí éagsúla, agus amhail ar agus ó dháta an rialacháin, ní bheidh aon teideal ann chun íocaíochta de bhreis ar na méideanna agus na rátaí a shonraítear amhlaidh, cé nach ndéanfar le haon ní san alt seo gairmí sláinte a chosc ar sheirbhís a sholáthar ar mhéid is lú nó de réir ráta is ísle.

(4) Sula ndéanfar cinneadh faoi fho-alt (1), gabhfaidh an tAire Sláinte agus Leanaí, nó, ar ordachán ón Aire sin, gabhfaidh an comhlacht sláinte lena mbaineann, do cibé comhchomhairliúcháin is cuí leis an Aire

(5) Socrófar le rialachán a dhéantar faoi fho-alt (1) méideanna nó rátaí a mheasfaidh an tAire Sláinte agus Leanaí a bheith cóir réasúnach i bhfianaise chuspóirí an Achta seo, ag féachaint do na nithe is cuí leis an Aire, lena n-áirítear aon cheann nó gach ceann díobh seo a leanas:

(a) téarmaí aon socruithe conarthacha nó comhthuiscintí láithreacha leis na gairmithe sláinte lena mbaineann nó aon ionchas ar a dtaobh;

(b) téarmaí aon chiorcláin, ionstraime, nó doiciméid a bhaineann leis na gairmithe sláinte lena mbaineann;

(c) aon aighneachtaí a dhéantar agus barúlacha a nochtar i rith na gcomhchomhairliúchán faoi fho-alt (4);

(d) cineál na seirbhísí a thugann aicmí éagsúla gairmithe sláinte agus cineál ginearálta chaiteachais agus ghealltanais na ngairmithe sláinte a sholáthraíonn na seirbhísí sin;

(e) an tionchar ar chumas an Stáit leanúint de sheirbhísí sláinte a sholáthar ar leibhéil láithreacha mura ndéanfar laghduithe; agus

(f) cothroime agus éifeachtúlacht aon mhodha chun aon laghduithe a dhéanamh ar íocaíochtaí ag féachaint do riachtanais an riaracháin mhaith éifeachtúil.

(6) Ní dhéanfaidh na cumhachtaí a thugtar don Aire Sláinte agus Leanaí nó a fheidhmíonn sé nó sí faoin alt seo difear d’aon cheart láithreach arna theachtadh ag an Aire sin nó ag an gcomhlacht sláinte lena mbaineann ar leith ón alt seo chun rátaí nó conarthaí i gcoitinne a chaibidil nó a leasú, agus féadfar na cearta sin a fheidhmiú i dteannta nó in ionad na gcumhachtaí a thugtar leis an Acht seo.

(7) Críochnófar comhchomhairliúcháin faoi fho-alt (4) tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis don Aire Sláinte agus Leanaí fógra a thabhairt faoi thosach na gcomhchomhairliúchán.

(8) Aon ghairmí sláinte nach mian leis nó léi leanúint de sheirbhísí a thabhairt don chomhlacht sláinte lena mbaineann, nó thar a cheann, ar bhonn córais íocaíochta a shocrófar i rialachán arna dhéanamh faoi fho-alt (1), féadfaidh sé nó sí fógra 30 lá a thabhairt don chomhlacht sláinte á rá sin agus, ar an 30 lá sin a bheith caite, saorfar é nó í ó aon oibleagáid chun na seirbhísí sin a thabhairt d’ainneoin aon téarma chonarthaigh nó aon téarma eile maidir le fógra.

(9) Má fhaigheann comhlacht sláinte fógra ó ghairmí sláinte faoi fho-alt (8), féadfaidh sé, d’ainneoin aon achtacháin, conartha, ciorcláin fhorfheidhmithigh, ionstraime nó doiciméid eile, seirbhísí gairmithe sláinte eile a fhruiliú chun a chinntiú go leanfaidh na seirbhísí de bheith ar fáil.

(10) Féadfaidh an tAire Sláinte agus Leanaí an modh a shainiú ina mbeidh comhchomhairliúcháin faoi fho-alt (4) le seoladh agus iad a sheoladh ar cibé modh, agus le cibé ionadaithe do ghairmithe sláinte nó ar shlí eile, is cuí leis nó léi, agus ní dhéanfaidh aon ní san Acht Iomaíochta 2002 cosc a chur ar an Aire sin nó ar aon ionadaí den sórt sin páirt a ghlacadh sna comhchomhairliúcháin sin nó cosc a chur ar na hionadaithe toradh na gcomhchomhairliúchán sin a chur in iúl do na gairmithe sláinte dá bhfuil siad ionadaitheach agus a phlé leo.

(11) Féadfaidh an tAire Sláinte agus Leanaí rialacháin a dhéanamh maidir le haon ní a dhéanamh is dóigh leis nó léi a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun an t-alt seo a chur i ngníomh, nó chun feidhmiú an ailt seo a éascú, d’fhonn na cuspóirí ar chucu a achtaíodh an tAcht seo a chomhall.

(12) Féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha a bheith i rialacháin arna ndéanamh faoi fho-alt (11) is dealraitheach don Aire Sláinte agus Leanaí a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun críocha na rialachán.

(13) Gan dochar d’alt 13, féadfaidh an tAire Sláinte agus Leanaí ó am go ham, agus déanfaidh sé nó sí, roimh an 30 Meitheamh 2010 agus gach bliain tar éis 2010, athbhreithniú a dhéanamh ar oibríocht, éifeachtacht agus tionchar na méideanna agus na rátaí arna socrú le rialacháin faoin alt seo agus iomchuibheas na méideanna agus na rátaí sin a bhreithniú, ag féachaint d’aon athrú ar na himthosca agus go háirithe aon athrú a bheidh tagtha ar aon cheann de na nithe a luaitear i bhfo-alt (5).

(14) Más rud é, tar éis athbhreithniú faoi fho-alt (13) a chríochnú, gur cuí leis an Aire Sláinte agus Leanaí déanamh amhlaidh, féadfaidh an tAire sin, le toiliú an Aire Airgeadais, coigeartú a dhéanamh (cibé acu de réir foirmle nó ar shlí eile), le rialachán, ar mhéid nó ar ráta na híocaíochta a bheidh le déanamh le gairmithe sláinte nó le haicmí gairmithe sláinte i leith aon seirbhísí a thugann siad do chomhlacht sláinte nó thar a cheann ó dháta an rialacháin.

(15) Beidh feidhm ag fo-ailt (2) go (12), fairis na modhnuithe is gá, maidir le rialacháin a dhéanamh faoi fho-alt (14).

(16) Déanfar rialacháin a dhéanfar faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ndéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis na rialacháin a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na rialachán beidh na rialacháin ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoi na rialacháin.

(17) San alt seo—

ciallaíonn “comhlacht sláinte” Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus aon chomhlacht eile atá faoi choimirce an Aire Sláinte agus Leanaí, a mhaoinítear go hiomlán nó go páirteach ag an Státchiste agus a dtugann gairmithe sláinte seirbhísí dó nó thar a cheann; agus

folaíonn “gairmí sláinte”—

(a) lia-chleachtóir cláraithe,

(b) fiaclóir cláraithe,

(c) cógaiseoir cláraithe,

(d) optaiméadraí,

(e) oftailmeolaí,

(f) póidiatraí, agus

(g) coslia.

(18) I gcás inar cuideachta nó comhlacht corpraithe eile, nó ionadaí pearsanta dlíthiúil gairmí sláinte éagtha, soláthraí seirbhíse de chineál a sholáthraíonn gairmí sláinte de ghnáth, folaíonn tagairt san alt seo do ghairmí sláinte an chuideachta nó an comhlacht corpraithe eile nó an t-ionadaí pearsanta dlíthiúil.

(19) San alt seo, folaíonn íocaíocht i leith seirbhíse arna tabhairt ag gairmí sláinte íocaíocht i leith earraí arna dtabhairt ag an ngairmí sláinte sin mar chuid den tseirbhís.

Íocaíochtaí eile a laghdú.

10 .— (1) D’ainneoin aon achtacháin, conartha, socrú, comhthuisceana, ionchais, ciorcláin, ionstraime nó doiciméid eile, féadfaidh aon Aire den Rialtas, le toiliú an Aire Airgeadais, le rialachán, laghdú a dhéanamh, cibé acu de réir foirmle nó ar shlí eile, ar mhéid nó ar ráta na híocaíochta a bheidh le déanamh le daoine, nó le haicmí daoine, i leith aon seirbhíse a thabharfaidh siad don Aire sin den Rialtas nó thar ceann an Aire sin den Rialtas nó faoi choimirce an Aire sin.

(2) Chun críocha an Achta seo, aon seirbhís a thugtar don Stát is seirbhís nach dtugtar d’Aire den Rialtas nó thar ceann Aire den Rialtas nó faoi choimirce Aire den sórt sin, measfar gur don Aire Airgeadais a thugtar í. Féadfaidh an tAire Airgeadais na cumhachtaí a thugtar le fo-alt (1) a fheidhmiú i ndáil leis na daoine a thugann na seirbhísí sin.

(3) I gcás inarb é nó í an tAire Airgeadais an tAire a bhfuil rialacháin le déanamh aige nó aici faoi fho-alt (1)(2), tabharfar neamhaird ar an tagairt i bhfo-alt (1) do thoiliú an Aire sin a fháil.

(4) Beidh na cumhachtaí go léir a theachtann an tAire Sláinte agus Leanaí faoi alt 9 ag Aire den Rialtas a bheidh ag déanamh rialachán faoi fho-alt (1) agus, mar an gcéanna, beidh sé nó sí faoi réir na n-oibleagáidí go léir a fhorchuirtear ar an Aire Sláinte agus Leanaí faoin alt sin.

(5) Tá feidhm ag fo-ailt (2) go (16) agus (19) d’alt 9, fairis na modhnuithe is gá, maidir le hAire den Rialtas a bheidh ag déanamh rialachán, agus maidir le rialacháin a dhéanfar, faoi fho-alt (1).

Neamh-infheidhmeacht maidir le seirbhísigh phoiblí.

11 .— Ní bheidh feidhm ag forálacha ailt 9 agus 10 ná ag forálacha rialachán arna ndéanamh faoi na hailt sin maidir le luach saothair duine a ndéantar asbhaint ina leith as a faoi alt 2.

An Scéim Bhainistithe Dramhaíola Feirme.

12 .— (1) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia le hordú aon dliteanas, fabhrú nó íocaíocht faoin Scéim Bhainistithe Dramhaíola Feirme a iarchur, go hiomlán nó go páirteach, chuig dáta sonraithe, más rud é, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, gurb é a thuairim nó a tuairim gur gá déanamh amhlaidh, ag féachaint do na nithe seo a leanas—

(a) cuspóirí an Achta seo, agus

(b) na hacmhainní atá ar fáil don Aire Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia ó am go ham chun íocaíochtaí a dhéanamh faoin Scéim.

(2) Féadfaidh sé gur i mbliain airgeadais tar éis na bliana ar lena linn a dhéantar an t-ordú nó in aon bhliain airgeadais dá héis sin a bheidh an dáta a shonraítear in ordú faoi fho-alt (1).

(3) Má dhéanann an tAire Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia dliteanas, fabhrú nó íocaíocht a iarchur faoi fho-alt (1)

(a) ní thiocfaidh aon oibleagáid i gceist maidir le haon íocaíocht a dhéanamh i leith an mhéid a iarchuireadh, agus

(b) ní bheidh aon dliteanas ann an méid a íoc ná ní bheidh aon fhabhrú ann ar an méid,

roimh an dáta a shonróidh an tAire sin san ordú lena mbaineann.

(4) Beidh éifeacht le hiarchur faoin alt seo d’ainneoin théarmaí na Scéime Bainistithe Dramhaíola Feirme, nó aon teidil cibé slí a éireoidh sé.

(5) Déanfar ordú faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

(6) San alt seo ciallaíonn “an Scéim Bhainistithe Dramhaíola Feirme” an scéim a tháinig in éifeacht an 23 Márta 2006 agus ar a dtugtar an Scéim um Chúnamh Infheistíochta do Dhramhaíl Feirme a Bhainistiú.

Athbhreithniú bliantúil agus tuarascáil bhliantúil do Thithe an Oireachtais.

13 .— Roimh an 30 Meitheamh 2010 agus gach bliain tar éis na bliana 2010, déanfaidh an tAire—

(a) athbhreithniú ar oibriú, éifeachtacht agus tionchar an Achta seo, ag féachaint do na dálaí eacnamaíochta foriomlána sa Stát agus don iomaíochas náisiúnta,

(b) breithniú i dtaobh an gá i gcónaí aon fhorálacha den Acht seo, ag féachaint do chuspóirí an Achta seo, do na dálaí eacnamaíochta foriomlána sa Stát, don iomaíochas náisiúnta agus do ghealltanais Státchiste i leith pinsean seirbhíse poiblí,

(c) cibé fionnachtana is cuí leis nó léi a dhéanamh de dhroim an athbhreithnithe agus an bhreithnithe sin, agus

(d) a chur faoi deara tuarascáil i scríbhinn a ullmhú agus a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas maidir lena fhionnachtana nó lena fionnachtana de thoradh an athbhreithnithe agus an bhreithnithe.

Rialacháin.

14 .— (1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha an Achta seo nó de dhroim aon fhorála den Acht seo, nó chun a chumasú lánéifeacht a bheith le haon fhoráil.

(2) Féadfar cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha a bheith i rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin alt seo is dóigh leis an Aire a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun críocha na rialachán.

(3) Déanfar rialacháin faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ndéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis na rialacháin a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na rialachán, beidh na rialacháin ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoi na rialacháin.

Deireadh a chur le hamhrais.

15 .— I gcás ina n-éireoidh amhras, ceist nó díospóid in oibriú an Achta seo i dtaobh cibé acu is duine nó nach duine atá faoi réir asbhainte faoin Acht seo duine, ansin—

(a) déanfaidh an duine a údaraíonn nó a d’údaródh an luach saothair lena mbaineann a íoc an t-amhras, an cheist nó an díospóid a chur faoi bhráid an Aire, agus

(b) cinnfidh an tAire an t-amhras, an cheist nó an díospóid tar éis dul i gcomhairle le cibé daoine (más ann) a mheasfaidh an tAire is cuí sna himthosca,

agus is cinneadh críochnaitheach é cinneadh an Aire maidir leis an amhras, leis an gceist nó leis an díospóid.

Leasú ar na hAchtanna Cánach Ioncaim.

16 .— (1) Leasaítear an tAcht Comhdhlúite Cánacha 1997 i gCaibidil 4 de Chuid 30 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 790B:

“Faoiseamh i leith asbhainte faoin Acht um Bearta Airgeadais Éigeandála ar Mhaithe le Leas an Phobail 2009.

790C.— Aon asbhaint a dhéanfar faoin Acht um Bearta Airgeadais Éigeandála ar Mhaithe le Leas an Phobail 2009 i leith seirbhísigh phoiblí (de réir bhrí an Achta sin) lamhálfar, le linn cáin ioncaim a mheasúnú faoi Sceideal E, í a asbhaint mar chostas arna thabhú sa bhliain ina ndéanfar an asbhaint.”.

(2) Leasaítear na Rialacháin Chánach Ioncaim (Fostaíochtaí) (Comhdhlúite) 2001 (I.R. Uimh. 559 de 2001) i Rialachán 41—

(a) trí “ciallaíonn ‘ranníoc inlamhála’ ranníoc nó asbhaint is iníoctha ag fostaí” a chur in ionad “ciallaíonn ‘ranníoc inlamhála’ ranníoc is iníoctha ag fostaí”,

(b) i mír (c) trí “ina n-íoctar é,” a chur in ionad “ina n-íoctar é, nó”, agus i mír (d) trí “ina n-íoctar é, nó” a chur in ionad “ina n-íoctar é.”, agus

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (d):

“(e) de bhua alt 790C den Acht (a cuireadh isteach le halt 15 den Acht um Bearta Airgeadais Éigeandála ar Mhaithe le Leas an Phobail 2009) is inlamhála mar asbhaint as na díolaíochtaí sin chun críocha measúnachta faoi Sceideal E.”.

(3) Ní dhéanfar aon ní i bhfo-alt (2) a léamh ionas go ndéanfar difear do na cumhachtaí a thugtar do na Coimisinéirí Ioncaim faoi alt 986 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997 chun Rialacháin faoin alt sin, lena n-áirítear Rialachán 41 de na Rialacháin Chánach Ioncaim (Fostaíochtaí) (Comhdhlúite) 2001 arna leasú leis an bhfo-alt sin, a dhéanamh, a leasú nó a chúlghairm.

Leasú ar an Acht Rialtais Áitiúil 1998 — íocaíochtaí isteach sa Chiste Rialtais Áitiúil ag an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil.

17 .— Leasaítear an tAcht Rialtais Áitiúil 1998 in alt 4—

(a) trí fho-ailt (1) go (5) a scriosadh, agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach roimh fho-alt (6):

“(5A) Déanfaidh an tAire méid, de réir mar a chinnfidh sé nó sí, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc isteach sa Chiste don bhliain airgeadais 2009 agus do gach bliain airgeadais dá éis sin.”.

Leasú ar an Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005 — forlíonadh luathchúraim leanaí.

18 .— (1) Leasaítear an tAcht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005 i gCuid 4A (a cuireadh isteach le halt 28 den Acht um Athchóiriú an Dlí Leasa Shóisialaigh agus um Pinsin 2006)—

(a) in alt 223A (arna ionadú le halt 21 den Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha) 2008) trí “5 bliana” a chur in ionad “5 bliana agus 6 mhí”, agus

(b) in alt 223B (arna ionadú amhlaidh)—

(i) i bhfo-alt (1) trí “€996” a chur in ionad “€1,104” agus “€83” a chur in ionad “€92”,

(ii) i bhfo-alt (2) trí “5 bliana” a chur in ionad “5 bliana agus 6 mhí”, agus

(iii) i bhfo-alt (3) trí “5 bliana” a chur in ionad “5 bliana agus 6 mhí”,

agus tá ailt 223A agus 223B, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh, nó glacfar leis gur tháinig sé i ngníomh, an 1 Márta 2009.

AN TÁBLA

Teideal chun forlíonaidh luathchúraim leanaí.

223A.—Faoi réir na Coda seo, déanfar íocaíocht mhíosúil (dá ngairtear ‘forlíonadh luathchúraim leanaí’ san Acht seo) a íoc de réir alt 223B le duine is duine cáilithe chun críocha Chuid 4, fad a bheidh sé nó sí cáilithe amhlaidh, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, i leith gach linbh cháilithe (de réir bhrí alt 219) go dtí cibé tráth a shlánaíonn an leanbh cáilithe 5 bliana d’aois.

Méid an fhorlíonaidh luathchúraim leanaí.

223B.—(1) Faoi réir an Achta seo, ní bheidh méid uasta an fhorlíonaidh luathchúraim leanaí is iníoctha faoi alt 223A i leith gach linbh cháilithe níos mó ná €996 in aon bhliain áirithe, agus beidh an méid sin iníoctha ina thráthchodanna míosúla comhionanna €83.

(2) Beidh an forlíonadh luathchúraim leanaí iníoctha i leith na míosa tar éis mhí bhreithe an linbh agus leanfaidh sé de bheith iníoctha go dtí an mhí ina slánaíonn an leanbh 5 d’aois, agus an mhí sin san áireamh.

(3) Déanfar an forlíonadh luathchúraim leanaí a íoc in aghaidh na míosa mar riaráiste agus, maidir leis an íocaíocht deiridh, is íocaíocht í i leith na míosa ina slánaíonn an leanbh 5 bliana d’aois.

(4) Maidir le rialacháin a dhéanfar faoi alt 242(1)(a) agus lena ndéantar foráil maidir leis an tráth agus an modh chun forlíonadh luathchúraim leanaí a íoc, déanfar iad faoi réir toiliú an Aire Airgeadais agus an Aire Sláinte agus Leanaí a fháil ina leith.

Gearrtheideal.

19 .— Féadfar an tAcht um Bearta Airgeadais Éigeandála ar Mhaithe le Leas an Phobail 2009 a ghairm den Acht seo.