An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 3 Eagraíochtaí Carthanúla a Rialáil ) Ar Aghaidh ( CUID 5 An Binse Achomhairc do Charthanais )

6 2009

An tAcht Carthanas 2009

CUID 4

Eagraíochtaí Carthanúla a Chosaint

Gnóthaí eagraíochta carthanúla a imscrúdú.

64 .— Féadfaidh an tÚdarás duine (dá ngairtear “cigire” san Acht seo) nó níos mó ná duine amháin den sórt sin a cheapadh chun gnóthaí eagraíochta carthanúla a imscrúdú agus chun tuarascáil a ullmhú i dtaobh an chéanna ar cibé modh a ordóidh an tÚdarás.

Doiciméid agus fianaise a thabhairt ar aird, tráth imscrúdaithe.

65 .— (1) Maidir le hiontaobhaí carthanais nó gníomhaire de chuid eagraíochta carthanúla—

(a) déanfaidh sé nó sí na leabhair, na doiciméid agus na taifid eile go léir de chuid na heagraíochta carthanúla, nó a bhaineann léi, agus atá ina sheilbh nó ina seilbh, nó faoina rialú nó ar a dheis aige nó ar a deis aici, a thabhairt ar aird do chigire,

(b) freastalóidh sé nó sí os comhair cigire, agus

(c) tabharfaidh sé nó sí do chigire gach cúnamh i dtaca leis an imscrúdú a fhéadfaidh sé nó sí a thabhairt le réasún,

nuair a iarrfaidh cigire air nó uirthi déanamh amhlaidh.

(2) Más dóigh le cigire go bhfuil, nó go bhféadfaidh go bhfuil, faisnéis i dtaobh gnóthaí eagraíochta carthanúla i seilbh duine (seachas iontaobhaí carthanais nó gníomhaire de chuid eagraíochta carthanúla) féadfaidh sé nó sí a cheangal ar an duine sin—

(a) aon leabhair, doiciméid nó taifid eile atá ina sheilbh nó ina seilbh, faoina rialú nó ar a dheis aige nó ar a deis aici, agus a bhaineann leis an eagraíocht charthanúil, a thabhairt ar aird dó nó di,

(b) freastal os a chomhair nó os a comhair, agus

(c) gach cúnamh eile den sórt sin i dtaca leis an imscrúdú a thabhairt dó nó di a fhéadfaidh sé nó sí a thabhairt le réasún.

(3) Más rud é go bhfuil forais réasúnacha ag cigire lena chreidiúint go bhfuil nó go raibh cuntas bainc (cibé tuairisc a bheidh air) á chothabháil ag iontaobhaí carthanais eagraíochta carthanúla a bhfuil a gnóthaí á imscrúdú ag an gcigire, cibé acu ina aonar nó ina haonar, nó i gcomhpháirt le duine eile agus cibé acu sa Stát nó in áit eile, ar íocadh isteach ann nó amach as airgead a bhfuil baint aige le haon ghníomh nó neamhghníomh ag an iontaobhaí carthanais sin, arb éard é mí-iompar (cibé acu is mí-iompar calaoiseach nó nach ea) i leith na heagraíochta carthanúla sin, féadfaidh an cigire a cheangal ar an iontaobhaí carthanais na doiciméid go léir atá i seilbh an iontaobhaí carthanais, faoina rialú nó ar a dheis aige nó ar a deis aici, agus a bhaineann leis an gcuntas bainc sin, a thabhairt ar aird dó nó di.

(4) Féadfaidh cigire iontaobhaí carthanais, comhalta foirne nó gníomhaire de chuid na heagraíochta carthanúla, nó duine lena mbaineann fo-alt (2) a cheistiú faoi mhionn, i ndáil le gnóthaí na heagraíochta carthanúla, agus féadfaidh sé nó sí dá réir sin duine a chur faoi mhionn.

(5) Aon duine a sháraíonn an t-alt seo nó a mhainníonn déanamh de réir ceanglais faoin alt seo, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(6) San alt seo—

folaíonn “gníomhaire” i ndáil le heagraíocht charthanúil baincéir, aturnae nó iniúchóir don eagraíocht charthanúil, agus aon duine ba ghníomhaire, ach nach gníomhaire a thuilleadh, don eagraíocht charthanúil;

folaíonn “cuntas bainc” cuntas le haon duine atá díolmhaithe de bhua alt 7(4) d'Acht an Bhainc Ceannais 1971 ón gceanglas ceadúnas a shealbhú faoi alt 9 den Acht sin;

folaíonn “iontaobhaí carthanais”, i ndáil le heagraíocht charthanúil, duine b’iontaobhaí carthanais, ach nach iontaobhaí carthanais a thuilleadh, don eagraíocht charthanúil.

Tuarascálacha cigire.

66 .— (1) Féadfaidh cigire arna cheapadh nó arna ceapadh faoi alt 64, agus déanfaidh sé nó sí má ordaíonn an tÚdarás dó nó di amhlaidh, tuarascálacha eatramhacha a thabhairt don Údarás agus, ar chríoch a chur leis an imscrúdú, tabharfaidh sé nó sí tuarascáil chríochnaitheach don Údarás.

(2) D’ainneoin aon ní i bhfo-alt (1), féadfaidh cigire arna cheapadh nó arna ceapadh faoi alt 64, aon tráth i gcúrsa a imscrúdaithe nó a himscrúdaithe, gan é a bheith riachtanach air nó uirthi tuarascáil eatramhach a thabhairt, nithe ar tháinig sé nó sí ar an eolas fúthu de bharr an imscrúdaithe agus a thaispeánfadh go bhfuil cion déanta a chur in iúl don Údarás.

(3) Féadfaidh an tÚdarás, más cuí leis é—

(a) cóip de thuarascáil ó chigire a thabhairt don eagraíocht charthanúil is ábhar don tuarascáil,

(b) cóip de thuarascáil ó chigire a thabhairt dóibh seo a leanas ar í a iarraidh agus ar cibé táille a íoc a bheidh forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire—

(i) iontaobhaí carthanais de chuid na heagraíochta carthanúla is ábhar don tuarascáil,

(ii) aon duine a dtagraítear dá iompar nó dá hiompar sa tuarascáil,

(iii) iniúchóirí na heagraíochta carthanúla sin,

(iv) aon duine eile (lena n-áirítear comhalta d’fhoireann na heagraíochta carthanúla) más dealraitheach don Údarás go ndéanann na nithe ar pléadh leo sa tuarascáil difear dá leasanna airgeadais cibé acu mar chreidiúnaí de chuid na heagraíochta carthanúla nó ar shlí eile,

(v) an Banc Ceannais, in aon chás ina mbaineann tuarascáil an chigire, go hiomlán nó go páirteach, le cúrsaí sealbhóra ceadúnais faoi alt 9 d’Acht an Bhainc Ceannais 1971,

(vi) na Coimisinéirí Ioncaim, nó

(vii) an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí,

(c) a chur faoi deara aon tuarascáil den sórt sin a fhoilsiú ar cibé modh is cuí leis.

(4) Féadfaidh an tÚdarás, i gcás gur cuí leis é, a ordú maidir le cibé cuid de thuarascáil lena mbaineann an t-alt seo de réir mar atá sé sonraithe san ordachán―

(a) go ndéanfar í a fhágáil ar lár as cóip arna tabhairt faoi fho-alt (3)(a)(b)(i), (ii), (iii)(iv), agus

(b) nach bhfoilseofar í faoi fho-alt (3)(c).

Caiteachais imscrúdaithe ar ghnóthaí eagraíochta carthanúla.

67 .— (1) Íocfaidh an tÚdarás na caiteachais a bhainfidh agus a ghabhfaidh le himscrúdú ag cigire.

(2) Más rud é, maidir le duine—

(a) go gciontófar é nó í ar díotáil i gcion in imeachtaí a thionscnófar de dhroim imscrúdaithe, nó

(b) go n-ordófar dó nó di damáistí a íoc nó aon mhaoin a thabhairt ar ais in imeachtaí a thionscnófar de dhroim imscrúdaithe,

féadfaidh an chúirt sna himeachtaí sin a ordú don duine cibé suim a shonróidh sí a íoc leis an Údarás is suim nach mó ná aon mhéid a íocfaidh an tÚdarás faoi fho-alt (1) i leith an imscrúdaithe sin.

Cumhacht an Údaráis chun a cheangal doiciméid a thabhairt ar aird.

68 .— (1) Faoi réir fho-alt (2), féadfaidh an tÚdarás, le hordachán i scríbhinn, a cheangal ar eagraíocht charthanúil nó ar iontaobhaithe carthanais eagraíochta carthanúla, cibé tráth agus cibé áit a shonrófar san ordachán, cibé leabhair, doiciméid nó taifid eile a shonrófar amhlaidh a thabhairt ar aird.

(2) Ní thabharfar ordachán faoi fho-alt (1) mura rud é go bhfuil an tuairim ag an Údarás—

(a) gur gá leabhair, doiciméid nó taifid eile na heagraíochta carthanúla a scrúdú d’fhonn a chinneadh ar chóir cigire a cheapadh chun imscrúdú a sheoladh faoi ghnóthaí na heagraíochta carthanúla faoin gCuid seo,

(b) go bhfuil, nó go raibh, gnóthaí an chomhlachta á seoladh le hintinn calaois a dhéanamh ar aon duine,

(c) go bhfuil aon ghníomh nó neamhghníomh arna dhéanamh ag an eagraíocht charthanúil nó thar a ceann, nó a bheartaítear a dhéanamh amhlaidh, neamhdhleathach, nó go mbeadh sé neamhdhleathach dá ndéanfaí é, nó

(d) gur foirmíodh an comhlacht chun aon chríche calaoisí nó chun aon chríche neamhdhleathaí eile.

(3) Maidir le cumhacht an Údaráis faoi fho-alt (1) chun a cheangal ar eagraíocht charthanúil nó ar iontaobhaí carthanais aon leabhair, doiciméid nó taifid eile a thabhairt ar aird, áireofar inti an chumhacht chun a cheangal ar aon duine eile na leabhair, na doiciméid nó na taifid sin a thabhairt ar aird más dealraitheach don Údarás go bhfuil siad ina sheilbh nó ina seilbh.

(4) Aon chumhacht a thugtar leis an alt seo nó de bhua an ailt seo chun a cheangal ar eagraíocht charthanúil, ar iontaobhaithe carthanais eagraíochta carthanúla nó ar dhuine eile leabhair, doiciméid nó taifid a thabhairt ar aird áireofar inti—

(a) i gcás go ndéantar na leabhair, na doiciméid nó na taifid a thabhairt ar aird—

(i) an chumhacht chun cóipeanna díobh nó sleachta astu a thógáil, agus

(ii) an chumhacht chun a cheangal ar iontaobhaithe carthanais de chuid na heagraíochta carthanúla nó ar aon iar-iontaobhaí carthanais dá cuid nó ar aon chomhalta nó iarchomhalta d’fhoireann na heagraíochta carthanúla nó ar aon duine eile atá i láthair nuair a thugtar ar aird iad míniú a thabhairt ar a bhfuil in aon cheann acu nó ar bhrí aon cheann acu,

(b) más rud nach dtugtar na leabhair nó na doiciméid ar aird, an chumhacht chun a cheangal ar an duine ar ceanglaíodh air nó uirthi iad a thabhairt ar aird a rá, de réir mar is fearr is eol dó nó di agus mar a chreideann sé nó sí, cén áit a bhfuil siad.

(5) Má sháraíonn eagraíocht charthanúil is comhlacht corpraithe an t-alt seo nó má mhainníonn sí ceanglas faoin alt seo a chomhlíonadh beidh sí ciontach i gcion.

(6) Má sháraíonn iontaobhaí carthanais nó duine eile an t-alt seo nó má mhainníonn sé nó sí ceanglas faoin alt seo a chomhlíonadh beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(7) Más rud é, i ndáil le heagraíocht charthanúil, go bhfuil sárú á dhéanamh ar an alt seo nó mainneachtain á déanamh ceanglas faoin alt seo a chomhlíonadh, beidh gach duine d’iontaobhaithe carthanais na heagraíochta carthanúla ciontach i gcion.

(8) In imeachtaí a thionscnófar i gcoinne duine mar gheall ar chion faoin alt seo arb éard atá ann mainneachtain aige nó aici leabhar, doiciméad nó taifead eile a thabhairt ar aird is cosaint é don duine a chruthú nach raibh an leabhar, an doiciméad nó an taifead eile ina sheilbh nó ina seilbh, faoina rialú nó ar fáil aige nó aici nuair a iarradh air nó uirthi é a thabhairt ar aird agus nárbh fhéidir leis nó léi le réasún an ceanglas a chomhlíonadh.

(9) Forléireofar tagairtí san alt seo don Údarás mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d’oifigeach don Údarás nó do chomhalta d’fhoireann an Údaráis arna údarú nó arna húdarú go cuí ag an Údarás chun feidhmeanna faoin alt seo a chomhlíonadh.

Dul isteach in áitreabh agus é a chuardach.

69 .— (1) Ar iarratas ó chigire nó ó oifigeach don Údarás nó ó chomhalta d’fhoireann an Údaráis, más deimhin le breitheamh den Chúirt Dúiche go bhfuil forais réasúnacha ann lena chreidiúint go ndearnadh mainneachtain ceanglas faoi alt 68 a chomhlíonadh maidir le haon leabhair, doiciméid nó taifid eile agus go bhfuil na leabhair, na doiciméid nó na taifid sin in aon áitreabh (lena n-áirítear teaghais), féadfaidh sé nó sí barántas a eisiúint á údarú do chigire ainmnithe nó d’oifigeach ainmnithe don Údarás nó do chomhalta ainmnithe d’fhoireann an Údaráis, agus cibé oifigigh don Údarás nó comhaltaí d’fhoireann an Údaráis nó comhaltaí den Gharda Síochána is gá in éineacht leis nó léi, aon tráth nó tráthanna (nach déanaí ná deireadh tréimhse míosa ó dháta eisiúna an bharántais)—

(a) dul isteach san áitreabh (trí fhorneart réasúnach a úsáid más gá),

(b) an t-áitreabh a chuardach agus na leabhair, na doiciméid nó na taifid go léir ar dealraitheach gurb iad na leabhair, na doiciméid nó na taifid is ábhar do cheanglas faoi alt 68 a iniúchadh agus seilbh a ghlacadh orthu, agus

(c) gach beart is gá a dhéanamh chun a chinntiú go gcaomhnófar na leabhair, na doiciméid nó na taifid eile sin agus nach gcuirfear isteach orthu.

(2) Faoi réir fho-alt (3), féadfar aon leabhair, doiciméid nó taifid eile a mbeidh seilbh glactha orthu de réir barántais faoin alt seo a choimeád ar feadh tréimhse 3 mhí.

(3) Más rud é, laistigh den tréimhse a shonraítear i bhfo-alt (2), go dtionscnaítear imeachtaí i leith ciona in aghaidh aon duine agus go mbeidh gá le leabhair, doiciméid nó taifid eile a mbeidh seilbh glactha orthu de réir barántais faoin alt seo chun críocha na n-imeachtaí sin, féadfar na leabhair, na doiciméid nó na taifid sin a choimeád go dtí go ndéanfar breithiúnas críochnaitheach a thaifeadadh sna himeachtaí sin.

(4) Aon duine a chuireann bac nó treampán ar chigire nó ar oifigeach nó ar chomhalta d’fhoireann an Údaráis nó ar chomhalta den Gharda Síochána agus é nó í ag feidhmiú cumhachta a thugtar dó nó di le barántas faoin alt seo nó a chuireann cosc ar an gcigire, ar an oifigeach, ar an gcomhalta foirne nó ar an gcomhalta, de réir mar a bheidh, d’fheidhmiú na cumhachta sin, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

Foráil d’fhonn faisnéis a shlánchoimeád.

70 .— (1) Faoi réir ailt 66 agus 71, ní dhéanfar aon leabhar, doiciméad ná taifead eile a gheofar faoi alt 68 69 a nochtadh, gan toiliú roimh ré ón eagraíocht charthanúil lena mbaineann sé, ach amháin d’údarás inniúil, mura gá an nochtadh—

(a) chun cion a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh,

(b) i gcás eagraíochta carthanúla ar cuideachta í, chun críocha imeachtaí arna dtionscnamh ag an Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach faoi Achtanna na gCuideachtaí chun an chuideachta a fhoirceannadh,

(c) chun críocha iarratais faoi alt 69(1).

(2) Aon duine a fhoilsíonn nó a nochtann aon fhaisnéis, leabhar nó doiciméad de shárú ar an alt seo beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(3) San alt seo, ciallaíonn “ údarás inniúil ”—

(a) an tÚdarás,

(b) an tAire,

(c) duine arna údarú nó arna húdarú go cuí ag an Aire chun críocha an ailt seo,

(d) cigire,

(e) an tAire Airgeadais,

(f) na Coimisinéirí Ioncaim,

(g) an Banc Ceannais, nó

(h) cúirt dlínse inniúla.

Tuarascálacha cigire a bheith ina bhfianaise.

71 .— Maidir le doiciméad a airbheartóidh a bheith ina chóip de thuarascáil ó chigire arna cheapadh nó arna ceapadh faoi alt 64, beidh sé, mura suitear a mhalairt, ina fhianaise in aon imeachtaí (seachas imeachtaí i leith ciona)—

(a) ar na nithe atá sonraithe inti gan a thuilleadh cruthúnais, agus

(b) ar thuairim an chigire i ndáil le haon ní sa tuarascáil.

Cosaint d'fhaisnéis faoi phribhléid.

72 .— (1) Ní oibreoidh aon ní sa Chuid seo chun a cheangal ar dhuine leabhair, doiciméid nó taifid eile a thabhairt ar aird, nó aon fhaisnéis a sholáthar, do chigire, a mbeadh sé nó sí i dteideal diúltú iad a thabhairt ar aird nó í a sholáthar ar fhorais a bhaineann le pribhléid ghairmiúil dhlíthiúil ná ní údaróidh aon ní sa Chuid seo seilbh a ghlacadh ar aon leabhair, doiciméid nó taifid den sórt sin.

(2) Ní bheidh ráiteas ná admháil ó dhuine de bhun ceanglais faoin gCuid seo inghlactha i bhfianaise in imeachtaí a thionscnófar in aghaidh an duine sin i leith ciona (seachas cion faoin gCuid seo).

Smachtbhannaí idirmheánacha.

73 .— (1) Más rud é, i ndáil le heagraíocht charthanúil chláraithe, go sáraítear alt 47, 48, 50 52 nó ordachán faoi alt 51(2) agus go measann an tÚdarás go mbeadh sé réasúnach agus i gcomhréir sna himthosca gan imeachtaí a thionscnamh i leith ciona arb éard é an sárú ach ina ionad sin smachtbhanna idirmheánach a fhorchur, féadfaidh sé, má gheallann na hiontaobhaithe carthanais―

(a) an sárú a chur ina cheart laistigh de cibé tréimhse a shonróidh an tÚdarás,

(b) glacadh le forchur smachtbhannaí idirmheánacha ón Údarás, agus

(c) tabhairt faoi cibé réim ghnímh (más ann) ar a gcomhaontóidh siad féin agus an tÚdarás d’fhonn a chinntiú nach dtarlóidh an sárú arís,

smachtbhanna idirmheánach amháin nó níos mó a fhorchur ar na hiontaobhaithe carthanais nó ar an eagraíocht charthanúil, de réir mar is cuí leis.

(2) I gcás go mbeartóidh an tÚdarás feidhmeanna a chomhlíonadh faoi fho-alt (1), seirbheálfaidh sé fógra ar an eagraíocht charthanúil chláraithe nó ar na hiontaobhaithe carthanais lena mbaineann i dtaobh a bhfuil beartaithe.

(3) Faoi réir fho-alt (4), ní thionscnófar imeachtaí i leith ciona arb éard é an sárú lena mbaineann má thugann iontaobhaithe carthanais na heagraíochta carthanúla lena mbaineann gealltanas de réir fho-alt (1).

(4) I gcás go ndiúltaíonn iontaobhaithe carthanais eagraíochta carthanúla cláraithe gealltanas a thabhairt de réir fho-alt (1), nó tar éis dóibh gealltanas den sórt sin a thabhairt, go mainníonn siad―

(a) an sárú lena mbaineann a chur ina cheart laistigh den tréimhse a shonróidh an tÚdarás, nó

(b) na bearta a shonrófar a chur i ngníomh i réim ghnímh chomhaontaithe,

déanfar imeachtaí i leith an chiona arb éard é an sárú lena mbaineann a thionscnamh.

(5) San alt seo ciallaíonn “smachtbhanna idirmheánach”—

(a) an eagraíocht charthanúil a bhaint den chlár go ceann cibé tréimhse a chinnfidh an tÚdarás, nó

(b) foilsiú sonraí an tsáraithe lena mbaineann ar shuíomh gréasáin idirlín an Údaráis.

Eagraíochtaí carthanúla a chosaint.

74 .— (1) I gcás gur deimhin leis an Ard-Chúirt, ar iarratas ón Údarás—

(a) go bhfuil cion faoin Acht seo déanta nó á dhéanamh i ndáil le heagraíocht charthanúil,

(b) maidir le haon fhoráil den Acht seo, nach ndearnadh í a chomhlíonadh nó nach bhfuiltear á comhlíonadh i ndáil le heagraíocht charthanúil,

(c) go bhfuil cion faoi Acht 2001 déanta nó á dhéanamh i ndáil le maoin eagraíochta carthanúla,

(d) go bhfuil aon mhaoin de chuid na heagraíochta carthanúla á cur chun mífheidhme nó go bhfuiltear ag plé léi nó á bainistiú ar mhodh lena gcuirtear an mhaoin i mbaol, nó

(e) go raibh aon mhí-iompar nó míbhainistíocht eile ann ar thaobh aon iontaobhaí carthanais nó aon chomhalta foirne i ndáil le gnóthaí na heagraíochta carthanúla,

féadfaidh an Ard-Chúirt cibé ordú is cuí léi a dhéanamh sna himthosca.

(2) Féadfaidh an Ard-Chúirt—

(a) ordú eatramhach,

(b) ordú idirbhreitheach, nó

(c) ordú buan,

a dhéanamh faoin alt seo.

(3) Féadfar iarratas ar ordú eatramhach a dhéanamh ex parte faoin alt seo.

(4) San alt seo—

folaíonn “ordú”—

(a) ordú lena ndéantar aon iontaobhaí carthanais nó comhalta d’fhoireann eagraíochta carthanúla a chur ar fionraí nó a chur as fostaíocht,

(b) ordú lena dtoirmisctear aon mhaoin de chuid na heagraíochta carthanúla a aistriú, a dhíol nó a chur chun feidhme,

(c) ordú lena ndéantar aon mhaoin de chuid eagraíochta carthanúla a dhílsiú don Údarás nó do cibé duine eile is cuí leis an gcúirt,

(d) ordú lena gceaptar cibé duine nó daoine is cuí leis chun gníomhú mar iontaobhaí carthanais nó iontaobhaithe carthanais de chuid na heagraíochta carthanúla i dteannta, nó in ionad, aon iontaobhaithe carthanais láithreacha,

(e) ordú lena n-ordaítear d’aon duine is féichiúnaí de chuid na heagraíochta carthanúla gan a fhiach nó a fiach a íoc leis an eagraíocht le linn cibé tréimhse atá sonraithe san ordú, nó é a íoc le cibé duine a shonrófar amhlaidh mar shásamh ar an bhfiach leis an eagraíocht charthanúil, agus

(f) ordú lena gcuirtear srian nó toirmeasc ar an eagraíocht charthanúil cibé comhaontuithe, nó comhaontuithe de cibé aicme, a shonrófar san ordú a dhéanamh.