An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 6 Coimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla d’Éirinn a dhíscaoileadh ) Ar Aghaidh ( SCEIDEAL 1 An tÚdarás Rialála Carthanas )

6 2009

An tAcht Carthanas 2009

CUID 7

Ilghnéitheach

Cead comhaontuithe áirithe a dhéanamh le hiontaobhaithe carthanais nó le daoine bainteacha.

89 .— (1) Féadfaidh eagraíocht charthanúil comhaontú (dá ngairtear “comhaontú” san alt seo) a dhéanamh le duine iomchuí chun an duine iomchuí do sholáthar seirbhíse don eagraíocht charthanúil, nó thar ceann na heagraíochta carthanúla, i gcomaoin cibé suim nó suimeanna a shonrófar sa chomhaontú nó a chinnfear de réir an chomhaontaithe a íoc leis an duine iomchuí as maoin na heagraíochta carthanúla.

(2) Is i scríbhinn a bheidh comhaontú.

(3) Ní mó aon suim nó suimeanna is iníoctha le duine iomchuí faoi chomhaontú ná méid is réasúnach agus comhréireach ag féachaint don tseirbhís arna soláthar ag an duine iomchuí de bhun an chomhaontaithe.

(4) Faoi réir fho-alt (5), ní dhéanfaidh eagraíocht charthanúil comhaontú mura deimhin le hiontaobhaithe carthanais na heagraíochta carthanúla, seachas aon iontaobhaí carthanais—

(a) a sholáthróidh seirbhís faoin gcomhaontú,

(b) a sholáthraíonn seirbhís faoi chomhaontú seachas an comhaontú dá dtagraítear i mír (a),

(c) atá ag fáil luach saothair as maoin na heagraíochta carthanúla seachas de réir comhaontaithe, nó

(d) a bhfuil baint phearsanta aige nó aici le duine—

(i) a sholáthróidh seirbhís faoin gcomhaontú,

(ii) a sholáthraíonn seirbhís faoi chomhaontú seachas comhaontú dá dtagraítear i mír (a) nó i bhfomhír (i), nó

(iii) atá ag fáil luach saothair as maoin na heagraíochta carthanúla seachas de réir comhaontaithe,

gur le barr leasa na heagraíochta carthanúla an comhaontú.

(5) Más rud é, i ndáil le heagraíocht charthanúil, nach bhfuil ach aon iontaobhaí carthanais amháin ann, ní dhéanfaidh an eagraíocht charthanúil comhaontú mura rud é—

(a) gur deimhin leis an iontaobhaí carthanais gur le barr leasa na heagraíochta carthanúla an comhaontú, agus

(b) go dtabharfaidh an tÚdarás a cheadú i leith an eagraíocht charthanúil do dhéanamh an chomhaontaithe.

(6) Ní dhéanfaidh eagraíocht charthanúil comhaontú de shárú ar fhorálacha bhunreacht na heagraíochta carthanúla.

(7) Féadfaidh an tÚdarás ordacháin a thabhairt nó treoirlínte a eisiúint i ndáil le comhaontuithe lena mbaineann an t-alt seo a dhéanamh.

(8) Aon duine lena mbaineann ordachán faoin alt seo, déanfaidh sé nó sí de réir an ordacháin sin.

(9) Déanfaidh eagraíocht charthanúil, sula ndéanfaidh sí comhaontú, aird a thabhairt ar aon treoirlínte a eiseoidh an tÚdarás faoin alt seo.

(10) Ní bheidh feidhm ag an alt seo—

(a) i ndáil le haon luach saothair a íocfar le haon duine ina cháil nó ina cáil mar iontaobhaí carthanais nó faoi chonradh fostaíochta, ná

(b) i ndáil le haon luach saothair a mbeidh teideal ag duine chuige de réir dlí nó de réir forála de bhunreacht eagraíochta carthanúla.

(11) Más rud é, i ndáil le comhaontú, go bhfuil sárú déanta ar an alt seo, beidh an comhaontú ar neamhní.

(12) Ní oibreoidh fo-alt (11) chun eagraíocht charthanúil a chosc ar dhamáistí a ghnóthú i leith aon chaillteanais arna thabhú aici de bhua comhaontaithe lena mbaineann an fo-alt sin.

(13) San alt seo—

ciallaíonn “duine iomchuí” i ndáil le heagraíocht charthanúil—

(a) iontaobhaí carthanais de chuid na heagraíochta carthanúla, nó

(b) duine a bhfuil baint phearsanta ag iontaobhaí carthanais de chuid na heagraíochta carthanúla leis nó léi;

folaíonn “luach saothair” aon sochar comhchineáil;

folaíonn “seirbhísí” earraí;

folaíonn “suim” sochar comhchineáil.

Cumhacht na cúirte faoiseamh ó dhliteanas i leith sáraithe iontaoibhe a dheonú.

90 .— Más rud é, in aon imeachtaí a thionscnófar i gcoinne iontaobhaí carthanais mar gheall ar shárú iontaoibhe, gur dealraitheach don chúirt atá ag éisteacht an cháis go bhfuil nó go mb’fhéidir go mbeadh an t-iontaobhaí iontaobhais faoi dhliteanas i leith an tsáraithe iontaoibhe ach gur ghníomhaigh sé nó sí go macánta réasúnach agus gur chóir le ceart, ag féachaint d’imthosca uile an cháis, an sárú iontaoibhe a mhaitheamh dó nó di, féadfaidh an chúirt é nó í a shaoradh go huile nó go páirteach óna dhliteanas nó óna dliteanas ar cibé téarmaí is cuí leis an gcúirt.

Árachas slánaíochta i leith iontaobhaí carthanais.

91 .— Féadfaidh eagraíocht charthanúil comhaontú a dhéanamh le hiontaobhaí carthanais de chuid na heagraíochta carthanúla chun an eagraíocht charthanúil d’íoc leis an árachóir faoi chonradh árachais cibé suimeanna a gheallfaidh an t-iontaobhaí carthanais, de réir an chonartha sin, a íoc leis an árachóir i gcomaoin an t-árachóir d’aontú go slánóidh sé an t-iontaobhaí carthanais i leith aon dliteanais ar an iontaobhaí carthanais aon damáistí nó aon suim eile a íoc le duine i leith aon ghnímh a rinne an t-iontaobhaí carthanais nó d’fhág an t-iontaobhaí carthanais gan déanamh de mheon macánta agus i gcomhlíonadh a fheidhmeanna dó nó a feidhmeanna di mar iontaobhaí carthanais.

Eagraíocht charthanúil a dhíscaoileadh.

92 .— I gcás go ndíscaoiltear eagraíocht charthanúil, ní dhéanfar maoin na heagraíochta carthanúla, ná na fáltais óna díol, a íoc le haon duine de chomhaltaí na heagraíochta carthanúla gan toiliú an Údaráis, d’ainneoin aon fhorála dá mhalairt i mbunreacht na heagraíochta carthanúla.

Foráil maidir le bailiúcháin nach bailiúcháin airgid agus maidir le nithe gaolmhara faoi Acht 1962.

93 .— Leasaítear Acht 1962—

(a) in alt 1—

(i) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “bailiúchán”:

“ciallaíonn ‘bailiúchán’ airgead a bhailiú, nó iarracht ar airgead a bhailiú, ón bpobal in aon áit phoiblí nó áiteanna poiblí nó trí chuairteanna ó theach go teach nó san áit nó sna háiteanna sin agus trí na cuairteanna sin, i dteannta a chéile, chun tairbhe (iarbhír, líomhnaithe nó intuigthe) do chuspóir áirithe, cibé acu cuspóir carthanúil é nó nach ea, agus cibé acu—

(a) a thugtar nó nach dtugtar aon chomaoin, nó

(b) a dhéantar nó nach ndéantar aon suaitheantas, feathal nó comhartha eile a thabhairt nó a thairiscint mar mhalairt,

ar airgead a bhailítear amhlaidh, ach ní fholaíonn sé gníomhaíocht dhíolmhaithe, déirc a iarraidh ná déirc a ghlacadh;”

(ii) trí na mínithe seo a leanas a chur isteach:

“ciallaíonn ‘eagraíocht charthanúil’ eagraíocht charthanúil—

(a) atá cláraithe sa chlár arna bhunú agus arna chothabháil faoi alt 39 den Acht Carthanas 2009, nó

(b) a mheastar a bheith cláraithe sa chlár de réir alt 40 den Acht sin;

ciallaíonn ‘ gníomhaíocht dhíolmhaithe ’—

(a) trádáil sráide de réir bhrí an Achta Trádála Sráide 1926, nó

(b) airgead a bhailiú le haghaidh crannchuir (lena n-áirítear scuabgheall), a ndearbhaítear leis an Acht um Chearrbhachas agus Crannchuir 1956 nach crannchur neamhdhleathach é;

folaíonn ‘ airgead ’—

(a) airgead a íoctar trí aistriú leictreonach, agus

(b) seic, dréacht baincéara, bille malairte, nóta gealltanais nó ionstraim shoshannta eile;

ciallaíonn ‘ bailiúchán nach bailiúchán airgid ’ daoine den phobal a shireadh, in aon áit phoiblí nó áiteanna poiblí nó trí chuairteanna ó theach go teach nó san áit nó sna háiteanna sin agus trí na cuairteanna sin, i dteannta a chéile, d’fhonn gealltáin a fháil ó na daoine sin chun íocaíochtaí a dhéanamh, le cárta creidmheasa, sainordú féichiúnaithe dhírigh, buanordú nó feiste eile dá shamhail nó dá samhail, chun tairbhe (iarbhír, líomhnaithe nó intuigthe) do chuspóir áirithe, cibé acu cuspóir carthanúil é nó nach ea, agus cibé acu—

(a) a thugtar nó nach dtugtar aon chomaoin, nó

(b) a dhéantar nó nach ndéantar aon suaitheantas, feathal nó comhartha eile a thabhairt nó a thairiscint mar mhalairt,

ar aon ghealltán den sórt sin, ach ní fholaíonn sé bailiú, gníomhaíocht dhíolmhaithe, déirc a iarraidh ná déirc a ghlacadh.”,

(b) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 1:

“Forléiriú tagairtí.

1A.— Déanfar tagairtí san Acht seo (seachas in ailt 5, 6 agus 6A (arna chur isteach le halt 93(d) den Acht Carthanas 2009)—

(a) do bhailiúchán a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do bhailiúchán nach bailiúchán airgid,

(b) do chead bailiúcháin a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do chead bailiúcháin nach cead bailiúcháin airgid, agus

(c) do bhailitheoir a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do dhuine a shireann gealltáin chun críocha bailiúcháin nach bailiúchán airgid.”,

(c) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 5:

“Iarratas ar cheadanna bailiúcháin nach ceadanna bailiúcháin airgid.

5A.— (1) Ar iarratas ó dhuine a bheartaíonn gníomhaíocht bailiúcháin nach bailiúcháin airgid a sheoladh i líomatáiste áirithe le linn aon tréimhse 12 mhí, féadfaidh Ard-Cheannfort an líomatáiste sin cead bailiúcháin nach cead bailiúcháin airgid a dheonú don duine sin á údarú dó bailiúcháin nach bailiúcháin airgid a sheoladh sa líomatáiste sin le linn na tréimhse 12 mhí a shonróidh an tArd-Cheannfort sin sa chead.

(2) Is i scríbhinn agus san fhoirm fhorordaithe a bheidh iarratas faoin alt seo agus beidh cibé sonraí ann a cheanglófar faoin bhfoirm fhorordaithe.

(3) Faoi réir fho-alt (4) den alt seo, déanfar iarratas faoin alt seo―

(a) tráth nach luaithe ná 12 mhí agus

(b) tráth nach déanaí ná 14 lá,

roimh thosach na tréimhse lena mbaineann an t-iarratas.

(4) I gcás go ndéanfar iarratas faoin alt seo tráth is déanaí ná 14 lá roimh thosach na tréimhse lena dtagraítear i bhfo-alt (3), féadfar cead bailiúcháin nach cead bailiúcháin airgid a dheonú faoi alt 6A (arna chur isteach le halt 93(d) den Acht Carthanas 2009) maidir leis an tréimhse sin más rud é go bhfuil Coimisinéir an Gharda Síochána den tuairim gur chóir sin in imthosca an cháis.”,

(d) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 6:

“Ceadanna bailiúcháin nach ceadanna bailiúcháin airgid a dheonú.

6A.— (1) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, déanfaidh Ard-Cheannfort cead bailiúcháin nach cead bailiúcháin airgid a dheonú do gach duine a bheidh tar éis a iarraidh air go cuí faoin Acht seo cead den sórt sin a dheonú dó.

(2) Is san fhoirm fhorordaithe a bheidh cead bailiúcháin nach bailiúchán airgid agus beidh sé sainráite ann go n-údaraítear leis, agus oibreoidh sé chun a údarú, don duine (a ainmneofar ann) dá ndeonófar é an ghníomhaíocht a bhaineann le bailiúcháin nach bailiúcháin airgid a sheoladh chun tairbhe do chuspóir sonraithe i líomatáiste sonraithe nó in áiteanna poiblí de shórt sonraithe i roinn an Ard-Cheannfoirt a bheidh ag deonú an cheada i gcaitheamh na tréimhse a bheidh sonraithe sa chead, ach sin faoi réir fhorálacha an Achta seo agus na gcoinníollacha (más ann) a bheidh ag gabháil leis an gcead agus a bheidh leagtha amach ann.

(3) Beidh sé de choinníoll i gcead bailiúcháin nach bailiúchán airgid, i gcás go mbeartóidh an duine dá ndeonófar an cead bailiúchán nach bailiúchán airgid a sheoladh de bhun an cheada, go dtabharfaidh sé fógra i scríbhinn don Ard-Cheannfort don líomatáiste lena mbaineann an cead i dtaobh a bhfuil beartaithe aige (lena n-áirítear áit nó áiteanna agus dáta an bhailiúcháin bheartaithe nach bailiúchán airgid) tráth nach luaithe ná 6 mhí agus tráth nach déanaí ná 14 lá roimh an dáta ar a mbeartóidh sé an bailiúchán nach bailiúchán airgid lena mbaineann a sheoladh.

(4) Más rud é, sula bhfaightear fógraíocht faoi fho-alt (3), go bhfuil cead bailiúchán deonaithe do dhuine á údarú dó bailiúchán a sheoladh sa líomatáiste céanna nó san áit chéanna agus ar an dáta céanna leis an líomatáiste nó an áit agus an dáta lena mbaineann an fhógraíocht sin, féadfaidh an tArd-Cheannfort lena mbaineann, má mheasann sé gur gá nó gurb inmhianaithe é d’fhonn a chinntiú go gcoimeádfar an t-ord poiblí nó go gcosnófar an pobal ar chiapadh, a ordú nach ndéanfar an bailiúchán nach bailiúchán airgid beartaithe sa líomatáiste sin nó san áit sin ar an dáta sin.

(5) Déanfaidh an tArd-Cheannfort a dheonóidh cead bailiúcháin nach bailiúchán airgid é a shíniú.

(6) Aon Ard-Cheannfort a gheobhaidh fógraíocht faoi fho-alt (3) tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh an lá nó roimh an gcéad lá de na laethanta ar a mbeartófar an bailiúchán nach bailiúchán airgid lena mbaineann an fhógraíocht a sheoladh, déanfaidh sé nó sí, tráth nach déanaí ná 7 lá tar éis dó nó di an fhógraíocht a fháil, fógra a thabhairt i dtaobh í a fháil do sheoltóir aon bhailiúcháin nó do sheoltóir aon bhailiúcháin nach bailiúchán airgid—

(a) a seoladh sa bhliain díreach roimpi sin ar an lá a fhreagraíonn do lá lena mbaineann an fhógraíocht,

(b) a seoladh i leith cuspóra seachas an cuspóir lena mbaineann an fhógraíocht,

(c) is duine nár tugadh fógra dó nó di faoin bhfo-alt seo i dtaobh aon fhógraíocht eile a fháil i dtaca le lá lena mbaineann an fhógraíocht chéadluaite,

(d) nach bhfuair an tArd-Cheannfort iarratas ar chead bailiúcháin ina leith a bhaineann le bailiúchán a bheidh le seoladh ar lá lena mbaineann an fhógraíocht chéadluaite, agus

(e) nach bhfuair an tArd-Cheannfort fógraíocht ina leith a bhaineann le bailiúchán nach bailiúchán airgid a bheidh le seoladh ar lá lena mbaineann an fhógraíocht chéadluaite.

(7) Déanfaidh Ard-Cheannfort ar chuige a dhéanfar iarratas ar chead bailiúcháin nach bailiúchán airgid, tráth nach déanaí ná 14 lá tar éis an t-iarratas a fháil, an t-iarratas a dheonú agus an cead bailiúcháin nach bailiúchán airgid a chur chun an iarratasóra nó an t-iarratas a dhiúltú agus an diúltú agus na cúiseanna a bhí leis an diúltú a chur in iúl i scríbhinn don iarratasóir.”,

agus

(e) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (f), in alt 9:

“(f) go mbeadh brabús pearsanta, seachas coimisiún réasúnach, nó luach saothair réasúnach nó caiteachais réasúnacha i leith a seirbhísí, le fáil ag na bailitheoirí, as fáltais an bhailiúcháin.”.

Dualgais bailitheoirí.

94 .— (1) Leasaítear alt 18 d’Acht 1962—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le gach bailiúchán (seachas bailiúcháin nach bailiúcháin airgid):

(a) beidh an uimhir a sannadh i leith an bhailiúcháin agus a sonraíodh sa chead bailiúcháin lena mbaineann ar bhosca bailiúcháin ina gcuirtear airgead agus, mura n-ordóidh an tÚdarás a mhalairt maidir leis an mbailiúchán lena mbaineann, séalófar é ar shlí lena gcoiscfear rochtain ar airgead arna chur sa bhosca fad a fhanfaidh an séala ina áit;

(b) cuirfear an t-airgead go léir a bhaileofar sa bhosca bailiúcháin i bhfianaise an tsíntiúsóra;

(c) seachadfaidh gach bailitheoir an bosca bailiúcháin gan oscailt agus lena shéala slán—

(i) ar shealbhóir an cheada bailiúcháin a deonaíodh i leith an bhailiúcháin lena mbaineann, nó

(ii) ar dhuine a bheidh údaraithe chun na críche sin ag sealbhóir an cheada bailiúcháin;

(d) beidh ar bhosca bailiúcháin

(i) i gcás bailiúcháin airgid thar ceann eagraíochta carthanúla, ainm agus uimhir chláraithe na heagraíochta carthanúla ar thar a ceann atá an bailiúchán á dhéanamh, agus

(ii) i gcás bailiúcháin airgid thar ceann comhlachta seachas eagraíocht charthanúil, ainm an chomhlachta ar thar a ceann atá an bailiúchán á dhéanamh,

ar mhodh atá feiceálach agus inléite go soiléir.”,

agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach:

“(1A) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le gach bailiúchán nach bailiúchán airgid:

(a) caithfidh an bailitheoir ball éadaigh a bheidh le feiceáil gach tráth ag daoine den phobal agus—

(i) i gcás bailiúcháin nach bailiúchán airgid thar ceann eagraíochta carthanúla, ar a mbeidh ainm agus uimhir chlárúcháin na heagraíochta carthanúla, ar mhodh atá feiceálach agus inléite go soiléir, agus

(ii) i gcás bailiúcháin nach bailiúchán airgid thar ceann comhlachta seachas eagraíocht charthanúil, ar a mbeidh—

(I) ainm an chomhlachta, agus

(II) an cuspóir ar chun tairbhe dó atá an bailiúchán nach bailiúchán airgid á dhéanamh,

ar mhodh atá feiceálach agus inléite go soiléir;

(b) is é sealbhóir an cheada bailiúcháin nach bailiúchán airgid nó duine a bheidh údaraithe aige i scríbhinn chun na críche sin a ghlacfaidh aon fhoirm, a chomhlánóidh duine den phobal chun síntiús a dhéanamh le bailiúchán nach bailiúchán airgid, ón duine den phobal ach ní ghlacfaidh aon duine eile í; agus

(c) maidir leis na foirmeacha go léir a úsáidfear chun críocha an bhailiúcháin nach bailiúchán airgid agus a mbeartófar gur daoine den phobal a chomhlánóidh iad—

(i) i gcás bailiúcháin nach bailiúchán airgid thar ceann eagraíochta carthanúla, beidh orthu—

(I) ainm na heagraíochta carthanúla agus a huimhir chlárúcháin,

(II) an uimhir a sannadh i leith an bhailiúcháin nach bailiúchán airgid agus a sonraíodh sa chead bailiúcháin nach bailiúchán airgid lena mbaineann, agus

(III) ainm an bhainc agus ainm agus uimhir an chuntais bainc a mbeidh síntiúis le híoc leis,

ar mhodh atá feiceálach agus inléite go soiléir, agus

(ii) i gcás bailiúcháin nach bailiúchán airgid thar ceann comhlachta seachas eagraíocht charthanúil, beidh orthu—

(I) ainm an chomhlachta,

(II) an uimhir a sannadh i leith an bhailiúcháin nach bailiúchán airgid agus a sonraíodh sa chead bailiúcháin nach bailiúchán airgid lena mbaineann, agus

(III) ainm an bhainc agus ainm agus uimhir an chuntais bainc a mbeidh síntiúis le híoc leis,

ar mhodh atá feiceálach agus inléite go soiléir.”.

(2) Leasaítear alt 20 d’Acht 1962, i bhfo-alt (1), tríd an mír seo a leanas a chur isteach:

“(aa) go bhfuil forais réasúnacha ag an gcomhalta chun a chreidiúint, i ndáil leis an mbailiúchán, go bhfuil sárú á dhéanamh nó déanta ar fho-alt (1) (arna chur isteach le halt 94(1)(a) den Acht Carthanas 2009) d’alt 18,”.

Doiciméadacht bailiúcháin nach bailiúchán airgid a urghabháil, etc.

95 .— Leasaítear Acht 1962 tríd an alt seo a leanas a chur isteach:

“20A.— (1) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána (le forneart, más gá sin) na doiciméid agus na hairceadail eile go léir (lena n-áirítear gach suaitheantas, feathal nó comhartha eile) atá i seilbh duine a bheidh ag déanamh bailiúcháin nach bailiúchán airgid, chun críocha an bhailiúcháin nach bailiúchán airgid nó i dtaca leis an gcéanna, a bhaint de más rud é—

(a) nár deonaíodh cead bailiúcháin nach bailiúchán airgid i leith an bhailiúcháin nach bailiúchán airgid a sheoladh,

(b) ar an gcomhalta a éileamh go cuí ar an duine sin i gcúrsa an bhailiúcháin nach bailiúchán airgid a údarás bailitheora a thabhairt ar aird, go ndiúltóidh nó go mainneoidh an duine déanamh amhlaidh nó go ndiúltóidh nó go mainneoidh an duine, ar an údarás a thabhairt ar aird, a cheadú don chomhalta é a léamh, nó

(c) ar an gcomhalta a éileamh go cuí ar an duine, i gcúrsa an bhailiúcháin nach bailiúchán airgid, a ainm agus a sheoladh a thabhairt, go ndiúltóidh nó go mainneoidh an duine déanamh amhlaidh nó go dtabharfaidh sé ainm nó seoladh is eol don chomhalta, nó a chreideann sé le réasún, a bheith bréagach nó míthreorach.

(2) Forghéillfear don Aire airceadail agus airgead a bhainfear de bhailitheoir faoin alt seo agus féadfaidh an tAire iad a dhiúscairt de réir mar is cuí leis.”.

Cionta faoi Acht 1962.

96 .— Leasaítear Acht 1962—

(a) tríd an alt seo a leanas a chur isteach:

“24A.— (1) Aon duine a dhéanfaidh, go feasach nó go meargánta, iarratas ar chead bailiúcháin, nó ar chead bailiúcháin nach bailiúchán airgid, ina bhfuil ráiteas atá bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(2) Aon duine a dhéanfaidh, d’fhonn cead bailiúcháin nó cead bailiúcháin nach bailiúchán airgid a bheith deonaithe dó, ráiteas atá bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(3) Aon duine a thabharfaidh fógra faoi fho-alt (3) d’alt 6A (arna chur isteach le halt 93(d) den Acht Carthanas 2009) ina bhfuil ráiteas atá bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha, beidh sé nó sí ciontach i gcion.”,

agus

(b) trí “€5,000” a chur in ionad “caoga punt” in alt 25.

Cumhacht chun rialacháin a dhéanamh i ndáil le cruinniú airgid carthanúil.

97 .— (1) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás, rialacháin a dhéanamh maidir le modh agus iompraíocht cruinnithe airgid ag eagraíochtaí carthanúla nó thar a gceann, lena n-áirítear bailiúcháin agus bailiúcháin nach bailiúcháin airgid faoi Acht 1962 d’fhonn a áirithiú nach ndéanfar aon chruinniú airgid den sórt sin ar mhodh—

(a) lena gcuirtear isteach go míréasúnach ar phríobháideacht na ndaoine óna sirtear cistí,

(b) a bhfuil i gceist leis tathant go tuineanta míréasúnach ar dhaoine síntiúis a thabhairt don eagraíocht charthanúil lena mbaineann,

(c) a bhfuil de thoradh air brú míchuí a bheith á chur ar dhaoine síntiúis den sórt sin a thabhairt,

(d) a bhfuil i gceist leis aon uiríll bhréagacha nó mhíthreoracha a dhéanamh i ndáil leis na nithe seo a leanas—

(i) méid nó práinn aon ghá atá le cistí ó thaobh na heagraíochta carthanúla lena mbaineann,

(ii) feidhm aon chistí a thugtar,

(iii) an eagraíocht charthanúil nó a críocha, a gníomhaíochtaí nó a staid airgeadais.

(2) Aon duine a sháróidh foráil de chuid rialachán faoin alt seo, is sárú a dhearbhaítear leis na rialacháin a bheith neamhdhleathach, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

Leasú ar Acht an Bhainc Ceannais 1997.

98 .— Leasaítear alt 28 d’Acht an Bhainc Ceannais 1997 tríd an mír seo a leanas a chur isteach sa mhíniú ar “gnólacht creidmheasa miondíola” (arna chur isteach le halt 19 den Acht um Margaí in Ionstraimí Airgeadais agus Forálacha Ilghnéitheacha 2007):

“(dd) eagraíocht charthanúil de réir bhrí an Achta Carthanas 2009, nó”.

Cártaí Aifrinn a dhíol.

99 .— (1) Aon duine a dhíolann cárta Aifrinn ar shlí seachas de bhun socraithe le duine aitheanta, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(2) In imeachtaí mar gheall ar chion faoin alt seo, toimhdeofar, go dtí go gcruthófar gurb é a mhalairt is dóichí, nach ndearnadh an cárta Aifrinn lena mbaineann an cion líomhnaithe a dhíol de bhun socraithe le duine aitheanta.

(3) San alt seo—

ciallaíonn “Eaglais” an Naomh-Eaglais Chaitliceach Aspalda Rómhánach;

ciallaíonn “cárta Aifrinn” cárta nó ábhar clóite eile ar a léirítear, nó a n-airbheartaítear go léirítear air, go n-ofrálfar Íobairt Naofa an Aifrinn (cibé caoi a thuairiscítear é)—

(a) le haghaidh na rún atá sonraithe ann, nó

(b) le haghaidh cibé rún a mbeidh ar áireamh orthu na rúin atá sonraithe ann;

ciallaíonn “ sagart ” sagart arna oirniú de réir dheasghnátha na hEaglaise;

ciallaíonn “ duine aitheanta ”—

(c) easpag de chuid na hEaglaise, nó

(d) proibhinseal de chuid oird sagart arna bhunú faoi údarás na hEaglaise agus arna aithint ag an Eaglais;

folaíonn “ díol ”, i ndáil le cárta Aifrinn, an cárta a thairiscint nó a chur ar taispeáint le haghaidh díola nó a iarraidh ar dhuine tairiscint a dhéanamh chun an cárta a cheannach.