9 2009

/images/harp.jpg


Uimh. 9 de 2009


AN tACHT TOGHCHÁIN (LEASÚ) (UIMH. 2) 2009

[An tiontú oifigiúil]


RIAR NA nALT

Alt

1 . Míniú.

2 . Leasú ar alt 2 d’Acht 1999.

3 . Leasú ar alt 6 d’Acht 1999.

4 . Cuid IIIA a chur isteach in Acht 1999.

5 . Leasú ar alt 19 d’Acht 1999.

6 . Leasú ar alt 19C d’Acht 1999.

7 . Leasú ar alt 20 d’Acht 1999.

8 . Leasú ar alt 21 d’Acht 1999.

9 . Leasú ar alt 19 den Acht um Thruailliú ó Bhruscar 1997.

10 . Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Toghcháin (Leasú) 2001

2001, Uimh. 38

An tAcht Toghcháin 1992

1992, Uimh. 23

An tAcht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1997

1997, Uimh. 2

An tAcht um Thruailliú ó Bhruscar 1997

1997, Uimh. 12

Na hAchtanna um Thruailliú ó Bhruscar 1997 go 2003

An tAcht um Thoghcháin Áitiúla (Síntiúis agus Caiteachas a Nochtadh) 1999

1999, Uimh. 7

An tAcht Rialtais Áitiúil 2001

2001, Uimh. 37

An tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000

2000, Uimh. 30

Acht Toghchán an Uachtaráin 1993

1993, Uimh. 28

Acht an Reifrinn 1994

1994, Uimh. 12

An tAcht um Údarás na Gaeltachta 1979

1979, Uimh. 5

/images/harp.jpg


Uimh. 9 de 2009


AN tACHT TOGHCHÁIN (LEASÚ) (UIMH. 2) 2009

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO RIALÁIL CAITEACHAIS AG PÁIRTITHE POLAITÍOCHTA AGUS AG IARRTHÓIRÍ; DO LEASÚ AN ACHTA UM THOGHCHÁIN ÁITIÚLA (SÍNTIÚIS AGUS CAITEACHAS A NOCHTADH) 1999; DO LEASÚ AN ACHTA UM THRUAILLIÚ Ó BHRUSCAR 1997; AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA.

[25 Márta, 2009]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Míniú.

1 .— San Acht seo ciallaíonn “ Acht 1999 ” an tAcht um Thoghcháin Áitiúla (Síntiúis agus Caiteachas a Nochtadh) 1999.

Leasú ar alt 2 d’Acht 1999.

2 .— Leasaítear alt 2 d’Acht 1999—

(a) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “cléireach”:

“ciallaíonn ‘ cléireach ’, i ndáil le comhairle cathrach, buirge nó baile, an cléireach baile;”,

(b) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “údarás áitiúil”:

“tá le ‘ údarás áitiúil ’ an bhrí chéanna atá leis san Acht Rialtais Áitiúil 2001;”,

agus

(c) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach:

“ciallaíonn ‘ toghchán áitiúil ’ toghchán faoi Chuid 4 den Acht Rialtais Áitiúil 2001;”.

Leasú ar alt 6 d’Acht 1999.

3 .— Leasaítear alt 6 d’Acht 1999—

(a) i bhfo-alt (1)(b), trí fhomhír (v) a aisghairm, agus

(b) i bhfo-alt (3), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) na caiteachais toghcháin go léir arna dtabhú ag páirtí polaitíochta nó iarrthóir nó thar ceann páirtí polaitíochta nó iarrthóra aon tráth i rith na tréimhse a bheidh sonraithe ag an Aire le hordú faoi alt 12B (arna chur isteach le halt 4 den Acht Toghcháin (Leasú) (Uimh. 2) 2009);”.

Cuid IIIA a chur isteach in Acht 1999.

4 .— Leasaítear Acht 1999 tríd an gCuid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Chuid III:

“CUID IIIA

CAITEACHAS AG PÁIRTITHE POLAITÍOCHTA AGUS AG IARRTHÓIRÍ I dTOGHCHÁIN ÁITIÚLA

Teorainn a chur le caiteachais toghcháin i dtoghchán áitiúil.

12A.— (1) (a) Faoi réir mhíreanna (b) agus (c), ní mó comhiomlán na gcaiteachas toghcháin a fhéadfaidh iarrthóir a thabhú nó a fhéadfar a thabhú thar ceann iarrthóra i dtaca lena iarrthóireacht nó lena hiarrthóireacht i dtoghchán áitiúil ná—

(i) i gcás toghlimistéir comhairle contae nó cathrach ina bhfuil daonra is mó ná 32,500, €15,000;

(ii) i gcás toghlimistéir comhairle contae nó cathrach ina bhfuil daonra idir 22,501 agus 32,500, €13,000;

(iii) i gcás toghlimistéir comhairle contae nó cathrach ina bhfuil daonra idir 12,001 agus 22,500, €11,500;

(iv) i gcás toghlimistéir comhairle contae nó cathrach ina bhfuil daonra 12,000 nó níos lú, €9,750;

agus

(v) i gcás toghlimistéir comhairle buirge nó comhairle baile, €7,500.

(b) I gcás go mbeidh iarrthóir san iomaidh i dtoghchán le haghaidh comhairle contae agus comhairle buirge nó baile araon, is éard a bheidh sna caiteachais toghcháin a fhéadfaidh an t-iarrthóir a thabhú nó a fhéadfar a thabhú thar ceann an iarrthóra i dtaca lena iarrthóireacht nó lena hiarrthóireacht an teorainn is cuí don toghlimistéar sa chontae ina bhfuil an t-iarrthóir ainmnithe móide an ceathrú cuid den teorainn caithimh is cuí don toghlimistéar sa chomhairle buirge nó sa chomhairle baile ina bhfuil an t-iarrthóir ina iarrthóir nó ina hiarrthóir freisin.

(c) (i) I gcás go bhfíordheimhneoidh páirtí polaitíochta iarrthóireacht iarrthóra i dtoghchán áitiúil, tabhóidh an páirtí 10 faoin gcéad de mhéid na gcaiteachas toghcháin a mbeidh an t-iarrthóir sin i dteideal a thabhú sa toghchán sin, nó cibé céatadán eile den mhéid a chomhaontófar i scríbhinn idir an t-iarrthóir agus gníomhaire náisiúnta an pháirtí polaitíochta.

(ii) Féadfaidh baint a bheith ag na caiteachais toghcháin a fhéadfaidh páirtí polaitíochta a thabhú faoi fhomhír (i) le hairgead a chaitear sa toghlimistéar lena mbaineann nó le nithe eile.

(iii) I gcás iarrthóra a mbeidh a iarrthóireacht nó a hiarrthóireacht fíordheimhnithe ag páirtí polaitíochta i dtoghchán áitiúil, féadfaidh gníomhaire náisiúnta an pháirtí, le comhaontú i scríbhinn, a údarú do dhuine ainmnithe an pháirtí cibé cion de chaiteachas toghcháin a thabhú sa toghchán a mbeidh an t-iarrthóir i dteideal a thabhú faoi mhír (a) agus a chomhaontófar i scríbhinn idir an gníomhaire náisiúnta agus an duine ainmnithe.

(2) Is é comhiomlán na gcaiteachas toghcháin a fhéadfaidh gníomhaire náisiúnta de chuid páirtí polaitíochta a thabhú thar ceann an pháirtí sin i dtoghchán áitiúil suim na méideanna caiteachas toghcháin arna dtabhú de bhun fho-alt (1)(c)(i), idir iarrthóirí a ndearna an páirtí a n-iarrthóireachtaí a fhíordheimhniú sa toghchán agus an páirtí.

(3) Faoi réir fho-alt (1)(c)(iii), ní mó comhiomlán na gcaiteachas toghcháin a fhéadfaidh gníomhaire náisiúnta agus duine ainmnithe an pháirtí a thabhú thar ceann an pháirtí sin laistigh de thoghlimistéar comhairle contae, comhairle cathrach, comhairle buirge nó comhairle baile i dtoghchán áitiúil ná suim na méideanna caiteachas toghcháin d’iarrthóirí go léir an pháirtí sin sa toghlimistéar sin, dá bhforáiltear faoi fho-alt (1)(c)(i).

(4) San alt seo, ciallaíonn ‘daonra’ daonra arna fhionnadh ag an bPríomh-Oifig Staidrimh sa Tuarascáil Daonáirimh ina leagtar amach toradh deiridh an Daonáirimh is déanaí.

An tréimhse ar ina leith a ríomhtar caiteachais toghcháin i dtoghchán áitiúil.

12B.— (1) Tar éis don Aire ordú a dhéanamh, faoi alt 26 den Acht Rialtais Áitiúil 2001, lena socraítear an lá vótaíochta i dtoghchán áitiúil, féadfaidh sé nó sí le hordú an tréimhse a shonrú ar lena linn a dhéanfar caiteachais toghcháin sa toghchán áitiúil lena mbaineann a ríomh chun críocha na Coda seo.

(2) Sonrófar an méid seo a leanas in ordú faoi fho-alt (1)—

(a) gur dáta nach luaithe ná 50 lá agus nach faide ná 60 lá roimh an lá vótaíochta sa toghchán áitiúil lena mbaineann an dáta ar a dtosóidh an tréimhse, agus

(b) gurb é an lá vótaíochta sa toghchán áitiúil lena mbaineann an dáta ar a gcríochnóidh an tréimhse.”.

Leasú ar alt 19 d’Acht 1999.

5 .— Leasaítear alt 19 d’Acht 1999 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(4) Beidh i dtuarascáil bhliantúil údaráis áitiúil arna hullmhú de réir alt 221 den Acht Rialtais Áitiúil 2001, i leith na bliana ina ndéantar toghchán áitiúil, mionsonraí i dtaobh na nithe seo a leanas—

(a) comhiomlán an chaiteachais toghcháin i leith gach iarrthóra, duine ainmnithe, tríú páirtí agus gníomhaire náisiúnta, agus

(b) síntiúis arna bhfáil i leith gach iarrthóra, duine ainmnithe, tríú páirtí agus gníomhaire náisiúnta,

de réir mar a bheidh sna ráitis agus sna dearbhuithe arna dtabhairt dó de bhun alt 13.”.

Leasú ar alt 19C d’Acht 1999.

6 .— Leasaítear alt 19C (a cuireadh isteach le halt 58(m) den Acht Toghcháin (Leasú) 2001) d’Acht 1999 i bhfo-alt (1), trí “12A,” a chur isteach roimh “19A”.

Leasú ar alt 20 d’Acht 1999.

7 .— Leasaítear alt 20(5) d’Acht 1999 trí “nó faoi alt 21(3A) (arna chur isteach le halt 8 den Acht Toghcháin (Leasú)(Uimh. 2) 2009)” a chur isteach i ndiaidh “faoi fho-alt (4)”.

Leasú ar alt 21 d’Acht 1999.

8 .— Leasaítear alt 21 d’Acht 1999—

(a) i bhfo-alt (1) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“(bb) go dtabhóidh sé nó sí go díreach, nó trí aon duine eile, caiteachais toghcháin de bhreis ar an méid iomchuí arna ríomh de réir alt 12A (arna chur isteach le halt 4 den Acht Toghcháin (Leasú) (Uimh. 2) 2009), nó”,

(b) i bhfo-alt (2)—

(i) i mír (c) trí “forálacha alt 13 a chomhlíonadh, nó” a chur in ionad “forálacha alt 13 a chomhlíonadh.”, agus

(ii) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c):

“(d) go dtabhóidh sé nó sí go díreach, nó trí aon duine eile, caiteachais toghcháin de bhreis ar an méid iomchuí arna ríomh de réir alt 12A (arna chur isteach le halt 4 den Acht Toghcháin (Leasú) (Uimh. 2) 2009).”,

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) Beidh iarrthóir i dtoghchán áitiúil ciontach i gcion más rud é go dtabhóidh sé nó sí go díreach, nó trí aon duine eile, caiteachais toghcháin de bhreis ar an méid iomchuí arna ríomh de réir alt 12A (arna chur isteach le halt 4 den Acht Toghcháin (Leasú) (Uimh. 2) 2009).”,

(d) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4B):

“(4C) Beidh duine ciontach i gcion más rud é, i dtoghchán áitiúil, go dtabhóidh sé nó sí caiteachais toghcháin, nó go dtabharfaidh sé nó sí aon íocaíocht, airleacan nó éarlais i leith caiteachas den sórt sin—

(a) thar ceann páirtí polaitíochta mura rud é gur gníomhaire náisiúnta an pháirtí lena mbaineann, nó duine atá údaraithe ag an ngníomhaire náisiúnta sin agus atá ag gníomhú laistigh de theorainn an údaraithe sin, an duine, nó

(b) thar ceann iarrthóra mura rud é gur duine ainmnithe, nó duine atá údaraithe ag duine den sórt sin agus atá ag gníomhú laistigh de theorainn an údaraithe sin, an duine.”,

agus

(e) i bhfo-alt (5)(a), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (ii):

“(ii) más rud é gur cion lena mbaineann fo-alt (1)(b), (2)(b), (3)(c), (3A) (arna chur isteach le halt 8(c) den Acht Toghcháin (Leasú) (Uimh. 2) 2009), (4A)(b) nó (4B)(d) an cion dlífear, ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €25,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh tréimhse nach faide ná 3 bliana nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile a chur air nó uirthi.”.

Leasú ar alt 19 den Acht um Thruailliú ó Bhruscar 1997.

9 .— Leasaítear alt 19 den Acht um Thruailliú ó Bhruscar 1997 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (7):

“(7) D’ainneoin fho-alt (6), ní cion é ag duine fógrán a thaisealbhadh más rud é, maidir leis an bhfógrán—

(a) gur forbairt dhíolmhaithe é de réir bhrí an Achta um Pleanáil agus Forbairt 2000, nó gur fógra é a thaispeántar nó a chuirtear suas de bhun ceanglais le haon achtachán nó faoi aon achtachán,

(b) go bhfógraíonn sé cruinniú poiblí, seachas ceant, mura rud é go bhfuil an fógrán ann ar feadh 30 lá nó tréimhse is faide ná sin roimh an dáta a shonraítear san fhógrán don chruinniú nó ar feadh 7 lá nó tréimhse is faide ná sin ina dhiaidh,

(c) go mbaineann sé—

(i) le toghchán uachtaráin de réir bhrí Acht Toghchán an Uachtaráin 1993,

(ii) le holltoghchán nó le corrthoghchán de réir bhrí an Achta Toghcháin 1992 sa dá chás,

(iii) le toghchán áitiúil de réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúil 2001, nó

(iv) le toghchán chun comhaltaí a thoghadh do Pharlaimint na hEorpa faoin Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1997,

mura rud é go bhfuil an fógrán ann sula ndéanann an tAire ordú lena gceaptar an lá ar a dtógfar an vótaíocht iomchuí nó ar feadh 30 lá roimh dháta na vótaíochta, cibé tréimhse acu is giorra, nó ar feadh 7 lá nó tréimhse is faide ná sin tar éis an lae is déanaí ar ar tógadh an vótaíocht don toghchán nó don chorrthoghchán lena mbaineann,

(d) go mbaineann sé le toghchán chun comhaltaí a thoghadh d’Údarás na Gaeltachta faoin Acht um Údarás na Gaeltachta 1979, mura rud é go bhfuil an fógrán ann sula ndéanann an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ordú lena gceaptar an lá ar a dtógfar an vótaíocht nó ar feadh 30 lá roimh dháta na vótaíochta, cibé tréimhse acu is giorra, nó ar feadh 7 lá nó tréimhse is faide ná sin tar éis an lae is déanaí ar ar tógadh an vótaíocht, nó

(e) go mbaineann sé le reifreann, de réir bhrí Acht an Reifrinn 1994, mura rud é go bhfuil an fógrán ann sula ndéanann an tAire ordú lena gceaptar an lá ar a dtógfar an vótaíocht nó ar feadh 7 lá nó tréimhse is faide ná sin tar éis an lae is déanaí ar ar tógadh an vótaíocht.”.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

10 .— (1) Féadfar an tAcht Toghcháin (Leasú) (Uimh. 2) 2009 a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar na hAchtanna Toghcháin 1992 go 2009 agus an tAcht seo (seachas alt 9) a léamh le chéile mar aon ní amháin agus folófar an tAcht seo sa chomhlua “na hAchtanna Toghcháin 1992 go 2009”.

(3) Déanfar na hAchtanna um Thoghcháin Áitiúla 1974 go 2009 agus an tAcht seo (seachas alt 9) a léamh le chéile mar aon ní amháin agus folófar an tAcht seo sa chomhlua “na hAchtanna um Thoghcháin Áitiúla 1974 go 2009”.

(4) Féadfar na hAchtanna um Thruailliú ó Bhruscar 1997 go 2009 a ghairm de na hAchtanna um Thruailliú ó Bhruscar 1997 go 2003 agus d’alt 9, le chéile, agus léifear le chéile iad mar aon ní amháin.