An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (An tAcht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2009) Ar Aghaidh ( CUID 2 Leasuithe ar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh )

10 2009

An tAcht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2009

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal agus forléiriú.

1 .— (1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2009 a ghairm den Acht seo.

(2) Léifear na hAchtanna Leasa Shóisialaigh agus ailt 2 go 11 le chéile mar aon ní amháin.

Mínithe.

2 .— San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1979” an tAcht um Ranníocaí Sláinte 1979;

ciallaíonn “Acht 2006” an tAcht um Athchóiriú an Dlí Leasa Shóisialaigh agus um Pinsin 2006;

ciallaíonn “Príomh-Acht” an tAcht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005.