An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID 2 Mál ) Ar Aghaidh (CUID 4 Dleachtanna Stampa )

12 2009

TODO

CUID 3

Cáin Bhreisluacha

Léiriú (Cuid 3).

20 .— Sa Chuid seo, ciallaíonn “Príomh-Acht” an tAcht Cánach Breisluacha 1972.

Leasú ar alt 7 (díolúine a tharscaoileadh) den Phríomh-Acht.

21 .— Leasaítear alt 7 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (3), trí “fho-alt (3), (7), nó (9) d’alt 7B” a chur in ionad “alt 7B(3)”, agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):

“(6) I gcás gur chealaigh duine a tharscaoileadh díolúine nó a tarscaoileadh díolúine roimh 1 Iúil 2008 ansin, chun alt 12E a fheidhmiú, déileálfar leis an tréimhse coigeartaithe (de réir bhrí an ailt sin nó, de réir mar a éilíonn an comhthéacs, beidh an tréimhse le háireamh mar an tréimhse coigeartaithe de réir alt 4C(11)) i ndáil le haon earra caipitiúil a raibh d’oibleagáid ar an duine sin an cháin is inmhuirearaithe ar a fháil nó a fhorbairt ag an duine sin a chur i gcuntas nuair a rinne an duine sin an cealú sin, ionann is gur tháinig deireadh leis an dáta ar a raibh éifeacht leis an gcealú sin .”.

Leasú ar alt 7B (bearta idirthréimhseacha: díolúine a tharscaoileadh) den Phríomh-Acht.

22 .— Leasaítear alt 7B den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Chun alt 12E a chur chun feidhme, maidir leis an tréimhse choigeartúcháin (de réir bhrí an ailt sin nó, de réir mar a éileoidh an comhthéacs, an tréimhse a ndéileálfar léi mar an tréimhse choigeartúcháin de réir alt 4C(11)) i ndáil le hearra caipitiúil a raibh, maidir leis an gcáin is inmhuirearaithe ar an tiarna talún dá fháil nó dá fhorbairt, d’oibleagáid ar an tiarna talún sin í a chur i gcuntas nuair a chealaigh an tiarna talún sin a tharscaoileadh díolúine nó a tarscaoileadh díolúine, tiocfaidh deireadh léi ar an dáta a raibh éifeacht leis an gcealú sin.”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

“(7) (a) Tá feidhm ag an bhfo-alt seo—

(i) i gcás go raibh, an 1 Iúil 2008, leas ag tiarna talún in earraí dochorraithe iomchuí,

(ii) i gcás nach raibh, ar an dáta iomchuí, leas ag an tiarna talún in aon earraí dochorraithe iomchuí, agus

(iii) i gcás nár cealaíodh tarscaoileadh díolúine an tiarna talún sin ar an dáta iomchuí nó roimhe de réir alt 7(3).

(b) I gcás go mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo—

(i) déileálfar le tarscaoileadh díolúine an tiarna talún amhail is gur cealaíodh é de réir alt 7(3) ar dháta rite an Achta Airgeadais 2009, agus

(ii) íocfaidh an tiarna talún sin méid, arb éard é an méid is iníoctha de réir alt 7(3) i leith chealú an tarscaoilte sin, amhail is dá mba cháin é a bheadh dlite ag an tiarna talún sin don tréimhse inchánach dar tosach an 1 Bealtaine 2009.

(8) (a) Tá feidhm ag an bhfo-alt seo—

(i) i gcás go ndearna tiarna talún, sa tréimhse ón 1 Iúil 2008 go dtí an dáta iomchuí, earraí dochorraithe iomchuí a sholáthar le linn na tréimhse coigeartúcháin (de réir bhrí alt 12E nó, de réir mar a éileoidh an comhthéacs, le linn na tréimhse a ndéileálfar léi mar an tréimhse choigeartúcháin de réir alt 4C(11)) i ndáil leis na hearraí sin, agus

(ii) i gcás nach raibh cáin inmhuirearaithe ar an soláthar sin.

(b) I gcás feidhm a bheith ag an alt seo, ansin chun críocha ailt 4B(5), 12E(3)(d) agus 12E(7)(b) déileáiltear le soláthar na n-earraí dochorraithe iomchuí amhail is dá mba ar dháta rite an Achta Airgeadais 2009 a rinneadh é.

(c) Ní bheidh feidhm ag mír (b)—

(i) i gcás gur cealaíodh tarscaoileadh díolúine an tiarna talún de réir fho-alt (7), ná

(ii) i gcás go gcealaíonn an tiarna talún a tharscaoileadh díolúine nó a tarscaoileadh díolúine de réir alt 7(3) roimh an 1 Iúil 2009.

(9) (a) Tá feidhm ag an bhfo-alt seo—

(i) i gcás go bhfuil leas ag tiarna talún in earraí dochorraithe iomchuí ar dháta rite an Achta Airgeadais 2009 nó dá éis,

(ii) i gcás go scoireann an tiarna talún, cibé acu de dheasca na hearraí sin a dhiúscairt nó ar shlí eile, de leas in aon earraí den sórt sin a bheith aige nó aici, agus

(iii) i gcás, ar an dáta a scoireann an tiarna talún sin d’aon leas den sórt sin a bheith aige nó aici, nár cealaíodh tarscaoileadh díolúine an tiarna talún sin de réir alt 7(3).

(b) I gcás go mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo—

(i) déileálfar le tarscaoileadh díolúine an tiarna talún amhail is gur cealaíodh é ar an dáta dá dtagraítear i mír (a)(iii), agus

(ii) íocfaidh an tiarna talún sin méid, arb éard é an méid is iníoctha de réir alt 7(3) i leith chealú an tarscaoilte sin, amhail is dá mba cháin é a bheadh dlite ag an tiarna talún sin don tréimhse inchánach ina ndéileáiltear leis an tarscaoileadh díolúine amhlaidh mar tharscaoileadh díolúine cealaithe.

(10) San alt seo—

ciallaíonn ‘ earraí dochorraithe iomchuí ’ earraí dochorraithe a mbeadh d’oibleagáid ar thiarna talún an cháin is inmhuirearaithe ar iad a fháil nó a fhorbairt a chur i gcuntas de réir alt 7(3) i ndáil le cealú tharscaoileadh díolúine an tiarna talún sin;

ciallaíonn ‘ dáta iomchuí ’ an dáta díreach roimh dháta rite an Achta Airgeadais 2009.”.