|
|||||
|
Ar Aghaidh ( AN SCEIDEAL Leasuithe ar Acht an Bhainc Cheannais 1942 ) |
[EN] | ||||||||||||||||
| ||||||||||||||||
Uimhir 13 de 2009 | ||||||||||||||||
AN tACHT SEIRBHÍSÍ AIRGEADAIS (SCÉIM RÁTHAÍOCHTA TAISCÍ) 2009 | ||||||||||||||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||||||||||||||
Riar na nAlt | ||||||||||||||||
Alt | ||||||||||||||||
1 . Mínithe. | ||||||||||||||||
2 . Méid an chumhdaigh i leith taiscí cáilithe. | ||||||||||||||||
3 . Cuntas cosanta taiscí. | ||||||||||||||||
4 . An méid a bheidh le coinneáil i gcuntas cosanta taiscí. | ||||||||||||||||
5 . Méid taisce a athríomh go bliantúil. | ||||||||||||||||
6 . Muirir, etc. ar chuntas cosanta taiscí. | ||||||||||||||||
7 . Íocaíocht chomhiomlán le cuntas cosanta taiscí ag comhair chreidmheasa. | ||||||||||||||||
8 . Íocaíochtaí áirithe ag an mBanc a aisíoc as an bPríomh-Chiste. | ||||||||||||||||
9 . Cion agus pionós. | ||||||||||||||||
10 . Rialacháin. | ||||||||||||||||
11 . Leasuithe ar Acht an Bhainc Cheannais 1942. | ||||||||||||||||
12 . Gearrtheideal agus tosach feidhme. | ||||||||||||||||
AN SCEIDEAL | ||||||||||||||||
Leasuithe ar Acht an Bhainc Cheannais 1942 | ||||||||||||||||
Na hAchtanna dá dTagraítear | ||||||||||||||||
| ||||||||||||||||
| ||||||||||||||||
Uimhir 13 de 2009 | ||||||||||||||||
AN tACHT SEIRBHÍSÍ AIRGEADAIS (SCÉIM RÁTHAÍOCHTA TAISCÍ) 2009 | ||||||||||||||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||||||||||||||
ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN RIALACHÁIN A DHÉANAMH MAIDIR LEIS AN MÉID IS INÍOCTHA LE DUINE A CHOINNÍONN TAISCÍ CÁILITHE I bhFORAS CREIDMHEASA; DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LEIS AN mBANC CEANNAIS AGUS ÚDARÁS SEIRBHÍSÍ AIRGEADAIS NA hÉIREANN DO CHOTHABHÁIL AN CHUNTAIS COSANTA TAISCÍ; DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE FORAIS CHREIDMHEASA DO CHOINNEÁIL TAISCÍ SA CHUNTAS COSANTA TAISCÍ; DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE MÉID NA TAISCE AGUS MAIDIR LEIS AN MÉID SIN A ATHRÚ; DO THABHAIRT TUILLEADH ÉIFEACHTA DO THREOIR 94/19/CE AN 30 BEALTAINE 1994 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE MAIDIR LE SCÉIMEANNA RÁTHAÍOCHTA TAISCÍ; DO LEASÚ ACHT AN BHAINC CHEANNAIS 1942 AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. | ||
[18 Meitheamh, 2009] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
Mínithe. |
1 .— San Acht seo— | |
[EN] | ciallaíonn “ Banc ” an Banc Ceannais agus Údarás Seirbhísí Airgeadais na hÉireann; | |
[EN] | ciallaíonn “ foras creidmheasa ”— | |
[EN] | (a) comhar creidmheasa, | |
[EN] | (b) cumann foirgníochta arna chorprú faoin Acht Cumann Foirgníochta 1989 (Uimh. 17 de 1989), nó a mheastar le halt 124(2) den Acht sin a bheith corpraithe amhlaidh, atá údaraithe chun taiscí a ghlacadh faoi alt 27 den Acht sin, nó | |
[EN] | (c) banc atá ceadúnaithe faoi alt 9 d’Acht an Bhainc Ceannais 1971 (Uimh. 24 de 1971); | |
[EN] | ciallaíonn “comhar creidmheasa” cumann atá cláraithe sa cháil sin faoin Acht um Chomhar Creidmheasa 1997 agus folaíonn sé cumann a mheastar a bheith cláraithe amhlaidh de bhua alt 5(3) den Acht sin; | |
[EN] | ciallaíonn “Rialacháin Ráthaíochta Taiscí” Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Scéimeanna Ráthaíochta Taiscí) 1995 (I.R. Uimh. 168 de 1995) nó aon rialacháin a chuirtear in ionad na rialachán sin; | |
[EN] | ciallaíonn “Treoir” Treoir 94/19/CE an 30 Bealtaine 1994 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna ráthaíochta taiscí 1 nó aon treoir lena leasaítear an Treoir sin nó a chuirtear in ionad na Treorach sin; | |
[EN] | tá le “taisce cháilithe” an bhrí chéanna atá leis sna Rialacháin Ráthaíochta Taiscí; | |
[EN] | ciallaíonn “Aire” an tAire Airgeadais. | |
Méid an chumhdaigh i leith taiscí cáilithe. |
2 .— I gcás— | |
[EN] | (a) go ndéanfaidh an tAire rialacháin chun éifeacht a thabhairt don Treoir, agus | |
[EN] | (b) go measfaidh an tAire gur gá, tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc, ar mhaithe le leas an phobail agus ar mhaithe le rialáil chuí ordúil foras creidmheasa, na rialacháin sin a dhéanamh de réir an ailt seo, | |
[EN] | féadfaidh an tAire, go dtí an 31 Nollaig 2010, méid a fhorordú leis na rialacháin sin mar mhéid an chumhdaigh a bheidh le cur ar fáil do thaiscí comhiomlána de chuid duine a choinníonn taisce le foras creidmheasa, ar méid é is mó ná an t-íosmhéid is gá a fhorordú ó am go ham chun éifeacht a thabhairt don Treoir arna choigeartú faoi Airteagal 7(7) den Treoir. | |
Cuntas cosanta taiscí. |
3 .— Maidir leis an gcuntas arna bhunú agus arna chothabháil ag an mBanc díreach roimh theacht i ngníomh don alt seo agus ar a dtugtar an cuntas cosanta taiscí, leanfaidh sé de bheith á chothabháil ag an mBanc agus leanfar den ainm sin a thabhairt air. | |
An méid a bheidh le coinneáil i gcuntas cosanta taiscí. |
4 .— (1) Ní sheolfaidh foras creidmheasa gnó forais creidmheasa mura mbeidh na méideanna seo a leanas ar taisce aige leis an mBanc i gcuntas cosanta taiscí— | |
[EN] | (a) cibé méid a fhorordóidh an tAire ó am go ham le rialacháin arna ndéanamh de réir fho-alt (3), nó | |
[EN] | (b) i gcás go mbeidh fógra faighte ag foras creidmheasa faoi fho-alt (6) maidir le hathrú faoi fho-alt (2), an méid a bheidh sonraithe san fhógra sin. | |
[EN] | (2) (a) Féadfaidh an tAire, de réir fho-alt (3), le hionstraim scríofa, an méid a fhorordaítear faoi fho-alt (1) i leith forais creidmheasa nó foras creidmheasa nó i leith aicme nó aicmí foras creidmheasa a athrú. | |
[EN] | (b) Féadfaidh an tAire athrú a dhéanfar faoin bhfo-alt seo a leasú nó a chúlghairm. | |
[EN] | (3) I gcás go mbeartaíonn an tAire rialacháin a dhéanamh faoi fho-alt (1) nó athrú a dhéanamh faoi fho-alt (2)— | |
[EN] | (a) rachaidh sé nó sí i gcomhairle leis an mBanc, | |
[EN] | (b) beidh aird aige nó aici ar cibé comhairle a thabharfaidh an Banc maidir leis na nithe a shonraítear i bhfo-alt (4), agus | |
[EN] | (c) féadfaidh sé nó sí aird a thabhairt ar cibé nithe eile is cuí leis nó léi nó leis an mBanc. | |
[EN] | (4) Áireofar ar na nithe a bhféadfaidh an Banc comhairle a thabhairt don Aire ina leith chun críocha fho-alt (3), ar nithe iad a bhaineann le foras creidmheasa nó le forais chreidmheasa nó le haicme nó le haicmí foras creidmheasa, na nithe seo a leanas: | |
[EN] | (a) cineál, scála agus castacht an ghnó agus leibhéal an phriacail a ghabhann leis; | |
[EN] | (b) an leibhéal caipitil agus leachtaíochta; | |
[EN] | (c) leordhóthanacht rialuithe inmheánacha, lena n-áirítear nósanna imeachta a bhaineann le bainistiú agus maolú priacail agus socruithe maidir le cobhsaíocht airgeadais; | |
[EN] | (d) an cumas chun an taisce bheartaithe a mhaoiniú. | |
[EN] | (5) Tabharfaidh an tAire fógra i scríbhinn don Bhanc maidir le hathrú faoi fho-alt (2). | |
[EN] | (6) Tabharfaidh an Banc fógra i scríbhinn don fhoras creidmheasa nó do na forais chreidmheasa lena mbaineann maidir le hathrú faoi fho-alt (2) a luaithe is indéanta tar éis fógra faoi fho-alt (5) a fháil. | |
[EN] | (7) Beidh éifeacht le hathrú faoi fho-alt (2) ón dáta a shonrófar san ionstraim iomchuí. | |
[EN] | (8) Féadfaidh an Banc méid taisce ag foras creidmheasa sa chuntas cosanta taiscí a shocrú ag an tslánuimhir is gaire is iolrú ar chéad euro. | |
[EN] | (9) Cinnfidh an Banc ó am go ham— | |
[EN] | (a) an ráta ar dá réir a bhéarfaidh taiscí ag forais chreidmheasa sa chuntas cosanta taiscí ús, agus | |
[EN] | (b) an modh ar a mbeidh, agus an tráth nó na tráthanna a bheidh, an t-ús sin iníoctha. | |
Méid taisce a athríomh go bliantúil. |
5 .— (1) Déanfaidh an Banc, tar éis an ríomha tosaigh, méid na taisce ag foras creidmheasa sa chuntas cosanta taiscí faoi alt 4 a athríomh go bliantúil do gach foras creidmheasa nó aicme foras creidmheasa faoi threoir na dtuairisceán arna ndéanamh ag forais chreidmheasa ar threoir ón mBanc. | |
[EN] | (2) Déanfaidh an foras creidmheasa lena mbaineann, i gcás gur gá sin, méid na taisce a leasú go dtí an méid cuí arna athríomh faoi fho-alt (1), tráth nach déanaí ná 7 lá nó cibé tréimhse is faide ná sin ar a gcomhaontóidh an Banc i scríbhinn tar éis an dáta a gheobhaidh sé fógra i scríbhinn ón mBanc faoin méid is gá chun an leasú a dhéanamh. | |
Muirir, etc. ar chuntas cosanta taiscí. |
6 .— (1) Beidh aon mhuirear a airbheartaítear a bheith bunaithe, ar shlí seachas ag an mBanc, ar thaisce ag foras creidmheasa sa chuntas cosanta taiscí, ar neamhní. | |
[EN] | (2) Ní bheidh taisce ag foras creidmheasa sa chuntas cosanta taiscí faoi réir forfheidhmiú d’aon chineál chun aon éileamh, nó aon bhreithiúnas, ordú nó foraithne ó aon chúirt sa Stát i bhfabhar aon chreidiúnaí a shásamh, ar shlí seachas faoi réim agus de réir fhorálacha na Rialachán Ráthaíochta Taiscí. | |
Íocaíocht chomhiomlán le cuntas cosanta taiscí ag comhair chreidmheasa. |
7 .— Féadfaidh grúpa nó grúpaí comhar creidmheasa, faoi réir cheadú roimh ré ón Aire, íocaíocht chomhiomlán nó íocaíochtaí comhiomlána a dhéanamh thar ceann gach comhair creidmheasa is comhalta de ghrúpa den sórt sin chun méid taisce sa chuntas cosanta taiscí a shásamh. | |
Íocaíochtaí áirithe ag an mBanc a aisíoc as an bPríomh-Chiste. |
8 .— (1) Má mhuirearaíonn an Banc ar an gcuntas cosanta taiscí aon íocaíocht as cistí an Bhainc féin de réir na Rialachán Ráthaíochta Taiscí, déanfar méid na híocaíochta, le ceadú ón Aire, a aisíoc leis an mBanc as an bPríomh-Chiste nó as toradh fáis an Chiste sin faoi cheann 3 mhí. | |
[EN] | (2) Déanfar aon mhéid a íocfar as an bPríomh-Chiste leis an mBanc faoi fho-alt (1) a aisíoc leis an bPríomh-Chiste as an gcuntas cosanta taiscí (mar aon le hús de réir an ráta nó na rátaí a chinnfidh an tAire, nó gan ús). | |
[EN] | (3) Cinnfidh an tAire an tréimhse ar thairsti a dhéanfar an íocaíocht a cheanglaítear le fo-alt (2), agus an méid a bheidh dlite agus cumas an chuntais cosanta taiscí an t-aisíoc sin a dhéanamh á gcur i gcuntas. | |
Cion agus pionós. |
9 .— (1) Aon duine a sháróidh alt 4(1), déanfaidh sé nó sí cion agus dlífear— | |
[EN] | (a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó | |
[EN] | (b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €250,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 3 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi. | |
[EN] | (2) I gcás go ndéanann comhlacht corpraithe cion faoin Acht seo agus go gcruthaítear go ndearnadh amhlaidh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gurbh inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile de chuid an chomhlachta chorpraithe nó duine a airbheartaíonn a bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin, chomh maith leis an gcomhlacht corpraithe, ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a shaothrú ina choinne nó ina coinne agus é nó í a phionósú amhail is dá mbeadh sé nó sí ciontach sa chion céadluaite. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an Banc imeachtaí i leith ciona achomair faoin Acht seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh. | |
Rialacháin. |
10 .— (1) Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán. | |
[EN] | (2) Féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha a bheith i rialacháin faoin Acht seo is dóigh leis an Aire a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun críocha na rialachán. | |
[EN] | (3) Féadfar na Rialacháin Ráthaíochta Taiscí a leasú amhail is dá mba faoin Acht seo a rinneadh iad. | |
Leasuithe ar Acht an Bhainc Cheannais 1942. |
11 .— Leasaítear Acht an Bhainc Cheannais 1942 mar atá leagtha amach sa Sceideal. | |
Gearrtheideal agus tosach feidhme. |
12 .— (1) Féadfar an tAcht Seirbhísí Airgeadais (Scéim Ráthaíochta Taiscí) 2009 a ghairm den Acht seo. | |
[EN] | (2) Tiocfaidh alt 4, a mhéid a bhaineann sé le comhair chreidmheasa, i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú. | |