An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (An tAcht Seirbhísí Airgeadais (Scéim Ráthaíochta Taiscí) 2009)

13 2009

An tAcht Seirbhísí Airgeadais (Scéim Ráthaíochta Taiscí) 2009

AN SCEIDEAL

Leasuithe ar Acht an Bhainc Cheannais 1942

Alt 11.

Mír

An fhoráil dá ndéantar difear

An leasú

(1)

(2)

(3)

1

Alt 33AK(5) (arna leasú le halt 13 den Acht um Margaí in Ionstraimí Airgeadais agus Forálacha Ilghnéitheacha 2007)

(a) I mír (al), “a chomhlíonadh, nó” a chur in ionad “a chomhlíonadh.”.

(b) An méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (al):

“(am) do scéim ráthaíochta taiscí i mBallstát eile de na Comhphobail Eorpacha (lena n-áirítear stát is páirtí conarthach i gComhaontú LEE (de réir na brí a thugtar le hAcht na gComhphobal Eorpach (Leasú) 1993)) arna bunú de réir Threoir 94/19/CE an 30 Bealtaine 1994 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna ráthaíochta taiscí.”.

2

Sceideal 2 (a cuireadh isteach le halt 31 d’Acht an Bhainc Ceannais agus Údarás Seirbhísí Airgeadais na hÉireann 2003)

I gCuid 2, tríd an méid seo a leanas a scriosadh:

I.R. Uimh. 168 de 1995

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Scéimeanna Ráthaíochta Taiscí) 1995

An ionstraim iomlán

”.