An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 3 Tacaíocht Stáit Choimhdeach ) Ar Aghaidh ( CUID 5 Fógra maidir le nithe sonraithe )

15 2009

An tAcht Fán Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais 2009

CUID 4

Ionadaí Cúraim

Ionadaí cúraim a cheapadh i gcás nach bhfuil duine lánchumasach.

21 .— (1) Tá feidhm ag an alt seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) iarratas a dhéanamh ar thacaíocht Stáit choimhdeach,

(b) toiliú le muirear a bhunú i ndáil le leas i dtalamh sa Stát,

(c) bearta riachtanacha a dhéanamh i dtaca leis an iarratas ar thacaíocht Stáit choimhdeach, ordú a dhéanamh faoi alt 17(2) nó clárú ordaithe den sórt sin i gClárlann na Talún, nó i gClárlann na nGníomhas (lena n-áirítear an teideal atá ag an duine lena mbaineann an t-iarratas a chur i gcrích).

(2) Toimhdeofar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, go bhfuil lánchumas meabhrach sa duine.

(3) Níl feidhm ag an alt seo maidir le duine—

(a) is coimircí cúirte,

(b) a mbeidh duine ceaptha aige nó aici chun bheith ina aturnae nó ina haturnae dó nó di faoi chumhacht aturnae mharthanach agus—

(i) nach bhfuil an t-aturnae toirmiscthe ná srianta le téarmaí na cumhachta ó aon ní lena mbaineann an t-alt seo a chomhlíonadh, agus

(ii) go bhfuil an chumhacht aturnae mharthanach cláraithe agus nár cúlghaireadh an clárú,

(c) ar ina leith a thugtar cead de réir dlí do dhuine eile gníomhú ar son an duine sin i ndáil le ní lena mbaineann an t-alt seo d’ainneoin nach bhfuil an cumas sa duine lena mbaineann breith a thabhairt i ndáil le ní den sórt sin.

(4) (a) I gcás nach bhfuil an cumas sa duine (“ duine iomchuí ”) breith a thabhairt, de thuras na huaire, i ndáil le ní lena mbaineann an t-alt seo, féadfaidh duine d’aicme daoine dá dtagraítear i bhfo-alt (12) iarratas a dhéanamh chun na cúirte ar ordú lena gceapfar an duine sin chun bheith ina ionadaí nó ina hionadaí cúraim i ndáil le ní is ní lena mbaineann an t-alt seo agus atá sonraithe san ordú.

(b) Ní fhorléireofar aon ní i mír (a) mar ní lena gceanglaítear iarratas a dhéanamh i ndáil le duine iomchuí, mura rud é go mbeidh feidhm ag alt 16(3)(b).

(5) Más rud é gur deimhin leis an gcúirt go bhfuil an duine iomchuí lena mbaineann éagumasach, de thuras na huaire, ar bhreith lena mbaineann an t-alt seo a thabhairt, agus go gcinneann an chúirt go bhfuil sé ar mhaithe le leas an duine iomchuí lena mbaineann déanamh amhlaidh, ag féachaint do na nithe seo a leanas—

(a) mianta sainráite (más eol) an duine iomchuí lena mbaineann, agus

(b) dálaí an duine iomchuí lena mbaineann,

féadfaidh an chúirt duine a cheapadh chun bheith ina ionadaí cúraim nó ina hionadaí cúraim de réir an ailt seo.

(6) Féadfaidh an chúirt níos mó ná duine amháin a cheapadh chun bheith ina n-ionadaithe cúraim do dhuine iomchuí agus, mura n-ordóidh an chúirt a mhalairt, gníomhóidh na hionadaithe cúraim i gcomhpháirt.

(7) Maidir le hordú faoin alt seo lena gceaptar ionadaí cúraim, ní cheadófar leis don ionadaí cúraim aon bhreith a thabhairt nó aon bheart a dhéanamh thar ceann an duine iomchuí mura breith í an bhreith sin lena mbaineann an t-alt seo agus mura bhfuil sí sonraithe san ordú.

(8) Ní fhorléireofar ordú faoin alt seo mar ordú lena ndéantar cinneadh i leith chumas an duine iomchuí seachas i ndáil le ní lena mbaineann an t-alt seo agus a bheidh sonraithe san ordú.

(9) Maidir le hordú a dhéanfar faoin alt seo, ní dhéanfaidh sé difear do chumhacht an duine iomchuí lena mbaineann plé lena mhaoin nó lena maoin agus lena ghnóthaí nó lena gnóthaí.

(10) Déanfar fógra i dtaobh gach iarratais faoin alt seo a thabhairt don duine lena mbaineann an t-iarratas, mura gcinnfidh an chúirt nach gá fógra den sórt sin a thabhairt.

(11) Maidir le duine a iarrfaidh go gceapfar é nó í faoin alt seo, tabharfaidh sé nó sí don chúirt cibé faisnéis a cheanglóidh an chúirt i dtaca leis an iarratas.

(12) Faoi réir fho-ailt (13) go (15), féadfaidh duine a bhaineann le haicme de na haicmí seo a leanas iarratas a dhéanamh ar a cheapadh nó ar a ceapadh mar ionadaí cúraim:

(a) i gcás an duine a bheith ina dhuine nó ina duine de lánúin, an duine eile den lánúin;

(b) tuismitheoir leis an duine iomchuí;

(c) leanbh leis an duine iomchuí;

(d) deartháir nó deirfiúr (cibé acu is deartháir nó deirfiúr lánfhola nó leathfhola an duine) leis an duine iomchuí;

(e) neacht nó nia leis an duine iomchuí;

(f) ua leis an duine iomchuí;

(g) seanathair nó seanmháthair leis an duine iomchuí;

(h) aintín nó uncail leis an duine iomchuí;

(i) duine, seachas duine—

(i) is dílseánach tí banaltrais ina gcónaíonn an duine iomchuí nó ar dócha go gcónóidh sé nó sí ann, nó

(ii) is duine de na lia-chleachtóirí cláraithe a scrúdaigh an duine iomchuí agus a d’ullmhaigh tuarascáil dá dtagraítear i bhfo-alt (18) i leith an duine sin,

agus ar dóigh leis an gcúirt gur maith dóthanach an spéis atá aige nó aici i leas an duine.

(13) Is in ord tosaíochta íslitheach a oibreoidh ceart duine dá dtagraítear i bhfo-alt (12), ach féadfaidh duine a mbeidh tosaíocht níos mó aige nó aici toiliú i scríbhinn le hiarratas ag duine ar lú a thosaíocht nó a tosaíocht agus leis an duine sin a cheapadh.

(14) Féadfaidh duine dá dtagraítear i bhfo-alt (12) iarratas a dhéanamh fiú amháin más ann do dhuine a mbeidh an tosaíocht chéanna nó tosaíocht níos mó aige nó aici agus fiú amháin mura mbeidh toiliú faoi fho-alt (13) tugtha, agus tabharfar fógra i dtaobh an iarratais sin, faoi réir fho-alt (17), don uile dhuine den sórt sin a mbeidh an tosaíocht chéanna nó tosaíocht níos mó aige nó aici.

(15) Ní bheidh an chúirt faoi cheangal ag toiliú dá dtagraítear i bhfo-alt (13) a thabhairt.

(16) I gcás breis is aon duine amháin a bheith in aicme daoine dá dtagraítear i bhfo-alt (12), féadfaidh aon duine amháin den sórt sin iarratas a dhéanamh, ach déanfaidh an chúirt deimhin de go bhfuil fógra cuí i dtaobh an iarratais faighte ag an uile dhuine eile san aicme sin nó in aicme a mbeidh tosaíocht níos mó aici.

(17) Féadfaidh an chúirt ordacháin a thabhairt, is ordacháin a bhainfidh leis an tslí maidir le fógra a thabhairt do dhuine faoin alt seo agus féadfaidh sí a mheas gur leor aon fhógra a thabharfar nó féadfaidh sí, ar chúis réasúnach a bheith suite, gan fógra i dtaobh an iarratais a thabhairt.

(18) (a) Ní cheapfaidh an chúirt duine chun bheith ina ionadaí cúraim nó ina hionadaí cúraim mura mbeidh aici os a comhair tuarascáil ó bheirt lia-chleachtóir chláraithe a mbeidh scrúdú déanta acu ar an duine iomchuí lena mbaineann agus mura mbeidh daingniú sna tuarascálacha sin á rá nach bhfuil an cumas sa duine na breitheanna lena mbaineann an t-alt seo a thabhairt agus ina leagfar amach bonn an tátail sin.

(b) Beidh tuarascáil dá dtagraítear i mír (a) san fhoirm a fhorordófar, faoi rialacháin arna ndéanamh faoi alt 36, chun críocha na míre seo.

(19) Féadfaidh an chúirt cibé fianaise eile a éisteacht a bhaineann—

(a) le sláinte nó le dálaí an duine lena mbaineann, agus

(b) le dálaí pháirtnéir an duine lena mbaineann,

is dóigh léi is gá chun a chinneadh ar chóir di ordú a dhéanamh faoin alt seo.

(20) Féadfaidh an chúirt, ar bheith deimhin di gur cuí déanamh amhlaidh, duine a cheapadh de réir an ailt seo—

(a) is duine lánaoise lán-inniúil, agus

(b) is duine cuí agus cóir, i dtuairim na cúirte,

chun bheith ina ionadaí nó ina hionadaí (dá ngairtear “ ionadaí cúraim ” san alt seo) don duine a ndéanfar an t-iarratas ina leith.

(21) Ní cheapfaidh an chúirt duine chun bheith ina ionadaí cúraim nó ina hionadaí cúraim, más rud é—

(a) gur duine a breithníodh ina fhéimheach nó ina féimheach an duine sin, mura bhfuil an fhéimheacht urscaoilte nó mura bhfuil an breithniú curtha ar neamhní,

(b) gur duine a ciontaíodh i gcion lena ngabhann calaois nó mímhacántacht an duine sin, nó

(c) gur duine an duine sin a ciontaíodh i gcion in aghaidh an duine lena mbaineann nó in aghaidh mhaoin an duine lena mbaineann.

(22) Maidir le hordú lena gceaptar ionadaí cúraim, déanfar é faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis an gcúirt agus a shonrófar san ordú, ar coinníollacha iad lena srianfar cumhachtaí an ionadaí cúraim chun gníomhú i ndáil leis na nithe lena mbaineann an t-alt seo.

(23) Ní choiscfidh aon ní san alt seo ar an gCúirt duine a cheapadh chun bheith ina ionadaí cúraim nó ina hionadaí cúraim do gach duine de lánúin i gcás—

(a) go mbeidh forálacha an ailt seo comhlíonta i ndáil le gach duine den lánúin, agus

(b) go measfaidh an Chúirt gur ar mhaithe le leas gach duine den lánúin déanamh amhlaidh.

(24) Beidh an Fheidhmeannacht i dteideal plé le hionadaí cúraim amhail is dá mba é nó í an t-ionadaí cúraim sin an duine ar ceapadh é nó í ina leith agus amhail is dá mbeadh lán-inniúlacht dhlíthiúil ag an duine sin.

(25) I gcás go dtarlóidh teagmhas a shonraítear i bhfo-alt (21) maidir le hionadaí cúraim, ar teagmhas é a choiscfeadh ceapachán an duine sin mar gheall ar an bhfo-alt sin, scoirfidh an duine lena mbaineann de bheith ina ionadaí cúraim nó ina hionadaí cúraim agus cuirfidh an duine sin an scor sin in iúl don Fheidhmeannacht agus don Chúirt a rinne an ceapachán laistigh de 10 lá oibre ón scor sin.

(26) I gcás go scoirfidh ordú lena gceaptar ionadaí cúraim d'éifeacht a bheith leis (cibé ar bith cén chúis atá leis) ní dhéanfaidh an scor sin dochar do bhailíocht aon ní a rinne an t-ionadaí cúraim roimhe sin faoin gceapachán agus de réir an cheapacháin.

(27) Aon idirbheart a dhéanfar idir ionadaí cúraim agus duine eile beidh sé, i bhfabhar an duine eile sin, chomh bailí céanna is dá mba é nó í an duine lena mbaineann an t-ordú agus an duine eile sin a rinne é.

(28) I gcás go gceapfar duine chun bheith ina ionadaí cúraim nó ina hionadaí cúraim, beidh de dhualgas air nó uirthi gníomhú ar mhaithe le leas an duine ar ceapadh é nó í ina leith agus taifid a bhaineann lena ghníomhartha nó lena gníomhartha a choimeád, agus beidh de dhualgas air nó uirthi gach cúnamh réasúnach a thabhairt don Fheidhmeannacht i ndáil le hordú faoi alt 17(2) a chlárú.

(29) I gcás go mbeidh níos mó ná ionadaí cúraim amháin ceaptha ag an gcúirt faoi fho-alt (6), féadfar, ar fhógra a thabhairt d’aon ionadaí cúraim eile, iarratas a dhéanamh chun na cúirte ar ordacháin.

(30) Ar iarratas a bheith déanta chun na cúirte ag aon duine ar dealraitheach don chúirt leas maith dóthanach a bheith aige nó aici i leas an duine lena mbaineann an t-iarratas, féadfaidh an chúirt, de réir an ailt seo, duine a cheapadh chun bheith ina ionadaí cúraim nó ina hionadaí cúraim in ionad ionadaí cúraim a ceapadh roimhe sin, i gcás—

(a) go bhfuil an t-ionadaí cúraim a ceapadh roimhe sin tar éis bás a fháil nó nach bhfuil sé nó sí lánchumasach a thuilleadh,

(b) go bhfuil an t-ionadaí cúraim tar éis a chur in iúl don chúirt gur mian leis nó léi éirí as, nó

(c) go bhfuil an chúirt tar éis ceapadh an ionadaí cúraim a chúlghairm.

(31) Ar iarratas a bheith déanta chuici ag aon duine ar dóigh leis an gcúirt gur maith dóthanach an spéis atá aige nó aici i leas an duine lena mbaineann an t-ordú, féadfaidh an chúirt tráth ar bith a ordú do dhuine a cheapfar chun bheith ina ionadaí cúraim nó ina hionadaí cúraim aon cheann díobh seo a leanas a dhéanamh:

(a) tuarascáil ar a chuid gníomhartha nó a cuid gníomhartha mar ionadaí cúraim a ullmhú agus a chomhdú leis an gcúirt;

(b) freastal os comhair na cúirte agus cibé taifid agus doiciméid a shonrófar ina theannta nó ina teannta.

(32) Ar an iarratas a éisteacht faoi fho-alt (30) (31), féadfaidh an chúirt, más dóigh léi gur ar mhaithe le leas an duine déanamh amhlaidh, ceapadh duine a chúlghairm ar duine é nó í a ceapadh chun bheith ina ionadaí cúraim nó ina hionadaí cúraim agus duine eile a cheapadh chun bheith ina ionadaí cúraim nó ina hionadaí cúraim.

(33) I gcás go mbeidh níos mó ná duine amháin arna gceapadh chun gníomhú mar ionadaí cúraim do dhuine, féadfaidh an chúirt, le linn di an t-iarratas a éisteacht faoi fho-ailt (30)(31), an ceapachán a chúlghairm i leith duine amháin de na h-ionadaithe cúraim ach gan é a chúlghairm i leith an duine eile nó na ndaoine eile agus féadfaidh sí duine eile a cheapadh chun bheith ina ionadaí nó ina hionadaí cúraim in ionad an duine a ndearnadh a cheapachán nó a ceapachán a chúlghairm.

(34) I gcás go gcúlghaireann an chúirt ceapachán ionadaí cúraim ní dochar an chúlghairm sin do bhailíocht aon ní a rinne an t-ionadaí roimhe sin faoin gceapachán agus de réir an cheapacháin.

(35) Más rud é—

(a) maidir le hordú faoin alt seo; nó

(b) maidir le haon chinneadh nó gníomh a rinne ionadaí cúraim ar scór ordú faoin alt seo,

go ndéanann aon chúirt é a chur ar ceal nó a dhearbhú gur neamhbhailí é, ní dhéanfaidh an cur ar ceal nó an dearbhú neamhbhailíochta sin difear d’oibleagáid nó do dhliteanas—

(i) an duine ar thar a cheann nó thar a ceann a íocadh tacaíocht Stáit choimhdeach, nó

(ii) an duine a rinne, nó an duine ar thar a cheann nó thar a ceann a rinneadh, an t-iarratas ar thacaíocht Stáit choimhdeach a íoc,

an t-airgead sin a aisíoc amhail is dá mba rud é nach ndearnadh an t-ordú, an cinneadh nó an gníomh a chur ar ceal nó a dhearbhú neamhbhailí.

(36) Maidir le hiarratais nó imeachtaí—

(a) faoin alt seo, agus

(b) dá dtagraíonn fomhír (xxxvi) (a cuireadh isteach le halt 22) de mhír 1 den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht na gCúirteanna agus na nOifigeach Cúirte 1995,

déanfar iad a éisteacht ar shlí eile seachas go poiblí.

(37) Mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, is amhlaidh, maidir leis na ceanglais i ndáil le fógra a thabhairt, is ceanglais a bhfuil baint acu le hiarratas lena n-iarrtar ionadaí cúraim a cheapadh, go mbeidh feidhm acu freisin maidir le hiarratais faoi fho-ailt (30) agus (31).

(38) Maidir le haon iarratas nó imeachtaí faoin alt seo (lena n-áirítear ordú a dhéanamh faoin alt seo) i leith duine iomchuí, agus cibé acu an mbeidh feidhm ag fomhír (xxxvi) (a cuireadh isteach le halt 22) d’Acht na gCúirteanna agus na nOifigeach Cúirte 1995 in aon chás ar leith nó nach mbeidh—

(a) ní dhéanfaidh sé nó siad aon dochar do ghinearáltacht oibrithe aon rialach dlí nó forála reachtúla a mbeidh feidhm aige nó aici, nó a bhféadfaidh feidhm a bheith aige nó aici, i leith aon iarratais nó imeachtaí eile a mbeidh baint aige nó acu, cibé acu go hiomlán nó go páirteach, le cumas an duine iomchuí,

(b) tabharfar neamhaird air nó orthu, i leith aon iarratais nó imeachtaí eile dá dtagraítear i mír (a), a mhéid a bhainfidh an t-iarratas nó na himeachtaí eile sin, de réir mar a bheidh, le cumas an duine iomchuí, agus

(c) ní bheidh aon éifeacht leis nó leo ach amháin i dtaca le nithe a bhaineann leis an Acht seo.

(39) Maidir le haon tagairt do “ cúirt ” san alt seo, seachas i bhfo-alt (35), is tagairt í don Chúirt Chuarda agus maidir le feidhmiú chumhachtaí na cúirte sin, is cumhachtaí a thugtar leis an alt seo, beidh sé faoi dhlínse chuaird na Cúirte Cuarda—

(a) ina bhfuil cónaí ar an duine lena mbaineann an t-iarratas, tráth déanta an iarratais, nó

(b) ina raibh cónaí ar an duine lena mbaineann an t-iarratas, tráth ar bith le linn na tréimhse 3 bliana go díreach sula ndearnadh an t-iarratas.

(40) Aon iarratas chun na Cúirte Cuarda faoin alt seo, féadfar é a dhéanamh i gcontae ar bith den chuaird lena mbaineann, a bhféadfar de bhun fho-alt (39) iarratas a dhéanamh faoin alt seo chuici, agus féadfar é a aistriú laistigh den chuaird sin ó chontae go contae.

(41) San alt seo—

ciallaíonn “duine iomchuí” duine—

(a) atá ag fáil seirbhísí cúraim,

(b) a meastar go n-iarrfaidh sé nó sí seirbhísí cúraim, nó

(c) is páirtnéir do dhuine dá dtagraítear i mír (a) (b).

(42) San alt seo, folaíonn tagairt do “dálaí an duine” i ndáil le duine ar duine de lánúin é nó í, dálaí an duine eile den lánúin.

(43) Chun críocha an ailt seo, measfar nach bhfuil an cumas sa duine breith a thabhairt i ndáil le ní lena mbaineann an t-alt seo, mura féidir leis nó léi—

(a) an fhaisnéis is iomchuí maidir leis an mbreith a thuiscint,

(b) an fhaisnéis sin a mheabhrú,

(c) an fhaisnéis sin a úsáid nó a bhreithniú mar chuid den phróiseas arb éard é an bhreith a thabhairt, nó

(d) a bhreith nó a breith a chur in iúl (cibé acu trí labhairt, úsáid teanga comharthaíochta nó aon mhodh eile) nó, más gá de bharr na breithe gníomh ag tríú páirtí leis an mbreith a chur i ngníomh, cumarsáid a dhéanamh leis an tríú páirtí sin ar mhodh ar bith.

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht na gCúirteanna agus na nOifigeach Cúirte 1995.

22 .— Leasaítear an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht na gCúirteanna agus na nOifigeach Cúirte 1995 tríd an mír seo a leanas a chur leis:

“(xxxvi) Ordú chun ionadaí cúraim a cheapadh faoi alt 21 den Acht fán Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais 2009 mura ndéanann aon fhógra-pháirtí san iarratas agóid a bhaineann leis an gceapachán sin chun na Cúirte.”.