An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 4 Ionadaí Cúraim ) Ar Aghaidh ( CUID 6 Comhúinéireacht )

15 2009

An tAcht Fán Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais 2009

CUID 5

Fógra maidir le nithe sonraithe

Fógra maidir le bás nó le hurscaoileadh duine a soláthraítear tacaíocht airgeadais dó nó di faoin Scéim.

23 .— (1) Más rud é, maidir le duine a soláthraítear tacaíocht airgeadais dó nó di—

(a) go bhfaighidh sé nó sí bás i dteach banaltrais ceadaithe,

(b) go ndéantar é nó í a urscaoileadh as teach banaltrais ceadaithe, nó

(c) nach bhfuil sé nó sí ar shlí eile ina ghnáthchónaí nó ina gnáthchónaí a thuilleadh i dteach banaltrais ceadaithe,

déanfaidh dílseánach an tí banaltrais, tráth nach déanaí ná 3 lá oibre tar éis dháta bhás, urscaoileadh, nó imeacht eile, an duine, de réir mar a bheidh, fógra i scríbhinn a thabhairt don Fheidhmeannacht faoi na nithe seo a leanas—

(i) ainm an duine,

(ii) ainm agus seoladh na ndaoine seo a leanas—

(I) teagmhálaí ainmnithe an duine, nó

(II) neasghaol an duine, más eol, agus

(iii) dáta bhás, urscaoileadh nó imeacht eile an duine, de réir mar a bheidh.

(2) I gcás go mbeartóidh dílseánach tí banaltrais cheadaithe duine a soláthraítear tacaíocht airgeadais dó nó di a urscaoileadh as an teach banaltrais, déanfaidh an dílseánach, 10 lá oibre ar a laghad roimh an dáta a bheartaítear an duine a urscaoileadh, fógra i scríbhinn a thabhairt don Fheidhmeannacht i dtaobh na nithe seo a leanas—

(a) ainm an duine,

(b) an dáta a bheartaítear an duine a urscaoileadh, agus

(c) na cúiseanna atá leis an duine a urscaoileadh.

(3) Maidir le dílseánach tí banaltrais a sháraíonn fo-alt (1)(2) gan leithscéal réasúnach, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €1,000 a chur air nó uirthi.

(4) Más rud é, maidir le duine atá á chothabháil nó á cothabháil i dteach banaltrais ceadaithe—

(a) go dtosófar ar thacaíocht airgeadais a sholáthar dó nó di,

(b) go dtosófar ar leibhéal athraithe tacaíochta airgeadais a sholáthar dó nó di, nó

(c) go scoirfear de thacaíocht airgeadais a sholáthar dó nó di,

déanfaidh an Fheidhmeannacht, tráth nach déanaí ná 10 lá oibre tar éis an tosaithe sin nó an scoir sin, de réir mar a bheidh, fógra i scríbhinn a thabhairt do dhílseánach an tí banaltrais i dtaobh an tosaithe sin nó an scoir sin, de réir mar a bheidh.

(5) Beidh feidhm ag an alt seo, fairis na modhnuithe go léir is gá, maidir le saoráid dá dtagraítear i mír (a)(i) den mhíniú ar “ seirbhísí cúraim cónaithe fhadtéarmaigh ” agus maidir le dílseánach saoráide den sórt sin, agus beidh feidhm aige i ndáil leis an gcéanna, mar atá feidhm aige maidir le teach banaltrais ceadaithe agus maidir le dílseánach tí banaltrais cheadaithe agus mar atá feidhm aige i ndáil leis an gcéanna.

Fógra faoi athrú ábhartha ar dhálaí duine a soláthraítear tacaíocht airgeadais dó nó di.

24 .— (1) Déanfaidh duine (nó ionadaí cúraim an duine, más ann) is ábhar d’iarratas ar thacaíocht Stáit nó a soláthraítear tacaíocht airgeadais dó nó di fógra i scríbhinn a thabhairt don Fheidhmeannacht faoi aon athrú ábhartha ar dhálaí tráth nach déanaí ná 10 lá oibre tar éis an t-athrú ábhartha ar dhálaí a theacht ar iúl an duine.

(2) Aon duine a sháraíonn fo-alt (1), gan leithscéal réasúnach, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €1,000 a chur air nó uirthi.

(3) Aon duine a dhéanann, i gcomhlíonadh nó i gcomhlíonadh airbheartaithe an ailt seo, faisnéis atá bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha a thabhairt go feasach nó go meargánta don Fheidhmeannacht, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 3 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(4) San alt seo, ciallaíonn “ athrú ábhartha ar dhálaí ”, i ndáil le duine, aon athrú ar dhálaí na ndaoine seo a leanas—

(a) an duine nó leanbh de chuid an duine atá faoi bhun 21 bhliain d’aois, nó

(b) más duine de lánúin an duine, páirtnéir an duine nó, murab ionann agus leanbh a thagann faoi réim mhír (a), leanbh de chuid an pháirtnéara sin atá faoi bhun 21 bhliain d’aois,

arb é an toradh a fhéadfaidh a bheith air—

(i) nach soláthrófar tacaíocht airgeadais don duine,

(ii) go laghdófar an méid tacaíochta airgeadais a sholáthraítear don duine, nó

(iii) go scoirfear den tacaíocht airgeadais a sholáthraítear don duine a sholáthar.

Fógra faoi athrú ar dhálaí daoine bainteacha, etc.

25 .— (1) I gcás go mbeidh feidhm ag alt 20 mar gheall ar mhír (a) d’fho-alt (2) den alt sin, agus go scoirfidh an mhír sin d’fheidhm a bheith aici, déanfaidh an páirtnéir marthanach lena mbaineann nó a ionadaí nó a hionadaí fógra faoin méid sin a thabhairt don Fheidhmeannacht laistigh de 20 lá oibre ó dheireadh a theacht le feidhm alt 20(2)(a).

(2) I gcás go mbeidh feidhm ag alt 20 mar gheall ar mhír (b) d’fho-alt (2) den alt sin, agus go mbeidh athrú tagtha ar dhálaí an duine bhaintigh ar shlí a d’fhágfadh go scoirfeadh fomhír (i)(iii) den mhír sin d’fheidhm a bheith aici, déanfaidh an duine bainteach nó a ionadaí nó a hionadaí fógra faoin méid sin a thabhairt don Fheidhmeannacht laistigh de 20 lá oibre tar éis don fhomhír lena mbaineann scor d’fheidhm a bheith aici.

(3) I gcás go mbeidh feidhm ag alt 20 mar gheall ar mhír (b) d’fho-alt (2) den alt sin agus go scoirfidh duine bainteach de bheith ina dhuine bainteach nó ina duine bainteach, déanfaidh an duine sin fógra faoin méid sin a thabhairt don Fheidhmeannacht laistigh de 20 lá oibre tar éis an scoir sin.

(4) I gcás go bhfaighidh duine is páirtnéir duine ar ina leith a íocadh tacaíocht Stáit choimhdeach nó duine bainteach bás agus go bhfuil aisíocaíocht tacaíochta Stáit coimhdí arna hiarchur faoi alt 20, cuirfidh ionadaí pearsanta an duine éagtha an bás in iúl don Fheidhmeannacht a luaithe is indéanta tar éis an bháis, ach in aon chás tráth nach déanaí ná 20 lá oibre tar éis deonú ionadaíochta a eisiúint i leith eastát an duine éagtha lena mbaineann.

(5) Aon duine a sháraíonn fo-alt (1), (2)(3) gan leithscéal réasúnach, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €1,000 a chur air nó uirthi.

Airgead arna airleacan mar thacaíocht Stáit choimhdeach a bhailiú.

26 .— (1) I gcás go ndearna an Fheidhmeannacht airgead a airleacan mar thacaíocht Stáit choimhdeach agus go dtarlóidh teagmhas iomchuí nó teagmhas iomchuí iarchurtha, déanfaidh an Fheidhmeannacht, de réir alt 1920 agus Sceideal 2, an méid a bheidh dlite i ndáil leis an tacaíocht sin (dá ngairtear an “méid inaisíoctha” san alt seo) a ríomh agus fógra i dtaobh an mhéid sin, agus sonraí maidir leis an gcaoi a ríomhtar é, a thabhairt don duine cuntasach iomchuí.

(2) (a) Is fiach a bheidh dlite don Fheidhmeannacht agus iníoctha léi an méid inaisíoctha mar aon le haon ús ar an méid sin.

(b) Gníomhóidh na Coimisinéirí Ioncaim mar ghníomhaire don Fheidhmeannacht i leith airgead a bhailiú a bheidh dlite don Fheidhmeannacht faoin Acht seo i ndáil le tacaíocht Stáit choimhdeach.

(3) Tabharfaidh an Fheidhmeannacht fógra i dtaobh na nithe seo a leanas do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh den tréimhse iomchuí dá dtagraítear i bhfo-alt (4)

(a) an méid is inaisíoctha,

(b) sonraí faoin gcaoi a ríomhtar an méid sin,

(c) sonraí faoin tsócmhainn nó faoi na sócmhainní a n-urraítear an méid inaisíoctha ina n-aghaidh,

(d) an teagmhas iomchuí nó an teagmhas iomchuí iarchurtha, de réir mar a bheidh, agus dáta an teagmhais sin,

(e) ainm, Uimhir PSP agus seoladh na ndaoine seo a leanas—

(i) an duine ar íocadh tacaíocht Stáit choimhdeach ina leith,

(ii) i gcás gur duine de lánúin an duine dá dtagraítear i bhfomhír (i), páirtnéir an duine sin, agus

(iii) an duine cuntasach iomchuí (más eol don Fheidhmeannacht é nó í),

agus

(f) cibé faisnéis eile a theastóidh le réasún ó na Coimisinéirí Ioncaim chun críocha an ailt seo.

(4) Ciallaíonn an tréimhse iomchuí dá dtagraítear i bhfo-alt (3)

(a) i gcás teagmhais iomchuí is bás duine agus más rud é gurb í an tsócmhainn lena mbaineann, nó gur ceann de na sócmhainní lena mbaineann, príomháit chónaithe an duine, an tréimhse 3 mhí tar éis don Fheidhmeannacht (tar éis di teacht ar an eolas gur tharla an teagmhas iomchuí) a bheith deimhin de nach bhfuil feidhm ag alt 20, agus

(b) in aon chás eile, an tréimhse 3 mhí tar éis dó teacht ar iúl na Feidhmeannachta gur tharla teagmhas iomchuí nó teagmhas iomchuí iarchurtha.

(5) I gcás go dtiocfaidh méid chun bheith ina mhéid inaisíoctha mar gheall ar bhás duine a ndearnadh tacaíocht Stáit choimhdeach a airleacan ina leith nó mar gheall ar bhás páirtnéara duine den sórt sin, beidh an méid inaisíoctha (maille le hús arna fhabhrú de réir fho-alt (6)) ina fhiach a bheidh dlite agus iníoctha amach as eastát an duine éagtha.

(6) Go dtí go ndéanfar an méid inaisíoctha a urscaoileadh do na Coimisinéirí Ioncaim leanfaidh ús de bheith ag fabhrú, de réir na rialachán arna ndéanamh faoi alt 36, ar an gcuid sin den mhéid inaisíoctha arb éard atá inti comhiomlán na méideanna tacaíochta Stáit coimhdí arna choigeartú de réir Sceideal 2.

(7) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cibé faisnéis a thabhairt don Fheidhmeannacht a bhaineann leis an méid inaisíoctha agus aon ús a fhabhróidh ar an méid sin de bhun rialachán arna ndéanamh faoi alt 36 a bhailiú.

(8) (a) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim gach beart a dhéanamh is cuí leo chun an méid inaisíoctha agus ús arna fhabhrú ar an gcéanna a ghnóthú, lena n-áirítear imeachtaí dlí a thionscnamh ina n-ainm féin.

(b) I ngach cás ina dtionscnóidh na Coimisinéirí Ioncaim imeachtaí dlí de bhun mhír (a), sonrófar go soiléir sna himeachtaí gur de bhun an Achta fán Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais 2009 atáthar á dtionscnamh.

(9) I gcás go ndéanfaidh an Fheidhmeannacht airgead a airleacan mar thacaíocht Stáit choimhdeach ní thosóidh na Coimisinéirí Ioncaim aon chaingean—

(a) chun an méid inaisíoctha nó ús ar aon chuid den mhéid inaisíoctha a ghnóthú, ná

(b) lena n-iarrtar an tsócmhainn iomchuí a dhíol,

tar éis 12 bhliain a bheith caite tar éis an teagmhas iomchuí nó an teagmhas iomchuí iarchurtha lena mbaineann a tharlú.

(10) Is faoi chúram agus faoi bhainistiú na gCoimisinéirí Ioncaim a bheidh bailiú agus gnóthú méid inaisíoctha agus féadfaidh na Coimisinéirí na gníomhartha sin go léir a dhéanamh a mheasfar is gá agus is fóirsteanach chun méid inaisíoctha a bhailiú agus a fháil agus chun cuntas a thabhairt ina leith sa tslí a údaraítear dóibh chomh hiomlán dóthanach agus a údaraítear dóibh a dhéanamh maidir le cáin ioncaim faoina gcúram agus faoina mbainistiú.

(11) Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim airgead a gheobhaidh na Coimisinéirí Ioncaim faoin alt seo a íoc isteach sa Phríomh-Chiste.

(12) Tá feidhm ag an alt seo d’ainneoin aon fhorála de na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003.

(13) Is é nó is í an duine a bheidh cuntasach go príomha i ndáil leis an méid is inaisíoctha leis na Coimisinéirí a íoc—

(a) an duine ar ina leith a íocadh tacaíocht Stáit choimhdeach;

(b) i gcás gur duine de lánúin an duine dá dtagraítear i mír (a), páirtnéir an duine sin;

(c) i gcás gur duine éagtha an duine dá dtagraítear i mír (a), ionadaí pearsanta an duine sin;

(d) i gcás go bhfuil feidhm ag alt 20, gach duine ag a bhfuil leas sa tsócmhainn;

(e) i gcás gur duine éagtha duine dá dtagraítear i mír (d), ionadaí pearsanta an duine sin.

(14) Aon duine a thiocfaidh chun a bheith i dteideal leasa sa tsócmhainn, ar leas é a mbeidh an méid inaisíoctha urraithe ina aghaidh, beidh sé nó sí cuntasach freisin i ndáil leis an méid is inaisíoctha a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim.

(15) (a) Ní mó dliteanas duine dá dtagraítear i bhfo-alt (13)(c)(e) ná luach comhlán eastát an duine éagtha lena mbaineann lúide méid na gcaiteachas adhlactha agus tiomnach.

(b) Ní mó dliteanas duine dá dtagraítear i bhfo-alt (14) ná méid luach an leasa sa tsócmhainn a dtagann an duine chun a bheith ina theideal.

(16) San alt seo, ciallaíonn “ duine cuntasach iomchuí ”—

(a) duine atá cuntasach go príomha maidir le teagmhas iomchuí áirithe nó le teagmhas iomchuí iarchurtha áirithe, agus

(b) duine atá cuntasach de bhíthin fho-alt (14),

i ndáil leis an méid is inaisíoctha a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Sceideal sócmhainní a chur faoi bhráid na Feidhmeannachta i gcás go bhfuair duine éagtha tacaíocht airgeadais faoin Scéim.

27 .— (1) Tá feidhm ag an alt seo maidir le duine éagtha—

(a) ar ina leith a soláthraíodh tacaíocht airgeadais aon tráth, nó

(b) ar soláthraíodh tacaíocht airgeadais aon tráth i leith a pháirtnéara nó a páirtnéara.

(2) Déanfaidh ionadaí pearsanta duine éagtha a bhfuil feidhm ag an alt seo i ndáil leis nó léi—

(a) a luaithe is indéanta ach, in aon chás, 3 mhí ar a laghad sula ndéantar aon dáileadh ar shócmhainní eastát an duine—

(i) fógra i scríbhinn a thabhairt don Fheidhmeannacht go bhfuil sé beartaithe ag an ionadaí na sócmhainní a dháileadh, agus

(ii) sceideal de na sócmhainní a thabhairt don Fheidhmeannacht faoi threoir an ráitis dá dtagraítear in alt 48(2) den Acht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003 agus is infheidhme i gcás an eastáit sin,

agus

(b) má iarrann an Fheidhmeannacht i scríbhinn air nó uirthi déanamh amhlaidh roimh dheireadh na tréimhse dá dtagraítear i mír (a), a chinntiú go gcoinneofar acmhainní de chuid an eastáit ar leor iad chun aon mhéid a bheith dlite agus iníoctha a aisíoc—

(i) i leith an mhéid a bheidh dlite i ndáil le hairleacain tacaíochta Stáit coimhdí arna n-íoc i leith duine, nó ar iarraidh ó dhuine,

(ii) de bhun alt 42 i leith an duine éagtha.

(3) Chun méid dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(b) a chinneadh, agus d’ainneoin aon fhorála eile den Acht seo, déanfar acmhainn an duine éagtha lena mbaineann, don tréimhse ar soláthraíodh tacaíocht airgeadais don duine lena linn, a ríomh, d’éagmais fianaise dá mhalairt, ar an mbonn gur leis an duine don tréimhse sin go léir sócmhainní an duine tráth bhás an duine.

(4) Gan dochar d’aon oibleagáid nó dliteanas eile, beidh ionadaí pearsanta duine éagtha, a sháraíonn fo-alt (2) agus a dháileann sócmhainní eastát an duine gan aon mhéid dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(b) a íoc, faoi dhliteanas pearsanta i leith an mhéid sin ach ní mó an dliteanas sin ná luach comhlán an eastáit lúide caiteachais adhlactha agus thiomnacha an duine éagtha.

Orduithe a urscaoileadh arna ndéanamh faoi alt 17.

28 .— (1) I gcás go mbeidh an t-airgead a airleacfar ar mhodh tacaíochta Stáit coimhdí, arna choigeartú de réir an Achta seo (i dteannta aon úis is iníoctha), urscaoilte, eiseoidh an Fheidhmeannacht admháil agus feidhmeoidh an admháil mar urscaoileadh nó scaoileadh ar an ordú dá dtagraíonn sé agus féadfar í a chlárú i gClárlann na Talún nó i gClárlann na nGníomhas, de réir mar is cuí.

(2) Féadfaidh duine údaraithe admháil faoi fho-alt (1) a eisiúint.

(3) Féadfaidh duine údaraithe iarratas a dhéanamh chuig an Údarás Clárúcháin Maoine ar thaifead muirir ar chlár na maoine a muirearaíodh a chealú i gClárlann na Talún, i gcás go mbaineann an muirear sin le hordú arna chruthú faoi alt 17, agus féadfar an t-iarratas sin a dhéanamh trí mheán leictreonach más rud é—

(a) go dtaiscfear é trí mheán leictreonach ar mhodh a bheidh ceadaithe ag an Údarás Clárúcháin Maoine, agus

(b) go gcomhlíonann sé na ceanglais arna sonrú ag an Údarás Clárúcháin Maoine.

(4) Is san fhoirm a fhorordaítear le rialacháin arna ndéanamh faoi alt 36 a bheidh admháil faoi fho-alt (1) agus iarratas faoi fho-alt (3).

(5) I gcás go ndéanfar iarratas faoi fho-alt (3) chuig an Údarás Clárúcháin Maoine i bhfoirm leictreonach, ar iarratas é a airbheartaíonn a bheith déanta ag duine údaraithe, toimhdeoidh an tÚdarás Clárúcháin Maoine gurb é nó í an duine a airbheartaíonn sé a rinne agus a tharchuir an doiciméad leictreonach sin an duine a rinne agus a tharchuir é.