An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 6 Comhúinéireacht ) Ar Aghaidh ( CUID 8 Muirir i Leith Seirbhísí Cúraim )

15 2009

An tAcht Fán Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais 2009

CUID 7

Athbhreithnithe agus Achomhairc

Athbhreithnithe.

30 .— (1) Faoi réir fho-ailt (5), (6) agus (7), féadfaidh an Fheidhmeannacht, maidir le duine a mbeidh seirbhísí cúraim á soláthar dó nó di nó a mbeidh cinneadh déanta ar a iarratas nó a hiarratas ar thacaíocht Stáit, agus cibé acu ar a tionscnamh féin nó ar iarraidh ón duine, a shocrú aon tráth go ndéanfar athbhreithniú ar gach ní nó aon ní díobh seo a leanas, de réir mar is cuí:

(a) riachtanais chúraim an duine ar an mbonn céanna a shonraítear in alt 7(6);

(b) an mheasúnacht airgeadais maidir leis an duine arna déanamh faoi alt 10;

(c) méid seachtainiúil na n-íocaíochtaí i leith an duine arna ndéanamh trí thacaíocht Stáit choimhdeach.

(2) Cuirfidh an Fheidhmeannacht faoi deara go ndéanfaidh duine oiriúnach athbhreithniú faoin alt seo.

(3) Déanfaidh an duine oiriúnach a dhéanfaidh athbhreithniú faoin alt seo tuarascáil maidir leis an gcéanna a ullmhú agus a sholáthar don Fheidhmeannacht.

(4) I gcás gur deimhin leis an bhFeidhmeannacht, ag féachaint d’athbhreithniú faoin alt seo agus don tuarascáil a soláthraíodh di faoi fho-alt (3), gur chóir an cinneadh nó an ní is ábhar don athbhreithniú a athrú, féadfaidh sí a chinneadh go ndéanfar an cinneadh nó an ní atá faoi athbhreithniú a athrú dá réir.

(5) Beidh éifeacht, faoi réir fho-alt (6) agus mura gcinnfidh an Fheidhmeannacht a mhalairt (go háirithe in aon chás inar sáraíodh aon cheanglas den Acht seo atá iomchuí maidir leis an gcinneadh nó maidir leis an ní is ábhar don athbhreithniú), le hathrú dá dtagraítear i bhfo-alt (4) ón dáta a dhéanfar an cinneadh faoi fho-alt (4).

(6) Más rud é, maidir le cinneadh faoi fho-alt (4)

(a) go mbeidh de thoradh air go n-ardófar acmhainn sheachtainiúil mheasúnaithe duine, nó

(b) go mbeidh de thoradh air go n-ísleofar méid na n-íocaíochtaí seachtainiúla tacaíochta Stáit coimhdí,

ní dhéanfaidh an Fheidhmeannacht an cinneadh sin a chur i ngníomh sula mbeidh 40 lá oibre caite tar éis an dáta a thug sé fógra faoin gcinneadh faoi fho-alt (8).

(7) Ní ceadmhach do dhuine seachas an Fheidhmeannacht athbhreithniú ar chinneadh a bhaineann le measúnacht airgeadais a iarraidh mura rud é—

(a) go mbeidh 12 mhí caite ó dháta na measúnachta airgeadais tosaigh nó an athbhreithnithe is déanaí ar an measúnacht sin faoin alt seo (cibé acu is déanaí), nó

(b) go mbeidh, chun sástacht na Feidhmeannachta, athrú ábhartha tagtha ar dhálaí airgeadais an duine sin ón measúnacht airgeadais nó ón athbhreithniú is déanaí ar an measúnacht sin faoin alt seo (cibé acu is déanaí).

(8) I gcás go dtabharfaidh an Fheidhmeannacht breith faoi fho-alt (4) i leith duine, déanfaidh sí, tráth nach déanaí ná 10 lá oibre tar éis dháta na breithe, fógra i scríbhinn i dtaobh an chinnidh sin a thabhairt, ar fógra é ina luafaidh sí na cúiseanna atá leis an mbreith agus a mbeidh cóip den tuarascáil lena mbaineann a soláthraíodh don Fheidhmeannacht faoi fho-alt (3) ag gabháil leis, a thabhairt don duine.

Achomhairc i ndáil le cruatan i gcásanna áirithe.

31 .— (1) I gcás go ndéanann an Fheidhmeannacht, i dtaca le measúnacht airgeadais a dhéanamh ar dhuine, mír aistrithe a chur i gcuntas le linn acmhainn an duine a chinneadh agus go ndearnadh an mhír aistrithe a aistriú roimh an 9 Deireadh Fómhair 2008, féadfaidh an duine iarratas a dhéanamh chun na Feidhmeannachta ar acmhainn an duine a athríomh trí mhír nó míreanna de na míreanna aistrithe a eisiamh ar an bhforas gur gá déanamh amhlaidh chun cruatan airgeadais míchuí, a eascraíonn as an mír sin a áireamh sa mheasúnacht airgeadais i ndáil le duine iomchuí, a sheachaint.

(2) Féadfaidh an Fheidhmeannacht diúltú iarratas ó dhuine faoi fho-alt (1) a bhreithniú nó a bhreithniú tuilleadh más rud é—

(a) nach gcomhlíonann an t-iarratas an fo-alt sin, nó

(b) go mainníonn duine iomchuí cibé faisnéis, de bhreis ar an bhfaisnéis arna soláthar san iarratas nó i dteannta an iarratais, a sholáthar don Fheidhmeannacht a theastóidh ón bhFeidhmeannacht le réasún chun a chumasú di an t-iarratas a chinneadh faoi fho-alt (5).

(3) I gcás go ndiúltaíonn an Fheidhmeannacht faoi fho-alt (2) iarratas faoi fho-alt (1) ó dhuine a bhreithniú nó a bhreithniú tuilleadh, déanfaidh sí, tráth nach déanaí ná 10 lá oibre tar éis an diúltaithe, fógra i scríbhinn a thabhairt don duine maidir leis an mbreith agus na cúiseanna atá leis an mbreith.

(4) Aon duine a thugann don Fheidhmeannacht, go feasach nó go meargánta, faisnéis atá bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha in iarratas, i dteannta iarratais nó i dtaca le hiarratas faoi fho-alt (1), tá sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 3 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(5) Déanfaidh an Fheidhmeannacht iarratas faoi fho-alt (1) a chinneadh—

(a) más deimhin leis an bhFeidhmeannacht gur gá athríomh (lena n-eisítear mír nó míreanna aistrithe) a dhéanamh ar acmhainn an duine d’fhonn cruatan airgeadais míchuí a sheachaint i ndáil le duine iomchuí, tríd an athríomh a dhéanamh agus méid acmhainn seachtainiúla measúnaithe an duine a choigeartú dá réir sin,

(b) mura deimhin leis an bhFeidhmeannacht amhlaidh, trí dhiúltú don iarratas.

(6) I gcás go gcinnfidh an Fheidhmeannacht, faoi fho-alt (1), iarratas faoi fho-alt (1) ó dhuine, déanfaidh sí, laistigh de 10 lá oibre tar éis an chinnidh, fógra i scríbhinn a thabhairt don duine faoin mbreith agus faoi na cúiseanna ata leis an mbreith.

(7) San alt seo—

ciallaíonn “duine infheidhme”, i ndáil le hiarratas faoi fho-alt (1)

(a) an duine lena mbaineann an mheasúnacht airgeadais,

(b) i gcás gur duine de lánúin an duine lena mbaineann an mheasúnacht airgeadais, páirtnéir an duine sin, nó

(c) leanbh de chuid duine dá dtagraítear i mír (a)(b) i gcás go bhfuil an leanbh sin faoi bhun 21 bhliain d'aois;

ciallaíonn “ítim aistrithe” ioncam aistrithe nó sócmhainn aistrithe.

Achomhairc in aghaidh breitheanna áirithe ón bhFeidhmeannacht.

32 .— (1) Faoi réir fho-alt (2), féadfaidh duine (“an t-achomharcóir”) arb éagóir leis nó léi breith ón bhFeidhmeannacht dá dtagraítear in alt 7(8), 9(3), 10(7), 11(1), 16, 30(4), 31(2)31(5) achomharc a dhéanamh in aghaidh na breithe trí fhógra a thabhairt don Fheidhmeannacht—

(a) san fhoirm shonraithe, ar fógra é ina luaitear na cúiseanna atá leis an achomharc, agus

(b) tráth nach déanaí ná 40 lá tar éis fógra maidir leis an mbreith a bheith tugtha don achomharcóir faoi alt 7(9), 9(4), 10(8), 11(3), 16(16), 30(8), 31(3)31(6) faoi seach.

(2) (a) Déanfaidh an Fheidhmeannacht, le toiliú an Aire, painéal de dhaoine oiriúnacha a cheapadh chun achomhairc a gheofar faoi fho-alt (1) a bhreithniú.

(b) I gcás go bhfaighidh an Fheidhmeannacht achomharc faoi fho-alt (1), ceapfaidh sí duine oiriúnach ón bpainéal dá dtagraítear i mír (a) chun an t-achomharc a bhreithniú.

(3) Maidir leis an duine a cheapfar de bhun fho-alt (2) chun achomharc faoi fho-alt (1) a bhreithniú—

(a) beidh sé nó sí neamhspleách i gcomhlíonadh fheidhmeanna an duine faoin Acht seo mar dhuine arna cheapadh nó arna ceapadh amhlaidh,

(b) ní bheidh sé nó sí teoranta do na forais ar a raibh breith na Feidhmeannachta bunaithe, ach féadfaidh sé nó sí breith a thabhairt ar an ní is ábhar don achomharc amhail is dá mbeadh breith á tabhairt air den chéad uair,

(c) faoi réir mhír (a), déanfaidh sé nó sí de réir treoirlínte a eiseoidh an Fheidhmeannacht faoi alt 35 i leith an nóis imeachta a bheidh le leanúint maidir le haon achomharc a bhreithniú,

(d) déanfaidh sé nó sí breithniú ar aon agóidí i scríbhinn nó ó bhéal a dhéanfaidh an t-achomharcóir mar thaca leis an achomharc,

(e) déanfaidh sé nó sí breith (“breith iomchuí”) i scríbhinn, lena gcinnfear an t-achomharc, agus féadfar leis an mbreith sin—

(i) an bhreith is ábhar don achomharc a dhaingniú,

(ii) an bhreith sin a chúlghairm agus cibé breith eile is cuí leis an duine a chur ina hionad, nó

(iii) an ní lena mbaineann a tharchur ar ais chuig an bhFeidhmeannacht lena athbhreithniú de réir cibé ordachán is cuí leis an duine,

(f) déanfaidh sé nó sí cóip den bhreith iomchuí a chur chuig an achomharcóir agus chuig an bhFeidhmeannacht mar aon leis na cúiseanna atá ag an duine leis an mbreith iomchuí, agus

(g) déanfaidh sé nó sí cibé ordacháin is cuí leis an duine a thabhairt don Fheidhmeannacht.

(4) Aon duine (lena n-áirítear an Fheidhmeannacht) arb éagóir leis nó léi an bhreith iomchuí, féadfaidh sé nó sí achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte i gcoinne na breithe ar phonc dlí.

(5) Is ar shlí seachas go poiblí a éistfear achomharc faoi fho-alt (4) i gcás go n-iarrfaidh an t-achomharcóir amhlaidh.

(6) Déanfaidh an Fheidhmeannacht, ar dhéanamh de réir aon ordacháin arna thabhairt faoi fho-alt (3)(e)(iii)(g), fógra i scríbhinn a thabhairt don achomharcóir lena mbaineann á rá go ndearna an Fheidhmeannacht de réir an ordacháin.

(7) Aon tagairt san alt seo do bhreith arna tabhairt ag an bhFeidhmeannacht folaíonn sí cinneadh agus diúltú arna dhéanamh ag an bhFeidhmeannacht.