An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 7 Athbhreithnithe agus Achomhairc ) Ar Aghaidh ( CUID 9 Ilghnéitheach )

15 2009

An tAcht Fán Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais 2009

CUID 8

Muirir i Leith Seirbhísí Cúraim

Muirir i leith seirbhísí cúraim.

33 .— (1) D’ainneoin aon fhorála reachtúla eile, féadfaidh an Fheidhmeannacht muirir a ghearradh i leith seirbhísí cúraim de réir bhrí mhír (a)(i) den mhíniú ar “seirbhísí cúraim cónaithe fhadtéarmaigh” a sholáthar.

(2) Tar éis dul i gcomhairle leis an bhFeidhmeannacht, déanfaidh an tAire mionsonraí maidir leis na hearraí agus na seirbhísí arb éard iad seirbhísí cúraim de réir bhrí mhír (a)(i) den mhíniú ar “ seirbhísí cúraim cónaithe fhadtéarmaigh ” a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

(3) Ní bheidh muirir i leith seirbhísí cúraim de réir bhrí mhír (a)(i) den mhíniú ar “seirbhísí cúraim cónaithe fhadtéarmaigh” a sholáthraíonn an Fheidhmeannacht níos mó ná an costas a bhaineann leis na seirbhísí sin a sholáthar, ar costas é a chinnfidh an Fheidhmeannacht de réir fho-alt (2).

(4) Le linn costas seirbhísí cúraim a chinneadh de réir fho-ailt (2) agus (3), ní dhéanfaidh an Fheidhmeannacht—

(a) faoi réir mhír (b), ach amháin na costais arna dtabhú ag an bhFeidhmeannacht i ndáil le soláthar na seirbhísí cúraim sin a áireamh, agus

(b) costais nach inchurtha go díreach i leith sholáthar na seirbhísí cúraim sin a áireamh ach amháin na costais sin a bheidh forordaithe, faoi rialacháin arna ndéanamh faoi alt 36, chun críocha na míre seo.

(5) Ní bheidh muirir i leith seirbhísí cúraim de réir bhrí mhír (a)(i) den mhíniú ar “seirbhísí cúraim cónaithe fhadtéarmaigh” in alt 3 a sholáthraítear thar ceann na Feidhmeannachta níos mó ná an costas arna dtabhú ag an bhFeidhmeannacht i ndáil le soláthar na seirbhísí cúraim sin.

(6) Féadfar muirir éagsúla a ghearradh faoi threoir na haicme seirbhísí cúraim a sholáthraítear agus chostas na haicme seirbhísí cúraim sin arna chinneadh de réir fho-ailt (3) go (5).

(7) Ní bheidh muirir faoin alt seo iníoctha i leith seirbhísí cúraim a sholáthraíonn an Fheidhmeannacht nó a sholáthraítear thar ceann na Feidhmeannachta—

(a) do dhuine atá faoin bhun 18 mbliana d’aois,

(b) do bhean i leith máithreachta,

(c) do dhuine a choinnítear dá ainneoin nó dá hainneoin faoi na hAchtanna Meabhair-Shláinte 1945 go 2001,

(d) do dhuine a mbeidh, de bhun alt 2 den Acht Sláinte (Leasú) 1996, i dtuairim na Feidhmeannachta, Heipitíteas C tolgtha aige nó aici go díreach nó go neamhdhíreach ó Fhrith-D Imdhíonghlóbailine Daonna a úsáid nó ó tháirge fola eile nó aistriú fola a fháil laistigh den Stát, nó

(e) do dhuine i leith chóireáil na ngalar a fhorordaítear faoi Chuid IV den Acht Sláinte 1947.

Leasú ar an Acht Sláinte 1970.

34 .— (1) Leasaítear alt 52 den Acht Sláinte 1970 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Féadfaidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte seirbhísí cúraim cónaithe fhadtéarmaigh de réir bhrí an Achta fán Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais 2009 a chur ar fáil.”.

(2) Leasaítear alt 53 (arna leasú le halt 4 den Acht Sláinte (Leasú) 2005) den Acht Sláinte 1970—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Faoi réir fho-alt (1A), ní ghearrfar táillí i leith seirbhísí d’othair chónaithe arna gcur ar fáil faoi alt 52 ach amháin mar a fhoráiltear i bhfo-alt (2).”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Gearrfar táillí i leith seirbhísí cúraim cónaithe fhadtéarmaigh de réir an Achta fán Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais 2009.

(1B) Forléireofar tagairt i bhfo-alt (1A) do sheirbhísí cúraim cónaithe fhadtéarmaigh mar thagairt do sheirbhísí cúraim cónaithe fhadtéarmaigh de réir bhrí an Achta fán Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais 2009 maidir le seirbhísí den sórt sin arna soláthar do dhuine a thosaíonn ar na seirbhísí sin a fháil den chéad uair tráth tar éis teacht i ngníomh d’alt 6(2)(c) den Acht fán Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais 2009.

(1C) Ní cheanglófar ar dhuine a mbeidh táillí á ngearradh ina leith faoi fho-alt (2) táillí faoi fho-alt (1A) a íoc.”.

(3) Leasaítear an tAcht Sláinte 1970 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 53:

“Táillí i leith seirbhísí d’othair chónaithe i gcásanna áirithe.

53A.— (1) Tá feidhm ag an alt seo i gcás go soláthraítear seirbhísí d’othair chónaithe (nach seirbhísí cúraim cónaithe fhadtéarmaigh de réir bhrí an Achta fan Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais 2009) do dhuine in ospidéal chun cúram agus cóireáil a thabhairt d’othair a bhfuil mór-éalanga orthu (lena n-áirítear aon éalang shíciatrach) agus i gcás go bhfuil sé deimhnithe i scríbhinn ag lia-chleachtóir arna ainmniú nó arna hainmniú ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte nach bhfuil gá ag an duine atá ag fáil na seirbhísí sin le géarchúram agus géarchóireáil liachta i leith aon éalainge den sórt sin.

(2) I gcás go bhfuil feidhm ag an alt seo, d’ainneoin alt 53, féadfar táillí a ghearradh i leith seirbhísí d’othair chónaithe ar an mbonn a shonraítear i bhfo-alt (3) amhail is dá mba sheirbhísí cúraim cónaithe fhadtéarmaigh de réir bhrí an Achta fan Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais 2009 arna soláthar ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte na seirbhísí sin, agus cibé acu atá nó nach bhfuil iarratas ar thacaíocht Stáit déanta ag an duine lena mbaineann faoi alt 9 den Acht sin.

(3) Déanfar na táillí dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a chinneadh de réir an mheánchostais a bhaineann le seirbhísí cúraim chónaithe fhadtéarma arna gcinneadh ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte i saoráidí a oibríonn Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus a ainmnítear go poiblí i scríbhinn mar shaoráidí atá ann go príomha chun cúram a thabhairt do dhaoine scothaosta.

(4) Faoi réir fho-alt (5), ní bheidh feidhm ag an alt seo i gcás go mbeidh iarratas déanta ag duine ar mheasúnacht ar riachtanais chúraim faoi alt 7 den Acht fán Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais 2009 agus go mbeidh sé nó sí ag fanacht le cinneadh ón bhFeidhmeannacht faoi alt 7 den Acht sin.

(5) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (4) i gcás go ndéanfaidh duine iarratas faoi alt 7 den Acht fán Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais 2009 a tharraingt siar agus go ndéanfaidh sé nó sí iarratas dá éis sin.”.