|
|||||
|
Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Comhaontú idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le Réamh-Imréiteach Aeriompair ) |
[EN] | ||
| ||
Uimh. 16 de 2009 | ||
AN tACHT EITLÍOCHTA (RÉAMH-IMRÉITEACH) 2009 | ||
[An tiontú oifigiúil] |
RIAR NA nALT | |||||||||||||||||
Alt | |||||||||||||||||
1 . Léiriú. | |||||||||||||||||
2 . Féadfaidh an tAire limistéar réamh-imréitigh a ainmniú. | |||||||||||||||||
3 . Dualgais taistealaí. | |||||||||||||||||
4 . Ceart taistealaí chun tarraingt siar. | |||||||||||||||||
5 . Feidhmeanna oifigeach réamh-imréitigh. | |||||||||||||||||
6 . Feidhmeanna oifigeach forfheidhmithe dlí Éireannach. | |||||||||||||||||
7 . Slándáil limistéir réamh-imréitigh. | |||||||||||||||||
8 . Earraí a urghabháil i gcoitinne. | |||||||||||||||||
9 . Earraí a urghabháil: cumhachtaí áirithe de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim. | |||||||||||||||||
10 . Earraí a urghabháil: imeachtaí. | |||||||||||||||||
11 . Réamh-imréiteach faoi bhealach: i gcás go ndiúltaítear cead dul isteach do thaistealaí. | |||||||||||||||||
12 . Réamh-imréiteach faoi bhealach: eachtrannaigh a rialú. | |||||||||||||||||
13 . Pribhléidí agus díolúintí. | |||||||||||||||||
14 . Táillí le haghaidh réamh-imréitigh. | |||||||||||||||||
15 . Caiteachais. | |||||||||||||||||
16 . Rialacháin. | |||||||||||||||||
17 . Cionta agus pionóis. | |||||||||||||||||
18 . Cionta ag comhlachtaí corpraithe. | |||||||||||||||||
19 . An tAcht Aerloingseoireachta agus Aeriompair (Réamhiniúchadh) 1986 a aisghairm. | |||||||||||||||||
20 . Leasú ar an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht um Shaoráil Faisnéise 1997. | |||||||||||||||||
21 . Gearrtheideal agus tosach feidhme. | |||||||||||||||||
Comhaontú idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le Réamh-Imréiteach Aeriompair | |||||||||||||||||
Na hAchtanna dá dTagraítear | |||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
Uimh. 16 de 2009 | |||||||||||||||||
AN tACHT EITLÍOCHTA (RÉAMH-IMRÉITEACH) 2009 | |||||||||||||||||
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO THABHAIRT ÉIFEACHT DO CHOMHAONTÚ ARNA DHÉANAMH IDIR RIALTAS NA hÉIREANN AGUS RIALTAS STÁIT AONTAITHE MHEIRICEÁ A BHAINEANN LE hOIBRÍOCHTAÍ RÉAMH-IMRÉITIGH A SHOLÁTHAR IN AERFOIRT SA STÁT DO DHAOINE ATÁ AG TAISTEAL D'AER GO DTÍ STÁIT AONTAITHE MHEIRICEÁ, ARNA DHÉANAMH I WASHINGTON AN 17 SAMHAIN 2008, DO THABHAIRT CUMHACHT DON AIRE IOMPAIR RIALACHÁIN A DHÉANAMH, LENA nÁIRÍTEAR RIALACHÁIN LENA nAINMNÍTEAR LIMISTÉIR IN AERFOIRT A bhFÉADFAR OIBRÍOCHTAÍ RÉAMH-IMRÉITIGH A DHÉANAMH LAISTIGH DÍOBH, DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE FEIDHMEANNA TEORANTA ÁIRITHE A THABHAIRT D'OIFIGIGH RÉAMH-IMRÉITIGH LAISTIGH DE NA LIMISTÉIR SIN, DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE hURGHABHÁIL AGUS FORGHÉILLEADH EARRAÍ NACH bhFUIL DEARBHAITHE GO CUÍ AGUS D'AISGHAIRM AN ACHTA AERLOINGSEOIREACHTA AGUS AERIOMPAIR (RÉAMHINIÚCHADH) 1986, DO LEASÚ AN ACHTA UM SHAORÁIL FAISNÉISE 1997 AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. | ||
[8 Iúil, 2009] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | |||||
[EN] |
Léiriú. |
1 .— (1) San Acht seo— | |||
[EN] | ciallaíonn “Comhaontú” an comhaontú idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le Réamh-Imréiteach Aeriompair, arna dhéanamh i Washington an 17 Samhain 2008, agus a bhfuil an téacs de leagtha amach mar áis tagartha sa Sceideal; | ||||
[EN] | ciallaíonn “aeriompróir” gnóthas aeriompair, cibé acu sceidealta nó cairte, a oibríonn seirbhís aerthaistil gan stad idir an Stát agus na Stáit Aontaithe, cibé acu an sa Stát nó in áit eile a thionscnaíonn an aersheirbhís sin; | ||||
[EN] | ciallaíonn “aerárthach” aerárthach a bheartaítear a eitilt go dtí na Stáit Aontaithe tar éis réamh-imréitigh agus folaíonn sé, más infheidhme, aerárthach príobháideach; | ||||
[EN] | ciallaíonn “ceannasaí aerárthaigh” an duine atá ag fónamh ar aerárthach príobháideach agus atá i gceannas ar a oibriú agus a loingsiú: | ||||
[EN] | ciallaíonn “údarás aerfoirt” an comhlacht atá freagrach as bainistíocht, oibriú agus forbairt aerfoirt a ndéantar seirbhísí réamh-imréitigh a sholáthar ann de réir an Achta seo; | ||||
[EN] | folaíonn “earraí” earraí pearsanta, bagáiste, stórais aerárthaí, trealamh, bia, ainmhithe agus plandaí agus a dtáirgí, aon substaint, airgeadra agus ionstraimí airgeadaíochta eile, agus doiciméid in aon fhoirm (lena n-áirítear foirm leictreonach); | ||||
[EN] | ciallaíonn “réamh-imréiteach faoi bhealach” taistealaithe, a gcuid earraí agus an t-aerárthach lena mbaineann, a thiocfaidh isteach sa Stát ó stát seachas an Stát agus iad faoi bhealach go dtí na Stáit Aontaithe, a réamh-imréiteach; | ||||
[EN] | ciallaíonn “oifigeach forfheidhmithe dlí Éireannach” comhalta den Gharda Síochána nó oifigeach Custam agus Máil; | ||||
[EN] | ciallaíonn “Aire” an tAire Iompair; | ||||
[EN] | ciallaíonn “cead dul isteach” cead faoin Acht seo ó oifigeach réamh-imréitigh— | ||||
[EN] | (a) do thaistealaí, dul isteach sna Stáit Aontaithe, agus i leith earraí an taistealaí, iad a thabhairt go dtí na Stáit Aontaithe, agus | ||||
[EN] | (b) i leith aerárthaigh, dul isteach sna Stáit Aontaithe; | ||||
[EN] | folaíonn “seilbh”, i ndáil le haon earraí nó arm a bheith ar seilbh ag duine, rialú ar aon earraí nó arm; | ||||
[EN] | ciallaíonn “réamh-imréiteach” nós imeachta oifigigh réamh-imréitigh in aerfort sa Stát chun an scrúdú agus an t-iniúchadh go léir, nó aon chuid díobh, a sheoladh a cheanglaítear i leith— | ||||
[EN] | (a) taistealaí atá ag iarraidh dul isteach sna Stáit Aontaithe, | ||||
[EN] | (b) earraí an taistealaí sin a bheartaítear a thabhairt isteach sna Stáit Aontaithe, agus | ||||
[EN] | (c) an aerárthaigh lena mbaineann; | ||||
[EN] | maidir le “limistéar réamh-imréitigh”— | ||||
[EN] | (a) ciallaíonn sé áit arna ainmniú ag an Aire faoi alt 2 (1) (lena n-áirítear droichead atá ceaptha chun dul ar bord aerárthaigh ó áit den sórt sin a éascú), agus | ||||
[EN] | (b) folaíonn sé feithicil le linn di taistealaithe a iompar ó limistéar réamh-imréitigh nó chuige agus chuig an aerárthach nó cuid eile den limistéar réamh-imréitigh; | ||||
[EN] | ciallaíonn “saoráid réamh-imréitigh” an bonneagar iniúchta fisiciúil sa limistéar réamh-imréitigh, lena n-áirítear aon oifigí agus limistéir scrúdaithe mar aon le haon trealamh is gá chun críocha an Achta seo; | ||||
[EN] | ciallaíonn “oifigeach réamh-imréitigh” oifigeach Custam agus Cosanta Teorann de chuid na Stát Aontaithe atá údaraithe leis an Acht seo chun na feidhmeanna a thugtar leis an Acht seo a chomhlíonadh; | ||||
[EN] | ciallaíonn “aerárthach príobháideach” aerárthach a bheartaítear a eitilt go dtí na Stáit Aontaithe is aerárthach nach bhfuil á oibriú ag aeriompróir; | ||||
[EN] | ciallaíonn “iar-imréiteach” taistealaithe, a gcuid earraí agus ant-aerárthach lena mbaineann, a scrúdú agus a iniúchadh ar theacht dóibh chun na Stát Aontaithe; | ||||
[EN] | ciallaíonn “taistealaí” taistealaí nó comhalta d’fhoireann aerárthaigh atá ag iarraidh dul isteach sna Stáit Aontaithe faoin Acht seo agus folaíonn sé ceannasaí aerárthaigh; | ||||
[EN] | ciallaíonn “na Stáit Aontaithe” Stáit Aontaithe Mheiriceá, a Rialtas agus aon ghníomhaireacht de chuid na Stát Aontaithe atá bainteach le hoibríochtaí réamh-imréitigh in Éirinn lena n-áirítear Custaim agus Cosaint Teorann na Stát Aontaithe; | ||||
[EN] | ciallaíonn “arm” arm tine de réir bhrí Achtanna na nArm Tine 1925 go 2007, nó scian de réir bhrí alt 9(1) d’Acht na nArm Tine agus na nArm Ionsaitheach 1990, nó arm ionsaithe de réir bhrí alt 10(2) den Acht sin. | ||||
[EN] | (2) Faoi réir fho-alt (1), beidh le focal nó abairt a úsáidtear san Acht seo agus a úsáidtear freisin sa Chomhaontú an bhrí chéanna san Acht seo atá leis nó léi sa Chomhaontú. | ||||
[EN] | (3) San Acht seo, aon tagairt do réamh-imréiteach, nó do limistéar réamh-imréitigh, folaíonn sí tagairt do réamh-imréiteach faoi bhealach, nó do limistéar réamh-imréitigh faoi bhealach, de réir mar a bheidh. | ||||
[EN] |
Féadfaidh an tAire limistéar réamh-imréitigh a ainmniú. |
2 .— (1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, áit nó áiteanna laistigh d’aerfort sa Stát a ainmniú, faoi réir léarscáile nó ar shlí eile, mar limistéar (“limistéar réamh-imréitigh”) nó limistéir a bhféadfar réamh-imréiteach den sórt sin a dhéanamh laistigh de nó díobh. | |||
[EN] | (2) Faoi réir fho-alt (3), féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin faoin alt seo— | ||||
[EN] | (a) go bhféadfaidh cuid de limistéar réamh-imréitigh scor de bheith á hoibriú nuair nach bhfuil aon aerárthach ag an gcuid sin den limistéar réamh-imréitigh, de thuras na huaire, faoi réir réamh-imréitigh, nó | ||||
[EN] | (b) go bhféadfaidh foirgneamh, nó cuid d’fhoirgneamh, i limistéar réamh-imréitigh scor de bheith á oibriú nuair nach bhfuil an foirgneamh sin, nó an chuid sin den fhoirgneamh, de thuras na huaire, á úsáid nó á húsáid chun críche réamh-imréitigh. | ||||
[EN] | (3) I gcás go ndéantar rialacháin lena mbaineann fo-alt (2), déanfaidh an t-údarás aerfoirt, le linn tréimhsí a mbeidh an chuid sin den limistéar réamh-imréitigh nó den fhoirgneamh réamh-imréitigh (nó an chuid de) á hoibriú nó á oibriú, comharthaí a chur in ionaid fheiceálacha, nó ar shlí eile a thaispeáint go bhfuil réamh-imréiteach á dhéanamh, de thuras na huaire, sa chuid sin den limistéar réamh-imréitigh nó san fhoirgneamh réamh-imréitigh (nó sa chuid de), de réir mar a bheidh. | ||||
[EN] | (4) I gcás go n-ainmneoidh an tAire limistéar réamh-imréitigh faoi fho-alt (1), agus gur cuid den limistéar sin foirgneamh ina bhfuil níos mó ná aon urlár amháin, féadfaidh an tAire— | ||||
[EN] | (a) an foirgneamh go léir, | ||||
[EN] | (b) urlár iomlán, nó | ||||
[EN] | (c) cuid d'urlár, | ||||
[EN] | a ainmniú. | ||||
[EN] | (5) Sula ndéanfaidh sé nó sí rialacháin faoin alt seo, rachaidh an tAire i gcomhairle leis an údarás aerfoirt, leis an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, agus leis na Coimisinéirí Ioncaim. | ||||
[EN] | (6) San alt seo— | ||||
[EN] | folaíonn “urlár” íoslach agus aon cheangail idir na hurláir lena mbaineann; | ||||
[EN] | folaíonn “léarscáil” plean d’fhoirgneamh; | ||||
ciallaíonn “oibríochtúil” oibríochtúil chun críche réamh-imréitigh. | |||||
[EN] |
Dualgais taistealaí. |
3 .— (1) Déanfaidh aon taistealaí a rachaidh isteach i limistéar réamh-imréitigh— | |||
[EN] | (a) teacht i láthair gan mhoill ag an tsaoráid réamh-imréitigh chun iarratas ar chead dul isteach a dhéanamh, | ||||
[EN] | (b) dearbhú cruinn i scríbhinn a dhéanamh maidir leis na hearraí go léir a cheanglaítear a dhearbhú de réir treoracha arna n-eisiúint ag an Aire nó thar ceann an Aire agus arna gcur ar fáil don taistealaí sa limistéar réamh-imréitigh, agus | ||||
[EN] | (c) aon cheanglas de chuid oifigigh forfheidhmithe dlí Éireannaigh nó oifigigh réamh-imréitigh faoi alt 7 (2) a chomhlíonadh. | ||||
[EN] | (2) Aon taistealaí a sháróidh mír (a), (b) nó (c) d’fho-alt (1), beidh sé nó sí ciontach i gcion. | ||||
[EN] | (3) I gcás go gcúisítear taistealaí i gcion faoi fho-alt (2) i leith fho-alt (1)(b), is cosaint mhaith é a shuíomh go raibh forais réasúnacha aige nó aici chun a chreidiúint go ndearnadh a dhearbhú nó a dearbhú go cuí de réir na forála sin. | ||||
[EN] | (4) I gcás go bhfuil feidhm ag alt 5 (5)(a), ní thionscnófar aon imeachtaí i gcoinne taistealaí faoi fho-alt (2) i leith fho-alt (1)(b) i ndáil le haon earraí áirithe. | ||||
[EN] |
Ceart taistealaí chun tarraingt siar. |
4 .— Féadfaidh taistealaí, tráth ar bith— | |||
[EN] | (a) a iarratas nó a hiarratas ar chead dul isteach a tharraingt siar, agus | ||||
[EN] | (b) faoi réir fho-ailt (1)(e) agus (3) d’alt 5, agus alt 6 , imeacht as an limistéar réamh-imréitigh. | ||||
[EN] |
Feidhmeanna oifigeach réamh-imréitigh. |
5 .— (1) I dteannta feidhmeanna a fheidhmiú faoi alt 7 (2), féadfaidh oifigeach réamh-imréitigh— | |||
[EN] | (a) iarratais ar chead dul isteach a ghlacadh agus a phróiseáil, | ||||
[EN] | (b) a iarraidh go ndéanfar doiciméid taistil agus doiciméid eile a thacaíonn le hiarratas an taistealaí ar chead dul isteach a thabhairt ar aird agus na doiciméid sin a scrúdú nuair a thabharfar na doiciméid sin ar aird, | ||||
[EN] | (c) ceisteanna a chur maidir le hincháilitheacht an taistealaí chun dul isteach sna Stáit Aontaithe, | ||||
[EN] | (d) le toiliú an taistealaí agus faoi réir fho-alt (2), cuardach a dhéanamh ar an taistealaí sin agus ar a chuid nó a cuid earraí, | ||||
[EN] | (e) gan bharántas, i gcás go bhfuil drochamhras air nó uirthi le réasún gur bagairt láithreach (lena n-áirítear seilbh ar arm) duine ar shábháilteacht oifigeach nó daoine eile sa limistéar réamh-imréitigh, cuardach a dhéanamh ar an duine sin agus ar a chuid nó a cuid earraí agus an duine a choinneáil ar feadh cibé tréimhse is gá le réasún chun an cuardach a dhéanamh, | ||||
[EN] | (f) aon limistéar den aerárthach a scrúdú, lena n-áirítear aon earraí atá ar bord an aerárthaigh nó atá le luchtú isteach air, | ||||
[EN] | (g) cead dul isteach a dheonú d’aon taistealaí nó aerárthach i gcás go bhfionnfar an taistealaí nó an t-aerárthach sin a bheith incháilithe chun dul isteach sna Stáit Aontaithe, | ||||
[EN] | (h) cead dul isteach arna dheonú faoi mhír (g) a athbhreithniú nó a chúlghairm, | ||||
[EN] | (i) cead dul isteach a dhiúltú d’aon taistealaí nó aerárthach i gcás go bhfionnfar an taistealaí nó an t-aerárthach sin a bheith neamh-incháilithe chun dul isteach sna Stáit Aontaithe, | ||||
[EN] | (j) d’ainneoin, maidir le haon taistealaí, nár deonaíodh cead dul isteach dó nó di, a cheadú don taistealaí sin dul ar bord an aerárthaigh chun críche iar-imréitigh ar theacht chun na Stát Aontaithe dó nó di, agus | ||||
[EN] | (k) cúnamh a iarraidh ar oifigeach forfheidhmithe dlí Éireannach maidir leis na nithe dá dtagraítear i míreanna (e) agus (f) den fho-alt seo agus i míreanna (a) agus (b) d’alt 6(1). | ||||
[EN] | (2) I gcás go bhfuil feidhm ag fo-alt (1)(d), maidir leis an oifigeach réamh-imréitigh a bheidh ag déanamh cuardaigh ar dhuine— | ||||
[EN] | (a) is den ghnéas céanna leis an duine a mbeidh cuardach á dhéanamh air nó uirthi a bheidh sé nó sí, agus | ||||
[EN] | (b) beidh urraim chuí aige nó aici don duine a mbeidh cuardach á dhéanamh air nó uirthi. | ||||
[EN] | (3) I gcás go mbeidh drochamhras ar oifigeach réamh-imréitigh le réasún— | ||||
[EN] | (a) maidir le duine— | ||||
[EN] | (i) go ndearna sé nó sí cion indíotáilte faoi dhlí an Stáit, nó | ||||
[EN] | (ii) gur chuir sé nó sí bac, nó gur fhéach sé nó sí le bac a chur, ar oifigeach réamh-imréitigh agus é nó í ag comhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin Acht seo, | ||||
[EN] | nó | ||||
[EN] | (b) go bhfuil earraí á n-iompar le haerárthach príobháideach de shárú ar dhlí an Stáit— | ||||
[EN] | maidir leis an oifigeach réamh-imréitigh— | ||||
[EN] | (I) féadfaidh sé nó sí, gan bharántas, an duine sin nó ant-aerárthach príobháideach sin a choinneáil, agus | ||||
[EN] | (II) déanfaidh sé nó sí, i gcás go gcoinnítear an duine nó ant-aerárthach sin, an duine nó an t-aerárthach sin a thabhairt isteach láithreach i gcoimeád oifigigh forfheidhmithe dlí Éireannaigh chun go bpléifear leis nó léi de réir dlí. | ||||
[EN] | (4) I gcás nach gcomhlíonann taistealaí alt 3 (1)(b), féadfaidh ant-oifigeach réamh-imréitigh na hearraí sin a choinneáil agus, i gcás go ndéanann sé nó sí amhlaidh, déanfaidh sé nó sí, láithreach, iad a sheachadadh ar oifigeach forfheidhmithe dlí Éireannach chun críocha ailt 8 go 10. | ||||
[EN] | (5) D’ainneoin fho-alt (4), féadfaidh an t-oifigeach réamh-imréitigh, mar choinníoll a ghabhann leis an gcead dul isteach a dheonú, a cheangal ar thaistealaí— | ||||
[EN] | (a) suim airgid atá comhionann leis an tsuim a bheadh iníoctha ag an taistealaí sin ar réamh-imréiteach i leith aon earraí áirithe a íoc leis nó léi nó le hoifigeach réamh-imréitigh eile a bheidh sainaitheanta aige nó aici, nó | ||||
[EN] | (b) na hearraí sin a ghéilleadh. | ||||
[EN] | (6) (a) Faoi réir mhír (b), ní ceadmhach d’oifigeach réamh-imréitigh na feidhmeanna a thugtar leis an Acht seo a chomhlíonadh ach amháin laistigh den limistéar réamh-imréitigh. | ||||
[EN] | (b) I gcás go ndéantar rialacháin lena mbaineann alt 2 (2), ní ceadmhach d’oifigeach réamh-imréitigh na feidhmeanna a thugtar a chomhlíonadh ach amháin in áit dá dtagraítear san fho-alt sin atá, de thuras na huaire, oibríochtúil chun críche réamh-imréitigh. | ||||
[EN] | (7) Ní fhorléireofar aon ní san Acht seo mar ní a cheadaíonn oifigeach réamh-imréitigh a bheith i seilbh airm i gcomhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin Acht seo. | ||||
[EN] |
Feidhmeanna oifigeach forfheidhmithe dlí Éireannach. |
6 .— (1) Aon oifigeach forfheidhmithe dlí Éireannach a bhfuil drochamhras air nó uirthi le réasún gurb amhlaidh, sa limistéar réamh-imréitigh— | |||
[EN] | (a) gur mhainnigh taistealaí alt 3 (1)(b) a chomhlíonadh, nó | ||||
[EN] | (b) go bhfuil aon earraí (lena n-áirítear arm) ina sheilbh nó ina seilbh ag aon duine (cibé acu is taistealaí nó nach ea) a bhfuil a sealbhú nó a n-onnmhairiú faoi rialú nó toirmiscthe sa Stát nó ar bagairt é nó í ar shlí eile ar shábháilteacht oifigeach nó daoine eile sa limistéar réamh-imréitigh, | ||||
[EN] | féadfaidh sé nó sí, gan bharántas— | ||||
[EN] | (i) cuardach a dhéanamh ar an duine agus, más dóigh leis nó léi gur gá é chun na críche sin, an duine a choinneáil ar feadh cibé tréimhse ama is gá le réasún chun an cuardach a dhéanamh, ar choinníoll— | ||||
[EN] | (I) ach amháin i gcás gur bagairt láithreach an bhagairt atá ann— | ||||
[EN] | (A) go ndéanfaidh an t-oifigeach atá ag déanamh cuardaigh ar dhuine atá á choinneáil nó á coinneáil a áirithiú, a mhéid is indéanta, go dtuigeann an duine an fáth a bhfuil cuardach á dhéanamh air nó uirthi agus go stiúrfar an cuardach le hurraim chuí don duine a bhfuil cuardach á dhéanamh air nó uirthi, | ||||
[EN] | (B) nach ndéanfaidh oifigeach nó duine den ghnéas eile cuardach ar dhuine atá á choinneáil nó á coinneáil, agus | ||||
[EN] | (II) i gcás go mbeidh ar dhuine atá á choinneáil nó á coinneáil éadaí, ar leith ó cheannbheart nó cóta, seaicéad, lámhainn nó ball éadaigh eile dá samhail, a bhaint de nó di, nach mbeidh aon oifigeach nó duine den ghnéas eile i láthair ach amháin gurlia-chleachtóir, arna aimniú nó arna haimniú ag an oifigeach atá ag stiúradh an chuardaigh, an duine sin nó gur dóigh leis an oifigeach go bhfuil sé riachtanach an duine sin a bheith i láthair chun an duine a bhfuil an cuardach á dhéanamh aige nó aici a chosaint, nó go bhfuil sé fóirsteanach ar shlí eile chun leasa an duine a bhfuil an cuardach á dhéanamh air nó uirthi, agus | ||||
[EN] | (ii) aon rud a gheofar i gcúrsa cuardaigh faoin alt seo a scrúdú (cibé acu trína oscailt nó ar shlí eile), a urghabháil agus a choinneáil ar dealraitheach dó nó di gur rud é a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil mar fhianaise in imeachtaí mar gheall ar chion. | ||||
[EN] | (2) Má chinneann oifigeach forfheidhmithe dlí Éireannach cuardach a dhéanamh ar dhuine faoin alt seo, féadfaidh sé nó sí a cheangal ar an duine é nó í a thionlacan go dtí cibé áit eile san aerfort a shonróidh an t-oifigeach d’fhonn é nó í a chuardach amhlaidh san áit eile sin. | ||||
[EN] | (3) Má mhainnítear ceanglas faoi fho-alt (2) a chomhlíonadh, féadfaidh an t-oifigeach forfheidhmithe dlí Éireannach lena mbaineann an duine ar ina leith a rinneadh an ceanglas a ghabháil gan bharántas. | ||||
[EN] | (4) I gcás go mainneoidh duine ceanglas faoin alt seo a chomhlíonadh, beidh sé nó sí ciontach i gcion. | ||||
[EN] | (5) Leanfaidh ceanglas a luaitear i bhfo-alt (2) i bhfeidhm go dtí go mbeidh an cuardach, ar i ndáil leis a dhéantar é, críochnaithe, ach déanfar an cuardach sin a luaithe is indéanta. | ||||
[EN] | (6) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun dochar a dhéanamh d’aon chumhacht cuardaigh, ná d’aon chumhacht chun aon earraí a urghabháil nó a choinneáil, a d’fhéadfadh oifigeach forfheidhmithe dlí Éireannach a fheidhmiú ar leith ón alt seo. | ||||
[EN] | (7) Tabharfaidh oifigeach forfheidhmithe dlí Éireannach cúnamh d’oifigeach réamh-imréitigh i gcás go n-iarrfar air nó uirthi amhlaidh faoi alt 5 (1)(k). | ||||
[EN] |
Slándáil limistéir réamh-imréitigh. |
7 .— (1) Maidir le daoine seachas— | |||
[EN] | (a) oifigigh réamh-imréitigh agus pearsanra eile arna n-údarú ag na Stáit Aontaithe, | ||||
[EN] | (b) taistealaithe, | ||||
[EN] | (c) oifigigh forfheidhmithe dlí Éireannacha, agus | ||||
[EN] | (d) daoine arna n-údarú ag an údarás aerfoirt agus ar gá dóibh dul isteach chun críche a bhaineann lena bhfostaíocht— | ||||
[EN] | ní rachaidh siad— | ||||
[EN] | (i) isteach i limistéar réamh-imréitigh, ná | ||||
[EN] | (ii) i gcás go ndéantar rialacháin lena mbaineann alt 2 (2), isteach in áit dá dtagraítear san fho-alt sin atá, de thuras na huaire, oibríochtúil chun críche réamh-imréitigh. | ||||
[EN] | (2) Féadfaidh oifigeach forfheidhmithe dlí Éireannach nó oifigeach réamh-imréitigh, ar mhaithe le slándáil nó feidhmiú cuí an limistéir réamh-imréitigh, aon cheann de na nithe seo a leanas a dhéanamh sa limistéar réamh-imréitigh: | ||||
[EN] | (a) a cheangal ar aon duine: | ||||
[EN] | (i) a ainm nó a hainm a thabhairt agus fianaise ar a chéannacht nó a céannacht a thabhairt ar aird; | ||||
[EN] | (ii) a rá cén chúis atá len é nó í a bheith sa limistéar réamh-imréitigh; | ||||
[EN] | (iii) cuntas a thabhairt ar aon bhagáiste nó maoin eile atá ina sheilbh nó ina seilbh; | ||||
[EN] | (iv) filleadh ar an tsaoráid réamh-imréitigh; | ||||
[EN] | (b) a cheangal ar na daoine seo a leanas imeacht as an limistéar réamh-imréitigh: | ||||
[EN] | (i) duine a mhainníonn a ainm nó a hainm a thabhairt nó fianaise ar a chéannacht nó a céannacht a thabhairt ar aird; | ||||
[EN] | (ii) duine a mhainníonn a rá cén chúis atá len é nó í a bheith sa limistéar réamh-imréitigh; | ||||
[EN] | (iii) duine a mhainníonn cuntas a thabhairt ar aon bhagáiste nó maoin eile atá ina sheilbh nó ina seilbh; | ||||
[EN] | (iv) duine a thugann ainm nó a thugann cúis le bheith sa limistéar réamh-imréitigh arb eol don oifigeach réamh-imréitigh nó don oifigeach forfheidhmithe dlí Éireannach, nó a bhfuil drochamhras air nó uirthi le réasún, é nó í a bheith bréagach; | ||||
[EN] | (v) duine arb eol dó nó di, nó a bhfuil drochamhras air nó uirthi le réasún, nach bhfuil cúis dhleathach aige nó aici le bheith sa limistéar réamh-imréitigh. | ||||
[EN] | (3) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) nó a mhainneoidh ceanglas faoi fho-alt (2) a chomhlíonadh, beidh sé nó sí ciontach i gcion. | ||||
[EN] | (4) Aon duine a chuirfidh bac nó treampán ar oifigeach réamh-imréitigh nó ar oifigeach forfheidhmithe dlí Éireannach agus é nó í ag feidhmiú aon fheidhmeanna a thugtar leis an Acht seo, beidh sé nó sí ciontach i gcion. | ||||
[EN] | (5) Ní chiontófar duine— | ||||
[EN] | (a) faoi fho-alt (3) i leith fho-alt (2) den alt seo, agus | ||||
[EN] | |||||
[EN] | i leith an ghnímh chéanna. | ||||
[EN] |
Earraí a urghabháil i gcoitinne. |
8 .— (1) Gan dochar d’aon dlí infheidhme eile, féadfaidh oifigeach forfheidhmithe dlí Éireannach aon earraí— | |||
[EN] | (a) nár dearbhaíodh, nó | ||||
[EN] | (b) is ábhar do dhearbhú bréagach, | ||||
[EN] | faoi alt 3 (1)(b) a urghabháil mar earraí a dhlífear a fhorghéilleadh. | ||||
[EN] | (2) I gcás go n-urghabhfar earraí faoi fho-alt (1), tabharfar fógra i scríbhinn (“ fógra urghabhála ”) don duine dá ndéantar difear ina sonrófar— | ||||
[EN] | (a) na hearraí a urghabhadh, | ||||
[EN] | (b) na cúiseanna atá leis an urghabháil, agus | ||||
[EN] | (c) an nós imeachta chun éileamh a dhéanamh i gcoinne na hurghabhála. | ||||
[EN] | (3) Aon duine ar urghabhadh a earraí nó a hearraí faoi fho-alt (1) agus a éileoidh nach ndlitear na hearraí sin a fhorghéilleadh (“ éilitheoir ”), déanfaidh sé nó sí, laistigh de mhí amháin ón urghabháil, fógra i scríbhinn a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim i dtaobh an éilimh sin (“ fógra éilimh ”). | ||||
[EN] | (4) Sonrófar i bhfógra éilimh ainm agus seoladh an éilitheora agus, i gcás éilitheora atá lasmuigh den Stát, ainm agus seoladh aturnae sa Stát atá údaraithe chun glacadh le seirbheáil aon doiciméid is gá a sheirbheáil ar an éilitheoir agus chun gníomhú thar ceann an éilitheora. | ||||
[EN] | (5) Más rud é, i ndeireadh na tréimhse dá dtagraítear i bhfo-alt (3), nach bhfuil aon fhógra éilimh tugtha, measfar na hearraí a bheith daortha go cuí mar earraí forghéillte. | ||||
[EN] | (6) I gcás go ndaortar earraí faoin Acht seo, nó go measfar faoin Acht seo iad a bheith daortha mar earraí forghéillte, beidh éifeacht leis an bhforghéilleadh amhail ó dháta na hurghabhála. | ||||
[EN] |
Earraí a urghabháil: cumhachtaí áirithe de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim. |
9 .— (1) I gcás go mbeidh fógra éilimh tugtha go cuí, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, de réir mar is cuí leo agus d’ainneoin nár daoradh go fóill na hearraí a urghabhadh— | |||
[EN] | (a) iad a sheachadadh ar an éilitheoir ar cibé méid a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim is cuí leo, is suim nach mó ná an tsuim arb ionannas di, i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, luach na n-earraí, nó | ||||
[EN] | (b) más de chineál meatach nó contúirteach, i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, na hearraí a urghabhadh, iad a dhíol nó a dhíothú. | ||||
[EN] | (2) Más rud é, i gcás go ndéantar aon earraí a sheachadadh, a dhíol nó a dhíothú faoin alt seo, go measfaidh an chúirt ina dhiaidh sin in imeachtaí nár dlíodh na hearraí a fhorghéilleadh tráth na hurghabhála, tairgfidh na Coimisinéirí Ioncaim don éilitheoir sin ar éileamh— | ||||
[EN] | (a) méid atá comhionann le haon suim a bheidh íoctha ag an éilitheoir faoi fho-alt (1)(a), | ||||
[EN] | (b) má dhíol siad na hearraí, méid atá comhionann le fáltais an díola, nó | ||||
[EN] | (c) má dhíothaigh siad na hearraí, méid atá comhionann lena luach tráth na hurghabhála. | ||||
[EN] | (3) Má ghlacann an t-éilitheoir le haon mhéid a thairgtear faoi fho-alt (2), ní bheidh an t-éilitheoir sin i dteideal imeachtaí a shaothrú in aon chúirt ar cuntas urghabháil, dhíol nó dhíothú nan-earraí lena mbaineann. | ||||
[EN] | (4) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, dá rogha féin, aon earraí arna n-urghabháil faoin Acht seo a thabhairt ar ais. | ||||
[EN] |
Earraí a urghabháil: imeachtaí. |
10 .— (1) Faoi réir alt 8 (6), i gcás go dtabharfar fógra éilimh i leith aon earraí, tionscnóidh na Coimisinéirí Ioncaim imeachtaí le go ndéanfaidh an chúirt iad a dhaoradh, agus— | |||
[EN] | (a) i gcás go gcinnfidh an chúirt nár dearbhaíodh na hearraí go cuí tráth na hurghabhála, daorfaidh an chúirt iad mar earraí forghéillte, agus | ||||
[EN] | (b) in aon chás eile, ordóidh an chúirt iad a scaoileadh chuig an éilitheoir. | ||||
[EN] | (2) Aon earraí a urghabhfar faoin Acht seo, déanfar, tar éis na hearraí sin a dhaoradh, iad a fhorghéilleadh do na Coimisinéirí Ioncaim. | ||||
[EN] | (3) Is imeachtaí sibhialta iad imeachtaí faoi fho-alt (1) agus féadfar iad a thionscnamh san Ard-Chúirt nó (más rud é, i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, nach bhfuil luach na n-earraí níos mó ná an méid arb é an teorainn airgeadaíochta le dlínse na Cúirte Dúiche é) sa Chúirt Dúiche. | ||||
[EN] | (4) In aon imeachtaí den sórt sin, déarfaidh an t-éilitheoir nó a aturnae nó a haturnae faoi mhionn gur mhaoin de chuid an éilitheora tráth na hurghabhála na hearraí a urghabhadh, nó gur mhaoin de chuid an éilitheora an tráth sin iad de réir mar is fearr is eol dó nó di agus mar a chreideann sé nó sí. | ||||
[EN] | (5) I gcás go mbeidh imeachtaí tionscanta nó coimeádta ar marthain in ainm oifigigh forfheidhmithe dlí Éireannaigh a bhfuil scortha aige nó aici ar aon chúis de bheith ina oifigeach nó ina hoifigeach den sórt sin, nó ar oifigeach den sórt sin é nó í atá as láthair aon tráth i gcaitheamh na n-imeachtaí sin, ansin féadfar na himeachtaí sin a choimeád ar marthain in ainm aon oifigigh eile, nó in ainm an oifigigh atá as láthair amhlaidh, de réir mar is cuí sna himthosca. | ||||
[EN] | (6) In aon imeachtaí faoin alt seo, má thugtar breithiúnas i bhfabhar an éilitheora, ní dhlífear aon imeachtaí sibhialta ná coiriúla dá éis sin a thionscnamh mar gheall ar urghabháil na n-earraí i gcoinne aon oifigigh forfheidhmithe dlí Éireannaigh nó aon duine eile a rinne an urghabháil nó a chabhraigh leis an urghabháil a dhéanamh, ar choinníoll go ndeimhneoidh an chúirt go raibh cúis dhóchúil leis an urghabháil sin a dhéanamh. | ||||
[EN] | (7) In aon imeachtaí sibhialta nó coiriúla i gcoinne aon oifigigh forfheidhmithe dlí Éireannaigh nó duine eile mar gheall ar aon earraí a urghabháil faoin Acht seo, más rud é— | ||||
[EN] | (a) go dtugtar breithiúnas i gcoinne an oifigigh sin nó an duine eile sin, agus | ||||
[EN] | (b) go ndeimhníonn an chúirt go raibh cúis dhóchúil leis an urghabháil sin, | ||||
[EN] | ní bheidh an t-éilitheoir nó duine eile— | ||||
[EN] | (i) i dteideal aon damáistí, seachas na hearraí a urghabhadh nó luach na n-earraí sin, ná | ||||
[EN] | (ii) i dteideal chostais na n-imeachtaí, | ||||
[EN] | agus ní dhlífear aon phionós ná pianbhreith a chur ar an oifigeach forfheidhmithe dlí Éireannach ná ar an duine eile. | ||||
[EN] |
Réamh-imréiteach faoi bhealach: i gcás go ndiúltaítear cead dul isteach do thaistealaí. |
11 .— (1) Más rud é, ar réamh-imréiteach faoi bhealach a dhéanamh, go ndiúltaítear cead dul isteach do thaistealaí, beidh an t-aeriompróir nó an ceannasaí aerárthaigh lena mbaineann freagrach as aon chostais (lena n-áirítear, más gá, costais chóiríochta agus chothabhála an taistealaí) a eascróidh as an taistealaí agus a chuid earraí nó a cuid earraí a aistriú— | |||
[EN] | (a) go dtí an stát nó an chríoch eile ina ndeachaigh an taistealaí ar bord an aerárthaigh, nó | ||||
[EN] | (b) i gcás nach saoránach de chuid an stáit sin nó nach cónaitheoir sa stát sin nó sa chríoch sin é nó í an taistealaí, go dtí an stát nó an chríoch ar saoránach dá chuid é nó í an taistealaí (i gcás stáit) nó ar cónaitheoir ann nó inti é nó í (i gcás stáit nó críche). | ||||
[EN] | (2) Ní choiscfidh aon ní i bhfo-alt (1) ar an aeriompróir ná ar an gceannasaí aerárthaigh na costais arna gcaitheamh de bhun an fho-ailt sin a fháil ar ais ón taistealaí in aon chúirt dlínse inniúla. | ||||
[EN] |
Réamh-imréiteach faoi bhealach: eachtrannaigh a rialú. |
12 .— (1) Faoi réir fho-alt (2), maidir le duine a thuirlingíonn in aerfort sa Stát chun críocha réamh-imréitigh faoi bhealach, ní mheasfar, chun críocha Acht na nEachtrannach 1935 agus an Achta Inimirce 2004, gur shroich sé nó sí teorainn de chuid an Stáit. | |||
[EN] | (2) Maidir le duine— | ||||
[EN] | (a) a thuirlingíonn in aerfort sa Stát chun críocha réamh-imréitigh faoi bhealach, agus | ||||
[EN] | (b) a ndiúltaítear réamh-imréiteach dó nó di chun taisteal ar aghaidh go dtí na Stáit Aontaithe, | ||||
[EN] | measfar, chun críocha Acht na nEachtrannach 1935 agus an Achta Inimirce 2004, gur shroich sé nó sí teorainn de chuid an Stáit. | ||||
[EN] |
Pribhléidí agus díolúintí. |
13 .— (1) Ní bheidh oifigeach réamh-imréitigh— | |||
[EN] | (a) is náisiúnach de chuid na Stát Aontaithe, agus | ||||
[EN] | (b) atá sannta don Stát agus a bhfuil post aige nó aici sa Stát, | ||||
[EN] | faoi réir dhlínse údaráis bhreithiúnacha nó riaracháin an Stáit i leith gníomhartha a dhéanann sé nó sí i bhfeidhmiú a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin Acht seo agus beidh aige nó aici, mar aon lena chleithiúnaithe nó lena cleithiúnaithe, cibé pribhléidí a bheidh comhaontaithe ar mhodh malartú nótaí taidhleoireachta. | ||||
[EN] | (2) Féadfaidh na Stáit Aontaithe an díolúine a thugtar faoi fho-alt (1) a tharscaoileadh i scríbhinn. | ||||
[EN] | (3) Ní thabharfar an díolúine agus na pribhléidí dá dtagraítear i bhfo-alt (1) d’oifigeach réamh-imréitigh a chónaíonn go buan sa Stát. | ||||
[EN] | (4) I gcás go measfaidh an tAire gur mhí-úsáid oifigeach réamh-imréitigh a phost nó a post, féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis na Stáit Aontaithe, a cheangal— | ||||
[EN] | (a) i gcás oifigigh réamh-imréitigh dá dtagraítear i bhfo-alt (1), go n-imeoidh an t-oifigeach réamh-imréitigh sin as an Stát, nó | ||||
[EN] | (b) i gcás oifigigh réamh-imréitigh a chónaíonn go buan sa Stát, go scoirfidh sé nó sí dá fheidhmeanna nó dá feidhmeanna faoin Acht seo a fheidhmiú. | ||||
[EN] | (5) Measfar gur cartlann arna coimeád i gconsalacht de réir bhrí an Achta um Choinbhinsiúin Chonsalachta 1954 na doiciméid go léir (lena n-áirítear faisnéis a choimeádtar i bhfoirm neamh-inléite, cibé acu a stóráiltear í go leictreonach nó ar shlí eile, agus ar féidir í a atáirgeadh ar aon slí i bhfoirm inléite) de chuid na Stát Aontaithe atá suite sa limistéar réamh-imréitigh. | ||||
[EN] | (6) Beidh ábhar caingne ann in aghaidh an Stáit ag duine a bhfuil cosc air nó uirthi caingean a thionscnamh de bhua fho-alt (1). | ||||
[EN] |
Táillí le haghaidh réamh-imréitigh. |
14 .— Gan dochar d’aon táille nó muirear eile a fhorchuirfidh údarás aerfoirt go cuí, féadfaidh údarás aerfoirt táille a mhuirearú ar aeriompróirí agus ar cheannasaithe aerárthaigh a bhaineann leas as réamh-imréiteach. | |||
[EN] |
Caiteachais. |
15 .— Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. | |||
[EN] |
Rialacháin. |
16 .— (1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh— | |||
[EN] | (a) chun aon chríche a bhforáiltear do rialacháin i ndáil léi san Acht seo, agus | ||||
[EN] | (b) i gcoitinne chun éifeacht a thabhairt don Acht seo agus don Chomhaontú, | ||||
[EN] | agus féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha a bheith sna rialacháin sin is dóigh leis an Aire a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun críocha na rialachán. | ||||
[EN] | (2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun sláine, slándáil agus feidhmiú cuí na nithe seo a leanas a áirithiú— | ||||
[EN] | (a) limistéir réamh-imréitigh i gcoitinne, | ||||
[EN] | (b) limistéar réamh-imréitigh in aerfort áirithe, nó | ||||
[EN] | (c) cuid de limistéar réamh-imréitigh in aerfort áirithe. | ||||
[EN] | (3) Déanfaidh an tAire gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán. | ||||
[EN] |
Cionta agus pionóis. |
17 .— (1) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin Acht seo (seachas cion lena mbaineann fo-alt (2)), dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi. | |||
[EN] | (2) Aon duine a dhéanann ionsaí ar oifigeach forfheidhmithe dlí Éireannach (seachas comhalta den Gharda Síochána) nó oifigeach réamh-imréitigh agus é nó í ag comhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear— | ||||
[EN] | (a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó | ||||
[EN] | (b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €25,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi. | ||||
[EN] |
Cionta ag comhlachtaí corpraithe. |
18 .— I gcás go ndéanfaidh comhlacht corpraithe cion faoin Acht seo agus go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó cúlcheadú, nó go bhfuil sé inchurtha i leith aon fhaillí ar thaobh, aon stiúrthóra, bainisteora, rúnaí nó oifigigh eile de chuid an chomhlachta chorpraithe sin nó duine a d’airbheartaigh gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an t-oifigeach sin nó an duine sin ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a thionscnamh ina choinne nó ina coinne agus é nó í a phionósú amhail is dá mbeadh sé nó sí ciontach sa chion céadluaite. | |||
[EN] |
An tAcht Aerloingseoireachta agus Aeriompair (Réamhiniúchadh) 1986 a aisghairm. |
19 .— Aisghairtear an tAcht Aerloingseoireachta agus Aeriompair (Réamhiniúchadh) 1986. | |||
[EN] |
Leasú ar an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht um Shaoráil Faisnéise 1997. |
20 .— Leasaítear an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht um Shaoráil Faisnéise 1997 i gCuid I tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndeireadh na Coda sin: | |||
“ | |||||
| |||||
[EN] | ”. | ||||
[EN] |
Gearrtheideal agus tosach feidhme. |
21 .— (1) Féadfar an tAcht Eitlíochta (Réamh-Imréiteach) 2009 a ghairm den Acht seo. | |||
[EN] | (2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche (lena n-áirítear aerfort áirithe, nó cuid d’aerfort) nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla. |