An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (TODO)

16 2009

TODO

AN SCEIDEAL

Comhaontú idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le Réamh-Imréiteach Aeriompair

Déanann RIALTAS NA hÉIREANN agus RIALTAS STÁIT AONTAITHE MHEIRICEÁ (“Na Páirtithe” anseo ina dhiaidh seo),

Sc.

Á mBREITHNIÚ dóibh na buntáistí d’Éirinn agus do na Stáit Aontaithe a ghabhann le réamh-imréiteach in Éirinn maidir le hinimirce, custaim, agus rialuithe eile teorann de chuid na Stát Aontaithe agus ag féachaint don rath atá ar shocruithe láithreacha maidir le réamhiniúchadh a tugadh isteach de bhun an Chomhaontaithe idir Éire agus Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le Réamhiniúchadh a síníodh i mBaile Átha Cliath an 25 Meitheamh 1986 agus a forlíonadh leis an gcomhaontú arna dhéanamh le malartú nótaí i Washington an 31 Márta 1988,

COMHAONTÚ mar a leanas:

Airteagal I

Mínithe

1. Ciallaíonn “Aeriompróir” aon ghnóthas (is é sin le rá eintiteas gnó nó duine) a sholáthraíonn seirbhísí aeriompair le haghaidh paisinéirí de bhun deimhnithe nó ceadúnais oibríochta bhailí ar luach saothair, ar fruiliú nó ar chomaoin eile;

2. Ciallaíonn “Aerthionscal” Aeriompróirí sceidealta/cairte agus, más infheidhme, aon úinéir/oibritheoir aerárthaigh Phríobháidigh;

3. Ciallaíonn “Ceannasaí aerárthaigh” aon duine atá ag fónamh ar aerárthach Príobháideach agus atá i bhfeighil nó i gceannas ar a oibriú agus a loingsiú;

4. Ciallaíonn “Údarás aerfoirt” an comhlacht atá freagrach as bainistiú, oibriú agus forbairt aerfoirt nó aerfort ina soláthraítear seirbhísí Réamh-Imréitigh de réir an Chomhaontaithe seo;

5. Ciallaíonn “Eitilt incháilithe” aon eitilt tráchtála sceidealta/cairte, lena n-áirítear eitiltí seachadta (an fhoireann amháin), agus aon eitilt le haerárthach Príobháideach, a d’iarr seirbhís Réamh-Imréitigh agus atá ceadaithe le haghaidh an chéanna;

6. Ciallaíonn “Earraí” giuirléidí pearsanta, bagáiste, earraí d’aon tuairisc, ainmhithe agus plandaí agus a dtáirgí, airgeadra agus ionstraimí airgeadaíochta eile, agus aon doiciméad in aon fhoirm;

7. Ciallaíonn “Éire” Éire agus a Rialtas (lena n-áirítear aon Roinn Rialtais, oifigeach Roinne nó páirtí eile atá údaraithe chun gníomhú thar ceann Stát na hÉireann i ndáil le haon fhoráil den Chomhaontú seo);

8. Ciallaíonn “Réamh-Imréiteach faoi Bhealach” Réamh-Imréiteach taistealaithe agus a nEarraí, agus aerárthaí, a thagann as tríú tíortha agus nach dtagann isteach in Éirinn go foirmiúil;

9. Ciallaíonn “limistéar Réamh-Imréitigh faoi Bhealach” limistéar Réamh-Imréitigh nó cuid de limistéar Réamh-Imréitigh a úsáidtear le haghaidh Réamh-Imréitigh faoi Bhealach;

10. Ciallaíonn “oifigeach forfheidhmithe dlí Éireannach” comhalta den Gharda Síochána, agus/nó Oifigeach Custam agus Máil;

11. Ciallaíonn “Réamh-Imréiteach” an nós imeachta arb éard é an scrúdú go léir, nó aon chuid den scrúdú, agus/nó an t-iniúchadh go léir, nó aon chuid den iniúchadh, is gá a dhéanamh le haghaidh dul isteach/ligean isteach i gcríoch an Pháirtí eile;

12. Ciallaíonn “limistéar Réamh-Imréitigh” cuid ainmnithe agus theoranta d’aerfort, atá tadhlach go hoibríochtúil leis an aerfort, a ndéantar oibríochtaí Réamh-Imréitigh i leith pearsana aonair, Earraí agus aerárthach laistigh de;

13. Ciallaíonn “saoráid Réamh-Imréitigh” an bonneagar iniúchta fisiciúil, lena n-áirítear aon oifigí agus limistéir scrúdaithe maille le haon trealamh is gá chun paisinéirí agus a nEarraí (lena n-áirítear, más infheidhme, paisinéirí agus earraí faoi bhealach) a phróiseáil.

14. Ciallaíonn “oifigeach Réamh-Imréitigh” oifigeach Custam agus Cosanta Teorann (oifigeach CBP) de chuid na Stát Aontaithe atá údaraithe ag Éirinn chun Réamh-Imréiteach a dhéanamh in Éirinn.

15. Ciallaíonn “aerárthach Príobháideach” aon aerárthach atá ag gabháil d’eitilt phearsanta nó ghnó agus nach bhfuil paisinéirí agus/nó lasta chun críocha tráchtála á n-iompar aige;

16. Ciallaíonn “Iar-Imréiteach” aerárthach, foireann, paisinéirí agus Earraí a imréiteach ar theacht dóibh chun na Stát Aontaithe;

17. Ciallaíonn “Taistealaithe” aon aerphaisinéirí nó comhaltaí foirne atá ag iarraidh dul isteach, nó go ligfí isteach iad, chun na Stát Aontaithe trí Réamh-Imréiteach a úsáid;

18. Ciallaíonn “Stáit Aontaithe” Stáit Aontaithe Mheiriceá, a Rialtas agus/nó aon ghníomhaireacht de chuid na Stát Aontaithe a bhaineann le hoibríochtaí Réamh-Imréitigh, agus go háirithe CBP.

Airteagal II

Ginearálta

1. Ní fhorléireofar aon ní sa Chomhaontú seo mar ní a laghdaíonn na cearta a theachtann pearsana aonair faoi Bhunreacht agus faoi dhlíthe na hÉireann agus, más infheidhme, na Stát Aontaithe.

2. Ainmneoidh Éire limistéir in aerfort ina n-iarrtar Réamh-Imréiteach chun bheith ina “limistéar Réamh-Imréitigh” nó ina “limistéar Réamh-Imréitigh faoi Bhealach.”

3. Sula n-ainmneoidh Éire limistéar chun bheith ina limistéar Réamh-Imréitigh, rachaidh Éire i gcomhairle le hoifigigh ón Údarás aerfoirt iomchuí chun a moltaí a lorg maidir le suíomh beacht aon saoráide Réamh-Imréitigh agus, más infheidhme, saoráidí Réamh-Imréitigh faoi Bhealach.

4. Rachaidh na Páirtithe sa Chomhaontú seo i gcomhairle le chéile maidir le, inter alia, teorainneacha agus suíomh beartaithe aon limistéir agus gach limistéir Réamh-Imréitigh sulan-ainmneoidh Éire é nó iad go foirmiúil de réir mhír (2) den Airteagal seo.

5. Beidh feidhm ag dlíthe na hÉireann gach tráth i limistéir Réamh-Imréitigh agus Réamh-Imréitigh faoi Bhealach.

6. Cinnteoidh Éire gur féidir le Taistealaithe, Aeriompróirí agus Ceannasaithe aerárthaigh ar mian leo leas a bhaint as seirbhísí Réamh-Imréitigh in Éirinn déanamh amhlaidh ar choinníoll go n-aithníonn siad ceart na Stát Aontaithe Réamh-Imréiteach a dheonú nó a dhiúltú de réir a dhlíthe agus go dtoilíonn siad leis an gceart sin.

7. Chun steirilíocht an limistéir Réamh-Imréitigh a áirithiú, beidh dul isteach srianta do na haicmí daoine seo a leanas:

a. oifigigh Réamh-Imréitigh agus pearsanra eile de chuid na Stát Aontaithe arna n-údarú ag CBP;

b. Taistealaithe;

c. oifigigh forfheidhmithe dlí Éireannacha ag gníomhú dóibh i gcúrsa a ndualgais; agus

d. Pearsanra arna n-údarú ag an Údarás aerfoirt agus ar gá dóibh dul isteach chun críche a bhaineann lena bhfostaíocht.

8. Ceanglófar ar Thaistealaithe a théann isteach i limistéar Réamh-Imréitigh a nEarraí a thuairisciú agus a dhearbhú d’oifigeach Réamh-Imréitigh gan mhoill chun a chumasú don oifigeach Réamh-Imréitigh a chuid feidhmeanna nó a cuid feidhmeanna a chomhlíonadh de réir an Chomhaontaithe seo.

9. Faoi réir fhorálacha Airteagal IV den Chomhaontú seo, beidh Taistealaithe a tharraingíonn siar a n-iarratas ar Réamh-Imréiteach saor chun imeacht as an limistéar Réamh-Imréitigh tráth ar bith.

10. Bunóidh na Páirtithe nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha a bheidh inghlactha ag gach taobh maidir le Réamh-Imréiteach, lena n-áirítear prótacail, ach gan a bheith teoranta do phrótacail, a mbeidh feidhm acu maidir le haerárthaí, Taistealaithe agus/nó a nEarraí a scagadh, agus féadfaidh a bheith ar áireamh orthu prótacail maidir le nósanna imeachta Réamh-Imréitigh faoi Bhealach agus le díolacháin saor ó dhleacht ar bord, más infheidhme.

11. Ní theorannóidh aon ní sa Chomhaontú seo an ceart atá ag Éirinn chun dul isteach ag daoine in Éirinn a dhiúltú agus chun, inter alia, aon dlíthe láithreacha nó dlíthe todhchaí a bhaineann le hinimirce, le cónaí agus/nó le cosaint a fhorfheidhmiú.

12. Ní dhéanfaidh aon ní sa Chomhaontú seo difear don cheart atá ag Éirinn diúltú cead a thabhairt d’aon aerárthach dul isteach in aerspás na hÉireann nó tuirlingt in aerfort Éireannach. Ná ní fhorléireofar aon fhoráil den Chomhaontú seo mar fhoráil a laghdaíonn an ceart atá ag Éirinn aon aerárthach a thuirlingíonn i gcríoch na hÉireann a iniúchadh agus/nó a chuardach.

13. Ní dhéanann aon ní sa Chomhaontú seo dlíthe baile láithreacha na Stát Aontaithe a athrú ná a mhodhnú ná ní dhéanann aon ní ann difear do chearta agus d’oibleagáidí na bPáirtithe faoi chomhaontuithe nó conarthaí idirnáisiúnta eile.

14. Ní dhéanann aon ní sa Chomhaontú seo difear d’údarás na Stát Aontaithe chun a dhlíthe sibhialta agus coiriúla (lena n-áirítear aon dlíthe a bhfuil éifeacht seach-chríche leo) a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú laistigh dá chríoch féin.

15. Beidh na caiteachais a thabhóidh na Stáit Aontaithe i gcomhlíonadh an Chomhaontaithe seo faoi réir dhlí agus rialacháin infheidhme na Stát Aontaithe.

Airteagal III

Réamh-Imréiteach a Sholáthar

1. Tosóidh na Stáit Aontaithe ar sheirbhísí Réamh-Imréitigh a sholáthar in Éirinn ar an dáta a thiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm, faoi réir agus ar choinníoll an mhéid seo a leanas:

a. Go bhfuil saoráid oiriúnach nó saoráidí oiriúnacha Réamh-Imréitigh á cur ar fáil/á gcur ar fáil;

b. Go gcomhlíonann an tsaoráid nó na saoráidí Caighdeáin Dearaidh Theicniúil Aerfoirt CBP;

c. Go bhfuil nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha bunaithe ag na Páirtithe maidir le seirbhísí Réamh-Imréitigh agus/nó seirbhísí Réamh-Imréitigh faoi Bhealach a sholáthar de réir Airteagal II(10); agus

d. Gur comhlíonadh na coinníollacha i mír (5) den Airteagal seo.

2. Le linn do na Stáit Aontaithe a chuid riachtanas maidir le saoráidí Réamh-Imréitigh is infheidhme in Éirinn a fhorbairt nó a mhodhnú, breithneoidh sé tuairimí an Aerthionscail agus nanÚdarás aerfoirt áitiúil agus gheobhaidh sé toiliú na hÉireann, agus ní choimeádfar siar an toiliú sin go míréasúnach.

3. I gcás gur gá modhnuithe a dhéanamh ar limistéar agus/nó ar shaoráidí Réamh-Imréitigh chun go gcomhlíonfar riachtanas de chuid Páirtí amháin nó de chuid an dá Pháirtí sa Chomhaontú seo, rachaidh an Páirtí/na Páirtithe lena mbaineann i gcomhairle leis an Údarás aerfoirt iomchuí agus comhaontóidh sé/siad na modhnuithe sin agus leagfaidh sé/siad creat ama réasúnach amach chun na modhnuithe sin a chur i ngníomh i gcomhairle leis an Údarás aerfoirt. I gcás nach féidir teacht ar chomhaontú leis an Údarás aerfoirt iomchuí, déanfaidh an Páirtí/na Páirtithe lena mbaineann an ní a tharchur chuig Grúpa Comhchomhairle Réamh-Imréitigh na Stát Aontaithe/na hÉireann de bhun Airteagal XI den Chomhaontú seo.

4. Déanfar nósanna imeachta Réamh-Imréitigh faoi Bhealach a bhreithniú agus féadfar iad a ghlacadh in aon aerfort ar na Páirtithe sa Chomhaontú seo do chomhaontú amhlaidh.

5. Beidh soláthar seirbhísí Réamh-Imréitigh in aerfort Éireannachag brath ar na nithe seo a leanas:

a. Go mbeidh trácht leordhóthanach ann chun gur féidir an tsaoráid Réamh-Imréitigh a oibriú go héifeachtach;

b. Go soláthrófar socruithe slándála leordhóthanacha cuí, lena n-áirítear tacaíocht forfheidhmithe dlí de réir Airteagal IV(2), chun sábháilteacht oifigeach Réamh-Imréitigh, Taistealaithe agus pearsanra aerfoirt a áirithiú;

c. Go mbeidh socruithe slándála leordhóthanacha cuí ann i leith na saoráide Réamh-Imréitigh chun í a chosaint ar fhoghail nó ar dhamáiste agus chun an chartlann oifigiúil agus na doiciméid oifigiúla a choimeádtar sna saoráidí sin a chosaint;

d. Go ndéanfaidh gach údarás Aerfoirt plean inghlactha a bhunú, a chur i ngníomh agus a chothabháil chun comhordú a dhéanamh ar iarrataí ó Aeriompróirí agus ó Cheannasaithe aerárthaigh ar Réamh-Imréiteach eitiltí; agus

e. Go gceadóidh gach Údarás aerfoirt do na Stáit Aontaithe na háiseanna cumarsáide agus iniúchta is gá a shuiteáil agus a oibriú.

6. Más rud é go n-eascróidh saincheist a d’fhéadfadh oibríochtaí Réamh-Imréitigh a chur i mbaol tromaí, féadfaidh na Stáit Aontaithe a iarraidh go rachaidh sé i gcomhairle láithreach leis na húdaráis chuí de réir Airteagal XI. Mura réiteoidh an fóram sin an ní laistigh de 30 lá, déanfar an ní a tharchur chuig na Páirtithe lena réiteach.

7. Is cinneadh comhpháirteach trí chomhaontú i scríbhinn ag na Páirtithe, tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás aerfoirt iomchuí agus leis an Aerthionscal áitiúil iomchuí, aon chinneadh chun deireadh a chur le seirbhísí Réamh-Imréitigh i suíomh Réamh-Imréitigh, agus beidh sé bunaithe ar thosca iomchuí, lenan-áirítear leasanna slándála náisiúnta agus/nó laghdaithe marthanacha suntasacha ar aerthrácht.

Airteagal IV

Oibleagáidí na hÉireann

1. Cumhachtaí Coimhdeacha

Ceadóidh Éire d’oifigigh Réamh-Imréitigh cinneadh a dhéanamh Réamh-Imréiteach a dheonú nó a dhiúltú d’aon aerárthach agus/nó d’aon phearsa aonair a iarrfaidh Réamh-Imréiteach chun na Stát Aontaithe. D’fhonn oibriú éifeachtach Réamh-Imréitigh a éascú, ceadóidh Éire d’oifigigh Réamh-Imréitigh na cumhachtaí coimhdeacha seo a leanas a fheidhmiú laistigh den limistéar Réamh-Imréitigh:

(a) Iniúchadh

Beidh oifigigh Réamh-Imréitigh údaraithe le dlí chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:

i.Iniúchtaí agus/nó measúnachtaí saorálacha a dhéanamh ar phearsana aonair, maille le haon Earraí atá ina seilbh acu, a iarrfaidh Réamh-Imréiteach le haghaidh dul isteach/ligean isteach i gcríoch na Stát Aontaithe;

ii.Aon aerárthach a iarrfaidh Réamh-Imréiteach (lena n-áirítear na hEarraí go léir atá san aerárthach sin, nó atá le luchtú ar an aerárthach sin, maille le stórais aerárthaí) a scrúdú d’fhonn cinneadh a dhéanamh an ndeonófar nó nach ndeonófar Réamh-Imréiteach chun taisteal ar aghaidh go dtí na Stáit Aontaithe; agus

iii.Cúnamh a iarraidh ar an nGarda Síochána nó ar oifigeach forfheidhmithe dlí Éireannach cuí eile maidir le scagadh aon Taistealaí, aerárthaigh nó Earraí chun críocha Réamh-Imréitigh.

(b) Cuardach

Beidh oifigigh Réamh-Imréitigh údaraithe le dlí chun na cumhachtaí cuardaigh seo a leanas a fheidhmiú:

i.Faoi réir thoiliú an duine lena mbaineann, cuardaigh phearsanta a dhéanamh (boschuardach, corpchuardach páirteach agus cuardach Earraí) ar aon Taistealaí nó ar aon phearsa aonair eile a rachaidh isteach sa limistéar Réamh-Imréitigh;

ii.Cuardaigh neamhshaorálacha a dhéanamh (boschuardach láithreach, corpchuardach páirteach agus cuardach bagáiste agus/nó giuirléidí pearsanta eile) ar aon Taistealaí nó ar aon phearsa aonair eile a rachaidh isteach sa limistéar Réamh-Imréitigh agus a mbeidh drochamhras ann le réasún ina leith go bhfuil arm á iompar aige nó aici nó gur bagairt láithreach é nó í ar shábháilteacht oifigeach nó pearsana aonair eile sa limistéar Réamh-Imréitigh. Ní dhéanfaidh oifigeach Réamh-Imréitigh, le linn dó nó di an chumhacht sin a fheidhmiú, forneart a úsáid is mó ná mar is réasúnach sna himthosca mar a chreideann sé nó sí iad a bheith; agus

iii.Cúnamh a iarraidh ar chomhalta den Gharda Síochána agus/nó ar Oifigeach Custam agus Máil chun cuardach a dhéanamh ar aon duine a mbeidh drochamhras ann le réasún ina leith go ndearna sé nó sí dearbhú bréagach nó go bhfuil airceadal, substaint nó Earraí ina sheilbh nó ina seilbh, a bhfuil a sealbhú agus/nó a n-onnmhairiú faoi rialú nó toirmiscthe faoi dhlí na hÉireann agus/nó ar aon duine a bhfuil drochamhras ann le réasún ina leith go bhfuil arm á iompar aige nó aici nó gur bagairt é nó í ar shlí eile ar shábháilteacht oifigeach nó pearsana aonair eile sa limistéar Réamh-Imréitigh.

(c) Coinneáil

Beidh oifigigh Réamh-Imréitigh údaraithe le dlí chun na cumhachtaí teoranta coinneála seo a leanas a fheidhmiú:

i.Aon Taistealaí nó pearsa aonair eile a bhfuil drochamhras réasúnach ann ina leith go ndearna sé nó sí cion indíotáilte faoi dhlí na hÉireann a choinneáil, go dtí go dtiocfaidh comhalta den Gharda Síochána agus/nó Oifigeach Custam agus Máil, ar feadh tréimhse nach faide ná mar is gá chun an cúnamh thuas a fháil;

ii.Aon Taistealaí nó pearsa aonair eile a bhfuil drochamhras réasúnach ann ina leith gur chuir sé nó sí bac, nó gur fhéach sé nó sí le bac a chur, ar oifigeach Réamh-Imréitigh i bhfeidhmiú a chumhachtaí nó a cumhachtaí agus a dhualgas nó a dualgas faoin gComhaontú seo a choinneáil, go dtí go dtiocfaidh comhalta den Gharda Síochána, ar feadh tréimhse nach faide ná mar is gá chun cúnamh a fháil ón nGarda Síochána; agus

iii.Aon aerárthach Príobháideach a bhfuil drochamhras réasúnach ann ina leith go bhfuil Earraí á n-iompar aige, nó go n-éascaíonn sé Earraí a iompar, de shárú ar dhlí na hÉireann, a choinneáil, go dtí go dtiocfaidh comhalta den Gharda Síochána agus/nó Oifigeach Custam agus Máil, ar feadh tréimhse nach faide ná mar is gá chun an cúnamh sin a fháil.

Ní dhéanfaidh oifigeach Réamh-Imréitigh, le linn dó nó di na cumhachtaí sin a fheidhmiú, forneart a úsáid is mó ná mar is réasúnach sna himthosca mar a chreideann sé nó sí iad a bheith.

(d) Bailiú, Urghabháil agus Forghéilleadh

Gan dochar do na cearta is infheidhmithe ag an nGarda Síochána agus/nó ag Oifigeach Custam agus Máil ítimí a urghabháil agus a choimeád a theastaíonn mar fhianaise in ionchúiseamh ciona faoi dhlí na hÉireann agus gan dochar do cheart na Stát Aontaithe a iarraidh go dtarchuirfear, de réir dhlí na hÉireann agus comhaontuithe idirnáisiúnta infheidhme, aon ítim fianaise a theastaíonn chun cion a ionchúiseamh sna Stáit Aontaithe, beidh oifigigh Réamh-Imréitigh údaraithe le dlí chun na cumhachtaí seo a leanas a fheidhmiú:

i.Seilbh a ghlacadh ar aon ítim is ábhar do dhearbhú bréagach nó do mhainneachtain dearbhú a dhéanamh, i gcás nach cion é faoi dhlí na hÉireann an ítim nó na hítimí sin a shealbhú agus/nó a allmhairiú, agus ina dhiaidh sin na hítimí sin a sheachadadh ar oifigeach forfheidhmithe dlí Éireannach chun críche urghabhála de réir dhlí na hÉireann;

ii.A iarraidh go ndéanfaí ítimí a shealbhaíonn Éire a thabhairt ar ais tar éis 6 seachtaine a bheith caite;

iii.Na hítimí sin a aistriú chun na Stát Aontaithe;

iv.A cheangal, mar réamhchoinníoll le Réamh-Imréiteach a dheonú, go n-íocfar suim airgid atá comhionann leis an tsuim arb é a bheadh inti an dleacht, an cháin, an táille agus/nó an pionós infheidhme ab iníoctha ag pearsa aonair a mbeadh na hEarraí nó na hítimí sin atá i seilbh na pearsan aonair a iarrann Réamh-Imréiteach á n-onnmhairiú isteach sna Stáit Aontaithe aige nó aici; agus

v.A cheangal, mar réamhchoinníoll le Réamh-Imréiteach a dheonú, géilleadh saorálach aon Earraí atá i seilbh na pearsan aonair agus a bhfuila n-onnmhairiú isteach sna Stáit Aontaithe toirmiscthe nó rialaithe faoi dhlíthe na Stát Aontaithe.

(e) Dul ar ais go dtí saoráid Réamh-Imréitigh

Gan dochar do na cumhachtaí sin roimhe seo a fhéadfaidh oifigeach Réamh-Imréitigh a fheidhmiú laistigh den limistéar Réamh-Imréitigh, i gcás go measfaidh oifigeach Réamh-Imréitigh gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh Réamh-Imréiteach a dheonú do Thaistealaí, féadfaidh sé nó sí a iarraidh ar an bpearsa aonair dul ar ais go dtí an tsaoráid Réamh-Imréitigh agus, más gá, féadfaidh sé nó sí tacaíocht an Gharda Síochána a iarraidh chun a chinntiú nach rachaidh an phearsa aonair a mbeidh a stádas Réamh-Imréitigh faoi athbhreithniú ar bord eitilte réamh-imréitithe ná nach ndéanfaidh sé nó sí stádas eitilte a bheidh réamh-imréitithe chun dul isteach sna Stáit Aontaithe a chur i mbaol, nó dochar a dhéanamh don chéanna, ar shlí eile.

2. Slándáil

Déanfaidh Éire, tríd an nGarda Síochána, tacaíocht leordhóthanach chuí forfheidhmithe dlí a sholáthar de réir mar is gá chun leanúint d’fheidhmiú cuí éifeachtach Réamh-Imréitigh agus chun slándáil an limistéir Réamh-Imréitigh agus sábháilteacht oifigeach Réamh-Imréitigh, Taistealaithe agus fhoireann an aerfoirt a áirithiú. Déanfaidh an Garda Síochána athbhreithniú ar na socruithe slándála ó am go ham de réir mar is gá. Le linn athbhreithnithe den sórt sin a dhéanamh, cuirfidh an Garda Síochána i gcuntas aon uiríll a dhéanfaidh na Stáit Aontaithe.

3. Faisnéis agus Oiliúint

Déanfaidh na Páirtithe socrú frithpháirteach chun faisnéis agus oiliúint a sholáthar. Déanfaidh Éire, má iarrtar sin, socrú chun faisnéis agus/nó oiliúint a sholáthar d’oifigigh Réamh-Imréitigh maidir le dlíthe de chuid na hÉireann is iomchuí maidir leis na cumhachtaí agus na dualgais a fheidhmíonn oifigigh Réamh-Imréitigh atá ag obair in Éirinn. Déanfaidh na Stáit Aontaithe, má iarrtar sin, faisnéis agus/nó oiliúint a sholáthar de réir Airteagal V(6).

4. Ceart chun Sásaimh

Déanfaidh Éire cibé foráil sa dlí is gá chun a chinntiú go mbeidh ag aon phearsa aonair arb éagóir leis nó léi feidhmiú mídhleathach cumhachtaí a ghabhann le riaradh Réamh-Imréitigh ceart éifeachtach chun sásaimh in Éirinn i gcoinne Rialtas na hÉireann.

5. Éileamh i leith Earraí arna n-urghabháil

Déanfaidh Éire foráil sa dlí maidir le ceart, faoi réir cibé teorainneacha a fhorchuirfear le dlí, chun agóid a dhéanamh i gcoinne urghabháil Earraí atá bunaithe ar dhearbhú bréagach líomhnaithe nó mainneachtain líomhnaithe dearbhú a dhéanamh i gcomhthéacs Réamh-Imréitigh.

Airteagal V

Oibleagáidí agus Údaráis na Stát Aontaithe

i Leith Seirbhíse Réamh-Imréitigh

1. Soláthróidh na Stáit Aontaithe ardleibhéal seirbhíse dóibh sin a bhaineann leas as Réamh-Imréiteach in Éirinn. Déanfaidh na Stáit Aontaithe go háirithe:

a. Líon leordhóthanach oifigeach Réamh-Imréitigh a sholáthar chun oibríochtaí Réamh-Imréitigh a chur i gcrích le luas agus éifeachtacht réasúnach;

b. Úsáid cleachtas solúbtha agus/nó nósanna imeachta oibríochta a bhreithniú go cuí, lena bhféadfaí éifeachtúlacht oibríochtaí Réamh-Imréitigh a fheabhsú nó cur isteach sealadach ar na hoibríochtaí a réiteach;

c. A dhícheall a dhéanamh chun acmhainní riachtanacha a áirithiú le haghaidh foirne agus/nó trealaimh breise a fhéadfaidh a bheith ag teastáil d’fhonn leanúint d’oibríocht éifeachtúil an Réamh-Imréitigh;

d. Glacadh aon mholta ón Údarás aerfoirt iomchuí agus/nó ó ionadaithe Aerthionscal na hÉireann a bhreithniú go cuí chun éifeachtúlacht na seirbhíse Réamh-Imréitigh a fheabhsú; agus

e. Fógra 90 lá ar a laghad a thabhairt d’Éirinn, don Údarás aerfoirt agus don Aerthionscal áitiúil i dtaobh aon laghdaithe ar an tseirbhís Réamh-Imréitigh in aerfort ar leith.

Sula dtosófar ar oibríochtaí Réamh-Imréitigh, bunóidh na Páirtithe nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha a bheidh inghlactha ag gach taobh agus a mbeidh ar áireamh orthu nósanna imeachta chun Mír 1 den Airteagal seo a chur i ngníomh.

2. Údarú i gcomhair Réamh-Imréitigh

Údaróidh na Stáit Aontaithe seirbhísí Réamh-Imréitigh i gcomhair eitiltí de réir na bhforálacha atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú seo.

3. Beidh an ceart ag na Stáit Aontaithe:

a. Réamh-Imréiteach a dhiúltú d’eitiltí nó d’aon Taistealaí in aon chás ina n-údaraítear dó é faoina dhlí;

b. A cheangal go ndéanfar Iar-Imréiteach ar aon aerárthach, aon Taistealaí nó aon Earraí ar aon eitilt, de réir mar a mheasfaidh sé is gá;

c. Gan Eitiltí incháilithe a réamh-imréiteach ach amháin más féidir Taistealaithe a chur tríd an limistéar Réamh-Imréitigh ainmnithe;

d. Diúltú Réamh-Imréiteach a sheoladh d’aon Aeriompróir nó aerárthach go dtí go ndeimhneoidh an tAeriompróir nó an Ceannasaí aerárthaigh do na hoifigigh Réamh-Imréitigh go ndiúltóidh sé nó sí aon duine a mhainneoidh dul faoi iniúchadh Réamh-Imréitigh agus aon duine a bhfionnfar, tar éis dó nó di dul faoi iniúchadh den sórt sin, go bhfuil sé nó sí neamh-incháilithe chun dul ar bord eitilte réamh-imréitithe a iompar;

e. Pribhléidí faoi bhealach a dhiúltú d’aon Aeriompróir nó d’aon Cheannasaí aerárthaigh nach n-údaródh údaráis eitlíochta sibhialta na Stát Aontaithe dóibh thairis sin eitilt go dtí na Stáit Aontaithe;

f. Diúltú aon Taistealaí agus a chuid Earraí nó a cuid Earraí a réamh-imréiteach, mura ndeimhneoidh an Taistealaí don oifigeach Réamh-Imréitigh go bhfuil sé/sí cáilithe le haghaidh Réamh-Imréitigh agus gur féidir a chuid/a cuid Earraí a onnmhairiú go dleathach isteach sna Stáit Aontaithe; agus

g. Cead taistil ar aghaidh a dhiúltú d’aon Taistealaí nó Ceannasaí aerárthaigh ar eitilt atá faoi réir Réamh-Imréitigh a measann an t-oifigeach Imréitigh é nó í a bheith neamh-inghlactha chun dul isteach sna Stáit Aontaithe nó a dhiúltaíonn faisnéis a sholáthar is iomchuí maidir lena stádas inimirce.

4. Comhar i ndáil le cionta faoi dhlí na hÉireann a chosc agus a bhrath

Déanfaidh na Stáit Aontaithe, i gcomhthéacs an Chomhaontaithe seo, gach cúnamh réasúnach a thabhairt d’Éirinn i ndáil le cionta faoi dhlí na hÉireann a chosc agus a bhrath. Gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, feidhmeoidh oifigigh Réamh-Imréitigh na cumhachtaí a thugtar dóibh faoi Airteagal IV den Chomhaontú seo ar shlí a bheidh i gcomhréir leis an oibleagáid sin agus go háirithe:

a. I gcás go dtagann oifigeach Réamh-Imréitigh i gcúrsa iniúchta ar ítim ar cion é faoi dhlí na hÉireann í a bheith i seilbh duine agus/nó í a onnmhairiú, déanfaidh sé nó sí láithreach cúnamh a iarraidh ar oifigeach forfheidhmithe dlí Éireannach; agus

b. I gcás go bhfuil cúis ag oifigeach Réamh-Imréitigh pearsa aonair a choinneáil de réir fhorálacha Airteagal IV (1)(c), déanfaidh sé nó sí láithreach an duine sin a thabhairt isteach i gcoimeád oifigigh forfheidhmithe dlí Éireannaigh.

5. Bileoga Faisnéise agus Comharthaíocht

Cinnteoidh na Stáit Aontaithe maidir le faisnéis a sholáthróidh Éire, e.g. comharthaíocht, bróisiúir agus/nó ábhair eile ina leagtar amach cearta agus/nó oibleagáidí Taistealaithe a bheidh ag baint leasa as Réamh-Imréiteach, go mbeidh sí ar fáil go réidh agus/nó go mbeidh sí infheicthe.

6. Déanfaidh na Stáit Aontaithe, má iarrtar sin, socrú chun faisnéis agus oiliúint is iomchuí maidir le próiseáil agus cuardach a dhéanamh ar phaisinéirí a iarrfaidh go ndéanfar réamh-imréiteach le haghaidh na Stát Aontaithe orthu a sholáthar d’oifigigh forfheidhmithe dlí Éireannacha.

Airteagal VI

Réamh-Imréiteach faoi Bhealach

Ar chomhaontú ag na Páirtithe, cuirfear oibríochtaí Réamh-Imréitigh faoi Bhealach i ngníomh in ionaid ina bhfuil oibríochtaí Réamh-Imréitigh láithreacha bunaithe de réir an Chomhaontaithe seo. Beidh feidhm maidir le haon oibríochtaí bunaithe Réamh-Imréitigh faoi Bhealach ag forálacha faoin gComhaontú seo is infheidhme maidir le hoibríochtaí Réamh-Imréitigh.

Airteagal VII

Ról Údarás Aerfoirt

Déanfaidh Éire gach dícheall chun a chinntiú go ndéanfaidh na hÚdaráis aerfoirt d’aerfoirt ina mbunófar Réamh-Imréiteach de bhun an Chomhaontaithe seo:

a. A cheadú do na Stáit Aontaithe cibé trealamh a shuiteáil agus a oibriú is gá chun Réamh-Imréiteach a oibriú go héifeachtúil;

b. A chinntiú go mbeidh gach limistéar Réamh-Imréitigh agus, más infheidhme, gach limistéar Réamh-Imréitigh faoi Bhealach, críochaithe go soiléir;

c. A chinntiú nach mbeidh aon rochtain ag an bpobal ar an limistéar Réamh-Imréitigh ainmnithe trí rochtain a shrianadh de réir Airteagal II(7) den Chomhaontú seo;

d. Comharthaí a chur suas agus faisnéis a chur ar fáil maidir le cearta agus oibleagáidí Taistealaithe sa limistéar Réamh-Imréitigh;

e. Más infheidhme agus má cheadaítear é, saoráidí leordhóthanacha a sholáthar chun Réamh-Imréiteach faoi Bhealach a oibriú;

f. Nósanna imeachta ainmnithe a leanúint maidir le réamhfhógra i ndáil le céannacht aon aerárthaí Príobháideacha a iarrfaidh Réamh-Imréiteach a thabhairt do na Stáit Aontaithe (de réir na hIarscríbhinne);

g. Dul i gcomhairle le hoifigigh Réamh-Imréitigh maidir le pearsanra a údarú chun críocha Airteagal II(7)(d) den Chomhaontú seo; agus

h. A chinntiú nach ndéanfar aon Earraí, ítimí ná táirgí eile nach bhfuil incháilithe chun dul isteach sna Stáit Aontaithe a sholáthar ná a chur ar fáil lena ndíol sa limistéar Réamh-Imréitigh ná sa limistéar Réamh-Imréitigh faoi Bhealach.

Airteagal VIII

Páirteachas Aeriompróirí agus Ceannasaithe Aerárthaigh

1. Ceadóidh na Stáit Aontaithe do gach Aeriompróir agus do gach Ceannasaí aerárthaigh an rogha chun Réamh-Imréiteach nó Iar-Imréiteach a úsáid le haghaidh eitiltí, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

a. Ceanglófar ar aon Aeriompróir a iarrfaidh ceadú maidir le seirbhísí Réamh-Imréitigh le haghaidh eitiltí sceidealta an iarraidh sin a dhéanamh i scríbhinn tráth nach déanaí ná 60 lá roimh an lá a bheartaítear an tseirbhís a thosú. Ní mór gach iarraidh ar Réamh-Imréiteach a dhíriú chuig ionadaí infheidhme Stiúrthóir Poirt na Stát Aontaithe don tsaoráid Réamh-Imréitigh. Maidir le coigeartaithe ar sceidil eitiltí Aeriompróirí, éileoidh na Stáit Aontaithe fógra de réir mhír (1) den Iarscríbhinn;

b. Aon Aeriompróir ar mian leis a oibríochtaí sceidealta a tharraingt siar go hiomlán ó Réamh-Imréiteach in aon ionad, ceanglófar air réamhfhógra 90 lá i scríbhinn a sholáthar don dá Pháirtí. Mura gcuirfidh ceachtar Páirtí ina aghaidh sin, áfach, féadfaidh an tAeriompróir tarraingt siar níos luaithe. Féadfaidh na Stáit Aontaithe a cheangal go soláthrófar fógra réasúnach chun tarraingt siar ó Réamh-Imréiteach i leith bealaigh incháilithe nó bealaí incháilithe agus ina leith sin amháin;

c. Ceanglófar ar Cheannasaithe aerárthaigh dlíthe a chomhlíonadh lena rialaítear a dtuirlingt, a ndul isteach agus a n-imréiteach sna Stáit Aontaithe. Féachfaidh Éire lena chinntiú go ndéanfaidh gach Ceannasaí aerárthaigh a bheidh ag iarraidh Réamh-Imréitigh réamhfhógra a thabhairt maidir lena n-imeacht ó chríoch na hÉireann go dtí críoch na Stát Aontaithe d’fhonn seirbhísí Réamh-Imréitigh a sceidealú (féach an Iarscríbhinn); agus

d. Déanfaidh aeriompróirí a gcearta agus a n-oibleagáidí maidir le Réamh-Imréiteach a chur in iúl do Thaistealaithe.

2. I gcás go dtabharfar isteach Réamh-Imréiteach faoi Thaisteal de réir théarmaí an Chomhaontaithe seo, déanfaidh Éire gach dícheall chun a chinntiú go ndéanfaidh gach aerfort ina bhfuil Réamh-Imréiteach faoi Bhealach an próiseas faoi bhealach a chur ar fáil do na hAeriompróirí agus do na Ceannasaithe aerárthaigh go léir a mbeidh comhaontaithe acu páirt a ghlacadh sa Réamh-Imréiteach faoi Bhealach.

3. Ní bheidh seirbhísí lasta (.i. Réamh-Imréiteach lasta) incháilithe le haghaidh Réamh-Imréitigh faoin gComhaontú seo, ach amháin de réir mar a chomhaontófar a mhalairt go frithpháirteach idir na Páirtithe.

Airteagal IX

Costas an Réamh-Imréitigh

Is mar seo a leanas a iomprófar costas an Réamh-Imréitigh:

a. Beidh na Stáit Aontaithe, de bhun a dhlíthe agus a rialachán lena rialaítear Réamh-Imréiteach, freagrach as a gcostas pearsanra agus oibríochtaí (seachas costais saoráide) maidir le gníomhaíochtaí Réamh-Imréitigh a sheoladh;

b. I gcomhréir le hAirteagal V den Chomhaontú seo, maidir le haon Taistealaí a ndiúltaíonn na Stáit Aontaithe cead dó nó di taisteal ar aghaidh ar bhonn údarás na Stát Aontaithe, beidh an tAeriompróir nó an Ceannasaí aerárthaigh lena mbaineann freagrach as aon chostais, lena n-áirítear, más gá, costais chóiríochta agus chothabhála a eascraíonn as an aistriú go dtí pointe bordála na pearsan aonair sin, nó go dtí an tír ar náisiúnach dá cuid é nó í;

c. Is ar an Údarás aerfoirt inniúil a bheidh an fhreagracht na saoráidí Réamh-Imréitigh is gá a sholáthar;

d. Déanfar an fhreagracht as na costais a bhaineann le seirbhís Réamh-Imréitigh, faoi fhomhíreanna (a) agus (c), thuas, a leithroinnt idir na Stáit Aontaithe agus an tÚdarás aerfoirt iomchuí de réir an doiciméid maidir le Caighdeáin Dearaidh Theicniúil Aerfort CBP;

e. Ní dhéanfaidh na Stáit Aontaithe aon táillí a thobhach ar Thaistealaithe as seirbhísí Réamh-Imréitigh a sholáthar ach amháin na táillí uilechoiteanna a iarrann na Stáit Aontaithe de ghnáth ar gach pearsa aonair a iarrann Imréiteach (lena n-áirítear Iar-Imréiteach) chun dul isteach sna Stáit Aontaithe.

Airteagal X

Pribhléidí agus Díolúintí

1. Maidir le fostaithe de chuid Rialtas na Stát Aontaithe is náisiúnaigh de chuid na Stát Aontaithe agus a shanntar do dhualgais Réamh-Imréitigh in Éirinn faoin gComhaontú seo, seachas fostaithe a chónaíonn go buan in Éirinn, ní bheidh siad faoi réir dhlínse údaráis bhreithiúnacha nó riaracháin na hÉireann i leith gníomhartha a dhéanann siad i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna faoin gComhaontú seo.

2. Féadfaidh Rialtas na Stát Aontaithe an díolúine a thugtar faoi mhír (1) a tharscaoileadh i scríbhinn.

3. Tar éis dul i gcomhairle leis na Stáit Aontaithe, féadfaidh Éire a cheangal ar oifigeach Réamh-Imréitigh a measfaidh Éire ina leith go raibh a phost/a post oifigiúil á mí-úsáid aige/aici imeacht, nó, maidir le hoifigeach Réamh-Imréitigh a chónaíonn go buan in Éirinn, féadfaidh Éire a cheangal air nó uirthi scor dá chuid nó dá cuid feidhmeanna faoin gComhaontú seo a chomhlíonadh.

4. Maidir le fostaithe de chuid Rialtas na Stát Aontaithe a shanntar do dhualgais Réamh-Imréitigh in Éirinn de bhun an Chomhaontaithe seo, seachas fostaithe a chónaíonn go buan in Éirinn, teachtfaidh siad, mar aon lena gcleithiúnaithe, cibé pribhléidí a chomhaontófar idir na Páirtithe ar mhodh malartú nótaí.

5. Beidh ag cartlann oifigiúil, lena n-áirítear comhaid agus doiciméid leictreonacha, de chuid na Stát Aontaithe atá suite sa limistéar agus sa tsaoráid Réamh-Imréitigh ainmnithe an dosháraitheacht chéanna atá ag cartlann chonsalachta faoi Choinbhinsiún Vín ar Chaidreamh Consalachta.

Airteagal XI

Comhchomhairliúcháin

1. Úsáidfear sásraí de chuid an aerfoirt áitiúil chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann le hionad Réamh-Imréitigh áirithe. Tarchuirfear saincheisteanna nach féidir a réiteach ag an leibhéal áitiúil chuig Grúpa Comhchomhairle Réamh-Imréitigh na Stát Aontaithe/na hÉireann.

2. Bunóidh na Páirtithe Grúpa Comhchomhairle Réamh-Imréitigh na Stát Aontaithe/na hÉireann a bheidh comhdhéanta d’ionadaithe de chuid gach Páirtí. Tiocfaidh Grúpa Comhchomhairle Réamh-Imréitigh na Stát Aontaithe/na hÉireann le chéile ar bhonn rialta, go bliantúil ar a laghad, chun aon saincheisteanna a bhaineann leis an gComhaontú seo a athbhreithniú.

a. Féadfaidh grúpaí leasmhara eile, lena n-áirítear an tAerthionscal, freastal ar chodanna de chruinnithe de Ghrúpa Comhchomhairle Réamh-Imréitigh na Stát Aontaithe/na hÉireann de réir mar a chinnfidh na Páirtithe go frithpháirteach.

b. Tosóidh Grúpa Comhchomhairle Réamh-Imréitigh na Stát Aontaithe/na hÉireann ar chomhchomhairliúcháin laistigh de 20 lá tar éis iarraidh a fháil ó cheachtar Páirtí chun an grúpa comhchomhairle a thionól mura gcomhaontófar a mhalairt i measc na gcomhaltaí.

c. I gcás nach n-éireoidh le Grúpa Comhchomhairle Réamh-Imréitigh na Stát Aontaithe/na hÉireann ní a réiteach laistigh de 30 lá tar éis na comhchomhairliúcháin a thosú, mura gcomhaontófar a mhalairt idir na Páirtithe, féadfaidh an Páirtí dá ndéantar difear cruinniú de na Páirtithe sa Chomhaontú seo a iarraidh.

3. Féadfaidh ceachtar Páirtí aon tráth comhchomhairliúcháin a iarraidh maidir le haon chuid den Chomhaontú seo. Féadfar athruithe ar an dlí baile nó aon ní eile a measfaidh Páirtí go ndéanfaidh sé difear do léiriú, do chur chun feidhme nó do chur i ngníomh an Chomhaontaithe seo a bheith ar áireamh ar na hiarrataí sin ach ní bheidh siad teoranta dó sin.

a. Maidir le nithe a ndeir an Páirtí iarrthach go bhfuil siad práinneach, tosóidh na comhchomhairliúcháin sin idir na Páirtithe laistigh de 15 lá ó dháta na hiarrata.

b. Tosóidh comhchomhairliúchán ar shaincheisteanna eile laistigh de 30 lá tar éis na hiarrata, mura gcomhaontófar a mhalairt idir na Páirtithe.

4. Déanfar aon easaontas idir na Páirtithe a eascraíonn as an gComhaontú seo nó a bhaineann leis a réiteach trí chomhchomhairliúcháin idir na Páirtithe agus ní chuirfear é faoi bhráid aon bhinse, cúirte ná tríú páirtí eile.

5. Comhaontaíonn na Páirtithe gur chóir, má chinneann cúirt nó binse inniúil de chuid ceachtar náisiún go bhfuil aon ghníomh nó oibríocht Réamh-Imréitigh contrártha do dhlíthe ceachtar Páirtí, go rachadh na Páirtithe i gcomhairle le chéile maidir leis an tslí chun leanúint ar aghaidh.

Airteagal XII

An Iarscríbhinn

Is cuid dhílis den Chomhaontú seo an Iarscríbhinn a ghabhann leis seo.

Airteagal XIII

Cómhalartaíocht

Má fhéachann Éire le seirbhís Réamh-Imréitigh a bhunú in aerfoirt i Stáit Aontaithe Mheiriceá, rachaidh Rialtas na Stát Aontaithe i gcomhairle leis na húdaráis iomchuí in aerfoirt de chuid na Stát Aontaithe a bheidh sainaitheanta ag na Páirtithe go frithpháirteach chun cinneadh a dhéanamh maidir lena indéantacht a bheadh sé seirbhís Réamh-Imréitigh chómhalartach a bhunú faoi théarmaí an Chomhaontaithe seo, agus maidir le mionsonraí an chéanna. Féadfaidh na Páirtithe cearta Réamh-Imréitigh cómhalartacha a chomhaontú i leasú ar an gComhaontú seo.

Airteagal XIV

Teacht i bhFeidhm

1. Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm ar dháta an nóta is déanaí i malartú nótaí taidhleoireachta ina gcuirfidh gach Páirtí in iúl don Pháirtí eile go measann sé gur comhlíonadh coinníollacha Airteagal III(5) maidir le seirbhísí Réamh-Imréitigh in aerfort Éireannach agus go bhfuil a nósanna imeachta inmheánacha riachtanacha maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe curtha i gcrích aige, lena n-áirítear achtú aon reachtaíochta is gá.

2. Féadfar an Comhaontú seo agus an Iarscríbhinn a ghabhann leis a leasú le comhaontú i scríbhinn ag na Páirtithe. Ar theacht i bhfeidhm don Chomhaontú seo, glacfaidh sé ionad an Chomhaontaithe idir Éire agus Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le Réamhiniúchadh a síníodh i mBaile Átha Cliath an 25 Meitheamh 1986, arna bhforlíonadh le comhaontú an 31 Márta 1988.

3. Leanfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm mura bhfoirceannfaidh ceachtar Páirtí é trí fhógra bliana i scríbhinn a thabhairt don Pháirtí eile.

ARNA DHÉANAMH in dhá scríbhinn bhunaidh i an lá seo de , 2008.

_____________

_____________

Thar ceann Rialtas na hÉireann

Thar ceann Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá

An Iarscríbhinn

Comhordú ar Sheirbhísí Réamh-Imréitigh

1. I gcomhréir le hAirteagal VIII agus/nó, más infheidhme, Airteagal VI, chun críocha Réamh-Imréitigh, ceanglófar ar Údaráis aerfoirt agus ar Aeriompróirí fógra a thabhairt do na Stáit Aontaithe maidir le haon sceidil shéasúracha bheartaithe agus eitiltí nua tráth nach déanaí ná 60 lá sula gcuirtear i ngníomh iad. Ceanglófar ar Aeriompróirí fógra réasúnach a sholáthar maidir le coigeartuithe teoranta dá éis sin ar a sceidil shéasúracha.

2. Déanfaidh na Páirtithe nósanna imeachta a fhorbairt chun a chinntiú go dtabharfar réamhfhógra leordhóthanach faoi iarrataí ar Réamh-Imréiteach aerárthaí Príobháideacha agus Aeriompróirí a oibríonn eitiltí neamhsceidealta a imíonn ó Éirinn chun na Stát Aontaithe.

3. Féachfaidh na Stáit Aontaithe le freastal do gach iarraidh ar sheirbhís Réamh-Imréitigh nuair a dhéantar na hiarrataí sin laistigh de na creataí ama a shonraítear i mír (1) thuas agus oibreoidh sé le hÚdaráis aerfoirt agus le hAeriompróirí chun freastal d’eitiltí nua agus d’athruithe ar sceidil eitiltí. Féachfaidh na Stáit Aontaithe le freastal d’iarrataí ar sheirbhís Réamh-Imréitigh i leith aerárthaí Príobháideacha agus Aeriompróirí a oibríonn eitiltí neamhsceidealta de réir na nósanna imeachta comhpháirteacha a dhéanfaidh na Páirtithe a fhorbairt (agus dá dtagraítear i mír 2).

4. I gcomhréir le hAirteagal XI, déanfar aon iarraidh ar sheirbhís Réamh-Imréitigh nach réiteofar ag an leibhéal áitiúil a tharchur chuig Grúpa Comhchomhairle Réamh-Imréitigh na Stát Aontaithe/na hÉireann.

5. Beidh an ceart ag na Stáit Aontaithe, dá rogha féin, a chinneadh, de réir an cháis, an soláthróidh sé seirbhís Réamh-Imréitigh d’aon eitiltí mírialta nó ad hoc i rith gnáthuaireanta oibríochta ar a gcomhaontófar go frithpháirteach nuair nach ndearnadh comhordú leordhóthanach leis na Stáit Aontaithe.

6. Beidh an ceart ag na Stáit Aontaithe a chinneadh, de réir ancháis, an soláthróidh sé seirbhís Réamh-Imréitigh d’eitiltí lasmuigh de ghnáthuaireanta oibríochta ar a gcomhaontófar go frithpháirteach.