Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL)

17 2009

/images/harp.jpg


Uimhir 17 de 2009


AN tACHT UM PARLAIMINT NA hEORPA (COMHALTAÍ THOGHCHEANTAIR NA hÉIREANN) 2009


RIAR NA nALT

Alt

1. Mínithe.

2. Tuarastail comhaltaí.

3. Aoisliúntas comhaltaí.

4. Comhaltaí a dhícháiliú chun bheith ina gcomhaltaí de chomhlachtaí áirithe nó chun bheith fostaithe acu.

5. Leasú ar an Acht Comhdhlúite Cánacha 1997.

6. Leasú ar Acht 2001.

7. Leasú ar an Acht um Choimisiún Thithe an Oireachtais 2003.

8. Aisghairm.

9. Caiteachais.

10. Gearrtheideal agus tosach feidhme.

AN SCEIDEAL


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Thionól na hEorpa (Ionadaithe na hÉireann) 1979

1979, Uimh. 19

An tAcht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1997

1997, Uimh. 2

An tAcht um Choimisiún Thithe an Oireachtais 2003

2003, Uimh. 28

An tAcht um Oifigí Aireachta, Parlaiminte agus Breithiúnacha agus um Chomhaltaí den Oireachtas (Forálacha Ilghnéitheacha) 2001

2001, Uimh. 33

Acht an Oireachtais (Liúntaisí do Chomhaltaí) 1938

1938, Uimh. 34

An tAcht Comhdhlúite Cánacha 1997

1997, Uimh. 39

/images/harp.jpg


Uimhir 17 de 2009


AN tACHT UM PARLAIMINT NA hEORPA (COMHALTAÍ THOGHCHEANTAIR NA hÉIREANN) 2009


ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE IDIRTHRÉIMHSEACHA MAIDIR LE TUARASTAIL A ÍOC LE COMHALTAÍ ÁIRITHE DE PHARLAIMINT NA hEORPA, DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE NITHE A BHAINEANN LEIS NA COMHALTAÍ SIN AGUS LE COMHALTAÍ EILE DEN PHARLAIMINT SIN, DO LEASÚ CHUID 5 DEN ACHT COMHDHLÚITE CÁNACHA 1997, DO LEASÚ ALT 55 DEN ACHT UM OIFIGÍ AIREACHTA, PARLAIMINTE AGUS BREITHIÚNACHA AGUS UM CHOMHALTAÍ DEN OIREACHTAS (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA) 2001, DO LEASÚ AN ACHTA UM CHOIMISIÚN THITHE AN OIREACHTAIS 2003 AGUS D’AISGHAIRM AN ACHTA UM THIONÓL NA hEORPA (IONADAITHE NA hÉIREANN) 1979.

[8 Iúil, 2009]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1 .— San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1979” an tAcht um Thionól na hEorpa (Ionadaithe na hÉireann) 1979;

ciallaíonn “Acht 1997” an tAcht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1997;

ciallaíonn “Acht 2001” an tAcht um Oifigí Aireachta, Parlaiminte agus Breithiúnacha agus um Chomhaltaí den Oireachtas (Forálacha Ilghnéitheacha) 2001;

ciallaíonn “Airteagal”, i ndáil le hAirteagal uimhrithe, an tAirteagal, arna uimhriú amhlaidh, den Chinneadh;

ciallaíonn “Cinneadh” an Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Meán Fómhair 2005 lena nglactar an Reacht do Chomhaltaí de Pharlaimint na hEorpa (Uimh. 2005/684/CE, Euratom 1 );

tá le “toghchán Eorpach” an bhrí a shanntar dó le halt 7 d’Acht 1997;

ciallaíonn “comhalta” duine a thoghtar faoi Acht 1997, nó a mheastar a bheith tofa amhlaidh faoin Acht sin, mar chomhalta den Pharlaimint;

ciallaíonn “Aire” an tAire Airgeadais;

ciallaíonn “Parlaimint” Parlaimint na hEorpa;

ciallaíonn “téarma parlaiminte” téarma parlaiminte den Pharlaimint;

ciallaíonn “toghchán Eorpach 2009” an toghchán Eorpach a rinneadh in 2009.

Tuarastail comhaltaí.

2 .— (1) Aon chomhalta a bhain leis an bParlaimint aon tráth roimh theacht i bhfeidhm don Chinneadh agus a atoghtar chun na Parlaiminte faoi Acht 1997 i dtoghchán Eorpach 2009, féadfaidh sé nó sí a roghnú, in ionad an tuarastail a sholáthraítear faoi Airteagal 9, agus de réir Airteagal 26, go n-íocfar an tuarastal a shonraítear i bhfo-alt (2) leis nó léi.

(2) Maidir leis an tuarastal dá dtagraítear i bhfo-alt (1), is tuarastal é atá de réir an ráta chéanna sa bhliain agus atá an tuarastal is iníoctha le comhaltaí de Dháil Éireann de thuras na huaire faoi ailt 2 agus 3 (arna leasú le hailt 23 agus 24, faoi seach, d’Acht 2001) d’Acht an Oireachtais (Liúntaisí do Chomhaltaí) 1938.

(3) Tosófar ar thuarastal a íoc faoi fho-alt (2) le héifeacht ó thosach feidhme théarma oifige an duine lena mbaineann mar chomhalta agus tiocfaidh deireadh leis nuair a scoirfidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta, agus beidh sé iníoctha go míosúil as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(4) Chun críocha fho-alt (3), measfar téarma oifige comhalta do thosú ar an gcéad lá den téarma parlaiminte a thosaíonn in 2009.

Aoisliúntas comhaltaí.

3 .— (1) San alt seo—

ciallaíonn “pinsin” pinsin, aiscí agus liúntais eile ar bhás nó ar scor ar shlí eile d'oifig a shealbhú mar chomhalta;

ciallaíonn “scéim pinsean” scéim arna déanamh faoin alt seo.

(2) Féadfaidh an tAire scéim ranníocach a dhéanamh (“scéim pinsin”) chun pinsin a dheonú do chomhaltaí nó d’iarchomhaltaí nó ina leith, de réir mar a bheidh—

(a) a toghadh nó a ceapadh chun na Parlaiminte faoi Acht 1979,

(b) a toghadh chun na Parlaiminte faoi Acht 1997, nó a measadh faoin Acht sin a bheith tofa amhlaidh, nó

(c) a roghnóidh go n-íocfar an tuarastal leo dá dtagraítear in alt 2(2).

(3) Socrófar le scéim pinsin an tráth agus na coinníollacha íocaíochta do gach comhalta nó iarchomhalta a mbeidh sochair aoisliúntais iníoctha leo nó ina leith faoin scéim, agus féadfar tráthanna agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla comhaltaí.

(4) Féadfaidh éifeacht a bheith le scéim pinsin ó dháta is luaithe ná dáta na scéime.

(5) Féadfaidh an tAire, de réir scéime pinsin, asbhaintí a dhéanamh as tuarastal arna íoc faoi alt 2(3).

(6) Leanfaidh Scéim Pinsean Thionól na hEorpa (Ionadaithe na hÉireann) (I.R. Uimh. 387 de 1979) a rinneadh faoi alt 4 d’Acht 1979 de bheith i bhfeidhm amhail is dá mba faoin alt seo a rinneadh í.

(7) Gach scéim pinsin agus gach scéim lena leasaítear nó lena gcúlghairtear scéim den sórt sin, déanfar í a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

Comhaltaí a dhícháiliú chun bheith ina gcomhaltaí de chomhlachtaí áirithe nó chun bheith fostaithe acu.

4 .— (1) San alt seo, ciallaíonn “comhlacht sonraithe” comhlacht a shonraítear sa Sceideal.

(2) Aon duine a thoghtar chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta i dtoghchán Eorpach 2009 agus ar comhalta de chomhlacht sonraithe nó stiúrthóir ar bhord comhlachta shonraithe é nó í, scoirfidh sé nó sí, an tráth a shíneoidh an príomhcheann comhairimh sa toghchán an freagra a cheanglaítear le Riail 94 de Sceideal 2 a ghabhann le hAcht 1997, de bheith ina chomhalta nó ina comhalta nó ina stiúrthóir den sórt sin, de réir mar a bheidh.

(3) I gcás go ndéantar duine is comhalta de chomhlacht ar comhlacht sonraithe é nó is stiúrthóir ar bhord comhlachta den sórt sin a ainmniú go bailí mar iarrthóir lena thoghadh nó lena toghadh chun na Parlaiminte, nó i gcás go meastar iarrthóir ionaid a bheith tofa faoi Acht 1997 chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Pharlaimint, scoirfidh sé nó sí, ar é nó í a ainmniú amhlaidh, nó a luaithe a mheastar é nó í a bheith tofa amhlaidh, de bheith ina chomhalta nó ina comhalta nó ina stiúrthóir den sórt sin, de réir mar a bheidh.

(4) Aon duine a bheidh de thuras na huaire ina chomhalta nó ina comhalta den Pharlaimint, beidh sé nó sí dícháilithe chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta d’aon chomhlacht nó chun bheith ina stiúrthóir ar bhord aon chomhlachta is comhlacht sonraithe nó ina oifigeach nó ina hoifigeach nó ina sheirbhíseach nó ina seirbhíseach d’aon chomhlacht den sórt sin.

(5) I gcás go ndéantar duine is oifigeach nó seirbhíseach d’aon chomhlacht is comhlacht sonraithe a ainmniú go bailí chun a thofa nó chun a tofa mar iarrthóir lena thoghadh nó lena toghadh chun na Parlaiminte, nó i gcás go meastar iarrthóir ionaid a bheith tofa faoi Acht 1997 chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Pharlaimint, beidh sé nó sí ar iasacht ó fhostaíocht an chomhlachta agus ní íocfaidh an comhlacht leis nó léi ná ní bheidh sé nó sí i dteideal go bhfaighidh sé nó sí ón gcomhlacht aon luach saothair ná liúntais i leith na tréimhse dar tosach—

(a) i gcás go ndéantar an t-iarrthóir a ainmniú amhlaidh i dtoghchán Eorpach 2009, an tráth a shíneoidh an príomhcheann comhairimh sa toghchán an freagra dá dtagraítear i bhfo-alt (2),

(b) i gcás go ndéantar an t-iarrthóir a ainmniú amhlaidh in aon toghchán Eorpach eile, an tráth a ainmneofar é nó í amhlaidh,

(c) i gcás go measfar amhlaidh an t-iarrthóir ionaid a bheith tofa i dtoghchán Eorpach 2009 nó in aon toghchán Eorpach eile, an tráth a mheasfar amhlaidh é nó í a bheith tofa,

agus dar críoch an tráth a tharraingeoidh sé nó sí siar ó bheith ina iarrthóir nó ina hiarrthóir, a chinnfidh toghchán air nó uirthi nó a scoirfidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Pharlaimint.

Leasú ar an Acht Comhdhlúite Cánacha 1997.

5 .— Leasaítear Caibidil 5 de Chuid 5 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 127:

“Mar a dhéileálfar, ó thaobh cánach, le comhaltaí de Pharlaimint na hEorpa.

127A.— (1) D'ainneoin aon fhorála eile de na hAchtanna Cánach, aon ioncam a eascraíonn chuig aon phearsa aonair mar chomhalta de Pharlaimint na hEorpa agus is iníoctha as airgead—

(a) a sholáthróidh an tOireachtas, beidh sé inmhuirearaithe i leith cánach faoi Sceideal E, nó

(b) a sholáthrófar as buiséad an Aontais Eorpaigh, beidh sé inmhuirearaithe i leith cánach faoi Chás III de Sceideal D.

(2) Aon dliteanas cánach ioncaim a eascróidh sa Stát i leith aon ioncaim den sórt sin dá dtagraítear i bhfo-alt (1), déanfar é a laghdú de mhéid na cánach, más ann, arna híoc chun tairbhe do bhuiséad an Aontais Eorpaigh i leith an ioncaim sin.”.

Leasú ar Acht 2001.

6 .— Leasaítear alt 55 d’Acht 2001 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Ní bheidh seirbhís le meas mar sheirbhís inphinsin de réir na Caibidle seo más rud é go bhfuil aon phinsean nó sochar faoi théarmaí an Chinnidh ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Meán Fómhair 2005 lena nglactar an Reacht do Chomhaltaí de Pharlaimint na hEorpa (2005/684/CE, Euratom 1 ) íoctha nó caomhnaithe cheana féin, de réir mar a bheidh, i leith na seirbhíse.”.

Leasú ar an Acht um Choimisiún Thithe an Oireachtais 2003.

7 .— Leasaítear an tAcht um Choimisiún Thithe an Oireachtais 2003:

(a) i Sceideal 1, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 7:

“8. Aon chaiteachais eile a thabhóidh an Coimisiún ag gníomhú dó mar ghníomhaire íocaíochta faoi aon chomhaontú arna dhéanamh le Parlaimint na hEorpa chun caiteachais pharlaiminteacha áirithe de chuid comhaltaí den Pharlaimint sin a thoghfar faoin Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1997, nó a mheasfar faoin Acht sin a bheith tofa amhlaidh, a íoc agus a chúiteamh.”,

agus

(b) i Sceideal 2, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír 6:

“6. Aon fháltais eile a gheobhaidh an Coimisiún i gcomhlíonadh a fheidhmeanna ach amháin i gcás gurb é atá iontu—

(a) caiteachais arna n-íoc ag an gCoimisiún thar ceann a chomhaltaí agus a fhoirne atá cúitithe leis acu, nó

(b) airgead arna chúiteamh leis an gCoimisiún ag Parlaimint na hEorpa faoi chomhaontú arna dhéanamh faoi mhír 8 de Sceideal 1.”.

Aisghairm.

8 .— Aisghairtear an tAcht um Thionól na hEorpa (Ionadaithe na hÉireann) 1979.

Caiteachais.

9 .— Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

10 .— (1) Féadfar an tAcht um Parlaimint na hEorpa (Comhaltaí Thoghcheantair na hÉireann) 2009 a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh ar an gcéad lá den téarma parlaiminte a thosóidh in 2009.

1I.O. Uimh. L. 262, 07.10.2005, lch. 1

1I.O. Uimh. L. 262, 07.10.2005, lch. 1