An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID 7 Craolachán Seirbhíse Poiblí ) Ar Aghaidh (Caibidil 3 Forálacha a bhaineann go sonrach le TG4 )

18 2009

TODO

Caibidil 2

Forálacha a bhaineann go sonrach le RTÉ

Raidió Teilifís Éireann.

113 .— (1) Athraítear ainm Radio Telefís Éireann (a athraíodh le halt 3 den Acht um Údarás Craolacháin (Leasú) 1966) agus tar éis an tAcht seo a rith tabharfar Raidió Teilifís Éireann air.

(2) Leanann Raidió Teilifís Éireann ar marthain.

Príomhchuspóirí agus cumhachtaí gaolmhara RTÉ.

114 .— (1) Is iad cuspóirí RTÉ—

(a) seirbhís craolacháin teilifíse agus fuaime náisiúnta, ar de ghné seirbhíse poiblí, ar seirbhís saorchraolta í agus is seirbhís a chuirtear ar fáil, a mhéid is indéanta le réasún, don phobal uile ar oileán na hÉireann, a bhunú, a chothabháil agus a oibriú,

(b) suíomh gréasáin agus seirbhísí teilitéacs a bhunú agus a chothabháil i dtaca le seirbhísí RTÉ faoi mhíreanna (a), (c), (d), (e), (f), (g), (h) agus (i),

(c) ceolfhoirne, cóir agus grúpaí taibhiúcháin cultúir eile a bhunú agus a chothabháil i dtaca le seirbhísí RTÉ faoi mhíreanna (a), (f), (g) agus (h),

(d) cabhrú agus comhoibriú leis na comhlachtaí poiblí iomchuí le linn dóibh ullmhú chun faisnéis iomchuí a scaipeadh ar an bpobal, agus le linn dóibh an scaipeadh sin a fhorghníomhú, i gcás mór-staide práinne,

(e) cartlanna agus leabharlanna ina mbeidh bunábhair a bhaineann le cuspóirí RTÉ faoin bhfo-alt seo a bhunú agus a chothabháil,

(f) seirbhís craolacháin teilifíse agus seirbhís craolacháin fuaime a bhunú, a chothabháil agus a oibriú, ar seirbhísí iad de ghné seirbhíse poiblí agus is seirbhísí a chuirfear ar fáil, a mhéid a mheasann RTÉ gur indéanta le réasún sin a dhéanamh, do phobail Éireannacha lasmuigh d’oileán na hÉireann,

(g) seirbhísí craolacháin pobail, áitiúla nó réigiúnacha, ar seirbhísí de ghné seirbhíse poiblí iad, agus ar seirbhísí iad atá ar fáil ar bhonn saorchraolta, a bhunú, a chothabháil agus a oibriú a mhéid is indéanta le réasún, faoi réir thoiliú an Aire, tar éis don Aire dul i gcomhairle leis an Údarás,

(h) seirbhísí meán closamhairc neamhchraolacháin neamhlíneacha a bhunú agus a chothabháil, a mhéid is indéanta le réasún sin a dhéanamh, ar seirbhísí de ghné seirbhíse craolacháin poiblí iad, faoi réir thoiliú an Aire, tar éis don Aire dul i gcomhairle leis an Údarás (ach ní gá an toiliú sin i leith na seirbhísí sin atá coimhdeach le seirbhís craolacháin arna soláthar faoi mhíreanna (a), (d), (f), agus (g)),

(i) ilphléacs náisiúnta nó ilphléacsanna náisiúnta a bhunú, a chothabháil agus a oibriú,

(j) a mhéid is indéanta le réasún sin a dhéanamh, cibé deiseanna tráchtála a shaothrú a eascróidh de bhun na gcuspóirí atá leagtha amach i míreanna (a) go (i).

(2) Maidir le RTÉ, le linn na cuspóirí atá leagtha amach i bhfo-alt (1) a shaothrú—

(a) beidh aird aige ar leasanna agus ar chúraimí an phobail uile, coimeádfaidh sé i gcuimhne a riachtanaí atá an chomhthuiscint agus an tsíocháin ar fud oileán na hÉireann uile, cinnteoidh sé go léireoidh na cláir na hairíonna éagsúla dá bhfuil cultúr phobal oileán na hÉireann uile comhdhéanta, agus beidh aird ar leith aige ar na hairíonna a shainíonn an cultúr sin agus go háirithe ar an nGaeilge,

(b) tacóidh sé leis an bhfiúchas daonlathach atá cumhdaithe sa Bhunreacht, go háirithe mar a bhaineann leis an tsaoirse cheart chun tuairimí a nochtadh, agus

(c) beidh aird aige ar a riachtanaí atá sé an pobal a dhéanamh eolach tuisceanach ar fhiúchas agus ar thraidisiúin tíortha seachas an Stát, go háirithe Ballstáit eile.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), cinnteoidh RTÉ go ndéanfar le clársceidil na seirbhísí craolacháin dá dtagraítear san fho-alt sin—

(a) réimse cuimsitheach clár Gaeilge agus Béarla a chur ar fáil a fhreagróidh d’éagsúlacht chultúir oileán na hÉireann uile ar réimse é ina mbeidh cláir lena gcuirtear siamsa, eolas agus oideachas ar fáil, lena gcuirtear tuairisciú ar ghníomhaíochtaí spóirt, reiligiúin agus cultúir ar fáil agus lena bhfreastalaítear ar ionchais an phobail i gcoitinne mar aon le hionchais daoine den phobal a bhfuil spéiseanna speisialta nó spéiseanna mionlaigh acu agus ar cláir iad, i ngach cás, lena léirítear meas ar dhínit an duine,

(b) cláir nuachta agus chúrsaí reatha Gaeilge agus Béarla a sholáthar, lena n-áirítear cláir lena soláthraítear tuairisciú ar imeachtaí i dTithe an Oireachtais agus i bParlaimint na hEorpa, agus

(c) léiriú cultúrtha comhaimseartha a éascú nó cúnamh a thabhairt don chéanna agus nuáil agus turgnamh i gcraolachán a spreagadh nó a chur chun cinn.

(4) Is iad príomhchumhachtaí sainráite RTÉ de bhun na gcuspóirí a leagtar amach i bhfo-alt (1)

(a) stáisiúin chraolacháin a bhunú, a chothabháil agus a oibriú agus gairis le haghaidh raidió-theileagrafaíochta a fháil, a shuiteáil agus a oibriú,

(b) faoi réir aon rialachán faoi Acht 1926, a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, cláir a chraolfaidh RTÉ agus cibé cláir eile a chinnfidh RTÉ a leathadh trí stáisiúin leaschraolta sreinge,

(c) cláir a thionscnamh agus cláir a fháil ó fhoinse ar bith,

(d) conarthaí, comhaontuithe agus socruithe a dhéanamh atá teagmhasach le cuspóirí RTÉ, nó a chuidíonn leo,

(e) cóipchearta, paitinní, ceadúnais, pribhléidí agus lamháltais a fháil agus a úsáid,

(f) nuacht agus faisnéis a bhailiú agus a bheith rannpháirteach i seirbhísí nuachta agus cibé seirbhísí eile a chuideoidh le cuspóirí RTÉ,

(g) a bheith rannpháirteach i cibé comhlachais idirnáisiúnta, agus cibé comhlachtaí oideachais, ceoil agus drámaíochta agus cibé comhlachtaí eile a chuireann siamsaíocht nó cultúr chun cinn agus a chuideoidh le cuspóirí RTÉ,

(h) ceolchoirmeacha, siamsaí, gníomhaíochtaí oideachais agus gníomhaíochtaí eile i ndáil le seirbhís craolacháin nó chun aon chríche atá teagmhasach léi a eagrú agus a sholáthar agus fóirdheontais a thabhairt ina leith agus, i ndáil le haon cheolchoirm nó siamsa den sórt sin, cóiríocht a sholáthar nó a fháil agus, más mian é, táillí a ghearradh as dul isteach,

(i) cibé irisí, leabhair, páipéir agus ábhar clóite eile a fheicfear do RTÉ a chuideoidh lena chuspóirí nó a bheith teagmhasach leo a ullmhú, a fhoilsiú agus a dháileadh fara muirear nó gan mhuirear,

(j) socrú a dhéanamh le heagraíochtaí craolacháin eile nó le húdaráis chraolacháin eile maidir le cláir (cibé acu beo nó taifeadta) a leathadh, a ghlacadh, a mhalartú agus a leaschraoladh,

(k) bunábhar éisteachta agus féachana taifeadta a thiomsú, a fhoilsiú agus a dháileadh, fara muirear nó gan mhuirear,

(l) cláir nuachta agus cúrsaí reatha Gaeilge agus Béarla a sholáthar, lena n-áirítear cláir lena soláthraítear tuairisciú ar imeachtaí i dTithe an Oireachtais agus i bParlaimint na hEorpa,

(m) léiriú cultúrtha comhaimseartha a éascú nó cúnamh a thabhairt don chéanna agus nuáil agus turgnamh i gcraolachán a spreagadh nó a chur chun cinn,

(n) infheistiú a dhéanamh i scannáin, scannáin a thionscnamh nó scannáin a fháil,

(o) suímh ghréasáin a bhunú agus a chothabháil,

(p) líonra cumarsáide leictreonaí a bhunú agus a chothabháil faoi réir aon achtacháin nó aon rialach dlí,

(q) “seirbhís cumarsáide leictreonaí” a bhunú agus a chothabháil, arb é is brí leis seirbhís arb éard í, go hiomlán nó go formhór, comharthaí a sheoladh ar líonraí cumarsáide leictreonaí, faoi réir fhorálacha aon achtacháin nó aon rialach dlí,

(r) seirbhísí craolacháin RTÉ a chur ar fáil a mhéid is indéanta le réasún ar aon mhodh agus ar gach modh tarchuir, leaschraolta nó leata, cibé acu trí chraoladh (lena gcuimsítear líonraí craolacháin fuaime agus teilifíse trastíre, líonraí cábla nó líonraí satailíte), nó trí aon chineál meáin leictreonaigh (lena gcuimsítear líonraí seasta trastíre, líonraí soghluaiste trastíre, lena n-áirítear an tIdirlíon agus líonraí cumarsáide leictreonaí eile) agus cibé acu is eol anois é nó a cheapfar amach anseo é ar bhonn líneach nó neamhlíneach, agus

(s) aon chistí dá chuid a infheistiú ar aon mhodh a gcumhachtaítear le dlí d’iontaobhaí cistí iontaobhais a infheistiú.

(5) Ní léifear aon ní san alt seo mar ní a choiscfidh ar RTÉ cláir arna ndéanamh lasmuigh den Stát a áireamh sna clársceidil.

(6) Ní léifear aon ní san alt seo mar ní a choiscfidh ar RTÉ seirbhísí craolacháin a sholáthar nach spéis ach le daoine áirithe den phobal agus a chuirtear ar fáil ar bhonn suibscríofa nó íoc ar amharc faoina chuspóir maidir le deiseanna tráchtála a shaothrú.

(7) Beidh na cumhachtaí sin go léir ag RTÉ is gá chun na cuspóirí a shonraítear i bhfo-alt (1) a chur i gcrích nó atá teagmhasach lena gcur i gcrích, agus nach bhfuil ar neamhréir leis an Acht seo.

(8) Déanfaidh RTÉ iarracht a chinntiú go bhfuil clársceidil na seirbhíse craolacháin teilifíse agus na seirbhíse craolacháin fuaime a bhunaítear agus a chothabháiltear de bhun fho-alt (1)(f), a mhéid is indéanta le réasún, ionadaitheach do chlársceidil na seirbhísí craolacháin teilifíse agus fuaime náisiúnta dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(a) agus in alt 118 (1)(a).

Bonneagar craolacháin.

115 .— (1) Féadfaidh an tAire, ar iarraidh a fháil ón Údarás agus tar éis dul i gcomhairle le RTÉ, a cheangal ar RTÉ comhoibriú le sealbhóir ar chonradh craolacháin fuaime maidir le húsáid aon chrainn, túir, láithreáin nó suiteála nó saoráide eile a bhfuil gá léi i dtaca le saoráidí tarchuradóireachta a sholáthar le haghaidh seirbhísí craolacháin fuaime faoin gconradh craolacháin fuaime.

(2) Déanfaidh craoltóir fuaime cibé íocaíochtaí tréimhsiúla nó íocaíochtaí eile le RTÉ i leith aon saoráidí a sholáthrófar faoi fho-alt (1) agus a ordóidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle le RTÉ agus leis an Údarás.

Cuntas clár neamhspleách.

116 .— (1) Coimeádfaidh RTÉ cuntas ar a dtabharfar cuntas na gclár neamhspleách (dá ngairtear “an cuntas” san alt seo).

(2) (a) Déanfaidh RTÉ airgead atá chun creidmheasa don chuntas a úsáid—

(i) chun déanamh clár teilifíse neamhspleách nó clár craolacháin fuaime neamhspleách a choimisiúnú,

(ii) chun foirmliú tograí ag daoine a thabhairt i gcrích chun go gcoimisiúnóidh RTÉ déanamh na gclár thuasluaite, agus

(iii) chun cuidiú le críoch a chur le cláir teilifíse neamhspleácha agus le cláir craolacháin fuaime nár choimisiúnaigh RTÉ a ndéanamh,

agus ní chun aon chríche eile.

(b) Déanfar an méid airgid a cheanglaítear ar RTÉ le fo-alt (3) a íoc isteach sa chuntas i mbliain airgeadais a chaitheamh, mura mbeidh sé dodhéanta déanamh amhlaidh, laistigh de 2 bhliain ón mbliain airgeadais sin.

(c) Ní dhéanfaidh RTÉ i mbliain airgeadais níos mó ná 10 faoin gcéad den mhéid airgid a cheanglaítear air le fo-alt (3) a íoc isteach sa chuntas sa bhliain airgeadais sin a úsáid chun na gcríoch a shonraítear i bhfomhíreanna (ii) agus (iii) de mhír (a).

(3) Déanfaidh RTÉ, i ngach bliain airgeadais a luaitear i gcolún (1) de Chuid 1 den Tábla a ghabhann leis an alt seo, méid airgid nach lú ná an méid airgid a luaitear i gcolún (2) os coinne lua na bliana airgeadais lena mbaineann a íoc isteach sa chuntas de réir fho-alt (4).

(4) Déanfar an méid airgid a cheanglaítear le fo-alt (3) a íoc isteach sa chuntas i mbliain airgeadais a íoc amhlaidh i cibé líon tráthchodanna a mheasfaidh RTÉ is cuí ag féachaint dá dhualgas faoi fho-alt (2)(b).

(5) Más rud é go mbeidh aon chuid den airgead a íocfar isteach sa chuntas faoi fho-alt (3) i mbliain airgeadais fágtha gan chaitheamh i ndeireadh tréimhse dhá bhliain ó dheireadh na bliana airgeadais sin, féadfaidh an tAire, tar éis dó nó di dul i gcomhairle leis an Údarás agus le RTÉ, a údarú do RTÉ an t-airgead sin nó cuid shonraithe de a aistarraingt as an gcuntas. Tiocfaidh airgead arna aistarraingt amhlaidh air sin chun bheith, agus beidh sé, ar fáil do RTÉ chun a chuspóirí seirbhíse poiblí a shaothrú i gcoitinne.

(6) Folaíonn tagairtí san alt seo do chaiteachas airgid atá sa chuntas tagairtí do dhul faoi oibleagáid dhlíthiúil an t-airgead sin a chaitheamh.

(7) (a) Féadfaidh an tAire, tar éis aird a thabhairt ar gach ceann de na nithe seo a leanas, eadhon—

(i) dliteanais airgeadais reatha agus ionchasacha RTÉ,

(ii) an éifeacht (más ann) a bheidh, de thuras na huaire, ag oibriú an ailt seo ar na nithe seo a leanas—

(I) RTÉ d’fhostú nó d’earcú foirne,

(II) RTÉ do chomhlíonadh a chuspóirí seirbhíse poiblí, agus

(III) fostú daoine chun cláir theilifíse nó cláir craolacháin fuaime neamhspleácha a dhéanamh,

an tsuim dá dtagraítear sa mhíniú ar ‘méid cuí’ i bhfo-alt (8)(a) a athrú ó am go ham le hordú agus fad a bheidh an t-ordú i bhfeidhm léifear Cuid 1 den Tábla agus an míniú mar nithe a mbeidh éifeacht leo de réir an ordaithe.

(b) I gcás go mbeartófar ordú a dhéanamh faoin bhfo-alt seo, déanfar dréacht den ordú a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.

(8) (a) I gCuid 1 den Tábla a ghabhann leis an alt seo ciallaíonn “méid cuí” suim €40,000,000 arna mhéadú de mhéid atá comhionann leis an gcéatadán cuí den tsuim sin.

(b) San fho-alt seo ciallaíonn “céatadán cuí” an difríocht idir an treoiruimhir praghsanna do thomhaltóirí i lár mhí Lúnasa 2008 agus an uimhir sin i lár mhí Lúnasa díreach roimh an mbliain airgeadais lena mbaineann arna sloinneadh mar chéatadán den uimhir chéadluaite.

(c) Más rud é ar an dara dáta a luaitear i mír (b) go mbeidh an treoiruimhir praghsanna do thomhaltóirí ag figiúr is lú ná an figiúr ag a raibh sé ar an dáta céadluaite sa mhír sin, beidh éifeacht leis an míniú ar “an méid cuí” san fho-alt seo i leith na bliana airgeadais díreach i ndiaidh an dara dáta a luaitear amhail is dá gcuirfí “arna laghdú” in ionad “arna mhéadú” sa mhíniú sin.

(9) A luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis dheireadh gach bliana airgeadais, tabharfaidh RTÉ tuarascáil don Aire—

(a) faoina ghníomhaíochtaí i rith na bliana airgeadais sin maidir le déanamh clár teilifíse nó craolacháin fuaime neamhspleách a choimisiúnú,

(b) faoi ainm nó céannacht chorparáideach daoine a choimisiúnaítear chun cláir theilifíse nó cláir craolacháin fuaime neamhspleácha a dhéanamh,

(c) faoi RTÉ d’oibriú an chuntais le linn na bliana airgeadais sin, agus

(d) faoi cibé nithe eile a bhaineann leis na nithe dá dtagraítear i míreanna (a), (b) agus (c) agus a ordóidh an tAire.

(10) Cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(11) Chun críocha na Coda seo, ní mheasfar gurb é RTÉ a choimisiúnaigh déanamh cláir neamhspleách mura rud é, sula dtosóidh an obair ar dhéanamh an chláir, gur imigh RTÉ faoi oibleagáid dhlíthiúil 25 faoin gcéad ar a laghad de chostas a dhéanta a íoc.

(12) San alt seo ciallaíonn “clár neamhspleách” clár teilifíse nó craolacháin fuaime arna dhéanamh ag duine a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas, eadhon—

(a) go ndéanann sé nó sí, nó duine nó daoine thar a cheann nó thar a ceann, ar duine é nó í nó ar daoine iad a bhfeidhmíonn sé nó sí rialú ar a chuid nó ar a cuid nó ar a gcuid gníomhaíochtaí i leith nithe den sórt sin a chinneadh, gach ceann de na nithe seo a leanas a chinneadh maidir leis an gclár sin, eadhon—

(i) na daoine a ghlacfaidh páirt sa chlár sin,

(ii) na daoine a mbeidh baint acu leis an gclár sin a dhéanamh, agus

(iii) an trealamh agus na saoráidí a úsáidfear i dtaca leis an gclár sin a dhéanamh,

(b) nach fochuideachta de chuid craoltóra é nó í, agus

(c) nach cuideachta shealbhaíochta de chuid craoltóra é nó í.

(13) Chun críocha an mhínithe i bhfo-alt (12), más rud é

(a) go sealbhaíonn dhá chraoltóir nó níos mó scaireanna i gcomhlacht corpraithe nó i gcuideachta shealbhaíochta de chuid comhlachta chorpraithe, nó

(b) gur féidir le gach ceann de dhá chraoltóir nó níos mó (is scairshealbhóirí i gcomhlacht corpraithe nó i gcuideachta shealbhaíochta de chuid comhlachta chorpraithe) trí chumhacht éigin is infheidhmithe aige a fheidhmiú gan toiliú nó comhthoiliú aon duine eile, sealbhóir ar stiúrthóireacht de chuid an chomhlachta chorpraithe nó, de réir mar a bheidh, de chuid na cuideachta sealbhaíochta, a cheapadh nó a chur as oifig,

ansin, d’ainneoin nach fochuideachta de chuid aon cheann de na craoltóirí sin an comhlacht corpraithe, measfar nach gcomhlíonann an comhlacht corpraithe an coinníoll a shonraítear i mír (b) den mhíniú sin más rud é—

(i) maidir leis an líon iomlán scaireanna a shealbhaíonn na craoltóirí sin sa chomhlacht corpraithe nó, de réir mar a bheidh, sa chuideachta shealbhaíochta, nó

(ii) maidir leis an líon iomlán stiúrthóireachtaí ar an gcomhlacht corpraithe nó, de réir mar a bheidh, ar an gcuideachta shealbhaíochta ar ina leith a fhéadfar cumhachtaí réamhráite na gcraoltóirí sin a fheidhmiú,

gur líon é de chineál, dá measfaí gur aon chuideachta amháin na craoltóirí sin, gurbh fhochuideachta dá cuid an comhlacht corpraithe, agus

(I) gur ceann de na craoltóirí sin RTÉ, nó

(II) go bhfuil gaolmhaireacht ghnó idir na craoltóirí sin ar de chineál í, i dtuairim RTÉ, gur dóigh go mbeidh de thoradh uirthi go ngníomhóidh na craoltóirí sin i dteannta a chéile i bhfeidhmiú a gceart faoi na scaireanna sin nó i bhfeidhmiú na gcumhachtaí sin.

(14) Chun críocha fho-alt (13)(b) measfar cumhacht a bheith ag craoltóir duine a cheapadh chun stiúrthóireachta a mbeidh an coinníoll a shonraítear i mír (a) nó (b) d’alt 155(2) d’Acht na gCuideachtaí 1963 comhlíonta i ndáil léi, agus chun na críche sin déanfar tagairtí sna míreanna sin don chuideachta eile a fhorléiriú mar thagairtí don chraoltóir.

(15) Déanfaidh RTÉ i ngach bliain airgeadais a luaitear i gcolún (1) de Chuid 2 den Tábla a ghabhann leis an alt seo céatadán den airgead a íoctar isteach sa chuntas nach lú ná an céatadán a luaitear i gcolún (2) os coinne lua na bliana airgeadais lena mbaineann, a úsáid—

(a) chun déanamh clár craolacháin fuaime neamhspleách a choimisiúnú,

(b) chun foirmliú tograí ag daoine a thabhairt i gcrích chun go gcoimisiúnóidh RTÉ déanamh na gclár thuasluaite, agus

(c) chun cuidiú le críoch a chur le cláir craolacháin fuaime neamhspleácha nár choimisiúnaigh RTÉ a ndéanamh,

agus ní chun aon chríche eile.

(16) Déanfaidh RTÉ 95 faoin gcéad ar a laghad den airgead a íoctar isteach sa chuntas a úsáid—

(a) chun déanamh clár teilifíse neamhspleách a choimisiúnú,

(b) chun foirmliú tograí ag daoine a thabhairt i gcrích chun go gcoimisiúnóidh RTÉ déanamh na gclár thuasluaite, agus

(c) chun cuidiú le críoch a chur le cláir craolacháin teilifíse neamhspleácha nár choimisiúnaigh RTÉ a ndéanamh,

agus ní chun aon chríche eile.

AN TÁBLA

Cuid 1

Cuntas na gclár neamhspleách

An bhliain airgeadais

(1)

An méid airgid a íocfaidh RTÉ isteach sa chuntas

(2)

2009

€40,000,000

Gach bliain airgeadais ina diaidh sin

An méid cuí

Cuid 2

Cláir craolacháin fuaime neamhspleácha

An Bhliain Airgeadais

(1)

An céatadán íosta den airgead arna íoc isteach sa chuntas a bheidh le caitheamh ag RTÉ ar chláir craolacháin fuaime neamhspleácha

(2)

2009

1.25 faoin gcéad

2010

1.50 faoin gcéad

2011

2.00 faoin gcéad

2012

2.50 faoin gcéad

Gach bliain airgeadais ina dhiaidh sin

3.00 faoin gcéad