An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil 2 Forálacha a bhaineann go sonrach le RTÉ ) Ar Aghaidh (Caibidil 4 Bunábhar Clár a Mhalartú agus Ceadúnú Speictrim )

18 2009

TODO

Caibidil 3

Forálacha a bhaineann go sonrach le TG4

Teilifís na Gaeilge a bhuanú.

117 .— Leanann Teilifís na Gaeilge ar marthain.

Príomhchuspóirí agus cumhachtaí gaolmhara TG4.

118 .— (1) Is iad cuspóirí TG4—

(a) seirbhís craolacháin teilifíse náisiúnta, ar de ghné seirbhíse poiblí í, ar seirbhís saorchraolta í agus is seirbhís a chuirtear ar fáil, a mhéid is féidir le réasún, don phobal uile ar oileán na hÉireann, a bhunú, a chothabháil agus a oibriú,

(b) suíomh gréasáin agus seirbhísí teilitéacs a bhunú agus a chothabháil i dtaca le seirbhísí TG4 faoi mhíreanna (a), (c), (d), (e), (f), (g) agus (h),

(c) cóir agus grúpaí taibhiúcháin cultúir eile a bhunú agus a chothabháil i dtaca le seirbhísí TG4 faoi mhíreanna (a), (f), (g) agus (h),

(d) cabhrú agus comhoibriú leis na comhlachtaí poiblí iomchuí le linn dóibh ullmhú chun faisnéis iomchuí a scaipeadh ar an bpobal, agus le linn dóibh an scaipeadh sin a fhorghníomhú, i gcás mór-staide práinne,

(e) cartlanna agus leabharlanna ina mbeidh bunábhair a bhaineann le cuspóirí TG4 faoin bhfo-alt seo a bhunú agus a chothabháil,

(f) seirbhís craolacháin teilifíse, ar de ghné seirbhíse poiblí í, agus is seirbhís a bheidh le cur ar fáil do phobail Éireannacha lasmuigh d’oileán na hÉireann, a bhunú, a chothabháil agus a oibriú, a mhéid is indéanta le réasún,

(g) seirbhísí craolacháin pobail, áitiúla nó réigiúnacha, ar seirbhísí de ghné seirbhíse poiblí iad, agus ar seirbhísí iad atá ar fáil ar bhonn saorchraolta, a bhunú, a chothabháil agus a oibriú a mhéid is indéanta le réasún, faoi réir thoiliú an Aire, tar éis don Aire dul i gcomhairle leis an Údarás,

(h) seirbhísí meán closamhairc neamhchraolacháin neamhlíneacha, a bhunú agus a chothabháil, a mhéid is indéanta le réasún sin a dhéanamh, ar seirbhísí de ghné seirbhíse craolacháin poiblí iad, faoi réir thoiliú an Aire, tar éis don Aire dul i gcomhairle leis an Údarás, (ach ní gá toiliú den sórt sin i leith na seirbhísí sin atá coimhdeach le seirbhís craolacháin arna soláthar faoi mhíreanna (a), (d), (f) agus (g)),

(i) a mhéid is indéanta le réasún, cibé deiseanna tráchtála a shaothrú a eascróidh de bhun na gcuspóirí atá leagtha amach i míreanna (a) go (h).

(2) Maidir le TG4, le linn na cuspóirí atá leagtha amach i bhfo-alt (1) a shaothrú—

(a) beidh aird aici ar leasanna agus ar chúraimí an phobail uile, coimeádfaidh sí i gcuimhne a riachtanaí atá comhthuiscint agus síocháin ar fud oileán na hÉireann uile, cinnteoidh sí go léireoidh na cláir na hairíonna éagsúla dá bhfuil cultúr phobal oileán na hÉireann uile comhdhéanta, agus beidh cás ar leith aici do na hairíonna a shainíonn an cultúr sin agus go háirithe do na Gaeltachtaí,

(b) tacóidh sí leis an bhfiúchas daonlathach atá cumhdaithe sa Bhunreacht, go háirithe mar a bhaineann leis an tsaoirse cheart tuairimí a nochtadh, agus

(c) beidh aird aici ar a riachtanaí atá sé an pobal a dhéanamh eolach tuisceanach ar fhiúchas agus ar thraidisiúin tíortha seachas an Stát, lena n-áirítear go háirithe Ballstáit eile.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), cinnteoidh TG4 go ndéanfar, le clársceidil na seirbhísí craolacháin dá dtagraítear san fho-alt sin—

(a) réimse cuimsitheach clár a sholáthar, as Gaeilge go príomha, a léireoidh éagsúlacht cultúir oileán na hÉireann uile agus a mbeidh ar áireamh ann cláir a sholáthróidh siamsa, eolas agus oideachas, a sholáthróidh tuairisciú ar ghníomhaíochtaí spóirt, reiligiúin agus cultúir agus a fhreastalóidh ar ionchais daoine ó gach aoisghrúpa sa phobal arb í an Ghaeilge a rogha teanga labhartha nó ar suim leo an Ghaeilge ar shlí eile,

(b) cláir nuachta agus cúrsaí reatha, as Gaeilge go príomha, a sholáthar,

(c) tuairisciú ar imeachtaí i dTithe an Oireachtais agus i bParlaimint na hEorpa a sholáthar, agus

(d) léiriú cultúrtha comhaimseartha a éascú nó cabhrú leis an gcéanna agus nuáil agus turgnamh i gcraolachán a spreagadh nó a chur chun cinn.

(4) Is iad príomhchumhachtaí sainráite TG4 de bhun na gcuspóirí atá leagtha amach i bhfo-alt (1)

(a) stáisiúin chraolacháin a bhunú, a chothabháil agus a oibriú agus gaireas le haghaidh raidió-theileagrafaíochta a fháil, a shuiteáil agus a oibriú,

(b) faoi réir aon rialachán faoi Acht 1926, a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, socrú a dhéanamh chun cláir a chraolfaidh TG4 agus cibé cláir eile a chinnfidh TG4 a leathadh trí stáisiúin leaschraolta sreinge,

(c) cláir a thionscnamh agus cláir a fháil ó fhoinse ar bith,

(d) conarthaí, comhaontuithe agus socruithe a dhéanamh a bhainfidh le, nó a chabhróidh le, cuspóirí TG4,

(e) cóipchearta, paitinní, ceadúnais, pribhléidí agus deonaíochtaí a fháil agus a úsáid,

(f) nuacht agus faisnéis a bhailiú agus a bheith rannpháirteach i seirbhísí nuachta agus i cibé seirbhísí eile a chabhródh le cuspóirí TG4,

(g) a bheith rannpháirteach i cibé comhlachais idirnáisiúnta, agus i cibé comhlachtaí oideachais, ceoil agus drámaíochta agus i cibé comhlachtaí eile a chothaíonn siamsa nó cultúr, a chabhródh le cuspóirí TG4,

(h) ceolchoirmeacha, siamsaí, gníomhaíochtaí oideachais agus gníomhaíochtaí eile i dtaca le seirbhís craolacháin nó chun aon chríche a bhainfidh léi a eagrú agus a sholáthar agus cúnamh airgid a thabhairt ina leith agus, i ndáil le haon cheolchoirm nó siamsa den sórt sin, cóiríocht a sholáthar nó a fháil agus, más inmhianaithe sin, muirir a ghearradh as dul isteach,

(i) cibé irisí, leabhair, páipéir agus ábhar clóite eile a mheasfaidh TG4 a chabhródh nó a bhainfeadh lena cuspóirí a ullmhú, a fhoilsiú agus a dháileadh fara muirear nó gan mhuirear,

(j) socrú a dhéanamh le heagraíochtaí craolacháin nó le húdaráis chraolacháin eile chun cláir (cibé acu beo nó taifeadta) a leathadh, a ghlacadh, a mhalartú agus a leaschraoladh,

(k) bunábhar éisteachta agus féachana taifeadta a thiomsú, a fhoilsiú agus a dháileadh, fara muirear nó gan mhuirear,

(l) cláir nuachta agus cúrsaí reatha Gaeilge agus Béarla a sholáthar, lena n-áirítear cláir a sholáthróidh tuairisciú ar imeachtaí i dTithe an Oireachtais agus i bParlaimint na hEorpa,

(m) léiriú cultúrtha comhaimseartha a éascú nó cabhrú leis an gcéanna agus nuáil agus turgnamh i gcraolachán a spreagadh nó a chur chun cinn,

(n) infheistíocht a dhéanamh i scannáin, iad a thionscnamh nó iad a fháil,

(o) suímh ghréasáin a bhunú agus a chothabháil,

(p) líonra cumarsáide leictreonaí a bhunú agus a chothabháil faoi réir aon achtacháin nó rialach dlí,

(q) “seirbhís cumarsáide leictreonaí” a bhunú agus a chothabháil arb é is brí leis seirbhís arb éard í, go hiomlán nó go formhór, seoladh comharthaí ar líonraí cumarsáide leictreonaí, faoi réir fhorálacha aon achtacháin nó rialach dlí,

(r) seirbhísí craolacháin TG4 a chur ar fáil a mhéid is indéanta le réasún ar aon mhodh agus ar gach modh tarchuir, leaschraolta nó leata, cibé acu trí chraoladh (a chuimsíonn líonraí craolacháin fuaime agus teilifíse trastíre, líonraí cábla nó líonraí satailíte), nó trí aon chineál meáin leictreonaigh (a chuimsíonn líonraí trastíre seasta, líonraí trastíre soghluaiste, lena n-áirítear an tIdirlíon agus líonraí cumarsáide leictreonaí eile) agus cibé acu atá sé ar eolas anois nó a fhionnfar ina dhiaidh seo é ar bhonn líneach nó neamhlíneach, agus

(s) aon chistí dá cuid a infheistiú in aon slí ina gcumhachtaítear le dlí d’iontaobhaí cistí iontaobhais a infheistiú.

(5) Féadfaidh TG4, d’fhonn an bunábhar clár a chraolann sí as Gaeilge a chomhlánú, bunábhar clár a fháil i dteangacha eile; le linn di an bunábhar sin a fháil, beidh aird ag TG4 ar an ngá le gné idirdhealaitheach na seirbhíse craolacháin dá dtagraítear i mír (a) d’fho-alt (1) a chothabháil agus freastal ar ionchais lucht féachana nach ndéanann seirbhísí craolacháin eile freastal orthu i gcoitinne.

(6) Ní léifear aon ní san alt seo mar ní lena gcuirtear cosc ar TG4 cláir a dhéantar lasmuigh den Stát a áireamh sna clársceidil.

(7) Ní léifear aon ní san alt seo mar ní lena gcuirtear cosc ar TG4 seirbhísí craolacháin a sholáthar nach díol spéise ar leith iad ach le daoine áirithe den phobal agus a chuirtear ar fáil ar bhonn suibscríofa nó íoc ar amharc faoina cuspóir maidir le deiseanna tráchtála a shaothrú.

(8) Beidh ag TG4 na cumhachtaí sin go léir atá riachtanach nó teagmhasach chun na cuspóirí faoi fho-alt (1) a bhaint amach agus nach bhfuil ar neamhréir leis an Acht seo.

(9) Maidir le gach méid a íocfar le TG4 faoi alt 123 (4), ní úsáidfear é ach amháin chun leanúint dá cuspóirí seirbhíse poiblí.

Cuntasacht ardstiúrthóir TG4 don Choiste um Chuntais Phoiblí.

119 .— Déanfaidh ardstiúrthóir TG4, cibé uair a cheanglóidh Coiste de Dháil Éireann arna bhunú faoi Bhuan-Orduithe Dháil Éireann chun scrúdú a dhéanamh ar na cuntais leithreasa agus ar thuarascálacha an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, agus tuarascáil a thabhairt do Dháil Éireann ar an gcéanna, air nó uirthi déanamh amhlaidh, fianaise a thabhairt don Choiste sin ar gach ní a bhaineann le caiteachas TG4.