An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil 3 Forálacha a bhaineann go sonrach le TG4 ) Ar Aghaidh (Caibidil 5 Maoiniú Poiblí a Leithroinnt ar RTÉ agus ar TG4 )

18 2009

TODO

Caibidil 4

Bunábhar Clár a Mhalartú agus Ceadúnú Speictrim

Dualgas bunábhar clár a sholáthar.

120 .— (1) Déanfaidh RTÉ bunábhar clár Gaeilge a chur ar fáil do TG4 de réir cibé méideanna agus cibé tráthanna a chomhaontóidh siad, ar méideanna agus tráthanna iad a mbeidh de thoradh orthu, ina dtuairim, méid is comhionann le huair an chloig de bhunábhar clár den sórt sin a bheith á chur ar fáil go laethúil ag RTÉ do TG4.

(2) Chun críocha alt 114 (8) déanfaidh TG4 bunábhar clár a bheidh ionadaitheach do chlársceidil na seirbhíse craolacháin teilifíse náisiúnta dá dtagraítear in alt 118 (1)(a) a chur ar fáil do RTÉ de réir cibé méideanna agus cibé tráthanna a chomhaontóidh siad.

Ceadúnas craolacháin seirbhíse poiblí.

121 .— (1) Ní dhéanfar na cumhachtaí a thugtar do RTÉ de bhua alt 114(a) agus (b) a fheidhmiú ach amháin faoi cheadúnas (“ceadúnas craolacháin seirbhíse poiblí”) arna eisiúint chuig RTÉ nó a ghníomhaire ag an Rialálaí Cumarsáide agus de réir aon choinníollacha a chuirfidh an Rialálaí Cumarsáide ag gabháil leis an gceadúnas.

(2) Ní dhéanfar na cumhachtaí a thugtar do TG4 de bhua alt 118(4)(a) agus (b) a fheidhmiú ach amháin faoi cheadúnas craolacháin seirbhíse poiblí arna eisiúint chuig TG4 nó a ghníomhaire ag an Rialálaí Cumarsáide agus de réir aon choinníollacha a chuirfidh an Rialálaí Cumarsáide ag gabháil leis an gceadúnas sin.

(3) Déanfar cóip de gach ceadúnas craolacháin seirbhíse poiblí a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir é tar éis an ceadúnas a eisiúint.

Staideanna Práinne.

122 .— (1) Fad a mhairfidh aon staid práinne náisiúnta féadfaidh an tAire aon cheadúnas craolacháin seirbhíse poiblí agus aon cheadúnas faoi alt 132 (1)(2) alt 133 (1)(2) a chur ar fionraí agus, fad a leanfaidh aon fhionraí den sórt sin, féadfaidh an tAire aon seirbhís a bhí á cur ar fáil faoin gceadúnas fionraithe a oibriú nó féadfaidh sé nó sí a cheangal an tseirbhís sin a oibriú de réir mar a ordóidh sé nó sí.

(2) Gan dochar d’alt 114(1)(d) agus d’alt 118(1)(d) beidh sé ina dhualgas ar chorparáid, ar ordú ón Aire, cabhrú agus comhoibriú leis na comhlachtaí poiblí iomchuí le linn dóibh ullmhú chun faisnéis iomchuí a scaipeadh ar an bpobal, agus le linn dóibh an scaipeadh sin fhorghníomhú, i gcás mór-staide práinne.

(3) Má fheidhmíonn, agus aon uair a fheidhmíonn, an tAire na cumhachtaí a thugtar dó nó di le fo-alt (1) beidh corparáid i dteideal go bhfaighidh sí ón Aire, le toiliú an Aire Airgeadais—

(a) cibé suimeanna is gá chun aon chaiteachais a íoc, a bheidh tabhaithe go cuí agus de riachtanas ag an gcorparáid, ag féachaint do chineál na staide práinne, agus nach mbeidh ioncam ar fáil ar shlí eile don chorparáid faoina gcomhair de bhíthin fheidhmiú na gcumhachtaí sin, agus

(b) cúiteamh in aon damáiste a dhéantar d’aon mhaoin de chuid na corparáide, is damáiste is inchurtha go díreach i leith fheidhmiú na gcumhachtaí sin.

(4) Féadfaidh an tAire a ordú do chorparáid am craolacháin a leithroinnt i gcomhair fógraí arna ndéanamh le haghaidh, nó thar ceann, aon Aire den Rialtas, i gcás mór-staide práinne, i dtaca le feidhmeanna an Aire sin den Rialtas, agus déanfaidh an chorparáid de réir an ordacháin.

(5) Féadfaidh corparáid, le linn ordachán a chomhlíonadh faoi fho-alt (4), fógra a chraoladh go bhfuair sí ordachán den sórt sin ón Aire.